Sasana

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSasana
England (en-gb) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiun God Save the King (1745) Cuir in eagar ar Wikidata

Siombail oifigiuil Tudor rose (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Leasainm Blighty Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in omos Anglaigh agus talamh Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh
Map
  53°N 1°W  /  53°N 1°W  / 53; -1
Stat ceannasach an Riocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Priomhchathair Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlan 53,012,456 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlus 406.92 hab./km²
Lion na dteaghlach 23,044,097 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiuil Bearla Cuir in eagar ar Wikidata
Tireolaiocht
Achar dromchla 130,278 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Scafell Pike (978 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is isle The Fens (?4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonrai stairiula
Leanann se/si Riocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Earlamh Naomh Seoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraiocht pholaitiuil
Coras rialtais monarcacht pharlaiminteach agus monarcacht bhunreachtuil Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na Riochta Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataSearlas, Prionsa na Breataine Bige (2022?) Cuir in eagar ar Wikidata
• Priomh-Aire na Riochta Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataRishi Sunak (2022?) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaiocht
Airgeadra punt steirling Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantoir tuairisciuil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochod +44 Cuir in eagar ar Wikidata
Cod ISO 3166-2 GB-ENG Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suiomh greasain visitengland.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tir in oilean na Breataine Moire is ea Sasana ( Bearla : England; Coirnis : Pow Sows ). Is e Sasana an tir is mo sa Riocht Aontaithe .

An tir [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta se ag criochantaiocht le h Albain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiuil, is cuid de e Corn na Breataine , ach nil Oilean Mhanainn na Oileain Mhuir nIocht suite i Sasana. Is e Sasana an naisiun is mo sa Riocht Aontaithe . Fuair se a ainm o na Sacsanaigh , a chuir an tir ar bun. Thangadar go dti an Bhreatain o mhor-roinn na hEorpa. Thugadar a dteanga leo go dti an Bhreatain, an Sacs-Bhearla no an Bearla mar is gnach a thabhairt air anois. Scaipeadh teanga agus cultur Shasana ar fud an domhain le linn re Impireacht na Breataine , a mbiodh criocha ollmhora faoi smacht aici i ngach mor-roinn.

Tirdhreach agus timpeallacht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Timpeall ar thri chuigiu achair na Breataine Moire ata i Sasana, chomh maith le roinnt oilean eile, de shaghas Inis Iocht agus Na Scilli . Chomh maith le bheith ag criochantaiocht leis an mBreatain Bheag agus Albain, ta Sasana scartha on Fhrainc ag dorchla mara de 34 chilimeadar, agus tollan iarnroid a gceangailt idir Folkestone agus Calais . Ta costai ar cheithre fharraige ag Sasana: ar an Aigean Atlantach , ar Mhuir Eireann , ar an Muir Thuaidh , agus ar Mhuir nIocht .

Port Felixstowe, agus long á lódáil
Port Felixstowe

Is iad Felixstowe agus Grimsby and Immingham na poirt is mo i Sasana [1] [2] , agus is i an tSabhrainn an abhainn is mo ata i Sasana. Is i an abhainn is mo ata go hiomlan i Sasana (ritheann an tSabhrainn trid an mBreatain Bheag chomh maith) na an Tamais . Cosuil le hEirinn , ta a lan tirdhreacha cnocaigh i Sasana, go hairithe sa Tuaisceart agus san Iarthar, agus lochanna go leor inti. Is i an loch is mo sa tir na Lake Windermere , suite i reigiun fior-ainmnithe na Lake District .

Inbhear na Sabhrainne , agus a dha droichead, ag breathnu chun an Deiscirt. Is de chuid Shasana e an bruach cle, agus is de chuid na Breataine Bige e an bruach deas.
Loch Windermere

Is iad na Pennines an sliabhraon is sine sa tir, iad cruthaithe ag deireadh na Paileasoiche 300 milliun bliana o shin. Is go priomha as gaineamhchloch , aolchloch agus gual iad. Ta reigiuin charst sna reigiuin saibhir de chailcit , de shaghas Yorkshire agus Derbyshire mar shamplai. Ta tri phairc naisiunta sna Pennines: na Yorkshire Dales, Pairc Naisiunta Northumberland , agus an Peak District . Is i an bhinn is airde i Sasana na Scafell Pike , i gContae Cumbria . Go congarach leis an teorainn Albanach, ta suite na Cheviot Hills.

Scafell Pike

Aimsitear an chuid is mo d'isilcriocha Shasana taobh theas de na Pennines, agus grupai eagsula cnoc ann: na Cotswolds , na Chilterns , na North Downs agus na South Downs ina n-aireamh. Sna haiteanna a mbuaileann siad leis an muir, feictear an charraig bhan ata iontu, mar shampla ag Aillte Dover . Is de thalamh ard e den chuid is mo leithinis an Iardheiscirt , na pairceanna naisiunta Exmoor agus Dartmoor go hairithe, agus ta aeraid aigeanach laidir aici.

Aillte Dover

Aeraid [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is aeraid aigeanach mheasartha ata ag Sasana. Bionn an aimsir seimh: ni bhionn an mheanteocht iosta laistios de 0°C fiu sna mionna is fuaire, agus ni theann an mheanteocht ardaitheach lastuas de 25°C sna cinn is teo. [3] Is iad Mi Eanair agus Mi Feabhra na mionna is fuaire, an dara ceann go hairithe ar an gcosta, fad is gurb i Mi Iuil an mhi is teo. Ta an fliuchras spreite ar fad na bliana, ce go mbionn an samhradh nios tirime go ginearalta na an geimhreadh.

I measc na dtosca is tabachtai ar aeraid Shasana, ta an chongaracht ata aige leis an Aigean Atlantach , a dhomhanleithead tuaisceartach, agus teamh na farraige i Sruth na Murascaille ? na tosca ceanna a shocraionn aeraid na hEireann , ce go bhfuil gach ceann acu beagan nios lu laidre. Is sa Lake District , san Iarthuaisceart , ata na haiteanna is fliche sa tir. O tosaiodh caipeisi na haimsire, is i 38.5°C an teocht is airde ar a ndearnadh cuntas, ar 10u Mhi Lunasa 2003 ag Brogdale, Kent , agus is i ?26.1°C an teocht is isle, ar 10u Mhi Eanair 1982 in Edgmond, Shropshire .

Cathracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Spéirlíne Cathrach Londaine feicthe ó Halla na Cathrach. Feictear an Gherkin agus an abhann Tamaise ina háireamh.
Speirline Chathrach Londan feicthe o Halla na Cathrach
Speirline Mhanchain

Is i Londain , an phriomhchathair, cathair is mo Shasana ? ma thomhaistear de reir daonra sa liomataiste faoi fhoirgnimh, ta thart ar 10 milliun duine inti. Ina diaidh, ta Manchain (2.5 milliun), Birmingham (2.5 milliun), Leeds (1.8 milliun) agus Learpholl (800,000). [4]

Sampla de chathracha Shasana a leanas sa liosta seo:

Contaetha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Feach freisin: Contaetha Shasana

Ta 39 contae stairiula i Sasana. Go ginearalta, ni usaidtear iad a thuilleadh le haghaidh riarachain o athchoirithe na bliana 1974, ach is minic a bhionn fiuntas mor culturtha ag baint leo mar sin fein. De reir achair, is i Sir Eabhrac ( Yorkshire ) an ceann is mo diobh, agus Rutland an ceann is lu.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Feach freisin: Stair Shasana

Reamhstair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Roimh 800,000 bliana o shin a thainig na cead daoine go Sasana, agus uirlisi agus lorganna coise a aimsiodh in Happisburgh, Norfolk , ar na cead rianta daonna a aimsiodh sa tir. Is i an rian is sine de Homo Sapiens in Eoraip an Iar-Thuaiscirt na cnamh geill a aimsiodh in Uaimh Kents ( Kents Cavern ), Devon , a meastar a aois ar idir 41,000 agus 44,000 bliana. Ta conai ar Homo Sapiens go leanunach i Sasana o 13,000 bliana o shin, deireadh na haoise oighir is deanai. Meastar gur thosaigh an treimhse Mheisiliteach sa Bhreatain Mhor timpeall ar an am seo, 11,000 RRC. Thainig an treimhse Neoiliteach timpeall ar 4500 RRC, lorgtha le hathruithe mora culturtha, agus an Chre-umhaois , lorgtha le husaid na n-uirlisi cre-umha , timpeall ar 2100 RRC. Meastar gur thosaigh an Iarnnaois (a shainmhinitear mar an treimhse o thosaiodh ar uirlisi iarainn a usaid go dti gur thosaiodh ar scriobh na staire) timpeall ar 750 RRC, agus ta a fhios againn gurbh iad na Briotanaigh, pobal a raibh teanga Cheilteach acu, a bhi ar an morphobal i Sasana sa treimhse seo, in eindi le roinnt treibheanna Beilgeacha, pobal Ceilteach eile, san oirdheisceart.

Trath na Romhanach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 43 AD, thosaigh gabhail na Romhanach ar an mBreatain Mhor ; i rith na mblianta a lean uirthi seo, d'iomlaoidiodh smacht na hImpireachta Romhanai ar chodanna eagsula an oileain; is sna codanna is cothroime agus is gaire leis an Mor-Roinn, san Oirthear agus sa Deisceart, afach, a bhiodh is mo smachta acu; na codanna, den chuid is mo, a d'eireodh i Sasana sa treimhse tar eis imeachta na hImpireachta. Is na Romhanaigh a bhunaigh cuid mhor de chathracha Shasana an lae inniu, ina n-aireamh Londain , Eabhrac , agus gach cathair a bhfuil deireadh -chester uirthi as Bearla , leitheidi Manchain ( Manchester ) agus Colchester .

Teacht na dtreibheanna Gearmanacha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Learscail de Shasana sa bhliain 878. Ba i an 'Danelaw' an chuid den tir a bhi faoi riail Lochlannach ag an am sin

Ag tosu an 5u cead, d'imigh na Romhanaigh den Bhreatain Mhor , ionas lena bhfocas a chur ar chroi na himpireachta a chosaint. Lig a n-imeacht an chuid den oilean a bhi faoina smacht ? an chuid is mo da n-eireodh i Sasana ? gan riarachan socraithe, agus rinne se seo easca do threibheanna as an Isiltir , an nGearmain Thuaidh, agus an Danmhairg ? na hAingligh , na Sacsanaigh , agus na Iutaigh ? a theacht isteach agus a shocru ar an oilean. Is as na Sacsanaigh, as a ainmnitear reigiun na Sacsaine sa Ghearmain freisin, a thagann an t-ainm Sasana don tir, agus is as na hAingligh a thagann an t-ainm England as Bearla. Is na treibheanna seo a thug an cultur Gearmanach don tir leo, ina aireamh seo a dteangacha, a d'eireodh isteach sa Sean-Bhearla . Sa chuid is mo den tir ar Sasana e anois ? gach cuid seachas Corn na Breataine , codanna eile den iardheisceart , agus cuid den iarthuaisceart ? chuir an cultur Gearmanach an seanchultur Briotanach as ait.

O timpeall na bliana 800, d'eirigh ruathair Lochlannacha coitianta, agus nios moille thainig meid mhor Lochlannach chun aitriu i Sasana, san Oirthear agus sa Tuaisceart go hairithe. Sa treimhse seo fosta, rinne rialtoiri eagsula iarrachtai na riochtai Angla-Sacsanacha eagsula a aontu; is da bharr sin a cruthaiodh 'Sasana' fein mar riocht aontaithe faoin 10u cead.

Na Meanaoiseanna [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1066, rinne forsai Normannacha forghabhail ar Shasana. D'fhan an rishliocht a bhunaigh an ri a ghiollaigh an fhorghabhail seo, an ri Liam I , i gcumhacht ar Shasana ar feadh nios mo na leath-aoise go dti gur thainig an ghearcheim chomharbais ar a dtugtar An Ainrialtacht , idir 1135 agus 1153. I ndiaidh na treimhse cogaidh seo, thainig Sasana faoi riail Theaghlach na bPlantaigineach , teaghlach a choinnigh an chathaoir rioga go dti 1485. Sa treimhse seo a siniodh an Chairt Mhor , no an Magna Carta , conradh polaitiuil a chuir teorannacha ar chumhacht an ri i gcomortas leis na baruin. Troideadh freisin an Cogadh Cead Bliain , idir theaghlaigh rioga Shasana agus na Fraince . Sna 1400idi, troideadh Cogadh na Rosanna , cogadh comharbais eile, idir Theaghlach Lancaster agus Theaghlach Eabhrac. Cuireadh deireadh leis an gcoimhlint seo i 1485, nuair a thainig Anrai Tudar i gcoroin.

Na Tudair go dti cruthu na Riochta Aontaithe [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Greanadh de bhasu Shearlas I , a tharla sa bhliain 1648

Faoi Theaghlach na dTudar agus ina ndiaidh sin faoi Theaghlach na Stiobhartai, d'eirigh Sasana ina chumhacht choilineach, agus e ag leathnu a shmachta ar Eirinn i measc tiortha eile. I lar riail na Stiobhartai, bhris Cogadh Cathartha Shasana amach idir lucht tacaiochta an Ri Searlas I agus lucht tacaiochta Pharlaimint Shasana, cogadh a bhi ina chuid de Chogaidh na Tri Riochta, agus e bainteach le Cogadh na hAon Bhliana Deag in Eirinn. B'e an toradh air seo na cuireadh an ri Searlas I chun bais agus bunu poblachta parlaiminte ab ainm do Comhlathas Shasana i 1649, a d'iompaiodh ina dheachtoireacht mhileata faoi Oilibhear Cromail sa bhliain 1653, ab ainm dosan An Coimirceas . Cuireadh an mhonarcacht ar bun aris i 1660, ce go lean aighnis faoin reiligiun agus faoin gcumhacht ar aghaidh; mar thoradh ar na haighnis seo a cuireadh ri eile, an ri Seamas II , as an richathaoir sa ' Reabhloid Ghlormhar ' sa bhliain 1688. Bhi an Bhreatain Bheag faoi riail Shasana cheana fein on 13u haois, agus i measta mar chuid de Shasana ag an rialtas, agus sa bhliain 1707, d'aontaiodh Sasana agus Albain chun stat nua, Riocht na Breataine Moire , a chruthu. Tugadh ar Eire a theacht isteach sa riocht seo sa bhliain 1801, ag athru ainm na riochta go ' Riocht na Breataine Moire agus Eireann ', no An Riocht Aontaithe mar ghiorruchan.

Impireacht na Breataine [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Agoid sa Tanganaice ag eileamh neamhspleachais o Impireacht na Breataine , 1961

I ndiaidh na reabhloide tionsclaiochta , bhi an Riocht Aontaithe ag rialu ar impireacht coilineach , an ceann is mo a bhi ariamh sa stair thaifeadta. Tar eis proiseas dechoilineachta san 20u haois, d'eirigh beagnach gach duiche thar lear den impireacht seo neamhspleach di. Ina ainneoin sin, ta tionchar chulturtha Shasana go leathan agus go domhain i gcuid mor acu go foill.

Reigiuin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Oirthuaisceart Shasana
  2. Iarthuaisceart Shasana
  3. Sir Eabhrac agus an Humber
  4. An Lar-Reigiun Thiar
  5. An Lar-Reigiun Thoir
  6. Sasana Thoir
  7. Oirdheisceart Shasana
  8. Iardheisceart Shasana

Siombaili [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is iad an St George's Cross agus armas na Three Lions priomhshiombaili Shasana. Usaidtear siombaili eile freisin, mar shampla an dair agus an ros . Is e La Naomh Seoirse (23 Aibrean) an la naisiunta.

Polaitiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Palas Westminster, suiomh Pharlaimint na Riochta Aontaithe, i Londain
Priomh-Aire na Riochta Aontaithe, Boris Johnson

Is daonlathas parlaiminte de facto i an Riocht Aontaithe , a bhfuil Sasana ina chuid de, ce go bhfuil ceart de jure ag an mbanrion diultu le dli ar bith as an bparlaimint. Toisc go nglactar de reir a cheile nach gceadofai leis an mbanrion diultu le dlithe na parlaiminte i ndairire, is feidir a mhaiomh gurb ag an bparlaimint amhain ata an chumhacht ardcheannasach sa Riocht Aontaithe ? ta an tir neamhchoiteann ar an nos nach bhfuil bunreacht scriofa aici; mar sin, is feidir leis an bparlaimint dli ar bith a athru ach amhain le tromlach simpli i vota parlaiminte. Ta parlaiminti cineachta ag Tuaisceart Eireann , ag an Albain , agus ag an mBreatain Bheag (faoi reir dheireanach na parlaiminte in Westminster), ach nil a leitheid ag Sasana fein. Is e an Pairti Coimeadach an pairti a fuair an meid is mo votai i Sasana san olltoghchan is deireanai (47.3%); ina dhiaidh sin bhi Pairti an Lucht Oibre (33.9%), an Pairti Daonlathach Liobralach (12.3%), an Pairti Glas (3.0%), agus Pairti an Bhreatimeachta (2.0%). Usaideann an Riocht Aontaithe coras votala 'cead duine abhaile' ( en ) ina cuid olltoghchan, ar fud 650 toghcheantar a thoghann feisire amhain gach aon: tugann se seo buntaiste mor do na pairtithe mora i bpolaitiocht Shasana. I votail an Bhreatimeachta sa bhliain 2016, ba e Sasana an tir a votail ba mho i bhfabhar an Bhreatimeachta i measc ceithre naisiun na Riochta Aontaithe: 53% de votoiri i Sasana thar n-ais 52% sa Riocht ar fad.

Ta dha chineal riarachan aitiuil i Sasana: sna reigiuin nios tuathula, bionn dha leibheal rialtais go ginearalta: comhairli contae taobh thuas agus comhairli aitiula futhu sin; sna reigiuin nios uirbi, bionn leibheal amhain de ghnath, ar a dtugtar unitary authority ('udaras aonadach') sna reigiuin nios tuathula diobh sin, no borough ('buirg') sna ceantair is uirbi ar fad.

Geilleagar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Meastar geilleagar Shasana go coiteann mar gheilleagar ata ag leanuint na heiseamlaire Angla-Shacsanai, mar an gceanna le Poblacht na hEireann ? is eard is bri leis sin: leibheil isle de rialachain agus de chanacha, agus beag seirbhisi a solathar ag an earnail phoibli. Is e an punt steirlinn an t-airgeadra oifigiuil i Sasana.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Visit England (bord turasoireachta)