Alastar II na Ruise

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
(Athsheolta o Alastair II na Ruise )
Infotaula de personaAlastar II na Ruise

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhuchais (ru) Александр II Николаевич
Beathaisneis
Breith 17 Aibrean 1818 (Iulach)
Small Nicholas Palace (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 1 Marta 1881 (Iulach)
62 bliana d'aois
Palas an Gheimhridh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bhais Dunmharu agus regicide (en) Aistrigh ( Fuiliu )
Ait adhlactha Peter and Paul Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na Ruise Uile
3 Marta 1855 ? 13 Marta 1881
←  Nioclas I na Ruise ? Alastar III na Ruise  →
Ball de Chomhairle Stait Impireacht na Ruise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Reiligiun Ceartchreidmheach an Oirthir
Ait chonaithe Palas an Gheimhridh
Gniomhaiocht
Gairm rialtoir , stataire , monarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha An Ruisis
Gairm mhileata
Ceim mhileata general field marshal (en) Aistrigh (1878 (Iulach) –) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasal Impire na Ruise Uile Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach Holstein-Gottorp-Romanov (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ceile Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise (1841 (Iulach) , 1841–1880 (Iulach) ), bas a c(h)eile
Catherine Dolgorukov (1880–1881 (Iulach) ) Cuir in eagar ar Wikidata
Paiste Nicholas Alexandrovich, Tsarevich na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Yevgeni Ivanovich Alekseyev
  ( )
Olga Alexandrovna Yurievskaya
  ( Catherine Dolgorukov )
Georgy Yuryevsky
  ( Catherine Dolgorukov )
Bohdan Michał Ogi?ski
  ( Ireneusz Kleofas Ogi?ski (en) AistrighCountess Olga Kalinovskya (en) Aistrigh)
Joseph Raboxicz
  ( Princess N. Lubomirska (en) Aistrigh)
Antoinette Bayer
  ( Wilhelmine Bayer (en) Aistrigh)
An Prionsa Boris Yourievsky
  ( Catherine Dolgorukov )
Ard-Bhandiuc Maria Alexandrovna na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Ard-Diuc Paul Alexandrovich na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Alastar III na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Ard-Bhandiuc Alexandra Alexandrovna na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Ard-Diuc Vladimir Alexandrovich na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Ard-Diuc Sergei Alexandrovich na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Ard-Diuc Alexei Alexandrovich na Ruise
  ( Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise )
Catherine Yurievskaya
  ( Catherine Dolgorukov ) Cuir in eagar ar Wikidata
Athair Nioclas I na Ruise   agus  Alexandra Feodorovna
Siblin Ard-Bhandiuc Maria Nikolaevna na Ruise , Ard-Bhandiuc Elizabeth Nikolaevna na Ruise , Olga Nikolaevna na Ruise , Ard-Bhandiuc Alexandra Nikolaevna na Ruise , Ard-Diuc Michael Nikolaevich na Ruise , Ard-Diuc Nicholas Nikolaevich na Ruise agus Ard-Diuc Konstantin Nikolayevich na Ruise
Duine muinteartha Natalia Nordman (en) Aistrigh ( inion bhaisti ) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaiocht
1 Marta 1881 (Iulach) assassination of Alexander II of Russia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Siniu


Find a Grave: 7032919 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhi Alastar II ( 29 Aibrean 1818 ? 13 Marta 1881 ) ( Ruisis : Александр II Николаевич, Aleksandr II Nikolaevich) ina impire ar an Ruis o 2 Marta 1855 go dti la a bhais sa bhliain 1881.

Thabhaigh se clu an liobralachais is na caoinfhulaingthe do fein. Sceal eile, ar ndoighe, an raibh moran de dhith ar aon nos le sin a dheanamh, i bhfianaise chomh dian is a bhi an t-uathlathas is an t-anlathas i mblianta Nioclais I .

An Saoradh o Bhraca faoi dheoidh! [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi Alastar meaite ar an gcoras a leasu, go hairithe an seirfeachas a chur ar ceal agus na seirfigh a shaoradh o bhraca. O nach raibh an sceim seo ag taithneamh go romhaith leis na huaisle - leis na tiarnai talun - b'eigean don Impire dul i muinin na statseirbhiseach lena chumhacht a bhuanu agus a chuid leasuithe soisialta a chur i gcrich. Mar sin, ni raibh an dara sui sa bhuaile ag mo dhuine ach treisiu leis an maorlathas.

Bhi srianta le leasuithe Alastair fein, na creideadh aon duine a mhalairt. Ni raibh se sasta oiread is cluas eisteachta a thabhairt doibh siud a bhi ag aitiu air parlaimint no tionol naisiunta a chur ar bun don Ruis. Ma bhi se ag iarraidh saoirse a bhronnadh ar na seirfigh, ni raibh moran liobralachais na radacachais de dhith lena aghaidh sin: tar eis an tsaoil, bhi an tir ar coipeadh le ceannairci scolog agus triobloidi tuaithe, agus fuascailt ag teastail go doite leis an tir a thabhairt chun siochana.

An doigh ar cuireadh an seirfeachas ar ceal, nior leigheas se fadhbanna na tuaithe ach ar eigean. B'eigean do na seirfigh dul ag saothru a gcuid tailte le luach a bhfuascailte a ioc - ni saor in aisce a bronnadh orthu iad. Ba mhinic nach raibh siad in ann ach cuid a cheannach den talamh go leir a bhi siad a shaothru roimh an saoradh o bhraca. On taobh eile de, ni raibh siad ceangailte den talamh a thuilleadh - mar sin, d'fheadfaidis fod a nduchais a fhagail le gleas beo ni b'fhearr a bhaint amach sna cathracha. B'e ba toradh don leasu seo, i ndiaidh an iomlain, na go raibh idir scolog agus thiarna talun thios leis.

Go nuige seo, choinniodh na seirfigh na maintithe mora ag imeacht agus iad faoi dhualgas a gcion fein a shaothru i bpairc an tiarna talun. Anois, afach, chaithfeadh an tiarna talun pa a ioc lena lucht oibre - chaithfeadh se eiri as an bhfeodachas agus talmhaiocht chaipitlioch a thabhairt isteach ina ait. Is e sin, chaithfeadh a chuid tailte a bheith ag tairgeadh barrai indiolta le gleas beo a chinntiu do fein agus pa an lucht oibre a ioc. Ba mhinic nar eirigh a leitheid d'eacht leis na huaisle tuaithe, agus b'e deireadh an sceil gur cuireadh na tailte ar ceant leis na fiacha a ghlanadh. On taobh eile de, nuair nach raibh na scologa in inmhe iomlan a gcuid tailte a cheannach, fuair siad iad fein in anas talun agus bia. Chuaigh an t-ampla talun in olcas ar fud na Ruise, agus praghas na talun ag dul in airde da reir.

Ba sa bhliain 1861 a cuireadh deireadh leis an seirfeachas, ach tharraing an leasu seo tuilleadh ina dhiaidh. Thainig athru ar an rialtas aitiuil le bunu na dtionol aitiuil, no na seimstveanna - ta gaol ag an fhocal seo, zemstvo , le zemlya , an focal Ruisise a chiallaionn "talamh".

B'iad na huaisle a stiuradh na seimstveanna, ach mar sin fein, ba cheim chun tosaigh iad, no cibe locht a bhi orthu, chuidigh siad le meabhraiocht eigin polaitiochta agus fonn feinrialtais a chothu i measc na cosmhuintire fein. Mar sin, thainig cursai na slainte, mar shampla, go mor ar aghaidh faoi stiuru na seimstveanna.

San am ceanna, sa bhliain 1864, leasaiodh an coras dli agus cirt fosta le hiarsmai an fheodachais a throid. Go dti seo, bhi na seirfigh fagtha faoi dhlinse a dtiarna talun, ach nuair a thainig deireadh leis an seirfeachas fein, ba mhithid an dlinse seo a bhaint den tiarna agus cumhacht neamhspleach bhreithiunach a chur ar bun, mar ba dual d'aon stat faoi riail an dli.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, d'athchoirigh an Sar an t-arm in aithris ar an bPruis. Cuireadh coinscriobh ceart in ait na seanphriosala, agus giorraiodh tearma na seirbhise armtha go mor - o bhreis is fiche bliain sios go se bliana amhain. hAthraiodh na dlithe cogaidh fosta, no thainig deireadh leis na pionois bhruidiula chorpartha, le linn na siochana ar a laghad. Thairis sin, bunaiodh scoileanna mileata le scileanna proifisiunta no speisialta na n-oifigeach a fheabhsu, gan aon tracht ar leamh agus scriobh a bheith a mhuineadh do na saighdiuiri urearcaithe on tuath - ba mhinic nach raibh cea na ciu acu.

Bhi an scolaiocht ar ceann de na clocha ba mho ar phaidrin Alastair ar bhealai eile fosta. Mar sin, thug se cead a gcinn do na hollscoileanna a gcuid cursai a reachtail go neamhspleach, chomh maith le tacu leis na seimstveanna agus iad ag feachaint le scoileanna bunteagaisc a thogail faoin tuath. Thainig an-dlus le bunu na scoileanna faoi cheannas Alastair. Nuair a bhi se ina Impire, bhi litriocht na Ruisise ag dul chun cinn fosta, no chuala an saol mor iomra ar scribhneoiri na linne.

Fuair Alastar e fein in abar de reir a cheile, no ni raibh se abalta ag seachthorthai a chuid polasaithe. Sin e an phriomhdheacracht le stat uathlathais: nuair ata aon duine amhain i gceann na gcursai, agus e ag cinneadh ar leasu a dheanamh ar an tsochai, ar ndoighe nil se in ann a theacht roimh na seachthorthai na suil aige leo; agus na daoine fein, nil cead acu a gcuid mioncheartuithe-san a dheanamh ar an leasu a bhruigh an Sar anuas orthu, na fiu a saol fein a chur in atheagar leis na hiarmhairti gan choinne a sheasamh ni b'fhearr. Nil aon solubthacht i gcoras an uathlathais Impiriuil. Mar sin, ba dual corais d'Alastar brachan a dheanamh de na leasuithe, siud is nach feidir moran locht a fhail ar a dhea-thoil na ar a ionraiceas.

Bhi fadhbanna ag Alastar leis an bPolainn , fosta. Thainig le mo dhuine an chuid ba saibhre d'uasalaicme na tire a chealgadh chun comhoibriu, ach ma thainig, bhi an chuid eile den naisiun chomh reibiliunach is a bhi riamh. Sa bhliain 1863, d'eirigh na Polannaigh amach aris mar ba ghnach, cloiodh iad mar ba ghnach, agus d'imigh ainm na Polainne fein de mhapai oifigiula na Ruise: is e an t-ainm a baisteadh ar an tir sin na Privislinye, no an cuige chois na habhann ud Wisła (Vistula as Bearla , Weichsel as Gearmainis ).

Mosco sa bhliain 1867

Freamha an Radacachais sa Ruis [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

An doigh a ndeachaigh d'Alastar fadhbanna na tuaithe a fhuascailt trid na seirfigh a shaoradh o bhraca, d'fhag se go leor siocracha ag na radacaigh triobloid a tharraingt i measc na cosmhuintire. B'iad na raznochintsy , "lucht na n-ilaicmi", ba mho a chuir suim sa reabhloideachas agus sa radacachas. Thar aon rud eile, ba chlann do na heaglaisigh iad na fir oga seo. Ta cead posta ag sagairt na hEaglaise Ceartchreidmhi, agus le cuid de na postanna eaglasta a bhaint amach, fiu, caithfidh siad a bheith posta. Deirtear go bhfuair Impire eigin de chuid na Ruise folaireamh o stataire Chaitliceach, gur botun a bhi ann cead a bposta a fhagail ag na heaglaisigh, o nach raibh aon ait cheart ar fail da gclann i sochai le scoilteacha dosharaithe idir na haicmi eagsula - cosuil le sochai na Ruise. B'fheidir nach bhfuil ann ach sceilin magaidh den chineal apacrafuil, ach is leir go raibh sliocht na n-eaglaiseach go mor mor chun tosaigh i measc na radacach is na reabhloidithe. I mbreis orthusan, lucht feinteagasctha a bhi i gcuid mhaith de na h-"ilaicmigh". Daoine a bhi ann a thainig as measc na scolog is na mbochtan agus iad ag suil le hait sheascair shoculach sa tsochai, o bhi siad i ndiaidh dintiuiri oiliuna agus oideachais a bhaint amach. Os rud e go raibh na teorainneacha idir na haicmi chomh righin is a bhi, ni raibh an dul chun cinn soisialta ar fail do na daoine seo, agus is leir gur eirigh siad mishasta.

San am cheadna, bhi radacachas de chineal nua - radacachas eadochasach, eadrocaireach - a fhascadh as na smaointi faiseanta ag scribhneoiri agus ag intleachtoiri oga ar nos Nikolay Chernyshevskiy. Scriobh Chernyshevskiy an t-ursceal ab fhearr le Leinin - Chto delat'? no "Cad e ba choir a dheanamh?" - agus e ag moradh na bruidiulachta crua cranraithe a ba dual don fhior-reabhloidi, dar leis.

Na Naroidnici [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Maidir leis na scologa, is docha gurbh iad na Naroidnici ba mho a d'fheach lena gcuis siud a chur chun cinn sa tsochai. Gluaiseacht a bhi sna Naroidnici - no na Cosmhuintirigh, mas fearr leat an focal Ruisise a aistriu go Gaeilge - a bhi ag iarraidh meabhraiocht pholaitiuil a chruthu is a chothu faoin tuath. Os rud e gur fagadh go leor scologa in anas talun nuair a bhi an seirfeachas curtha ar ceal, bhi an-phoiteinseal reabhloideach sna hiar-sheirfigh, ach e a chanalu ar mhaithe leis an ghluaiseacht.

Bhi cuid de na Naroidnici sasta cloi le modhanna siochanta oibre, agus iad ag cur beime ar an scolaiocht agus ar an tsoilsitheoireacht, no ba doigh leofa gurb i an stair fein a chuirfeadh an reabhloid i gcrich, chomh tuisce is a thiocfadh an la ceart; go dti sin, dar leo, ba choir don ghluaiseacht - fiu mas gluaiseacht reabhloideach a bhi ann - na scologa a mhuscailt agus a chur ar a gcumas a reabhloid fein a dheanamh, ar acht gur mhian leo e. Bhi na Naroidnici inbharula gur choir urraim agus omos a thabhairt do na traidisiuin aitiula agus do riachtanaisi na scolog fein, seachas an tsochai a leasu on uachtar anuas, beag beann ar an doigh a raibh na scologa ag dearcadh ar a gcas fein. Na hiarrachtai a bhi ar cois ag an Impire, ionraic is uile mar a bhi siad, ba mhinic nach ndeachaigh siad chun moran leasa don chosmhuintir i ndiaidh an iomlain, o nach raibh na hudarais sasta na pleananna a thabhairt i gcrann na na leasuithe a chur i gcrich i gcomhar na i gcomhthuiscint leis an chosmhuintir fein.

An chuid eile de na Naroidnici, afach, chuaigh siad le sceimhlitheoireacht, agus o bhi na siochanaithe is na sceimhlitheoiri in aon eagraiocht le cheile, chuir an Stat cath ar an da eite. Mheadaigh sin go mor mor ar an radacachas, ar ndoigh. Siud is gur thit gluaiseacht na Naroidnici as a cheile faoi dheireadh sa bhliain 1879, agus an da eite ag bunu eagraiochtai da gcuid fein, d'fhag siad a sliocht ar pholaitiocht na Ruise a mhair beo breabhsanta bioguil go la na reabhloide. B'iad na Reabhloidithe Soisialacha - an pairti Soisialach a bhi i muinin na tuaithe is na sluaite mora faoi choinne tacaiochta - ba phriomhoidhri polaitiula do na Naroidnici.

Bas an Impire [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

B'iad na Naroidnici radacacha - lucht leanuna na heagraiochta ud Narodnaya Volya , no Toil an Phobail - a thug bas an tSair Alastair. Is iomai iarracht a rinne siad leis an Impire a mharu on mbliain 1879 i leith, agus thainig imni agus oibriu intinne ar an targaid fein de thoradh na n-iarrachtai seo, ni narbh ionadh. Mar bhfreagra ar an fheachtas sceimhlitheoireachta, chuaigh an tImpire i dtuilleamai an Ghinearail Mikhail Loris-Melikov a raibh clu na duthrachta is na heifeachtulachta air. Chuaigh Loris-Melikov i gceann na Roinne Gnothai Inmheanacha, agus bhronn an Sar cumhachtai an deachtora air.

Chuir Loris-Melikov i dtoll le cheile plean leasaithe na sochai le freamhacha na sceimhlitheoireachta a stoitheadh. Fuair se faomhadh an Impire, ach, ar mhi-amharai an tsaoil, d'eirigh leis na sceimhlitheoiri an t-anam a sheideadh as Alastar le buama a phleasc siad i gCathair Pheadair sa bhliain 1881.

Shil na sceimhlitheoiri go dtiocfadh an reabhloid ar lorg dhunmharu an tioranaigh, ach cosuil le lucht Mhi na Nollag rompu, bhi fuar acu. No is e an rud a fuair siad ar son a bhfuadair na tioranach a bhi i bhfad Eireann ni ba mheasa.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]