An tAontas Soiveadach

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tAontas Soiveadach
Союз Советских Социалистических Республик (ru) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Aintiun Aintiun an Aontais Shoiveadaig (1 Eanair 1944-26 Nollaig 1991) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana A oibrithe an domhain, aontaigi! Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in omos soiveid , an soisialachas agus poblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh
Map
  65°N 90°E  /  65°N 90°E  / 65; 90

Priomhchathair Mosco Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlan 293,047,571 (1989) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlus 13.08 hab./km²
Teanga oifigiuil an Ruisis Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiun stat tuata Cuir in eagar ar Wikidata
Tireolaiocht
Achar dromchla 22,402,200 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonrai stairiula
Leanann se/si Russian Socialist Federative Soviet Republic (en) Aistrigh agus Interwar Latvia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(i) Russian Soviet Federative Socialist Republic (en) Aistrigh, Poblacht Shoiveadach Shoisialach na hUcraine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Bealaruise agus Transcaucasian Socialist Federative Soviet Republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthu 30 Nollaig 1922
Discaoileadh 26 Nollaig 1991
A leanuint ag an Ruis , an Ucrain , an Bhealaruis , An Mholdoiv , an tSeoirsia , an Airmein , an Asarbaiseain , an Chasacstain , an Uisbeiceastain , an Tuircmeanastain , an Chirgeastain , an Taidsiceastain , an Eastoin , an Laitvia agus an Liotuain Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thabhachtach
Saoire phoibli
Eagraiocht pholaitiuil
Coras rialtais soviet republic (en) Aistrigh, poblacht pharlaiminteach , stat aonphairti (polaitiocht) , stat conaidhme agus deachtoireacht chumannach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtach Supreme Soviet of the Soviet Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Soviet Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMikhail Ivanovich Kalinin (1922?1946) Cuir in eagar ar Wikidata
• Chairman of the Council of Ministers of the USSR (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataIvan Silayev (1991?1991) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaiocht
Airgeadra rubal an Aontais Shoiveadaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantoir tuairisciuil
Fearann Idirlin barrleibheil .su Cuir in eagar ar Wikidata
Cod tire luach ar iarraidh agus SU Cuir in eagar ar Wikidata

Stat cumannach ab ea Aontas na bPoblachtai Soiveadacha Soisialacha , no An tAontas Soiveadach ( Ruisis : Союз Советских Социалистических Республик/Saighius Saiveitcich Saitiailistitescich Respublic ) agus e suite san Eoraise , a mhair on mbliain 1922 go dti an bhliain 1991 . On mbliain 1945 go la a scoir, bhi an tAontas Soiveadach ina mhorchumhacht dhomhanda nach raibh ach na Stait Aontaithe inchomortais lei, agus bhi an da thir seo ag deanamh teisclim chogaidh in aghaidh a cheile an chuid ba mho den am i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda .

Achoimre [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is iomai duine a shileann gur thainig an tAontas Soiveadach ar an bhfod a thuisce is a shealbhaigh Vlaidimir Leinin agus na Boilseivigh an chumhacht sa Ruis , ach ni mar sin a bhi.

Mhair Cogadh Cathartha na Ruise a mhair on mbliain 1917 go dti 1922. Mar sin, nior fograiodh an tAontas Soiveadach sula raibh an cogadh thart le tamall maith anuas, ar an 30 Nollaig 1922 . D'athraigh criocha geografacha na tire o am go ham, ach nuair a nascghabhadh Oirthear na Polainne, Oirthear na Romaine (an Bheasaraib), an Eastoin , an Laitvia agus an Liotuain , chomh maith le criocha airithe eile, i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhi an tAontas Soiveadach tar eis an chuid ba mho de na tailte a fhorghabhail a raibh baint acu le h Impireacht na Ruise go gairid roimh an Reabhloid. B'iad an Fhionlainn agus an Pholainn (a raibh fagtha di) an t-aon da thir amhain nar nascghabhadh, ce gur cuid den Ruis a bhi iontu roimh an mbliain 1918 .

I mblianta an Chogaidh Fhuair , b'e an tAontas Soiveadach protaitiopa na stat Cumannach go leir. Ni raibh ach aon phairti polaitiuil amhain ceadaithe sa tir, is e sin, Pairti Cumannach an Aontais Shoiveadaigh .

Ni raibh ach ceithre Phoblacht Shoiveadach ann nuair a bunaiodh an tAontas, ach sa bhliain 1953 , bhi cuig cheann deag acu, is e sin, Poblacht Shoiveadach Shoisialach na hAirmeine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na hAsarbaiseaine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Bealaruise , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na hEastoine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Seoirsia , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Casacstaine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Cirgeastaine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Laitvia , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Liotuaine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Moldaive , Poblacht Shoiveadach Fheidearalach Shoisialach na Ruise , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Taidsiceastaine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na Tuircmeanastaine , Poblacht Shoiveadach Shoisialach na hUcraine , agus Poblacht Shoiveadach Shoisialach na hUisbeiceastaine . Ce go raibh rialtas duchais ag na poblachtai eagsula go hoifigiuil, bhi an chumhacht go leir i Mosco , agus na poblachtai ag comhlionadh gach ordu o Bhiuro Polaitiuil an Phairti Chumannaigh, arbh e fior-rialtas an stait Shoiveadaigh ar fad e, go humhal is go hurramach. Mar shampla, ce go raibh stadas oifigiuil ag an teanga reigiunach i ngach poblacht, is e an chuma a thainig ar na cursai i rith na mblianta na go bhfuair an Ruisis an lamh in uachtar ar an gcuid ba mho de theangacha na bpoblachtai. Sa Bhealaruis, mar shampla, nior thainig moran bisigh ar an teanga naisiunta i ndiaidh na mblianta Soiveadacha fein.

Sa bhliain 1991 , bhain na tiortha seo amach an neamhspleachas, ach idir an da linn, is iomai cor eagsuil a cuireadh ina gcinniuint. Ta an Eastoin, an Laitvia, agus an Liotuain ina mballstait den Aontas Eorpach inniu. Na poblachtai eile, is baill iad de Chomhlathas na Stat Neamhspleach, eagraiocht idirnaisiunta a bunaiodh le comhoibriu a chothu idir na stait iar-Shoiveadacha. Nil an Tuircmeanastain ach ina ballstat seachtrach faoi lathair, ach bhi ballraiocht iomlan aici go dti an 26u la de Mhi Lunasa sa bhliain 2005 .

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Leinin ag griosu na sluaite

Is gnach a cheapadh gurbh e an tAontas Soiveadach a thainig i gcomharbas ar Impireacht na Ruise, mar stat. Mhair an Sar deireanach, Nioclas a Do , ag rialu na tire sin go dti Marta 1917, agus sa chead bhliain eile, dhunmharaigh na Boilseivigh e agus a theaghlach. I Mi na Nollag 1922, fograiodh an tAontas Soiveadach, mar aontas a raibh an Ruis, an Ucrain, an Bhealaruis agus an Phoblacht Thras-Chugasach ina mbaill de. Bhi na poblachtai seo ar fad a rialu ag pairtithe Boilseiveacha.

An Reabhloideachas Ruiseach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thosaigh reabhloideachas nua-aimseartha sa Ruis sa bhliain 1823 , nuair a d'eirigh Lucht Mhi na Nollag ( Dekabristy / Декабристы ) amach in aghaidh na hImpireachta. Oifigigh oga airm ab ea na Dekabristy agus iad faoi thionchar an smaointeachais Liobralaigh a bhi ag dul timpeall na Ruise san am sin. B'e an bunreacht scriofa an rud ba mho a theastaigh uathu a chur i bhfeidhm sa Ruis, no is amhlaidh gur uathlathas minaireach ab ea Impireacht na Ruise gan srianta ar bith le cumhacht an tSair.

Rinne na hImpiri iarrachtai airithe le maolu ar an reabhloideachas tri leasuithe polaitiula. Mar shampla, cuireadh an seirfeachas ar ceal sa bhliain 1861 . Bhi na leasuithe ag teacht i bhfad romhall, dar leis na reabhloidithe, agus nuair a chaill na Ruisigh an cogadh in aghaidh na Seapanach, sa bhliain 1905, chuaigh muintir na Ruise chun cearmansaiochta ar an Impire an chead uair. Bhain siad amach an Duma , an chead pharlaimint Ruiseach, ach ni raibh an tImpire sasta moran fiorchumhachtai a bhronnadh ar an bparlaimint seo. Chaith na Feisiri an chuid ba mho den am ag oraidiocht, agus os rud e nach raibh a gcuid focal in ann a dhath a athru, bhi se chomh maith acu bolscaireacht reabhloideach a dheanamh ina gcuid aitheasc. Go dti sin, choinnigh an chinsireacht an cineal sin bolscaireachta taobh amuigh den tsaol phoibli, ach anois, b'eigean do na nuachtain gach focal a chur i gclo. Faoi bhru na bolscaireachta seo, chuaigh muintir na Ruise go sciobtha chun radacachais, agus nior thainig moran maolu ar na triobloidi.

Reabhloid na Feabhra [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa Chead Chogadh Domhanda , ni raibh ag eiri go romhaith leis na Ruisigh, agus thairis sin, rith an bia gann sna cathracha. Maidir le Nioclas, ni raibh se ina Impire ro-chumasach riamh. Bhi se go mor mor faoi thionchar a mhna ceile, Alexandra, a raibh dearcadh thar a bheith frithghniomhach aici, agus, thairis sin, bhi slusaithe eagsula ina thimpeall ag deanamh plamais leis, agus iad ag moladh do gan oiread is orlach a thabhairt isteach don daoscarshlua a bhi ag eileamh cearta agus saoirse.

Rasputin

B'e Grigoriy Rasputin ( Григорий Распутин ) a bhi i gceannas ar na slusaithe seo ar fad. Brathair siuil on tSibeir a bhi ann nach raibh leann ar bith aige, ach bhi se a urramu go mor mor ag bean cheile an Impire, a chreid gurbh eisean guth na fior-chosmhuintire Ruisi sa chuirt. Sa bhliain 1916, afach, dhunmharaigh an Prionsa Felix Yusupov e?fear frithghniomhach, antoisceach on eite dheas, a bhi den tuairim gur diabhal i riocht an duine ab ea Rasputin. Nuair a bhi an eite dheas fein in ann a leitheid a dheanamh, ba leir nach raibh moran duine fanta sa Ruis a bheadh muinineach as an Impire, agus, ni narbh ionadh, chuir Reabhloid na Feabhra an Sar o chumhacht sa bhliain 1917.

Reabhloid Dheireadh Fomhair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thainig Rialtas Sealadach i gceannas ar an Ruis, ach nior mhair se i bhfad. Ni raibh lucht an Rialtais Shealadaigh sasta scor den chogadh?an Chead Chogadh Domhanda?ina raibh an tir saite, no bhi siad meaite ar an gcogadh a thabhairt chun criche agus an phoblacht liobralach a chur ar bun ina dhiaidh sin. Nior shasaigh an dearcadh seo an chosmhuintir, afach, no bhi na Ruisigh dubh doite den chogadh cheana. Thosaigh na saighdiuiri, na scologa agus an lucht oibre ag bunu comhthionoil iomaiochta da gcuid fein?soiveidi (is e is ciall leis an bhfocal Ruisise ud Совет/Sovet na "comhairle").

Bhain na Boilseivigh a leas fein as na soiveidi, agus d'eiligh Leinin "an chumhacht iomlan a bhaint amach do na soiveidi". I Reabhloid Dheireadh Fomhair, shealbhaigh na Boilseivigh an chumhacht agus chaith siad an Rialtas Sealadach i dtoin phriosuin. San am sin, bhi eite chle an Phairti Shoisialaigh Reabhloidigh ag tacu leo go foill, ach sa deireadh thiar thall, bhi siad sin fein lena stadas a chailleadh mar phairti dlithiuil.

An Cogadh Cathartha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ni raibh gach duine sa Ruis sasta an chumhacht a fhagail ag lucht leanuna Leinin, afach, agus phleasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Reabhloid Dheireadh Fomhair. D'eirigh leis na Boilseivigh an cogadh a bhuachan le lamh laidir, agus iad go mor i dtuilleamai cineal coluin reatha - an Cheka (giorruchan is ea an t-ainm seo a sheasann do na focail Ruisise Чрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya komissiya , is e sin, an Coimisiun Neamhghnach?no "Coimisiun Neamhghnach uile-Ruiseach na Troda in aghaidh na Frithreabhloide agus na Sabaiteireachta", leis an ainm iomlan Ruisise a aistriu go Gaeilge).

Mar chuid den chogaiocht a thosaigh i ndiaidh do na Boilseivigh an chumhacht a fhorghabhail, d'eirigh ina chath idir an Ruis Bhoilseiveach agus an Pholainn, a bhi direach ag baint amach a neamhspleachais. D'eirigh leis na Polannaigh, fiu, Civ , priomhchathair na hUcraine, a shealbhu agus a choinneail ar feadh tamaill, ach sa deireadh, b'eigean doibh an chathair a threigean agus tarraingt ar ais go dti an Pholainn. Bhi marcshlua an Airm Dheirg faoi cheannas an Mharascail Semyon Budyonnyi in ann Varsa fein a bhagairt, ach stop na forsai Polannacha iad go gairid roimhe sin, i Mi Lunasa 1920, agus chuir ruaigeadh orthu. Nuair a siniodh an conradh siochana i Rige , priomhchathair na Laitvia, i dtus na bliana 1921, fagadh iarthar na hUcraine agus na Bealaruise ag na Polannaigh. Faoin gcogadh seo, dala an sceil, a scriobh an scribhneoir cluiteach Soiveadach Isaak Babel a phriomhshaothar, an diolaim gearrscealta ud Конармия/Konarmiya ("An Marcshlua").

Aon Phairti Amhain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fanny Kaplan: Пчёлин, Владимир Николаевич (1859?1941)

Rialtas aon phairti amhain ab ea rialtas na mBoilseiveach san Aontas Soiveadach on chead tus. Go gairid i ndiaidh Reabhloid Dheireadh Fomhair, bhi siad ag comhoibriu le heite chle an Phairti Shoisialaigh Reabhloidigh, ach nuair a chonaic na Soisialaigh Reabhloideacha, pairti a raibh tacaiocht na sluaite mora leis ar dtus, an doigh chiniciuil a raibh na Boilseivigh ag cur na bpairtithe eile faoi chois, rinne daoine den phairti iarracht Leinin a chur as cumhacht le lamh laidir i Samhradh na bliana 1918 . Cloiodh an cheannairc go crualach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dha urchar le Leinin ar an 30u la de Mhi Lunasa 1918 , coisceadh an pairti scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtoin phriosuin. Mar sin, nuair a fograiodh an tAontas Soiveadach go hoifigiuil, ni raibh baill d'aon phairti polaitiuil eile ach na Boilseivigh ar an rialtas le fada an la.

O Chogadh go Siochain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Le linn an Chogaidh Chathartha, bhi an rialtas Boilseiveach ag cloi go dian le polasai Cumannach i gcursai eacnamaiochta, agus is gnach "Cumannachas an Chogaidh" a thabhairt ar an gcur chuige a bhi ag an rialtas i gcursai an gheilleagair sna blianta sin. Chothaigh Cumannachas an Chogaidh mishastacht fiu i measc na mairnealach cogaidh, a bhi ar ceann de na dreamanna ba mho a chabhraigh le Leinin an chumhacht a shealbhu. I ndiaidh cheannairc na mairnealach seo i mbunait chabhlaigh Kronstadt in aice le Cathair Pheadair, chinn Leinin ar eiri as Cumannachas an Chogaidh, agus i Marta 1921, tugadh isteach NEP?an Polasai Nua Eacnamaiochta ( Новая экономическая политика ( НЭП ) / Novaya ekonomicheskaya politika ( NEP ))?a lig scod airithe leis an bhfiontraiocht phriobhaideach aris.

Caidreamh idirnaisiunta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ce gur chuidigh an Ruis leis na comhghuaillithe an Chead Chogadh Domhanda a bhaint [1] , nior tugadh cuireadh da gceannairi bheith pairteach i gComhdhail Siochana Pharas a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles . Mar sin, nior ligeadh do APSS bheith pairteach i g Conradh na Naisiun .

=> Mar sin, ar thaobh idirnaisiunta, caitheadh leis an SPSS mar a bheadh dibeartach ann.

Bas Leinin agus deachtoireacht Stailin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Iosaf Stailin , deachtoir an Aontais Shoiveadaigh

Sa bhliain 1924, cailleadh Leinin. Bhi a shlainte ag lui air le tamall, no nior bhisigh se riamh i gceart i ndiaidh an ionsai a rinne Kaplan air. Sa bhliain 1922, fuair se an chead stroc, agus thosaigh se ag eiri as gnathaimh laethula an rialtais agus a bhfagail faoi dhaoine eile. I ndiaidh a bhais, thosaigh iomaiocht bhorb bhinbeach idir lucht a chomharbais faoin gcumhacht, agus b'e Iosaif Stailin a bhain an chraobh sa deireadh. I dtus na dtriochaidi, ni raibh aon duine fagtha san Aontas Soiveadach a d'fheadfadh Stailin a cheistiu. An ceile iomaiochta ba laidre a bhi ann, mar ata, Leon Trotscai , chuaigh seisean ar deoraiocht on Aontas Soiveadach go Meicsiceo, ait ar mharaigh gniomhai runda de chuid Stailin e sa bhliain 1940 .

Sa bhliain 1928 , chuir Stailin tus leis an chead Phlean Cuig Bliana san Aontas Soiveadach. Murab ionann agus an dearcadh idirnaisiunta a bhi a chur in iul ag Leinin agus ag Trotscai o thus na reabhloide, bhi na Pleananna Cuig Bliana meaite ar an Soisialachas a chur ar bun in aon tir amhain. Chuaigh an Stat i gceannas ar na monarchanna agus ar na fiontair thionsclaiocha ar fad a bhi ag obair sa tir, agus bunaiodh feirmeacha comhsheilbhe ( calchais ) ar fud an Aontais Shoiveadaigh. D'iompaigh an tir ina cumhacht mhor tionsclaiochta, ach san am ceanna, fagadh cuid mhor den daonra ar an mblar fholamh. Chuir na scologa go fiochmhar in aghaidh bhunu na gcalchas, agus nuair a chuaigh na hudarais i dtuilleamai na laimhe laidre, fuair na milliuin de dhaoine bas sa teagmhail. Nior thainig aon mhaolu ar chorrail na sochai sna triochaidi ach an oiread. Phurgaigh an Stailin an pairti le fail reitithe de na sean-Bhoilseivigh a thabhaigh a dhintiuiri o Leinin fein, agus chuir se daoine ni b'oige, ni ba sochomhairli ina n-ait.

Gulag, campa geibhinn

San am ceanna, cimiodh na milte gnathshaoranaigh Shoiveadacha ar chuiseanna doileire, agus murar maraiodh scun scan iad, cuireadh i gceann de na campai daoroibre iad. Togadh mogalra uilechuimsitheach de na campai seo ar fud na tire, agus udaras ar leith a riar is a reachtail? GULag ( ГУЛАГ ), no Priomhudaras na gCampai Geibhinn. B'e ba chuspoir leis na campai seo go hoifigiuil na obair fhonta a sholathar do "choirpigh" le hiad a chur ar bhealach a leasa, ach is e an rud a bhi ag tarlu dhairire na go raibh na fiorchoirpigh ag mursantacht ar na campai ar fad, nuair nach raibh meas an mhadra ag na seileiri na ag na coirpigh ar na cimi polaitiula, nar thuig go leor acu go raibh aon rud as cosan deanta acu ar aon nos.

Ce go raibh an tIarthar agus an tAontas Soiveadach mimhuinineach as a cheile, mheadaigh ar an gcomhoibriu eatarthu i rith na d triochaidi . Sa bhliain 1933 , thosaigh an caidreamh dioplomaitiuil idir an tAontas Soiveadach agus na Stait Aontaithe . Ceithre bliana ina dhiaidh sin, thacaigh an tAontas Soiveadach go gniomhach le lucht leanuna na Poblachta i g Cogadh Cathartha na Spainne in aghaidh Franco a bhi ag fail cabhrach o Fhaisistigh na hIodaile agus o Naitsithe na Gearmaine. Mar sin fein, i ndiaidh don Riocht Aontaithe agus don Fhrainc Conradh Munchen a shiniu leis an nGearmain, bhi an tAontas Soiveadach sasta comhoibriu le Hitler i gcursai eacnamaiocha agus mileata.

Stalingrad, 1943, doite go talamh

Sa bhliain 1939 , shinigh an tAontas Soiveadach agus an Ghearmain Naitsioch Conradh Ribbentrop agus Molotov, no conradh neamhionsai, inar gheill siad an ceart da cheile criocha airithe in Oirthear na hEorpa a fhorghabhail beag beann ar a cheile. De thoradh an chonartha seo, d'fhorghabh an tAontas Soiveadach an Eastoin, an Laitvia, agus an Liotuain, agus i Mi Mhean Fomhair sa bhliain 1939 , ghabh na forsai Soiveadacha oirthear na Polainne nuair a bhi na Gearmanaigh tar eis an tir sin a ionsai on iarthar. An chriochdheighilt a rinne an tAontas Soiveadach agus an Ghearmain Naitsioch ar an bPolainn ansin, bhi si socraithe sa Chonradh.

I ndeireadh Mhi na Samhna sa bhliain cheanna, d'ionsaigh an tAontas Soiveadach an Fhionlainn . Is iomai duine a chuir an cheist, an raibh an tAontas Soiveadach ag brath ar an nGearmain Naitsioch a ionsai nuair a bheadh se sach cumhachtach le sin a dheanamh, b'i an Ghearmain fein a bhris an conradh agus a d'ionsaigh an tAontas Soiveadach sa bhliain 1941.

Chuaigh ionsai na nGearmanach in abar i g Cath Stalingrad a mhair on dara leath den bhliain 1942 go dti an chead leath na bliana 1943. B'ansin a casadh taoide an chogaidh, agus ina dhiaidh sin, d'ealaigh an tArm Gearmanach on Aontas Soiveadach tri Oirthear na hEorpa go dti Beirlin fein, sular gheill an Ghearmain sa deireadh sa bhliain 1945. Ce go ndearna an cogadh an-eirleach san Aontas Soiveadach, d'iompaigh an tir sin ina hollchumhacht dhomhanda de thoradh an chogaidh.

Learscail

I dtus na treimhse iarchogaidh, rinne an tAontas Soiveadach a gheilleagar a atogail agus a fhairsingiu, ach nior maolaiodh ar larstiuradh an chorais. Chabhraigh an tAontas Soiveadach le bail nua a chur ar thiortha Oirthear na hEorpa freisin, ach san am ceanna, chuir se an coras Cumannach i bhfeidhm sna tiortha sin freisin, agus hiompaiodh ina stait shatailiteacha iad. Bhi gach tir acu a rialu ag rialtas soip, agus iad uile a gceangal den Aontas Soiveadach trina mballraiocht i g Conradh Varsa agus in eagraiocht eacnamaioch na dtiortha Cumannacha (COMECON). I bhfianaise an impiriulachais seo, d'iompaigh an Riocht Aontaithe agus na Stait Aontaithe, a bhi ina gcomhghuaillithe ag an Aontas Soiveadach i mblianta an chogaidh, ? d'iompaigh siad ina naimhde. Thosaigh an Cogadh Fuar idir an tAontas Soiveadach agus na Stait Aontaithe nar thainig deireadh leis sular thit an toin as an gCumannachas.

I ndiaidh Stailin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair Stailin bas ar an 5 Marta 1953. Nuair nach raibh comharba inghlactha ar fail, chinn ardfheidhmeannaigh an Phairti Chumannaigh an tir a rialu in eineacht, ach mar sin fein, bhi siad ag iompairc le cheile go dian faoin gceannasaiocht. Ba e Nikita Khrushchev a ghnothaigh an baire thart faoi lar na gcaogaidi, agus sa bhliain 1956, thug se oraid inar chain se anlathas Stailin. Mhaolaigh se ar na diansrianta freisin a bhi curtha ag Stailin le saoirse na sochai. Sa bhliain cheanna, afach, chloigh na saighdiuiri Soiveadacha le lamh laidir iarrachtai na nUngarach agus na bPolannach tuilleadh daonlathais a bhaint amach.

Laika an madra

Faoin am seo, bhi an tAontas Soiveadach ag deanamh an-dul chun cinn i gcursai eolaiochta agus teicneolaiochta. Bhi na Soiveadaigh ina gceannrodaithe spasaireachta, no ba iad a chuir an chead satailit dhaondeanta, Sputnik a hAon, ag timpeallu an domhain, agus ina dhiaidh sin, scaoil siad an chead neach beo?an madra Laika ?agus an chead duine, Yuri Gagarin , ar an bhfithis timpeall an domhain. Ni raibh moran maithe sna leasuithe talmhaiochta agus riarachain a chuir Khrushchev i gcrich, afach, agus nior eirigh leis go maith sna polasaithe eachtracha ach an oiread.

Ce go raibh rialtas Cumannach curtha ar bun sa tSin , thainig scoilt idir an tir sin agus an tAontas Soiveadach, agus maidir leis an gcaidreamh leis na Stait Aontaithe, bhi an cogadh fuar ar ti iompu ina chogadh dearg sa bhliain 1962, le linn ghearcheim na ndiuracan i gCuba . Sa bhliain 1964, b'eigean do Khrushchev eiri as agus dul ar pinsean ina ainneoin fein.

Khrushchev agus Stalin, 1936

Thosaigh treimhse nua comhcheannasaiochta i ndiaidh scor Khrushchev, ach de reir a cheile, d'eirigh le Leonid Brezhnev, i dtus na seachtoidi, dearscnamh thar na ceannairi eile i saol polaitiuil na Ruise. D'fheach Brezhnev leis an naimhdeas idir an tAontas Soiveadach agus an tIarthar a mhaolu tri pholasai an eideannais (detente), ach san am ceanna, bhi se ag meadu ar na harmalacha agus ar neart mileata an Aontais. Bhi cuma an mhi-ionraicis ar an eideannas, mar sin, agus nuair a d'ionsaigh an tAontas Soiveadach an Afganastain i ndeireadh na bliana 1979, bhi deireadh leis an eideannas, agus an cogadh fuar ag dul i neart aris.

Leonid Brezhnev, Aibrean 1967

I ndiaidh iarrachtai Khrushchev an eacnamaiocht a leasu sna seascaidi, chrom lucht ceannasaiochta an Aontais Shoiveadaigh ar na sean-nosanna aris. Bhi an tionsclaiocht ag forbairt is ag feabhsu go malltriallach, ach ni raibh ag eiri leis an talmhaiocht. Ma bhi an tAontas Soiveadach abalta a chuid armalacha a choinneail bord ar bhord leis na Stait Aontaithe, bhi an robheim seo ar an teisclim chogaidh ag deanamh an-damaiste don gheilleagar.

Ma thainig an tAontas Soiveadach ar an bhfod de thoradh na diograise reabhloidi, ni raibh a dhath ar bith den spiorad sin fagtha i mblianta Brezhnev. A mhalairt ar fad, bhi cuma an choimeadachais agus na do-athraitheachta ar an doigh a rabhthas ag reachtail na tire, rud a d'aithneofa ar chomh sean agus a bhi na ceannairi fein.

Fuair Leonid Brezhnev bas sa bhliain 1982. Ar feadh cupla bliain ina dhiaidh sin, chonacthas beirt seanfhear, Yuriy Andropov agus Konstantin Chernenko, ag rialu an Aontais go tiubh sna salai ag a cheile. Ceannairi idirlinne ab ea iad nach raibh moran difriochta idir iad agus Brezhnev.

Sa bhliain 1985, afach, tar eis bhas Chernenko, ba e Michail Gorbaitseov (Mikhail Gorbachev) a ghlac ceannaireacht an phairti. Bhi se i bhfad ni b'oige na mar ba ghnach d'Ard-Runai an Phairti Chumannaigh a bheith, agus chrom se ar an eacnamaiocht , an Pairti agus an polasai mean cumarsaide a chur i gcrich. B'iad na focail ' peireastraice " ( perestroika , "atogail, athstruchturu") agus " gleasnast " ( glasnost' , "neamhbhailbhe") a tharraing Gorbachev chuige ag iarraidh a chuid leasuithe a shainmhiniu. B'e an gleasnast ba mho a d'athraigh an saol san Aontas, no bhain se srianta na cinsireachta de na meain chumarsaide , ionas go bhfuair muintir an Aontais cead cainte agus teacht ar eolas an chead uair riamh sa stair.

Michail Gorbaitseov sa bhliain 1988

Ni raibh Gorbaitseov fein ag suil leis an seachthoradh, afach, gur thosaigh na poblachtai Soiveadacha eagsula ag eileamh forlamhais ar a gcuid tailte, no fiu neamhspleachas , de reir mar a cheadaigh Alt a 72 i m Bunreacht an Aontais Shoiveadaigh, ce nar ghlac aon duine an fhorail sin dairire roimhe sin.

Is iomai poblacht a choirigh an chead toghchan saor leis an b parlaimint naisiunta a votail isteach sa bhliain 1990. Na parlaiminti a toghadh san am sin, thosaigh siad ag achtu dli the nach raibh ag teacht le reachtaiocht an Aontais Shoiveadaigh, agus thosaigh "Cogadh na nDlithe" idir an tAontas agus na poblachtai seo.

Sa bhliain 1989, thainig Comhdhail nua Ionadaithe an Phobail le cheile i bPoblacht Shoisialach Fheidearalach Shoiveadach na Ruise, an ceann is mo de bhallphoblachtai an Aontais. Toghadh Boris Yeltsin ina Chathaoirleach ar an gComhdhail seo. Ar 12 Meitheamh 1990 , d'fhogair an Chomhdhail seo forlamhas na Ruise ar thailte na Ruise, agus chrom si ar dhlithe a reachtu a bhi ceaptha dlithe airithe de chuid an Aontais Shoiveadaigh a chur ar neamhni.

Mhair an eiginnteacht dhlithiuil seo ar feadh na bliana 1991, agus na poblachtai ag baint amach neamhspleachais de reir a cheile.

22 Lunasa 1991ː Boris Yeltsin

Dli [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Le linn beagnach tri cheathru ceid, bhiodh reimeas na Soiveadach ag streachailt i gconai le cuntas a thabhairt ar an bhfeidhm a bhi ag an dli fos i sochai shoisialach, ar an leibheal teoiriciuil agus ar an leibheal praiticiuil araon. [2]

Faightear dea-shampla den mhearbhall i lucht ceannais na Soiveadach maidir le rol an dli sa tsochai nua i gconair gairme a bhi ag Evgeny Pashukanis . Is comhartha gur cuireadh deireadh le gach diospoireacht phoibli dhairire maidir leis na ceisteanna seo gur chloigh se leis an dearcadh Stailin each i ndiaidh 1930 agus gur maraiodh e sa Phurgu Mor sa bhliain 1937.

Theip ar iarrachtai Mikhail Gorbachev an reimeas Soiveadach a athstruchturu mar stat bunaithe ar fhorlamhas an dli de bharr easnamh mar sin.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. An Cogadh Fuar , St Mary's, Beal Feirste
  2. Scoil Dli, COBAC (2018). " Evgeny Pashukanis ". Data rochtana: 2021.