Cogadh na Saoirse (Eire)

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Cogadh na Saoirse
Cogadh na Saoirse

Dealbh cuimhneachain Chogadh na Saoirse

Data: 21 Eanair 1919 ? 11 Iuil 1921
Ait: Eire
Toradh: Conradh Angla-Eireannach
Ceili comhraic
Poblacht na hEireann An Riocht Aontaithe
Ceannasaithe
Micheal O Coileain
Risteard O Maolchatha
Cathal Brugha
David Lloyd George
Henry Hugh Tudor
Winston Churchill
Slua
IRA: ~15,000 Arm na Breataine : ~20,000
RIC : ~9,700
Duchronaigh : ~7,000
ADRIC : ~1,400
USC : ~4,000
Taismigh
Basanna: ~550 Basanna: 714

Tugtar Cogadh na Saoirse (no an Cogadh Angla-Eireannach ), 21 Eanair 1919 - 11 Iuil 1921 , ar an treallchogadh idir Rialtas na Breataine in Eirinn agus Oglaigh na hEireann , a bhi faoi smacht na Chead Dala . Parlaimint neamhspleach a bhi ann, agus i curtha i dtoll le cheile as feisiri Eireannacha a votaladh isteach in olltoghchan Westminster sa bhliain 1918 , an tromlach acu a thoiligh le dul ar an Dail mar theachtai.

Tus an Chogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thosaigh an cogadh nuair a mharaigh cathlan de chuid an IRA beirt oifigeach de chuid Chonstablacht Rioga na hEireann ar an tSulchoid Bheag i g Contae Thiobraid Arann ar an 21 Eanair 1919 . Breathnaitear ar an ionsai mar thus oifigiuil le Cogadh Saoirse na hEireann.

Thainig an chead Dail le cheile ar an la ceanna tri sheans. I d Teach an Ard-Mheara i m Baile Atha Cliath , thainig ionadaithe tofa Shinn Fein le cheile leis an g Cead Dail a chur ar siul. I seisiun a reachtailtear as Gaeilge , daingnionn an Dail a Bhunreacht fein agus ritear “Clar Oibre Poblacanaighe” [1] . Agus Eamon de Valera i bpriosun, toghtar Cathal Brugha ina Uachtaran sealadach ar an Dail. Ansin ghlac siad le Forogra na Casca o 1916 . Ar an ocaid cheanna, thug siad folaireamh do na forsai Gallda a bhi ar garastun in Eirinn imeacht as an tir. Thairis sin, d'iarr siad ar thiortha saora an domhain aitheantas a thabhairt don Phoblacht urbhunaithe.

Dha la ina dhiaidh sin ( 23 Eanair 1919 ), d'fhogair rialtas na Breataine gur limistear mileata speisialta e Tiobraid Arann Theas agus cuirtear faoi choimirce an Achta um Chosaint na Riochta [2] e.

I dtus na cogaiochta, ni raibh na hOglaigh ach ag deanamh loitimeireacht agus sabaiteireacht ar mhaoin shaolta de chuid Rialtas na Breataine , ag bailiu airgid, airm agus lon cogaidh no ag feallmharu feidhmeannaigh mhor le ra de chuid an rialtais. Rinne siad aithris ar an oirbheartaiocht a thuill a gclu do na Boraigh , is e sin, bhi Oglaigh ag deanamh ionsaithe treallchogaiochta i dtoibinne gan saineide mhileata a chaitheamh.

Constablacht Rioga na hEireann, 1917

Bhi bunus phobal na hEireann go mor i gcoinne an fhoreigin ar dtus. Ni raibh gach duine de na hEireannaigh fein sasta leis cogaiocht, os rud e gur fagadh a chead ag na Sasanaigh, de reir dhli the agus chonarthai idirnaisiunta cogaidh, aon Oglach a chimeofai a chur chun bais mar shabaiteir, gan stadas oifigiuil an chime cogaidh a gheilleadh do.

RIC i Co Luimneach, 1920

De reir a cheile, afach, thainig malairt tuairim acu, agus an doigh a ndeachaigh ruathair fhuillteacha na saighdiuiri Gallda i bhfeidhm orthu. Ba mhinic nach n-aithniodh na Sasanaigh an sibhialtach thar an Oglach, agus iad ag rith damhsa ar fud na tire. In ait cogadh ciallmhar a chur, ba ghnach leo daoine a cheasadh agus foirgnimh a chur tri thine gan chuis cheart. Is iomai Eireannach, agus e idir dha chomhairle faoi chuis na Poblachta ar dtus, a thug tacaiocht don ghluaiseacht sa deireadh, i bhfianaise an leirscrios a bhi forsai an Ri a dheanamh ar an tir. I dtus na bliana 1920, bhi Eire ar fad ar bharr lasrach le triobloidi is le foreigean den chineal seo.

Mheas Art O Griofa go ndearna forsai na Coronach 38,720 ruathar ar thithe priobhaideacha, gur ghabh siad 4,982 duine agus gur mharaigh siad 77 duine neamharmtha, idir Phoblachtanaigh agus ghnathshibhialtaigh, sna chead ocht mi dheag den chogadh. Chuir O Griofa "cuirteanna na Dala" ag obair mar mhalairt choras dli de rogha ar dhli na Breataine Moire. B'iad na cuirteanna seo a chuir udaras an IRA i bhfeidhm ar an tir go forleathan agus a threascair cumhacht na Sasanach in Eirinn on taobh istigh.

Is iomai ruathar a thug an tIRA faoi Chonstablacht Rioga na hEireann (RIC). As measc na nGael Caitliceach a hearcaiodh an chuid is mo de bhaill an fhorsa seo, agus meas na bhfealltoiri ag an IRA orthu da reir. Ba ghnach leis an IRA beairici de chuid na Constablachta a ionsai, go hairithe na cinn a bhi suite in aiteanna iargulta. Bhi 9,700 ball ag an bhforsa, agus iad lonnaithe i 1,500 beairic ar fud na tire. Thug baill airithe den fhorsa cabhair - idir airm is eolas - don IRA. Maraiodh 165 agus gortaiodh 251 duine acu i rith an chogaidh.

Micheal O Coileain agus an tIRA [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Micheal O Coileain sa bhliain 1921

B'e Micheal O Coileain an duine ba mho a rinne le heagraiocht cheart mhileata a dheanamh den IRA. Bhi se in ainm is a bheith ina Aire Airgeadais i Rialtas sealadach na Poblachta, ach b'ar cursai airgeadais na nOglach ba mho a bhi a aire, agus e ag bailiu idir ghleasra cogaidh agus airgead don ghluaiseacht. Bhiodh an-lamh aige i roghnu na n-oifigeach fosta. Bhi an-intleacht aige, agus e in ann an eirim seo a chur i bhfeidhm ar chursai na nOglach go heifeachtach, rud a d'fhag cuid mhaith daoine faoina dhraiocht.

Chuir se bun le greasan spiaireachta i measc na bpeas, agus d'eirigh leis cuid mhaith den riarachan Sasanach a insiothlu lena chuid spiairi. Bhunaigh an Coileanach, fosta, an "Scuad", a bhi dirithe ar ghniomhairi de chuid na "Ranna G" a fheallmharu. Is e an rud a bhi i gceist leis an " Roinn G " na roinn pholaitiuil na bpeas i mBaile Atha Cliath. Bhi an-fhuath ag na hOglaigh ar an roinn seo, no is e an cineal oibre a bhi idir lamhaibh ag an Roinn na baill den ghluaiseacht Phoblachtach a aithint, a nochtadh agus a chimiu. Tugadh an rogha da lan acu, afach, eiri as a gcuid oibre agus Eire a threigean, agus is iomai duine acu arbh fhearr leis an dara rogha seo na bas a fhail.

Ce go raibh timpeall 100,000 ball ag an IRA de reir na ndoicimead, mheas O Coileain nach raibh pairt sa chogadh ach ag 15,000 acu agus nach raibh nios mo na 3,000 ar fiannas ag aon am ar leith.

Cogaiocht eadarnaioch [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

colun reatha uimhir a do, Sean Hogan , 3rd Tipperary Brigade, 1921

Bhi ceannairi cluiteacha ann ar nos Dhonaill Ui Bhraoin agus Thomais de Barra i gceannas ar choluin reatha , grupai le thart ar 100 fear a bhi in ann luiochain a eagru go h-eifeachtach roimh na forsai Gallda. O bhi aithne nios fearr ar an gceantar maguaird acusan na ag na saighdiuiri Gallda, bhi siad in ann teitheadh o na Sasanaigh i ndiaidh na teagmhala.

Donaill Ui Bhraoin
Sean Hogan

Bhi eagraiochtai tacaiochta ag cabhru leis an IRA - Cumann na mBan agus Fianna Eireann (eagraiocht na n-og). Bhi baill na n-eagraiochtai seo ina dtimiri agus ina gcuntoiri ag an IRA, agus iad ag cuidiu leis na hOglaigh a gcuid arm a iompar, ag gleasadh bia doibh no ag tabhairt didin sna "tithe sabhailte" d'Oglaigh. Bhi cuid mhor den daonra ar fad sasta lamh chunta a shineadh do na hOglaigh ar an doigh seo, agus an doigh ar mhill na Sasanaigh a gclu fein o thus an chogaidh i leith.

Luiochan na Sulchoide Bige eisiodh forogra, 19 Eanair 1919

Thosaigh polasai neamhoifigiuil seo na loitimeireachta i Mainistir Fhear Mai i gCo. Chorcai i Mi Mhean Fomhair den bhliain 1919. Rinne dha chead duine de shaighdiuiri Gallda smidirini de na gnothais ba thabhachtai san ait, agus iad ar buile nuair a mharaigh an tIRA duine acu toisc gur dhiultaigh se a chuid arm a thabhairt uaidh. Tharla a leitheid eile in aiteanna cosuil le Luimneach agus Baile Brigin , agus nuair a chuala an saol mor orthu, rinne siad dochar do chuis na Breataine Moire sa bhaile agus i gcein.

I Mi Aibreain, i ndiaidh don IRA sraith ruathar a dheanamh, ni raibh an Bhreatain Mhor in ann canacha a bhailiu in Eirinn a thuilleadh. Ina ait sin, leag an Coileanach amach sceim - an tIasacht Naisiunta - le sort canacha a bhailiu o mhuintir na hEireann chun an Phoblacht urbhunaithe a mhaoiniu. Chuir na Sasanaigh an Giuistis Conaitheach ( Resident Magistrate ) Alan Bell o Bheannchar ar lorg an airgid seo, agus d'eirigh leis 71,000 punt a choigistiu on IRA. D'fheadfadh se seilbh a ghlacadh ar thuilleadh, agus e ag deanamh an-dul chun cinn ag deanamh fiosraithe sna bainc, ach go be gur mharaigh an tIRA e sula raibh de sheal aige e sin a chur i gcrich. Ar an 26u la de Mhi na Marta, 1920, tarraingiodh amach as tram e i dTuaisceart Bhaile Atha Cliath agus scaoileadh tri urchar ina chloigeann.

Ag deireadh na bliana sin, bhi an sceim i ndiaidh 357,000 punt a thabhu don IRA. D'fhaigheadh na comhairli aitiula ratai as an gciste seo, no bhi siad faoi smacht an IRA, agus ni iocfaidis cianog rua le forsai na Coronach .

Eamon de Valera
Priomh-Aire (1919-Lunasa 1921)
agus Uachtaran Phoblacht na hEireann (Lunasa-Nollaig 1921)

Eamon de Valera [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Chaith Eamon de Valera tus an chogaidh sna Stait Aontaithe , agus e ag iarraidh tacaiocht na Meiriceanach a bhaint amach don Phoblacht ur. Nuair a thainig se abhaile i ndeireadh na bliana 1920, d'eiligh se in oraid a thug se sa Dail go n-eireodh na hOglaigh as an treallchogaiocht, as na luiochain agus as an eadarnai.

Bhi de Valera inbharula nach ndeanfadh a leitheid ach dochar is damaiste do chuis na hEireann, o ba chruthunas e ar iarrachtai na bolscaireachta Gallda an tIRA a chur os comhair an tsaoil mhoir mar dhrong de sceimhlitheoir i. B'fhearr, dar leis, cogaiocht chomhghnasach a chleachtadh. Ar ndoigh, ni bhfuair de Valera on Dail ach diultu glan, no ni fheadfadh an tIRA bua a bhreith ar shaighdiuiri na Breataine Moire, agus an taithi oibre a fuair siadsan sa Chead Chogadh Domhanda , ach dul i dtuilleamai oirbheartaiocht an treallchogaidh.

Na Duchronaigh is na Poilini Cunta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Na Duchronaigh

Nuair a bhi Constablacht Rioga na hEireann ag titim as a cheile, cuireadh forsai cultaca chucu mar chuidiu - na Duchronaigh agus na Poilini Cunta . Ba iarshaighdiuiri Gallda iad na Duchronaigh o aimsir an chead chogadh domhanda, fir a chaith seal i ndiaidh seala sna trinsi i rith an chogaidh. Tugadh an t-ainm sin orthu mar gheall ar dhath a n-eide, no bhi sort eide thobchumtha orthu nach raibh cosuil le saineide an tsaighdiura na an phoilin. 7,000 fear a bhi ann. Bhi aithne orthu mar shlua mithrocaireach, fuilteach agus rinne siad go leor damaiste d'iomha an rialtais Bhriotanaigh in Eirinn. Mar sin fein, nior sparail Winston Churchill na focail mholta orthu ar aon nos, agus e den tuairim gurbh iad togha agus rogha fear na Breataine Moire iad.

Niorbh e sin an cineal aithne a fuair na hEireannaigh ar na Duchronaigh, afach. Go bunusach, ni raibh oiliuint cheart poilineachta orthu ar aon nos, na aon duine i gceannas orthu a mbeadh fios a ghno aige. Mar sin, chaith siad an chuid ba mho den am ag ionsai sibhialtaigh, ag cur tithe tri thine, ag maru rompu agus ag deanamh loitimeireachta. O bhi se aitithe orthu gurbh i an Ghaeilge teanga na sceimhlitheoiri, agus gur eagraiocht de chuid na sceimhlitheoiri ab ea Conradh na Gaeilge , d'ionsaigh siad timiri de chuid an Chonartha.

ionsai ar "Ostan London and North Western", BAC, 21 Aibrean 1921 - Na Duchronaigh sasta leo fein

Cuireadh ina leith freisin gur eignigh siad mna agus cailini, agus nil aon chuis cheart ann nach mbeadh a leitheid ag tarlu agus na sluaite d'fhir armtha gan smacht ceart mileata orthu ag fanaiocht timpeall ar fud na tire. Trid is trid, nil se as cosan gur drong sceimhlitheoireachta ab ea na Duchronaigh nach ndearna aon rud fonta. Na triobloidi a tharraingidis, ni raibh siad ach ag cur dea-chlu na Breataine Moire o mhaith.

Ospideal sraid Jervis, BAC, Domhnach na Fola, 21 Samhain 1920

Ba iar-oifigigh o Arm na Breataine iad na Poilini Cunta no Auxiliaries as Bearla. Bhi 1,700 fear acu ag obair in Eirinn, agus cuireadh isteach iad i ndiaidh chliseadh na nDuchronach an tIRA a chur faoi smacht. Bhi siad lan chomh crualach leis na Duchronaigh, ach ma bhi fein, bhi siad ag cruthu abhairin nios fearr na iad siud ag teacht chun teagmhala leis na hOglaigh agus ag cur catha orthu.

"drong Chaireo"

Bhi an rialtas Briotanach sasta cead a gcos a fhagail ag na forsai speisialta seo, siud is gur ghnach leis an lucht rialtais sa Bhreatain Mhor seanadh go rabhthas ag iarraidh dioltas a imirt ar mhuintir na hEireann - nilim ag iarraidh sasamh a bhaint astu, ach mura bhfuil fein, ta se ag eiri linn damanta maith , mar a duirt an Tiarna Hugh Cecil . I Mi Eanair den bhliain 1921, chaith forsai na Coronach uathu an cur i gceill, agus thosaigh an "dioltas oifigiuil" nuair a dodh seacht dteach i Mainistir na Corann , Co. Chorcai.

La amhain, i Mi na Samhna 1920, mharaigh gniomhairi de chuid an Choileanaigh naonur fear deag de chuid runseirbhisi na Breataine Moire - "drong Chaireo", mar a thugtai orthu. D'imir na Poilini Cunta dioltas uafasach ar na sibhialtaigh. Thainig diorma acu isteach ar Phairc an Chrocaigh le linn baire agus loisc siad meaisinghunnai ar an lucht feachana, ionas gur maraiodh ceathrar deag. Fagadh 65 duine gonta i ndiaidh an ionsai, leis. Ar an la ceanna, maraiodh beirt Oglach agus a gcara i gCaislean Bhaile Atha Cliath "agus iad ag iarraidh ealu". Baisteadh Domhnach na Fola ar la na n-imeachtai seo. Inniu, tugtar Seastan Ui Ogain ar cheann de na seastain i bPairc an Chrocaigh, i ndilchuimhne ar an imreoir o Thiobraid Arann a fuair bas san ionsai.

Contae Chorcai ar Bharr Lasrach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tomas Mac Curtain

Taobh amuigh de Bhaile Atha Cliath , b'i g Contae Chorcai ba mho a bhi an cath a chur. Ansin a baineadh an chead triail as cuid mhaith de na drochnosanna cogaiochta a chuir forsai na Coronach i bhfeidhm ina dhiaidh sin, cosuil leis an loitimeireacht mar dhioltas as ionsaithe de chuid na nOglach, no le feallmharu na bPoblachtanach mor le ra.

I Mi na Marta, 1920, mharaigh fir a raibh dath dubh curtha ar a n-aghaidheanna Tomas Mac Curtain , Ard-Mheara Chathair Chorcai, os comhair shuile a mhna ceile, siocair is gur ball de Shinn Fein ab ea an Meara. Ina dhiaidh sin, chonacthas na fir cheanna ag filleadh ar bheairic na bpeas.

An fear a thainig i gcomharbas ar an gCuirtineach mar Ard-Mheara, Traolach Mac Suibhne , shiothlaigh seisean i bPriosun Brixton sa Bhreatain Mhor agus e ar stailc ocrais. An giuire a d'fhiosraigh imthoscai a bhais, chuir se dunmharu toilghnusta i leith David Lloyd George agus an Chigire Ceantair Swanzy; agus ina dhiaidh sin, mharaigh na hOglaigh Swanzy i Lios na gCearbhach, Co. Aontroma.

David Lloyd George

I Mi Lunasa den bhliain 1920, chuir an rialtas na cuirteanna croineara ar fad ar ceal, o bhi siad ag seirbheail an iomarca barantas in aghaidh saighdiuiri de chuid fhorsai na Coronach. Cuireadh "cuirteanna mileata fiosraithe" in ait na gcuirteanna croineara.

B'i gCorcaigh a thainig na chead Choluin Reatha ar an bhfod, leis. Is e an rud a bhi i gceist le Colun Reatha na diorma armtha agus thart ar chead fear ann, agus iad in ann forsai na Coronach a ionsai on eadarnai agus a n-ealu a dheanamh sula raibh d'uain ag an namhaid teacht ar a lorg, no fir de mhuintir na haite a bhiodh iontu agus aithne acu ar an tir-raon agus ar an timpeallacht.

Bhi an da thaobh ag milleanu a cheile faoi mharu priosunach neamharmtha. Ghreamaigh michlu den chineal seo de Reisimint Essex in Arm na Breataine Moire, ach go hairithe.

luiochan Chill Mhichil

I Mi na Samhna 1920, seachtain amhain i ndiaidh Dhomhnach na Fola i mBaile Atha Cliath, rinne diorma d'Oglaigh o Iarthar Chorcai, agus Tomas de Barra (Tom Barry) i gceannas orthu, ionsai luiochain ar phatrol de Phoilini Cunta i gCill Mhichi l, Co. Chorcai, agus maraiodh an t-iomlan de na Briotanaigh - ochtar fear deag ar fad - sa teagmhail. Is e an chiall a bhain forsai na Coronach as an sceal na gur maraiodh cuid de na peas i ndiaidh doibh geilleadh. Deir na hOglaigh, afach, gur geilleadh breagach a bhi ann, agus nach gnach ceathru anama a thabhairt d'aon duine i ndiaidh a leitheide, sa chogadh.

Sort cloch mhile a bhi i gceist le luiochan Chill Mhichil , no ina dhiaidh sin, chuaigh an cogadh an oiread sin chun geire agus gur chuir na Sasanaigh dli airm i bhfeidhm ar Chuige Mumhan go leir.

Ar 11/12 Nollaig 1920, chuir forsai na Coronach lar chathair Chorcai tri thine, agus iad ag stopadh na bhfear doiteain on tine a mhuchadh.

Priomhalt: Do Chorcai

Sna chead ocht mi eile, go dti an sos cogaidh, bhi na maruithe ag dul i lionmhaireacht. Basaiodh mile de dhaoine o Mhi Eanair go Mhi Iuil den bhliain 1921. Saighdiuiri dubha no dearga iad tri chead acu, agus an chuid eile ba sibhialtaigh no Oglaigh iad. Thar an treimhse cheanna, caitheadh ceithre mhile go leith de dhaoine i dtoin phriosuin, de dheasca an drochamhrais go raibh siad ag cabhru leis na hOglaigh no ina mbaill den IRA.

Briogaid Atha Cliath

"Anois, caithigi bhur gcuid pleascan linn!" [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Idir an 15u agus an 17u la de Mhi Eanair, 1921, chuir na saighdiuiri Gallda cuirfiu i bhfeidhm ar an gcuid de Bhaile Atha Cliath idir Sraid Capel , Sraid an Teampaill , Sraid an Ri Thuaidh agus na Ceanna i lar na cathrach. Cuireadh imdhunadh iomlan ar an limistear seo gan aon duine a ligean thar na pointi seiceala. Ansin, cuardaiodh gach aon teach o urlar go sileail, ach nior thangthas trasna ar mhoran arm na lon cogaidh. Is docha gur chuir an turas in aistear seo le frustrachas na saighdiuiri, agus iad ag eiri nios bruidiula in aghaidh an lae: i ndeireadh Mhi Eanair, thosaigh siad ag tabhairt priosunaigh Phoblachtacha mar ghialla ar a gcuid trucaili, agus gach trucail ag taispeaint an teacs Bomb us Now! ar an taobh amuigh. O thug na hiriseoiri coimhthiocha tuairisc air seo do na nuachtain, eiriodh as an gcleachtadh go sciobtha.

Constablacht Rioga na hEireann, Corcaigh, 1921

Ina dhiaidh sin, thosaigh na Sasanaigh lion a chur timpeall gach trucail leis na pleascainini laimhe a choinneail amuigh. Ansin, ghreamaiodh an tIRA bacan de gach pleascainin, i gcruth is go rachadh se i bhfostu sa lion.

Ar an dara la de Mhi Feabhra, 1921, cuireadh an chead Oglach chun bais go hoifigiuil agus go poibli. B'e Cornelius O Murchu e, o Shraid an Mhuilinn i g Corcaigh . Basaiodh seisear eile ar an doigh seo i gCorcaigh ar an 28u la den mhi cheanna. An la arna mharach, mharaigh an tIRA dhareag duine de shaighdiuiri neamharmtha Briotanacha mar eiric.

Corcaigh, 14 Nollaig 1920

Ar an gceathru la de Mhi Bhealtaine, d'fhag an tIRA corpan Thomais Ui Shuilleabhain mar bhaoite do na peas ar ghruaimhin bothair in aice le Rath Mor . Seanfhear ochto bliain d'aois a bhi ann agus e maraithe ag na hOglaigh mar bhrathadoir. Nuair a thainig na saighdiuiri dubha ag fiosru, fuair ochtar fear acu bas sa teagmhail, agus nior thainig ach aon duine amhain de na peas slan. Ansin, chuir na Sasanaigh cuig theach agus uachtarlann amhain tri thine mar eiric. Ceithre la ina dhiaidh sin, rinne na hOglaigh iarracht beirt saighdiuiri dubha a mharu in Oilean Chiarrai. Bhi na constablai seo ag filleadh abhaile i ndiaidh an Aifrinn, agus d'eirigh leis an IRA fear acu a mharu. An fear eile, afach, fagadh ina bheo e, o chuaigh a bhean cheile idir e agus urchar a mharaithe. Ar an deichiu la de Mhi Bhealtaine, chuaigh ceal i mbeirt chonstablai eile de chuid an RIC agus iad ag spaisteoireacht leo cois farraige i g Cluain Maine i g Co. Dhun na nGall . Thainig corpan duine acu i dtir ar an la arna mharach.

Bealtaine 1921: shealbhaigh na hOglaigh Teach an Chustaim

I Mi Bhealtaine 1921, freisin, shealbhaigh na hOglaigh Teach an Chustaim i mBaile Atha Cliath agus chuir siad an ait ar fad tri thine. Is e an cuspoir a bhi leis an ngniomh siombalach seo na a thaispeaint don Rialtas go gcaithfidis a ngreim a scaoileadh d'Eirinn sa deireadh. D'ioc na hOglaigh an-deachu, afach, no maraiodh cuigear acu, agus chimigh na Sasanaigh breis is ceithre scor d'fhir de chuid an IRA. Is e an rud a thaispeain siad, dhairire, na nach raibh na hOglaigh abalta na Sasanaigh a chur i sainn gan dul i dtuilleamai na treallchogaiochta.

Bhi na gunnai gann agus an lon cogaidh fein ag rith orthu, agus mar a duirt Risteard O Maolchatha , da fheabhas a bhi na hOglaigh ag cur cogadh eadarnaioch, "ni raibh siad in ann forsai na Coronach a chaitheamh amach as aon ait ba mho na gnathbhearaic de chuid na bpeas". Nuair a thainig an Sos Cogaidh, bhi formhor na gceannairi, Micheal O Coilean ach go hairithe, suite siurailte nach raibh moran teacht aniar fagtha san IRA, agus an cineal eagraiocht a bhi air. Mar sin, b'e an run a bhi acu na an cogadh a fhairsingiu go Sasana fein. Ar dtus, bhi siad meaite ar duganna Learphaill a bhuamail agus targaidi tabhachtacha eacnamaiochta eile a ionsai.

Bhi reamhshampla ann cheana, no bhi naoi dteach stoir deag i Learpholl curtha tri thine ag an IRA i Mi na Samhna den bhliain roimhe sin. Na tascfhorsai a chuirfi go Sasana le hobair den chineal seo a dheanamh, ba docha leis na ceannairi nach gceapfadh na Sasanaigh iad, os rud e nach raibh dli an chogaidh curtha i bhfeidhm ar Shasana, na muintir na tire sasta glacadh lena leitheid, ach oiread. Mar a thiontaigh na cursai amach, afach, ni raibh ga leis an gcineal seo feachtas sceimhlitheoireachta ag an am, no thainig an Sos Cogaidh sula raibh d'uain ag an gCoileanach agus na ceannairi eile na pleananna seo a chur i gcrich.

Cogadh na Bolscaireachta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Robert Erskine Childers c1920

Ocaid mhor bolscaireachta ab ea Cogadh na Saoirse don da thaobh. Le dilseacht a chothu i measc na bProtastunach, chuir Rialtas Sasana in iul go raibh na hOglaigh ag iarraidh cearta na bProtastunach a chur ar ceal. Ma mharaigh an tIRA duine Protastunach mar bhrathadoir, rinne bolscaireacht Shasana scup an lae de, ach mas Caitliceach a bhi i gceist, nior bacadh leis ar an doigh cheanna. Is e an tatal a bhainfea as an sceal gur cinedhiothu (no cineghlanadh , mar a deirtear inniu) a bhi idir lamhaibh ag an IRA. Is iomai alt faoi staid na hEireann a foilsiodh sna nuachtain i Sasana a thainig as biuro bolscaireachta na bpeas, mar sin.

Bhi na sagairt Chaitliceacha, no an chuid ab fheicealai acu, - bhi siad ag lochtu mhi-usaid na laimhe laidre ar an da thaobh. Ma bhi fein, b'iad na hOglaigh a fuair an chuid ba mheasa den ide bheil, no bhi se i nduchas agus i dtraidisiun na hEaglaise Caitlici Poblachtanachas na laimhe laidre a dhamnu.

Tine , British and Irish Steam Ship Co., 5u Bealtaine 1921

Is e an rud a duirt Easpag na Coille Moire , an Dochtuir Finnegan:

Ni feidir a ra go bhfuil cuis uasal le haon chogadh, ach dochas ceart a bheith as an mbua, agus bunus maith leis an dochas sin. Cen dochas a bheadh ag aon duine as bua a bhreith ar chumhachtai dochuimsitheacha na h Impireachta ? Diabhal an drae dochas, muis; agus os cogadh gan chuis dhlithiuil ata ann, an te a mharoidh duine eile sa chogadh seo, nil ach gnath-dhunmharu deanta aige.

Bhi an port ceanna ag Ard-Easpag Thuama , an Dochtuir Mac Giolla Mhairtin, agus e den bharuil go raibh siochain De briste acu siud a ghlac pairt sna hionsaithe eadarnaiocha ar na Sasanaigh: ta siad ciontach sa dunmharu .

Tine , Sraid Parkgate, BAC, 4u Meitheamh 1921

Mar sin fein, bhi an Papa Beinidict a Cuig Deag den bharuil, sa litir a chuir se chuig rialtas Shasana, na gur choir do lucht an da thaobh breith ar a stuaim agus comhreiteach eigin a oibriu amach. Is e an rud a bhi ag teastail o na Sasanaigh na go ndamnodh an Papa na hOglaigh, agus anois, bhi an-fhearg orthu go gcuirfeadh an Papa rialtas rioga na Breataine Moire ar aon leibheal leis na "dunmharfoiri" Eireannacha.

Agoid "Cumann na mBan" 23 Iuil 1921, Priosun Mhuinseo , BAC

Bhi Deasun Mac Gearailt agus Erskine Childers ag foilsiu an no Raiteas na hEireann (no an Irish Bulletin ), iris oifigiuil Phoblacht na hEireann, a thugadh cumhdach nuachta do na himeachtai nach raibh rialtas Shasana sasta a chur os comhair an tsaoil mhoir, go hairithe an loitimeireacht agus an t-eirleach a bhi forsai slandala na Breataine Moire a dheanamh ar fud na hEireann. Chuirti an Raiteas i gclo i bhfolach agus scaipti ar fud na hEireann e. D'fhaigheadh na preasghniomhaireachtai a gcuid coipeanna freisin, chomh maith le polaiteoiri Eorpacha agus Meiriceanacha, no fiu Sasanacha, an chuid acu a bhi sasta cas na nEireannach a thuiscint.

Sos Cogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Slua ag Teach an Ard-Mheara , BAC, roimh fhogairt sos cogaidh ar an 8u Iuil, 1921

Thainig sort deiridh leis an gcogadh ar an chead la dheag i mi Iuil, 1921. Fograiodh sos cogaidh idir an IRA agus forsai na Coronach ar an 8 Iuil 1921 [3] , a thainig i bhfeidhm ag meanlae ar an 11 Iuil 1921 .

Ba Hannah Carey, 49 agus banfhreastalai, as Cill Airne , t-iospartach deireanach. Bhuail pilear RIC fanach i. Thog se dha uair an chloig ar Carey bas a fhail, a pluchadh ar an urlar in ostan, a hait oibre. [4] [5]

Ag an am ceanna, lean an foreigean seicteach i d Tuaisceart Eireann . Spreag an nuacht cireibeacha i mBeal Feirste agus fuair 22 bas ar 11 Iuil 1921 .

Scriobh Micheal D. O hUiginn ,

"Agus machnamh a dheanamh ar an Sos Cogaidh ta se ceart smaoineamh ar conas a bhi na daoine ar na sraideanna sna sraidbhailte, na bailte agus na cathracha ag suil leis an tsiochain agus ag gui go dtiocfadh si. Ar dha ocaid sna tri bliana roimhe sin, chuir siad a mianta in iul sa bhosca balloide. Diultaiodh don chur in iul sin. ... D’fheadfai an oiread sin beatha agus fulaingthe a bheith sparailte da mba rud e gur leiriodh meas ar thoil dhaonlathach na ndaoine." [6]

Iarmhairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Maraiodh breis is 2,000 duine sa choimhlint go dti sin, 550 oglach IRA [7] , 410 ball den RIC agus 700 saoranach.

Ar bhealach, bhi an cogadh ina leamhshainn faoin am seo. Na comhchainteanna ar baineadh triail astu sa bhliain roimhe sin, nior thainig aon toradh orthu, o bhi se eilithe ag an bPriomh-Aire David Lloyd George na go gcuirfeadh na hOglaigh a gcuid arm uathu roimh aon rud eile. Nuair a fuair an Priomh-Aire e fein faoi bhru ag an bhFreasura Liobralach faoi cheannas Herbert Henry Asquith , ag Pairti an Lucht Oibre agus ag Comhdhail na gCeardchumann, chrom se ar ais ar na comhchainteanna, agus cuireadh an chead chrioch leis an gcogaiocht.

priosunaigh cogaidh

B'e an dearcadh a bhi ag Rialtas na Breataine Moire ar na cursai na go raibh an cogadh le dul ar aghaidh go deo, agus tuilleadh daoine is airgid a chailleadh in aghaidh an lae. Thairis sin, agus b'e seo fior-oighear an sceil, bhi an rialtas a lochtu go fiochmhar ag muintir Shasana fein, gan tracht ar bith a dheanamh ar na tiortha iasachta, faoin treascairt a bhi a tabhairt d'Eirinn. On taobh eile de, ni raibh na hOglaigh abalta fod nua a dheanamh ni ba mho, dar leis an gCoileanach, go hairithe. Bhi siad in anas muinisin, agus nuair a thainig fior-shaighdiuiri Sasanacha in ait forsai tacair ar nos na nDuchronach agus na bPoilini Cunta, thosaigh an cogadh ag cungu ar na hOglaigh dhairire.

An Ri Seoirse V
Jan Smuts

Ni thiocfadh an briseadh mor chomh sciobtha sin, ach go be go raibh an Ri Seoirse a Cuig , an ginearal Jan Smuts on Afraic Theas agus an Priomh-Aire David Lloyd George ag cur le cheile leis na comhchainteanna a chur ag obair in athuair. Bhi a fhios ag madrai an bhaile go raibh an Ri as cuimse mishasta leis an rodach a bhi na Duchronaigh a dheanamh ar na hEireannaigh. Nuair a hiarradh air oraid a thabhairt ag tionol bunaithe Pharlaimint Thuaisceart Eireann ar an Stormont , mhol Jan Smuts do leas a bhaint as an ocaid lena thuairimi i leith chogadh na hEireann a chur in iul go poibli, i gcruth is go gcaithfeadh na polaiteoiri comhreiteach agus siochain a lorg. Thaitin an smaoineamh leis an Ri, agus d'iarr se ar an nginearal a chuid tuairimi a bhreacadh sios, le go bhfeadfadh an Rialtas spleachadh a fhail orthu. Dhreachtaigh Smuts sort meamram, agus chuir an Ri coip den chaipeis seo chuig an bPriomh-Aire. Ansin, nuair a thainig an Caibinead le cheile leis an meamram a phle le cheile, failtiodh Smuts isteach, agus o bhi an Ri, an Ginearal agus Lloyd George fein ar aon bharuil nar mhiste triail a bhaint as, ni raibh neart ag na hairi rialtais eile air. Mar sin, thug an Ri an oraid uaidh mar a bhi socraithe, agus e ag eileamh athmhuintearais in Eirinn.

Arthur Griffith, cainteanna i Londain, 22 D.F. 1921

Chuaigh an oraid go mor mor i bhfeidhm ar na daoine ar an da thaobh, agus thapaigh Lloyd George an deis. I Mi Iuil den bhliain 1921, phoibligh se achaini d' Eamon de Valera comhchainteanna siochana a atosu. Ni raibh a fhios ag na hEireannaigh nach raibh formhor na n-airi rialtais ag tacu leis an mbeart ach ar eigean. Thoiligh siad leis an tairiscint, agus shocraigh de Valera agus Lloyd George sos cogaidh a chur ar bun a chuideodh leo teacht ar chomhgheilleadh sa deireadh.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Leabhair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • An tOllamh Tomas O Maille, An tIomaire Rua: Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara
  • Mac Aonghusa, Proinsias. Ros Muc agus Cogadh na Saoirse (Conradh na Gaeilge 1992)
  • O Gadhra, Nollaig. Riocht rointe
    ag imeacht, 1922
  • Coogan, Tim Pat. Michael Collins
  • Collins, M. E. Ireland 1868-1966 (Educational Company, 1993)
  • Lyons, F. S. L. Ireland Since the Famine
  • MacCardle, Dorothy. The Irish Republic (Corgi paperback)
  • Pakenham, Frank (Earl of Longford). Peace By Ordeal: An Account from First-Hand Sources of the Negotiation and Signature of the Anglo-Irish Treaty of 1921 (1935) ISBN 978-0-283-97908-8
  • Hopkinson, Michael. The Irish War of Independence (Gill & Macmillan, 2002)
  • Hopkinson, Michael. Green against Green, the Irish Civil War (Gill & Macmillan, 2004)
  • Hart, Peter. The IRA at War 1916-1923 (Oxford: Oxford University Press, 2003). ISBN 0-19-925258-0
  • Hart, Peter. The IRA and Its Enemies: Violence and Community in Cork, 1916-1923 (Oxford: Oxford University Press, 1998). ISBN 0-19-820806-5
  • Ryan, Meda. Tom Barry: IRA Freedom Fighter (Cork: Mercier Press, 2003). ISBN 1-85635-425-3
  • English, Richard. Armed Struggle, a History of the IRA (MacMillan, 2003)
  • Comerford, Richard. Ireland: Inventing the Nation (Hodder, 2003).

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. ucd.ie (2016). " Centenaries ". centenaries.ucd.ie . Data rochtana: 2019-01-13.
  2. "Special Military Area under the Defence of the Realm Act"
  3. Padraig Og O. Ruairc (2016-01-22). " Truce: Murder, Myth and the Last Days of the Irish War of Independence " (as English). Cork, Ireland: The Mercier Press Ltd.  
  4. Owen O'Shea (2021-07-05). " Killarney woman was last to die in Ireland's War of Independence " (en-US). Owen O'Shea . Data rochtana: 2021-07-11.
  5. Owen O'Shea (2021). " It went off by mistake " (en). independent . Data rochtana: 2021-07-11.
  6. Office of the President of Ireland. " Media Library News Releases " (ga). president.ie . Data rochtana: 2021-07-11.
  7. Tugtar "an sean-IRA" ar na forsai armtha a ghnothaigh an cogadh seo don Phoblacht, le beim a chur ar an difriocht idir iad agus na Sealadaigh , is e sin, an tIRA nua a thainig chun cinn i d Tuaisceart Eireann sna 1970i .