An Iorua

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
(Athsheolta o An Ioruaidh )
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Iorua
Kongeriket Norge (nb)
Kongeriket Noreg (nn) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiun Ja, vi elsker dette landet Cuir in eagar ar Wikidata

Mana Powered by nature
Ei grym yw natur Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in omos tuaisceart agus bothar Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh
Map
  65°N 11°E  /  65°N 11°E  / 65; 11

Priomhchathair Oslo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlan 5,550,203 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlus 14.41 hab./km²
Teanga oifigiuil Bokmal
teangacha Samacha
Nynorsk
an Ioruais Cuir in eagar ar Wikidata
Tireolaiocht
Cuid de Na Stait Nordacha
Tuaisceart na hEorpa
an Limistear Eorpach Eacnamaioch
An Eoraip
Scandinavian Peninsula (en) Aistrigh
Fennoscandia (en) Aistrigh
Crioch Lochlann Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 385,207 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i no in aice le limistear uisce Muir na hIorua , Muir Barents , An Mhuir Thuaidh agus Skagerrak Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Galdhøpiggen (en) Aistrigh (2,468.854 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is isle Muir na hIorua (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonrai stairiula
9 haois
17 Bealtaine 1814 Bunreacht
7 Meitheamh 1905 :  scartha o  Union between Sweden and Norway (en) Aistrigh
26 Deireadh Fomhair 1905 Diplomatic recognition (en) Aistrigh scartha o  Union between Sweden and Norway (en) Aistrigh
Saoire phoibli
Earlamh Olav II Haraldsson Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraiocht pholaitiuil
Coras rialtais monarcacht bhunreachtuil agus representative democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiuchain Rialtas na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtach Stortinget (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na hIorua Cuir in eagar ar WikidataHaakon VII na hIorua (1905?1957) Cuir in eagar ar Wikidata
• Priomh-Aire na hIorua Cuir in eagar ar WikidataJonas Gahr Støre (2021?) Cuir in eagar ar Wikidata
Udaras breithiunach is airde Cuirt Uachtarach na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaiocht
OTI ainmniuil 490,293,364,377 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadra krone na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantoir tuairisciuil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlin barrleibheil .no Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochod +47 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafoin eigeandala 112 , 110 agus 113 Cuir in eagar ar Wikidata
Cod tire NO Cuir in eagar ar Wikidata
Cod NUTS NO Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suiomh greasain norway.no Cuir in eagar ar Wikidata

Is tir in iarthuaisceart na h Eorpa i Riocht na hIorua ( Bokmal '), no an Iorua (Bokmal: Norge ; Nynorsk: Noreg ). Is cuid de leithinis [[Crioch Lochlann|Chrioch Ta teorainn aici leis an bh Fionlainn , leis an t Sualainn agus leis an Ruis .

Is e Harald V Ri na hIorua faoi lathair Jonas Gahr Støre an priomh-aire o 2021 i leith.

Ainm agus Sanasaiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ce gurb e "an Iorua" an t-aon leagan amhain lena ghlactar i gcaighdean Gaeilge an lae inniu, feictear "an Norbhuaidh" i dteacsanna nios sine. Is leir gur measadh an 'N' a bhi ina chuid den ainmfhocal a bheith ina chuid den alt ( athluibiniu a thugtar ar an bproiseas seo); i bhFocloir an Duinninigh faightear na leaganacha Ioruaidhe , Iorruaidhe , Norbhuaidh , Orbhuaidh , Noirbheige , agus Noirbheife .

Pe litriu Gaeilge a usaidtear, is leir go luionn bunus an fhocail leis an Sean-Bhearla , Norþweg , 'bealach o thuaidh'. Mheastai gan aimhreas gur ghaol leis an ainm Ioruaise ( Norge ( Bokmal )/ Noreg ( Nynorsk )) an t-ainm Bearla. Ach de reir teoirice eile a thainig ar an bhfod sa 19u haois , is o nor .i. 'caol' a thagas an bunainm Ioruaise.

Ta focal eile sa nGaeilge a bhaineas leis an tir seo chomh maith a chaithfear a lua. Is e sin "Lochlann", ainm a thugtar ar na tiortha (a raibh na Gaeil ar bheagan eolais futhu) as a dtainig na foghlaithe mara agus tradalaithe ud, na hUigingigh, .i. daoine den chine ar a dtugtar na Lochlannaigh . On Iorua is mo a thainig 'Lochlannaigh' go hEirinn, ach bhi Danair ann leo, agus mar sin ni hionann Lochlann agus an Iorua, ach tugtar " Crioch Lochlann " fos ar an Iorua, an tSualainn agus an Danmhairg le cheile.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thart ar 10,000 RCh, agus na cluideacha oighir ag culu, a d'aistrigh na daoine ba luatha o thuaidh go dti an limistear ina bhfuil an Iorua suite anois. Thaistil siad ar aghaidh o thuaidh diaidh ar ndiaidh tri na ceantracha cois farraige a theitear ag Sruth na Murascaille . Fiagaithe cnuasaitheoiri a bhi iontu, a d'itheadh, i measc rudai eile, bia mara agus geim, go hairithe reinfhianna . Idir 5,000 RCh agus 500 RCh a thainig lonnaiochtai talmhaiochta ar an bhfod ar fud dheisceart na hIorua. Deirtear gur cuireadh tus le Treimhse Neoiliteach na hIorua thart ar 4,000 RCh. Le linn threimhse Imirce na dTreabh , thosaigh taoisigh Ghearmainice ag glacadh seilbhe ar dhuichi san Iorua agus ag togail dunta cnoic ar nos na gceann ag Borgarasen agus ag Bjora.

On 8u haois i leith, thosaigh daoine on Iorua ag seoladh siar thar lear agus ag creachadh na Breataine agus na hEireann ach go hairithe, sular chuireadar futhu sna hoileain sin agus s an Ioslainn is sa n Graonlainn . B'eo Aois na Lochlannach. San aois sin chomh maith a aontaiodh riochta beaga na hIorua le cheile faoi smacht aon ri amhain tar eis do Harald na Gruaige Finne an bua a bhaint amach ag Cath Hafrsfjord sa mbliain 872. Bhunaigh a mhac sin, Haakon Maith , dha thing (dha dhail): Gulating in iarthar na tire agus Frostating in Trøndelag nios faide o thuaidh.

Rinne Haakon, a togadh i Sasana , iarracht chomh maith an Chriostaiocht a thabhairt isteach san Iorua, ach ni bhfuair an creideamh nua lucht leanta mor sa bpobal go dti reim Naomh Olaf ar an tir. In 1152 a bunaiodh Ard-deoise Nidaros . Ba e Haakon Haakonson , a thainig i gcoroin i 1217, a chuir deireadh le cogthai cathartha na hIorua agus a chuir an Ioslainn agus an Ghraonlainn le riocht na hIorua.

Ba e tus na 14u haoise Re Orga na hIorua. Bhi siochain sa tir, bhi an daonra ag fas an t-am ar fad, agus bhi go leor tradala ar siul leis an mBreatain Mhor. I 1349, afach, shroich an Phla Mhor an Iorua agus in aon bhliain amhain, maraiodh dha thrian, b'fheidir, den daonra. Bhi cumhacht na Gearmaine ag dul i meid sa gcead sin freisin, agus cuireadh tradail san Iorua faoi smacht an Chonraidh Hainseataigh . Thainig Olaf Haakonson i gcoroin ar an Iorua agus ar an Danmhairg araon i 1380. Ansin, le forsa a chruthu a chuirfeadh i gcoinne chumhacht ollmhor an Chonraidh Hainseataigh, aontaiodh an Iorua, an Danmhairg agus an tSualainn mar " Aontas Kalmar " faoi Mhargrethe I i 1397. Thug sise faoi pholasaithe a bhi fabhrach do gheilleagar na Danmhairge thar gheilleagair na Sualainne agus na hIorua, ach bhi Comhairle Stait na hIorua ro-lag le healu on Aontas.

Tar eis don tSualainn briseadh amach o Aontas Kalmar i 1521, rinne an Iorua iarracht deanamh amhlaidh, ach theip ar an eiri amach agus d'fhan an Iorua in aontas leis an Danmhairg go dti 1814 - 434 bhliain ar an iomlan - treimhse ar ar thug naisiunaithe romansacha na 19u haoise "Oiche na 400 Bliain". Le linn don Danmhairg agus an Iorua a bheith ann mar stat aontaithe, tugadh an Protastunachas isteach sa tir (i 1536), agus Protastunaigh is ea tuairim is 70% de dhaonra na hIorua go dti an la inniu.

Mar gheall ar an Danmhairg-an Iorua a bheith ar an taobh cailliuna i g cogai Napoleon a thainig deireadh le h"Oiche 400 Bliain" na hIorua. Tugadh ar an Danmhairg an Iorua a gheilleadh don tSualainn (choinneodh an Danmhairg greim ar na sean-phroibhinsi Ioruacha ud, an Ioslainn, an Ghraonlainn agus Oileain Fharo , afach), ach thapaigh an Iorua an deis chun Ridhamhna na hIorua agus na Danmhairge, Christian Frederick a thoghadh mar a ri fein, agus bunreacht nua a chur i bhfeidhm. Ar dhata sinithe an bhunreachta nua, 17 Bealtaine, a cheiliurtar la naisiunta na tire go foill. Bhris cogadh amach leis an tSualainn, afach, agus bhi ar Christian Frederick filleadh ar a thir dhuchais agus ar an Iorua a dhul faoi cheannas na Sualainne i ndeireadh na dala.

Mhair an smacht ag an tSualainn ar an Iorua go dti 1905. Nuair a scar an da thir sa mbliain sin, thogh pairlimint na hIorua Haakon , prionsa de chuid na Danmhairge, le bheith ina ri ar an Iorua.

D'fhan an Iorua neodrach sa g Cead Chogadh Domhanda agus ar thosach an Dara Cogadh Domhanda , fograiodh go bhfanfadh aris. Ar an 9 Aibrean 1940, afach, d'ionsaigh Gearmain na Naitsithe an Iorua agus chuir faoina smacht i, le Vidkun Quisling mar 'aire uachtaran' agus le Josef Terboven mar Reichskommissar . Cabhair mhor do na Comhghuallaithe, afach, a bhi i gCabhlach Tradala na hIorua le linn an chogaidh.

Mhair an cairdeas idir an Iorua neamhspleach agus na Comhghuallaithe tar eis an chogaidh. Bronnann an Iorua crann Nollag ar an Riocht Aontaithe chuile bhliain, agus bhi an Iorua ina ball bunaithe i NATO , ce gur dhiultaigh siad dha chuireadh chun a dhul san Aontas Eorpach .

Fritheadh ola amach o chosta na hIorua i 1967, ach nior sholathair tionscal na hola glanioncam go dti na 1980idi , agus bhi uimhir na ndaoine a bhi fostaithe sa tionscal tar eis buaic a bhaint amach thart ar 1975.

Polaitiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is riocht i an Iorua agus ta Harald V ina ri uirthi on 17u la d'Eanair 1991 .

Ta la naisiunta na hIorua ar an 17u la de Bhealtaine . Ar an la seo ceiliurtar bunreacht na tire, a siniodh ar an la ceanna sa bhliain 1814 . Is ar an 11 Feabhra 1814 a d'fhogair an Iorua a neamhspleachas .

Parlaimint [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Stortinget ( Gaeilge : 'An Dail Mhor') an t-ainm ata ar pharlaimint na tire. Toghann an pobal na 169 d teachtai gach ceithre bliana .

Limisteir riarachain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta an Iorua roinnte ina 15 contaetha [1] , Svalbard agus Jan Mayen. Ta na contaetha roinnt ina 357 bhardais. Ta stadas cathair oifigiuil ag 96 baile.

Contae ( fylke ) 2024 [1]
# Contae ( fylke ) 2024 [1] Contae central
3 Oslo Oslo
11 Rogaland Stavanger
15 Møre og Romsdal Molde
18 Nordland Bodø
31 Østfold Sarpsborg
32 Akershus Oslo
33 Buskerud Drammen
34 Innlandet Hamar
39 Vestfold Tønsberg
40 Telemark Skien
42 Agder Kristiansand
46 Vestland Bergen
50 tlo Trøndelag Steinkjer
55 Troms Tromsø
56 Finnmark Vadsø
Contaetha na hIorua
Uimhir Contae Daonra [2] Achar [2]
03 Oslo 693,494 454 km 2
11 Rogaland 479,892 9,377 km 2
15 Møre og Romsdal 265,238 14,356 km 2
18 Nordland 241,235 38,155 km 2
30 Viken 1,241,165 24,593 km 2
34 Innlandet 371,385 52,072 km 2
38 Vestfold og Telemark 419,396 17,466 km 2
42 Agder 307,231 16,434 km 2
46 Vestland 636,531 33,871 km 2
50 Trøndelag 468,702 42,202 km 2
54 Troms og Finnmark 243,311 74,830 km 2

Deimeagrafaic [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Daonra [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta 5,367,580 duine ina gconai san Iorua ag tus 2020. [2]

Teangacha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is iad an Ioruais agus an tSaimis teangacha oifigiula na hIorua.

Ta dha chaighdean ag an Ioruais, mar ata, an Nynorsk agus an Bokmal . Usaideann formhor na ndaoine (thart ar 80-85%) an Bokmal.

Ta stadas oifigiuil ag tri theanga Shaimeacha sa tir chomh maith: Saimis an Tuaiscirt , Saimis an Deiscirt , agus Saimis Lule .

Chomh maith leis an da theanga oifigiuil, tugtar aitheantas mar theangacha mionlaigh don Chveinis , don Romainis , do Romainis Chrioch Lochlann agus do Theanga Chomharthaiochta na hIorua .

Creideamh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is i an Chriostaiocht Liutarach an reiligiun is mo san Iorua o an Reifirmeisean i 1536 . Ni raibh cead ag Ioruaigh an eaglais stait a fhagail go dti 1845 agus ni raibh cead ag creideamh neamh-Chriostai a eagru go dti 1891. Ta an tsochai nios di-eaglaisithe sa la ata inniu ann. I 2012, chinn an Storting an tearma "eaglais stait" a bhaint den bunreacht. [3]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. 1.0 1.1 1.2 Ta ort na shonru' 'teideal = agus' 'url = nuair a usaideann {{ lua idirlin }}."" (no).
  2. 2.0 2.1 2.2 SSB. " 11342: Population and area (M) 2007-2020 " (no). Data rochtana: 2020-09-18.
  3. TV2: Her vedtar Stortinget a avvikle statskirken, 2012 Accessdate=2020-09-18