Leanbh

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Tugann an comhartha trachta seo rabhadh don tiomanai go bhfuil se ag teacht i gcongar d'ait a mbionn paisti ag freastal uirthi, cosuil le scoil. Tagann an comhartha seo on nGearmain, o ta deanamh an triantain air.

Is e is leanbh (no paiste no gasur ) ann na duine an-og, abhar fir no mna , nach bhfuil cuma an duine fhasta ag teacht air go foill. Nuair a thosoidh an paiste ag teacht in inmhe fir no mna, ni ghlacfar leis a thuilleadh gur paiste ata ann, agus tabharfar deagoir air.

Sa Ghaeilge, is gnach "leanbh" a thabhairt ar phaisti an-bheaga, go hairithe ma ta siad nios oige na cuig bliana. "Paiste" a thugtar orthu siud ata ag teacht in aois na scoile no ata ag dul ar scoil cheana fein. Maidir leis an bhfocal "gasur", is feidir do tagairt do phaisti an da chineal, idir bhuachailli agus chailini, ach i n Gaeilge Uladh , ni thugtar gasur ach ar bhuachaill de ghnath. Le Gaeilge na Mumhan amhain a bhaineann an leagan "garsun".

Le baby an Bhearla a aistriu go Gaeilge, is gnach leaganacha eagsula Gaelaithe den fhocal Bearla a usaid inniu. Is iad "bab" agus "babai" na foirmeacha is oiriunai don Ghaeilge. Ta an focal "tachran" coitianta chomh maith. I nGaeilge na Gaeltachta, ma thainig duine ar cuairt nuair a bhi bean an ti direach ag breith linbh, deirti gur thainig se "in aimsir na dtachran". Maidir le "lamhacanai", is focal Muimhneach e a thugtar ar leanbh nach bhfuil seasamh na siul aige go foill, agus e ag deanamh a bhealaigh ar aghaidh ag "lamhacan" leis, agus a bholg ag cuimilt an urlair no na talun. Bhi "bunoc" in usaid i nGaeilge Chiarrai i laethanta oige Pheig , ach is ar eigean a chloisfea an focal sin i gCiarrai an lae inniu.

Nascanna inmheanacha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]