On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Gealach
de chuid
Iupatair
i
Europa
, agus i ar an seachtu
satailit
is congarai don phlainead sin. Ceann de
Ghealacha Galileo
ata ann, is e sin, na gealacha a d'aithin
Galileo Galilei
roimh aon duine eile sa bhliain
1610
. Is i Europa an ceann is lu den cheathrar seo.
Ta se de chuma ar Europa nach bhfuil ann ach liathroid
oighir
, ach le firinne, creideann na saineolaithe go bhfuil forsai imtharraingthe Iupatair agus na ngealach eile ag coinneail an uisce leaite faoi dhromchla na gealai seo, ionas gur feidir go bhfuil farraige iomlan istigh ansin. Tathar ag deanamh, fiu, go bhfeadfadh miocrorganaigh a bheith beo san fharraige sin.
Fuair Europa a hainm o
Simon Marius
, an
realteolai
Gearmanach
a thug le fios gurbh eisean, seachas Galileo, ba thuisce a chonaic an ghealach. Ni raibh na realteolaithe sasta na hainmneacha a thug Marius ar na gealacha a usaid, agus ar feadh i bhfad, thugaidis "Iupatar a Do" ar Europa, agus iad ag baint usaide as coras ainmnithe na ngealach a bhi ceadcheaptha ag Galileo fein. Mar sin, nior eirigh "Europa" coitianta mar ainm ach san fhichiu haois.
Ta Europa ainmnithe as "Europa", inion
Agenor
i
miotaseolaiocht
na Greige. B'e ri na Tire e, mar Agenor. Seanchathair Fheiniceach i an Tir ata suite i Liobain an lae inniu. Deirfiuir le Cadmus ab ea Europa freisin - b'e Cadmus a bhunaigh an Teib sa
Ghreig
.
Ta reigiun ar Europa ata ainmnithe as
Conamara
in Eirinn -
Conamara Chaos
. Is e is bri le
chaos
sa chomhtheacs seo na reigiun a bhfuil cuma anorduil (
chaotic
) air.