An Dara Cogadh Domhanda

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
An Dara Cogadh Domhanda
An Dara Cogadh Domhanda
Data: 1 Mean Fomhair 1939 - 2 Mean Fomhair 1945 ( 6 bliana agus 1 la)
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe . Cuireadh Eagraiocht na Naisiun Aontaithe ar bun. Nochtadh SAM agus APSS mar ollchumhachtai. Srl.
Ceili comhraic
Riocht Aontaithe
An Pholainn
Stait Aontaithe
APSS
An Fhrainc Shaor
An Astrail
... Srl.
Gearmain na Naitsithe
An Iodail
An tSeapain
... Srl.
Ceannasaithe
Winston Churchill
Edward Rydz-?migły
Franklin D. Roosevelt
Iosaf Stailin
Charles de Gaulle
...Srl.
Adolf Hitler
Benito Mussolini
Hirohito
...Srl.
Slua
Taismigh
Basanna
Mileata : >21-25,000,000
Sibhialtach : >50-55,000,000? Feach ar "World War II casualties" ar Wikipedia
{{{taismigh2}}}

Ba e an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mho a cuireadh i rith na fichiu haoise , agus e le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh san Eoraip ar 1 Mean Fomhair 1939 , ach is feidir a ra go raibh coimhlint bhainteach ar siul san Aise on 7 Iuil 1937, no b'ansin a d'ionsaigh an tSeapain an tSin an dara huair i rith na h aois e. Nuair a tharraing ionsai na Seapanach ar Pearl Harbour na Meiriceanaigh isteach i gcogadh an Aigein Chiuin, bhi cogadh na Sine is na Seapaine a fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.

An chuid is mo de na tiortha a bhi saite sa Chead Chogadh Domhanda , ghlac siad pairt sa dara cogadh freisin, agus bhi cathanna a gcur i ngach aon mhor-roinn ina bhfuil conai ar dhaoine daonna. Trid is trid, ba e an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chosulachta i stair an chine dhaonna.

Is gnath na cogaithe a roinnt ina dha mbloc, mar ata, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid . Bhi cuid mhor tiortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriu le ceann den da bhloc, ar chuiseanna praiticiula nios mo na ar chuiseanna ide-eolaiochta no baulachta.

Ar dtus, ba i an Riocht Aontaithe an chumhacht ba thabhachtai de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chead da chomhghuailli a bhi aici. Sa deireadh thiar thall, afach, chuaigh Stait Aontaithe Mheiricea agus an tAontas Soiveadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe.

Ar thaobh na Fearsaide, aris, ba iad an Ghearmain , an Iodail , agus an tSeapain na priomhthiortha.

Bhi rol larnach ag an Ruis ag cur an ruaig ar na Naitsithe . Fuair b’fheidir 26 milliun as an Aontas Soiveadach bas (11 milliun san Arm Dearg san aireamh). [1]

Fuair b'fheidir 70-85 milliun bas sa Dara Cogadh Domhanda. [2]

Cuiseanna an Chogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Spas aitrithe a chruthu (no " Lebensraum "). [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi na Naitsithe ag iarraidh nios mo na teorainn 1914 a athbhunu [3] . Chomh fada siar le 1920, bhi Hitler ag maiomh go raibh se riachtanach ag na Gearmanaigh tailte nua a bhaint amach. Bhi ga le Conradh Versailles, a bhi fuath ag na Gearmanaigh air, a chealu ar fad.

Mhinigh Hitler a thuairimi faoi " Lebensraum " ina leabhar " Mein Kampf " agus sa "Leabhar Runda" a scriobh se sa bhliain 1928. Bhi se scriofa sna leabhair seo go raibh ar an Ghearmain tailte agus criocha nua a bhaint amach leis an daonra Gearmanach a chothu agus a mheadu. Mhaigh Hitler go mbeadh an talamh seo le baint o stait oirthear na hEorpa , ina raibh cinioch a iochtaranacha, agus go hairithe o phriomhnamhaid na Gearmaine, an Ruis Chumannach.

Bhain Hitler agus na Naitsithe tairbhe i gconai as an fhuath a bhi ag muintir na Gearmaine ar an Chonradh. Chain bolscaireacht na Naitsithe an Conradh agus gheall Hitler e a fhreaschur nuair a bheadh an chumhacht sa Ghearmain aige. Ghnothaigh na gealluinti seo cuid mhor tacaiochta do Hitler agus do na Naitsithe.

Nuair a thainig Hitler i gcumhacht sa bhliain 1933, bhi 6 milliun duine difhostaithe sa Ghearmain. bhi an chuma ar an sceal nach mbeadh an Ghearmain laidir go leor choiche lena leitheid de thalamh a ghnothu. Bhi tionscal arm na Gearmaine a fhorbairt mar aon le Cabhlach , Aerfhorsa agus Arm na tire. Bheadh se seo ina chuidiu leis an Ghearmain a dheanamh mor agus laidir.

Mar sin fein sa bhliain 1939 bhi an Ghearmain ag an phointe go dtiocfadh le Hitler smaoineamh faoi leathnu amach a dheanamh soir i dtreo na Polainne agus fiu na Ruise . Bhi an tir ath arm ailte. Leis an mheadu ar a neart mileata, bhi se ar a cumas ag an Ghearmain an spas aitrithe a bhi uaithi a fhail. Dheanfadh an leathnu amach san oirthear ait na Gearmaine mar thir thabhachtach chumhachtach a dheimhniu.

Tus an Chogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

An Cogadh san Aise: 1937-1939 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Mi an Iuil 1937, ghabh an tSeapain iar-cathair na tSine, Peking, direach i ndiaidh eachtra a chruthaigh arm na Seapaine ar dhroichead Marco Polo. D'fhorbair an t-ionru ar Peking ina oll-ionsu in eadan na Sine. Niorbh fhada roimh a shinigh na Ruisi socru neamhionsaithe leis an tSin le haghaidh tacaiochta abhair a sholathair doibh, agus de bharr sin, cuireadh deireadh leis an reamh-comhoibriu idir an tSin agus an Gearmain. Idir Mean Fomhair agus Samhain, ghabh an tSeapain Taiyuan, d'ionsaigh siad an t-arm Kuomintang i Xinhou agus throid siad in eadan na bhforsai cummanaigh i mPingxingguan. Chinn Ginearal Chiang Kai-shek a arm b'fhearr chun Shanghai a chosaint. Afach, tar eis catha 3 mhi, gheill Shanghai. Leann na Seapaini lena n-ionru ar an tSin, ag gabhail na priomhcathrach Nanking i mhi an Nollag 1937. Tar eis titim Naking, mharaigh an tSeapain na ceadta mile sibhialtaigh Sineach.

I Mi an Mharta 1938, bhuaigh na forsai Sineacha a gcead chath i Taierzhuang. Afach, ghabh na forsai Seapainise an chathair sar i bhfad ina ndiaidh i mhi an Bhealtaine. I Mi an Mheithimh 1938, chuir na forsai Sineacha moill ar ionradh na Seapaine nuair a lion siad an abhainn bhui le huisce sa chaoi is nach raibh si dothrasnaithe do fhorsai na Seapaine. Da bharr, thug se seo am d'fhorsai na Sine cosaint Wuhan a eagru, ach ghabhadh an chathair i mi an Deiridh Fomhair. Ce go raibh an bua ag an tSeapain sna cathanna in eadan na sine, nior eirigh leo ceannaireacht na sine a sharu. Chulaigh forsai na sine siar isteach faoin tuatha i ngach aon chath inar sharaiodh iad.

1930, chuir an tSeapain cogadh teorainne ar na Ruisi i Manchuko, stat lonnaithe o thuaidh morthalamh na tSine. Chuir an foirceadal Seapainis "Hokushin-ron" beim ar leathnu na Seapaine o thuaidh, nos a ghlac an t-arm Seapainis ag an am seo. Tar eis an chliste Seapainis i Khalkin Gold sa bhliain 1939 agus a comhghuailli (an Gearmain) sa toir ar chonradh neodrachta leis an APSS, ba fhollasach nach mairfeadh an foirceadal leathnu seo. Ar deireadh thiar, Shinigh an tSeapain agus an APSS conradh neodrachta lena cheile i mhi an Aibreain 1941, agus d'uctaigh an tSeapain foirceadal "Nanshin-ron", curtha chun tosaigh ag an gcabhlach, chun diriu o dheas na hAise. Da bharr, chuir an tSeapain cogadh ar na Stait Aontaithe agus na comhghuaillithe san iarthar nios deanai.

Tar eis atreoru tri ceathru de thrupai agus tromlach an aerfhorsa on bhFrainc agus o lar na Mheanmhara chun an line tosaigh san oirthear, shocraigh an Riocht Aontaithe a straiteis a athru. I mhi Iuil, chuir an Riocht Aontaithe agus an t-Aontas Soibheadach comhaontas ar bun in eadan na Gearmaine. D'ionraigh an na tiortha comhaontaithe an t-Iran d'fhonn laithreacha ola sa gconair Pheiris a ghabhail. I mhi Lunasa, d'eisigh an Riocht Aontaithe agus na Stait Aontaithe an Chairt Atlantach.

Faoi Deireadh Fomhair, bhain an ais a spriocanna amach sa Ucrain agus sa bhfearann Baltach, le leigear i Leningrad agus Sevastopol fagtha ina ndiaidh. Tosaiodh ionsu nua ar Mhosco

Aire Gnothai Eachtracha na Ruise, Molotov, ag siniu an Chomhaontaithe Naitsi-Shoiveadaigh. Ta Von Ribbentrop, Aire Gnothai Eachtracha na Gearmaine agus Stailin, Ceannaire na Ruise, ina seasamh ar a chul faoi phictiur de Leinin

An Comhaontu Naitsi-Shoiveadach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ar 23 Lunasa 1939 , shinigh an Ghearmain Naitsioch agus an Ruis Shoiveadach an Comhaontu Naitsi-Shoiveadach . Rinne siad gealltanas gan ionsai a dheanamh ar a cheile ar feadh deich mbliana Ag an am ceanna, bhi an Ghearmain agus an t Aontas Soiveadach tar eis conradh runda a shiniu faoi chriochdheighilt na Polainne . Shocraigh siad go roinnfi talamh na Polainne idir an da thir. Bhi an conradh tabhachtach do Hitler mar thiocfadh leis ionsai a dheanamh ar an Pholainn gan a bheith buartha go dtroidfeadh arm na Ruise ina eadan.

Cartun ag leiriu an Ghearmain Naitsioch agus Stailin i ndiaidh an Chomhaontaithe Naitsi-Shoiveadaigh ( Mucha , 8 M.F. 1939)

Bhi ionadh ar thiortha eile na h Eorpa go raibh dha namhaid ide-eolaiochta in ann teacht le cheile. Thuig tiortha na hEorpa ag an am na himpleachtai a bhain leis an chonradh seo don Pholainn. Bhi ardteannas ann sna laethanta idir seo agus deireadh na miosa.

Ionradh ar an Pholainn, Mean Fomhair 1939 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Chuir an Comhaontu Naitsi-Shoiveadach deireadh leis an bhagairt intuigthe a bhain leis an bharantas Angla-Fhrancach, a tugadh don Pholainn lena slandail a chosaint. Mar sin, ar 1 Mean Fomhair 1939 , chuir na Gearmanaigh deireadh leis an fhanacht agus d’ionsaigh siad an Pholainn.

D’fhogair an Bhreatain agus an Fhrainc cogadh ar an Ghearmain dha la ina dhiaidh sin, ar 3 Mean Fomhair 1939 . D'fhogair an Riocht Aontaithe (labhair Neville Chamberlain ar an BBC ) ag 11.15am de reir mhean-am Greenwich, cogadh in aghaidh na Gearmaine, rud a rinne an Fhrainc se uaire an chloig ina dhiaidh sin, agus an Astrail agus an Nua-Shealainn nios deanai. Bhi an t Slovaic , stat soip a bhi faoi smacht ag an nGearmain, ag tacu leis na Gearmanaigh.

Bolscairecht o Washington Commonwealth Federation, Lunasa 1939
An Ghearmain Mhor faoi 1 Mean Fomhair 1939.

Ar 17 Mean Fomhair 1939 , rinne na Ruisigh ionradh ar an Pholainn on oirthear. .

Ni amhain go raibh Hitler ag comhlionadh aidhm Lebensraum agus e ag deanamh ionraidh ar an Pholainn, ach laghdaigh an t-ionradh an bru eacnamaioch a bhi ar an Ghearmain tri acmhainni nadurtha a bhi de dhith go gear a ghnothu don gheilleagar. [4]

Ni thug na Sasanaigh na na Francaigh cunamh do na Polannaigh, scriosadh an dochas laidir a bhi ann ar dtus.

Rinne na Francaigh ionsai ar an t Sarlainn in iarthar na Gearmaine, ach ni raibh na Gearmanaigh i bhfad ag cur cul ar an ionsai seo.

D.F. 139: criochdheighilt na Polainne

Troideadh an cath deireanach, Cath Kock, at 6 Deireadh Fomhair 1939 . Bhi cur in eadan mileata na Polainne scriosta ag na Gearmanaigh. Bhi na Polannaigh cloite, agus roinn an Ghearmain agus an t Aontas Soiveadach an tir eatarthu mar a bhi socraithe acu. Fuair an Liotuain na tailte timpeall ar Vilnias , Tugadh tailte airithe do na Slovacaigh in aice leis an teorainn.

Ina dhiaidh sin, chuir an tAontas Soiveadach d'fhiacha ar na tiortha Baltacha?an Eastoin , an Laitvia agus an Liotuain ?trupai Soiveadacha a ligean isteach. Chuaigh na trupai ar garastun sna tiortha sin go seasta, agus togadh bunaiteanna mileata Soiveadacha ansin. San am cheanna, bhi na Soiveadaigh ag eileamh ar an bh Fionlainn tailte airithe in aice le Leningrad a gheilliu don Aontas Soiveadach agus, thar aon rud eile, ceadu do na Soiveadaigh bunait mhileata a chur ar bhun in aice le Hanko , an chathair is faide theas sa tir. Bheadh limistear eile le dul don Fhionlainn in eiric a dtabharfadh si uaithi. Ni raibh na Fionlannaigh sasta leis an tairiscint, agus sa deireadh, d'ionsaigh na trupai Soiveadacha an Fhionlainn. Chuir na Fionlannaigh ar a son, agus troideadh Cogadh an Gheimhridh idir an Fhionlainn agus an tAontas Soiveadach.

An "Cogadh Breagach", 1939-1940 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Glaotar 'an cogadh breagach' ar an treimhse sa gheimhreadh na bliana 1939-40.

An Cogadh ag Dul i bhFairsinge [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

1940 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I mi Aibreain 1940, rinne an Ghearmain ionsai ar an Danmhairg agus an Iorua. [5]

I mi Bealtaine 1940, rinne an Ghearmain Naitsioch ionsai ar an Ollainn agus an Bheilg .

1941 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Agus cursai forghabhala cuibheasach cobhsai san Eoraip, thug an tSeapain, an Ghearmain agus an t-Aontas Soibheadach faoi ullmhuchain a dheanamh. Agus an APSS airdeallach maidir leis an teannas a mheadu leis an tSeapain agus an nGearmain, ar intinn acu leas a bhaint as acmhainni saibhre na hEoraipe tri readmhaoin Eorpach le hacmhainn shaibhir a ghabhail lonnaithe i ndeisceart iarthar na hAise, shinigh an da sharchumhacht conradh neodrach APSS-Seapaine i mhi an aibreain 1941. I gcodarsnacht, bhi na Gearmanaigh ag ullmhu ionsaithe ar an APSS, ag bailiu a bhforsa agus a lonnu iad ar theorainn an APSS.

Ghlac Hitler an chreidiuint gurb e dochas na Breataine go dtagfadh na Stait Aontaithe agus an APSS isteach sa chogadh nios deanai chun tacu leo an chuis nar gheill an Bhreatain doibh. Da reir sin, chinn Hitler go ndeanfadh an Ghearmain a gcaidreamh leis an APSS a fheabhsu, no sa chas go teipfeadh air sin, go n-ionsoidis an tir agus iad a scriosadh mar bhagairt.I mhi na Samhna 1940, cuireadh idirbheartaiocht ar siul idir an Ghearmain agus an APSS le faigh amach da mbeadh fonn ar an APSS pairt a ghlacadh sa chomhaontu triphairteach. Thaispeain an APSS suim ach d'iarr siad ar an nGearmain geilleadh talun a dheanamh leis an bhFionnlann, Bulgair agus an Tuirc agus chinn an tSeapain & an Ghearmain go mba eileamh doghlactha a bhi ann. Ar an 18 Nollaig 1940, d'eisigh Hitler treorach maidir le ullmhuchain a dheanamh le haghaidh ionsaithe ar an APSS.

Ba e Oibriocht Barbarossa an codfhocal a dtugtar ar ionsai na Gearmaine in eineacht lena gcomhghuaillithe Romanach & Iodaileach ar an Aontas Soiveadach , obraid a thosaigh ar an 22 Meitheamh 1941 . Sula bhfad ina dhiaidh sin, ghlac an Fhionlann & an Ungair pairt san obraid. B'iad an fearann Baltaic, an Mosco agus an Ucrain na priomhspriocanna a raibh ag an obraid, leis an gcuspoir dheireadh na an feactas ionsaithe a chur i gcrioch faoin am a shroicfeadh an t-arm line Arkhangelsk-Astrakan, suite idir an mhuir Chaspian agus an mhuir bhan. B'e cuspoir Hitler na an APSS a dhiothu mar chumhacht milteata domhanda, an cumannachas a dhiothu, Lebensraum ("Ait chonaithe") a chruthu tri ruaig a chur ar an daonra duchas on talamh faoi fhorghabhail agus deimhnigh go mbeadh rochtain ag an nGearmain ar acmhainni straiteiseach, riachtanach chun cuid eile da namhaid na Gearmaine a sharu. Ach ghlac Hitler an iomarca air fein nuair a d’ionsaigh se APSS agus a arm ag troid san Iarthar go foill.

An Cogadh ag Dul chun Domhandais: 1941/1942?an tAigean Ciuin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rinne Aerfhorsa na Seapaine ionsai ar Pearl Harbour i Havai ar an 7 Nollaig 1941 . [6] Ar 8 Nollaig, d'fhogair na Stait Aontaithe cogadh ar an tSeapain [7] agus cogadh ar an nGearmain agus an Iodail ar 11 Nolliaig. [8]

Ar an 19 Eanair 1942 , d'ionsaiodh Maenmar . Ach ghlac an tSeapain an iomarca air fein nuair a d’ionsaigh arm na himpireachta  Burma (mar a thugtar uirthi fado), agus a arm ag troid san Aigean Ciuin go foill.

An Leamhshainn: 1942 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thosaigh Cath Stalingrad ar an 23 Lunasa 1942. Ba e Cath Stalingrad an cath ba mho sa cogadh. Meastar gur chiall timpeall 2 milliun duine sa chath.

An Taoide a Casadh: 1943 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thit Beirlin leis an Arm Dearg ar an 2 Bealtaine sa bhliain 1945. Sa ghrianghraf seo, ta na saighdiuiri Soiveadacha ag cur a mbrataigh ar an gcrann os cionn an Reichstag , agus casur agus corran an Chumannachais le feiceail air.

D’fheadfadh Meiricea meideanna mora d’abhair chogaidh a thairgeadh do na Comhghuaillithe mar thoradh ar a shaibhreas agus ar a thionsclaiocht. Niorbh fheidir leis an nGearmain bheith in ann ag neart mileata comhcheangailte na gComhghuaillithe. [9]

Is eiseamlair mhaith e monarcha Willow Run i Michigan mar leiriu ar neart tairgeachta Meiricea, ait ina thairgeadh eitlean trodai gach 7 noimead.

Ag Druidim chun Deiridh: 1944 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tar eis bua na Ruise i g Cath Kursk , bhi an lamh in uachtar aici o thaobh lion na bhfeithicli trodai de (go hairithe na tainc) a bui lena dtaisce ola i ndeisceart na Ruise agus lena lion mor monarcha lonnaithe as an mbealach on gcoimhlint. Ba mhinic na ruathar aera a chur na comhghuaillithe ar mhonarcha Gearmainis chun a cumas tairgeachta a lagu. Da bharr, ni raibh an Ghearmain in ann oll-ionsai ar bith a dheanamh in eadan na gcomhghuaillithe tar eis cath Kursk.

Ar an 6 Meitheamh 1945, rinne na comhghuaillithe ionsai ar an Normainn ar chosta na Fraince .

An Deireadh: 1945 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

An cogadh ag druidim chun deiridh, reachtaladh an Chomhdhail Yalta, cruinniu mullaigh idir chinn rialtais na Stat Aontaithe , na Riochta Aontaithe agus na Ruise 4?11 Feabhra.

D'ionsaigh arm na Ruise Beirlin (o 16 Aibrean ar aghaidh) tar eis conartha a dheanamh leis a gcomhghuaillithe go ngabhfaidis an phriomhchathair agus i a scaoilt i limistear eatarthu fein.

Ar an 8 Bealtaine, naoi la ina dhiaidh bais Hitler, gheill an Ghearmain.

Comhdhail Potsdam a thugtar ar chruinniu mullaigh idir cinn rialtais na Stat Aontaithe , na Riochta Aontaithe agus na Ruise (" an Triur Mor") a bhi ar siul o 17 Iuil ? 2 Lunasa 1945 .

Neal muisiriunach an bhuama adamhaigh os cionn Nagasaki . Chaith na Meiriceanaigh dha bhuama adamhacha ar an tSeapain i ndeireadh an chogaidh, an dara ceann acu ar Nagasaki ar an 9 Lunasa , 1945 . Ioronta go leor, ba e Nagasaki an ait ba bhaula leis an Iarthar ar fud na Seapaine, os rud e go raibh go leor Seapanaigh Chriostai ag lorg tearmainn ansin.

D'ionsaiodh Hiroshima ar an 6 Lunasa agus Nagasaki ar an 9 Lunasa.

Gheill an t Seapain ar an 15 Lunasa 1945 . Chuir se sin deireadh leis an g cogaiocht .

Ar an 2 Mean Fomhair 1945 , shinigh an tSeapain geilleadh gan chomha ar bord na loinge USS Missouri ag cur deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda.

Na hIobartaigh, na Sibhialtaigh, agus na Gniomhartha Uafais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

An Cogadh in Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Re na Prainne (no "An Eigeandail", uaireanta, mar lomaistriuchan ar an tearma Bearla Emergency ) a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Eirinn (1940-1945). Bhi Tuaisceart na hEireann ag glacadh pairte sa chogadh ar nos na Riochta Aontaithe go leir, ach d'fhan an chuid eile den oilean, an Saorstat taobh amuigh den chogadh. Bhiti, fiu, ag seachaint an chogaidh mar abhar ple sna nuachtain agus sna meain eile.

D'usaid an rialtas "An tAcht Cumhachtai Prainne, 1939" chun na meain a smachtu. Freisin thug se seo cumhachtai breise chun deileail leis an IRA , ar eagla go dtapodh an eagraiocht sin an deis chun ionsai a dheanamh ar an stat. [10]

Priomhalt: Re na Prainne

Tar eis an Chogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ghabh na comhghuaillithe Naitsithe airithe, mar shampla Rudolf Hess agus Hermann Goring . Cuireadh ar thriail iad. Tugtar an t-ainm na ː" Trialacha Nuremberg " ar na trialacha seo.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. " Don’t forget how the Soviet Union saved the world from Hitler " (en). The Independent (2016-05-09). Data rochtana: 2020-05-09.
  2. " World War II casualties " (as en) (2020-05-09). Wikipedia .  
  3. .St Marys (Mi na Samhna, 2007). " An Ghearmain Naitsioch ". Data rochtana: 4 Lunasa 2018.
  4. Diarmaid Ua Bruadair, St Mary's. " An Ghearmain Naitsioch " 50. Data rochtana: 2019.
  5. " An Dara Cogadh Domhanda " (en). prezi.com . Data rochtana: 2019-01-26.
  6. forasnagaeilge.ie. " Croineolaiocht ". Data rochtana: 2021.
  7. " The Declaration of War Against Japan | US House of Representatives: History, Art & Archives " (en). history.house.gov . Data rochtana: 2021-12-07.
  8. " Declaration of War on Germany, December 11, 1941 " (en). U.S. Capitol Visitor Center . Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2021-12-07. Data rochtana: 2021-12-07.
  9. " examinations.ie " (2014). Data rochtana: 2019. [ nasc briste go buan ]
  10. eISB (1939 Acht 28). " electronic Irish Statute Book " (ga). www.irishstatutebook.ie . Data rochtana: 2021-12-07.