한국   대만   중국   일본 
Ficsean eolaiochta - Vicipeid Jump to content

Ficsean eolaiochta

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFicsean eolaiochta

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineal speculative/fantastic fiction genre (en) Aistrigh agus tearma litriochta Cuir in eagar ar Wikidata
Treith
Priomhabhar eolaiocht agus teicneolaiocht Cuir in eagar ar Wikidata

Seanra ficsin is ea an ficsean eolaiochta (no an finsceolaiocht uaireanta) a dheanann tuairimiocht ar an todhchai agus ar na forbairti ardteicneolaiochta a bheidh i ndan duinn. Ta rachairt mhor inniu ar an bhficsean eolaiochta ina lan mean eagsuil cosuil le leabhair , seonna teilifise , scannain , riomhchluichi , amharclannaiocht agus araile. Ni feidir i gconai an ficsean eolaiochta a aithint thar sheanrai eile den chineal ficsin ar a dtugtar ficsean tuairimeach air, cosuil leis an litriocht fantaisiochta agus an litriocht uafais.

Is e an phriomhdhifriocht idir an ficsean eolaiochta agus an litriocht fantaisiochta go mbionn craiceann inchreidte eigin ar imeachtai an fhicsin eolaiochta agus e bunaithe ar an eolaiocht agus ar na dlithe nadurtha, no ar a laghad, go mbionn na himeachtai eadochula ag brath ar ghleasra ardteicneolaiochta a bhfuil cuma reasunta inchreidte air de reir shaoltaithi an leitheora. Bionn na scribhneoir i ag iarraidh cur sios a thabhairt ar an saol difriuil a bheadh ann da mbeadh na haireagain ardteicneolaiochta ann i ndairire agus ar na difriochtai idir ar sochai fein agus an tsochai a bheadh ann ansin. Ansin ata cuid mhor den draiocht a chuireann an ficsean eolaiochta ar an leitheoir, agus bionn ideanna speisiula den chineal sin nios tabhachtai, go minic, na an charachtracht agus an phlotail. Sin e an tuige go dtugtar "litriocht na n-ideanna" ar an bhficsean eolaiochta chomh maith.

Ar na saintreithe seo is minic a aithnitear an ficsean eolaiochta:

  • Ta na himeachtai suite i malairt saoil agus i malairt staire : cuir i gcas go bhfuil Hitler tar eis an Dara Cogadh Domhanda a ghnothu ( Fatherland le Robert Harris, SS-GB le Len Deighton , no The Man in the High Castle le Philip K. Dick ), no an Ghaeilge a labhairt go forleathan ag uasal is ag iseal ar fud na hEireann ( A.D. 2016 le Padraig Standun).
  • Ta na himeachtai suite amuigh sa spas i bhfad on Domhan, agus neachanna eachtardhomhanda ag baint leis an bplota.
  • Ta teicneolaiocht ann nach bhfuil ag cloi le dlithe an naduir mar is aithin duinn iad inniu.
  • Cuid den sceal is ea an doigh a n-aithnitear dlithe nua naduir nach eol duinn inniu, agus iad a gcur in oiriuint don teicneolaiocht. Samplai de seo is ea leamh na hintinne ( The Demolished Man le Alfred Bester), an cianiompar no an leim trid an hipearspas ( Tiger, Tiger! le hAlfred Bester, a chuaigh i gclo faoin teideal The Stars My Destination freisin), an robataic agus na robait dhaonchosula (scealta robataice le h Isaac Asimov faoi Powell agus Donovan, no faoi Susan Calvin), an taisteal forsholasach (saru luas an tsolais), agus araile. Is fiu na scealta diostoipeacha a lua anseo freisin, is e sin, na scealta faoin doigh a gcuireann an teicneolaiocht an tsochai o mhaith, ionas go dtagann deachtoireacht agus ollsmacht ar an bhfod ( Fahrenheit 451 le Ray Bradbury , Brave New World le hAldous Huxley, 1984 le George Orwell , Mockingbird le Walter Tevis, no Make Room! Make Room! le Harry Harrison).
Amazing Stories - stiallchartun ficsean eolaiochta on mbliain 1928

Sainmhiniu an Fhicsin Eolaiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nil se furasta sainmhiniu ceart a fhail ar an rud is "ficsean eolaiochta" ann, go hairithe le taobhshuil ar na fosheanrai agus na teamai ilghneitheacha a bhaineann leis. Mar a duirt Damon Knight, eagarthoir agus scribhneoir, "is e an ficsean eolaiochta an rud a dtugaimid ficsean eolaiochta air nuair a phointealaimid mear air". Ta an blas ceanna ar fhocail Mark C. Glassy, no duirt seisean go bhfuil sainmhiniu an fhicsin eolaiochta cosuil le sainmhiniu na pornagrafaiochta: nil a fhios agat ceard e fein, ach nuair a gheobhaidh tu suil air, aithneoidh tu ar an toirt e. Ba e tuairim Vladimir Nabokov, da mbeimis ag cloi lenar gcuid sainmhinithe go dian, nach mbeadh de rogha againn ach The Tempest , an drama le William Shakespeare , a chur san aireamh mar fhicsean eolaiochta freisin.

Robert A. Heinlein

Duirt Robert A. Heinlein , duine de scribhneoiri clasaiceacha an fhicsin eolaiochta, gurb e sainmhiniu gairid aisiuil a chuimsionn an chuid is mo den tseanra na: tuairimiocht readuil ar imeachtai incheaptha na todhchai ata bunaithe ar eolas cruinn ar an saol mar ata se agus mar a bhi se, chomh maith le diantuiscint ar an nadur agus ar thabhacht an mhodha eolaiochtuil. Ba dhoigh le Rod Serling na gurb i an litriocht fantaisiochta an cineal litriochta a chuireann craiceann inchreidteachta ar an rud dodheanta, agus gurb e an ficsean eolaiochta an cineal litriochta a chuireann craiceann indeantachta ar an rud dochreidte. Is e an tatal a bhain Lester del Rey as iomlan na raimeise seo na go bhfuil se ag dul rite leis an duine is mo a ghrann an ficsean eolaiochta sainmhiniu ceart a thabhairt air, agus gurb e an chuis leis na nach bhfuil teorainneacha soileire timpeall ar limistear an fhicsin eolaiochta.

Forrest J Ackerman agus an Ackermansion

Maidir leis an ngiorruchan "sci-fi", ba e Forrest J. Ackerman in Ollscoil Chathair Los Angeles (UCLA) an chead duine a bhain usaid as. De reir mar a chuaigh an ficsean eolaiochta chun leitheadulachta ar fud an phopchultuir, thosaigh na scribhneoiri agus lucht a leanuna ag tabhairt sci-fi ar na scannain agus na leabhair "olltairgthe" nach raibh uaillmhian ealaionta ag baint leo, le hiad a choinneail scartha on rud ar thug siad fein ficsean eolaiochta air. Is ar eigean ata ga againn leis an idirdhealu seo sa Ghaeilge, afach.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Reamhstair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nil se as cosan a ra go bhfuil an ficsean eolaiochta chomh sean le traidisiun domhanda na litriochta agus na scealaiochta fein, no is feidir eiliminti den fhicsean eolaiochta a aithint i seanscealta. Samplai iad Taketori monogatari no "Sceal an fhir a bhi ag gearradh bambu" (seansceal Seapanach a breacadh sios an chead uair sa 10u haois AD), scealta airithe sa bhailiuchan " Mile Oiche agus Oiche ", Theologus Autodidactus ("An Diagaire Feinteagasctha" - sin e an teideal a bhaist na haistritheoiri Laidine ar an ursceal Araibise a scriobh Ibn al-Nafis timpeall na bliana 1270), agus Voyage de la Terre a la Lune agus Des etats de la Lune et du Soleil le Cyrano de Bergerac , a mhair sa 17u haois .

Jonathan Swift - masc mairbh

Le teacht Aois na hAigne, cumadh na chead scealta a raibh fior-bhlas an fhicsin eolaiochta orthu, cosuil le Gulliver's Travels le Jonathan Swift , Micromegas le Voltaire agus Somnium leis an realteolai Johannes Kepler . Bhi an realteolai Carl Sagan agus an scribhneoir ficsin eolaiochta Isaac Asimov den bharuil gurbh e Somnium an chead sceal ficsin eolaiochta a scriobhadh riamh. Is e is abhar leis na turas go dti an Ghealach agus an chuma ata ar an Domhan i suile an bhreathnora ar an nGealach.

An Naou hAois Deag [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thosaigh an ficsean eolaiochta ag siolru i ndairire sa 19u haois. Ar dtus, chuir Mary Shelley ar par na hurscealta Frankenstein agus The Last Man ; ina dhiaidh sin, scriobh Edgar Allan Poe sceal faoi thuras go dti an Ghealach. Thainig scealta eile den chineal cheanna i gclo ar feadh na naou haoise deag.

Jules Verne

De reir is mar a bhi teicneolaiochtai nua ag teacht ar an bhfod - an leictreachas, an sreangsceal, an traein agus araile - thosaigh scribhneoiri ag cur speise sa tionchar a d'fheadfadh na teicneolaiochtai seo agus na haireagain a thiocfadh ina ndiaidh a imirt ar an tsochai. Mar sin, scriobh Jules Verne agus H.G.Wells na chead saothair fhicsin eolaiochta ar chuir an saol mor speis iontu.

Edwin Abbott Abbott agus Flatland

Cineal ficsin eolaiochta ata i gceist le Flatland le hEdwin Abbott Abbott on mbliain 1884. Noibhille, no a romance of many dimensions mar a duirt an t-udar fein, ata ann, agus i ag tabhairt suas ar an gcuairt a dtugann an liathroid ar dhomhan na bhfoirmeacha dethoiseacha, Flatland . Castar cearnog ar an liathroid ansin, agus ansin, caithfidh an liathroid a mhiniu don chearnog ceard is airde ann.

Olaf Stapledon [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I ndeireadh na naou haoise deag, bhiti ag tabhairt "romansai eolaiocha" ar an bhficsean eolaiochta, tearma a mhair in usaid in aiteanna san fhichiu haois fein. Sin e an t-ainm a bhi ag Olaf Stapledon ar a chuid saothar. Fealsamh Sasanach a bhi ann nach raibh eolach ar fhochultur an fhicsin eolaiochta, no scriobh se a chuid saothar ficsin le hideanna fealsunacha a shoileiriu. Bhi an-tionchar aige ar an bhficsean eolaiochta i ngan fhios do fein. Saothair thabhachtacha leis is ea na hurscealta Star Maker agus Last and First Men .

Re Orga an tSeanra [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Hugo Gernsback

Go luath san fhichiu haois, bhi an-rol ag na hirisi garrfhicsin i bhforbairt na nua-ghluine de scribhneoiri ficsin eolaiochta sna Stait Aontaithe. Bhunaigh Hugo Gernsback an chead iris garrfhicsin i Meiricea nach bhfoilseodh ach scealta ficsin eolaiochta, mar ata, Amazing Stories , sa bhliain 1926. Sna 1930idi, chuaigh John W. Campbell Jr. i gceannas ar an iris ud Astounding Science Fiction (inniu: Analog Science Fiction and Fact ), agus rinne se priomhlathair foilsitheoireachta di do scribhneoiri oga ficsin eolaiochta. Thainig scoil iomlan scribhneoiri ar an bhfod i Nua-Eabhrac agus iad ag scriobh don Astounding , agus glactar leo inniu mar chlasaicigh de chuid an tseanra: Isaac Asimov , Damon Knight , James Blish , agus Frederik Pohl , mar shampla. Scribhneoiri tabhachtacha eile on linn seo ab ea Arthur C. Clarke , Alfred Elton van Vogt , Robert Anson Heinlein agus an Polannach Stanisław Lem . Creidtear gur chuir Campbell tus le Re Orga an fhicsin eolaiochta trid an obair a rinne se ag foilsiu saothair o scribhneoiri a linne.

Damon Knight

Go tipiciuil, bhi scribhneoiri na treimhse seo ag adhradh chumhacht na heolaiochta agus na teicneolaiochta agus ag nochtadh leargais nua do na leitheoiri. Bhi an bheim ar an dul chun cinn agus ar an todhchai shoilseach, agus ni raibh moran daoine ag deanamh a mharana go foill ar dheachu an dul chun cinn seo, ar nos truailliu na timpeallachta, mar shampla.

I nDiaidh na Re Orga [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nior thainig athru air seo ach de reir a cheile, go hairithe nuair a bunaiodh irisi nua. Sa bhliain 1950, chuir Horace Leonard Gold tus le stil nua i bhficsean eolaiochta nuair a bhunaigh se an Galaxy . Bhi se den tuairim gur choir tuilleadh beime a chur ar ideanna ura faoi thodhchai na sochai agus faoin tionchar a mbeadh ag an teicneolaiocht ar an tsochai, seachas ar iontais na teicneolaiochta fein.

Frederik Pohl

Sa bhliain 1961, gortaiodh Gold i dtimpiste trachta, agus thainig Frederik Pohl i gcomharbas air mar eagarthoir. Bhi speis mhor ag Pohl fein i dtodhchai na sochai in aois na hardteicneolaiochta, rud ata le haithint ar shaothair cosuil leis an ursceal ud The Space Merchants a scriobh se in eineacht le Cyril M. Kornbluth.

Teacht na Toinne Nua [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sna 1950idi, bhi treithe an fhicsin eolaiochta le haithint ar chorrleabhar dar thainig o pheann scribhneoiri an Beat generation , go hairithe William S. Burroughs . Sna 1960idi agus sna 1970idi, chuaigh scribhneoiri ar nos Frank Herbert , Samuel R. Delany , Roger Zelazny , agus Harlan Ellison ar lorg teamai nua.

William S. Burroughs

Ba e Dune le Frank Herbert an chead mhor-ursceal i stair an fhicsin eolaiochta a rinne ple cuimsitheach ar theamai eiceolaiochta. Thairis sin, chardail se baint an reiligiuin leis an bpolaitiocht agus teamai socheolaiocha eile san ursceal seo agus sna cinn a scriobh se ina dhiaidh sin faoi na carachtair cheanna.

Maidir le Samuel R. Delany, bhi ceisteanna teanga, miotaseolaiochta, cuimhne agus aireachtala tabhachtach ina chuid scribhneoireachta, agus nios deanai, tharraing se chuige an chollaiocht freisin mar theama. Cuireadh ina leith, fiu, go raibh blas na pornagrafaiochta le mothu ar a shaothar dheireanach, rud nar shean se fein.

Scribhneoir bisiuil a bhi i Roger Zelazny, agus e ag scriobh faoi dheithe no faoi dhaoine a fuair amach go raibh siad ag iompu ina ndeithe. Ina chuid scealta, chuir se an diagacht in aice leis an daonnacht agus mheasc se an draiocht trid an readulacht, agus e ag baint leasa as an teannas idir an da rud.

Michael Moorcock, 2012

I ndeireadh na seascaidi, thainig Tonn Nua an Fhicsin Eolaiochta ar an bhfod sa Bhreatain Mhor. Bhi tionchar laidir ag an Marxachas agus ag radacachas cle na linne ar an ngluaiseacht seo, agus iad ag lochtu fhicsean eolaiochta "frithghniomhach" na Re Orga, go hairithe le taobhshuil ar dhearcadh coimeadach John W. Campbell ar chursai polaitiochta.

Scribhneoiri de chuid na Toinne Nua iad Michael Moorcock agus Brian Aldiss, mar shampla. Is gnach scribhneoiri airithe Meiriceanacha a aicmiu sa Tonn Nua freisin, Harlan Ellison mar shampla. Mar aisfhreagra ar an Tonn Nua, d'fheach na scribhneoiri coimeadacha le traidisiuin an tseanra a athbheochan, agus an t-eagarthoir Lester del Rey ar tus cadhnaiochta san iarracht seo.

Sna seachtoidi, chuir David Niven agus Poul Anderson sracadh nua san fhicsean crua-eolaiochta, is e sin, sa chineal ficsin eolaiochta a chuir beim ar an bhfior-eolaiocht mar chuid den scealaiocht. Is e an t-ursceal ud Ringworld an ceann is tabhachtai le Niven. San am cheanna, bhi Ursula Le Guin ag deanamh a marana fein ar cheisteanna socheolaiochta agus antraipeolaiochta.

Ursula Le Guin, 2005

Ursula Le Guin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Airitear Le Guin ar cheannrodaithe an fhicsin "bog-eolaiochta". Bhi a hathair fein, Theodore Kroeber, ina antraipeolai chailiuil sna Stait Aontaithe, agus is feidir a ra gurbh eisean a bhunaigh an disciplin go leir i saol acaduil na Stat. Mar sin, ni haon ionadh e go bhfuil scribhneoireacht a inine ar maos le teamai antraipeolaiochta. Ta an chuid is mo da saothar suite i bhframa na hEacuimeine, cineal feidearalacht idir-realtach.

San ursceal The Left Hand of Darkness , tagann ambasadoir on Eacuimein go dti Gethen, no Plainead an Gheimhridh, le caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun idir an plainead seo agus an Eacuimein, ach baineann an plainead geit mhor chulturtha as, os rud e go bhfuil muintir an phlaineid deghneasach o thaobh an choirp de - is e sin, is feidir le gach duine clann a choimpeart no clann a iompar, agus is abhar iontais agus uafais doibh duine a chaitheann iomlan a shaoil ina bhean no ina fhear. An chuid is mo den am, afach, fanann muintir Gethen saor o chollaiocht, agus ni thagann fonn craicinn orthu ach le linn na darach, no kemmer , mar a thugtar uirthi i gceann de theangacha an phlaineid.

San ursceal The Dispossessed , aris, tugtar cur sios ar shaol Shevek, agus conai air ar Anarres, gealach ata ag timpeallu Urras, plainead mor saibhir. Nior tugadh Anarres chun mintireachais ach le deanai, nuair a shealbhaigh seict Shoisialach, lucht leanuna Odo, i le caoinchead na naisiun ar Urras, no bhi deifir orthu fail reitithe de na radacaigh dhainsearacha. Anois, afach, chuir muintir Urras suim thar cuimse i saothar eolaioch Shevek, an fisiceoir is mo le ra ar Anarres, agus fuair se cuireadh seal a chaitheamh i gceann d'ollscoileanna A-Io, an stat is saibhre ar Urras.

CibirPunc - William Gibson agus Cory Doctorow, 2010

Na hOchtoidi agus na Nochaidi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Teacht an Phunc Cibirnitice [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sna hochtoidi , thainig an punc cibirnitice. Threig an sruth seo an saoldearcadh dochasach, an soirbhiochas ba dual don tseanra, agus ba e William Gibson an scribhneoir a chuir tus leis i ndairire. Sruth diostoipeach e an punc cibirnitice agus e ag ple leis an meath a thagann ar an gcultur agus ar an tsochai faoi thionchar na teicneolaiochta. Mar sin, bionn domhan an phunc cibirnitice ar maos le drugai, coiriulacht, agus fadhbanna dofhuascailte eile.

Neal Stephenson (Snow Crash, The Diamond Age, Cryptonomicon ...)

De reir is mar a bhi teicneolaiochtai nua ag eiri coitianta, thainig teamai nua chun tosaigh san fhicsean eolaiochta, cosuil leis an Idirlion agus an tionchar a bheadh aige ar an saol feasta; ceisteanna comhshaoil agus eiceolaiochta; an bhith-theicneolaiocht agus an nanaitheicneolaiocht . Rinne Neal Stephenson tracht cuimsitheach ar na teamai seo ina ursceal The Diamond Age .

Blathu an Cheoldrama Spais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

C. J. Cherryh (1994)

On taobh eile de, thainig blath ur ar an g ceoldrama spais sna blianta i ndiaidh an Star Wars . D'eirigh go seoigh le C.J.Cherryh an fosheanra seo a athbheochan leis na hurscealta a scriobh se faoi theagmhail na gcultur agus na sibhialtachtai amuigh sa spas. Faoi thionchar an Realtaistir , chuaigh an sraithsceal ud Babylon 5 ar an teilifis. Ba leir go raibh se ag deanamh aithrise ar Deep Space Nine ar go leor bealai, agus na himeachtai lonnaithe ar staisiun mor millteanach spais ina raibh na ciniocha eagsula o cheithre chearn na hollchruinne ag teacht le cheile, ach is e an breithiunas a tugadh ar an sraithsceal go fairsing go raibh se ag ple na dteamai ceanna ar dhoigh i bhfad nios aibi.

Lois McMaster Bujold (1996)

Sa litriocht, ba i Lois McMaster Bujold ab fhearr a bhain leas as foirmli inste an cheoldrama spais thraidisiunta. Bhreac si sios sraith fhada urscealta greannmhara faoi Miles Vorkosigan, stumpa beag fir a thagann chun saoil ar Barrayar, plainead coguil mileata. Laoch neamhghnach e sa timpeallacht seo, agus caithfidh se a bheith i muinin a dheisbhealai le teacht slan as na heachtrai a ngabhann se triothu sa bhaile is i gcein. Is iomai cineal plainead a fheiceann se i rith na n-eachtrai: Jackson's Whole, agus na maifianna is na corparaidi mora gno ina sheilbh; Beta Colony, plainead duchais a mhathar, agus e sibhialta liobralach; Cetaganda, sean-namhaid Barrayar, lena chuid biteicneolaiochta agus ionramhala geiniti .

Vernor Vinge

An tSingilteacht Teicneolaiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Coincheap tabhachtach i bhficsean eolaiochta na linne i an tsingilteacht teicneolaiochta freisin. Sa realtfhisic, tagraionn an focal mor sin "singilteacht" don tsingilteacht imtharraingthe, no larphointe an duphoill a aomann gach rud isteach chuige. Ba e an scribhneoir Vernor Vinge a thug isteach an tearma sin "singilteacht teicneolaiochta", ce go mbionn ceisteanna cosula a bple i bhfoirm eigin le fada. Is e an tuiscint ata aige fein ar an sceal na go dtiocfaidh an chead mheaisin osdaonna - riomhaire no inchinn leictreach a sharaionn intleacht an duine dhaonna - ar an bhfod i gceann tamaill bhig, agus go mbeidh se ar an aireagan deireanach a rithfidh leis an duine, no on am sin i leith, beidh na meaisini a bhforbairt agus a dtogail as a stuaim fein, beag beann ar an daonnai - beidh re an duine thart ansin.

Nualacha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Arthur C. Clarke (1982)

Ce go ndearna an ficsean eolaiochta lochtu ar na teicneolaiochtai nua-aimseartha agus ar a dtionchar ar an tsochai go minic, is feidir do treoir a dheanamh do na heolaithe agus do na hinnealtoiri agus cabhru le forbairt na teicneolaiochta. Mar shampla, ba e an scribhneoir Robert A. Heinlein a bhreac sios bunsmaoineamh na leapa uisce an chead uair riamh i sceal ficsin eolaiochta a chum se nuair a bhi se ag eileamh le pianta droma in ospideal. Is gnach dearcadh ar Arthur C. Clarke mar fhior-cheadcheapadoir na satailite teileachumarsaide.

Fo-sheanrai [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ficsean crua-eolaiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Gregory Benford, 2008

Tugtar ficsean crua-eolaiochta ar an gcineal ficsin eolaiochta a chuireann beim ar leith ar chruinneas na heolaiochta agus na matamaitice. Cuid mhor de na scribhneoiri a bhi ag ple leis an bhfo-sheanra seo, bhi siad ina n-eolaithe no ina matamaiticeoiri oilte, iad fein. Thainig an tuar faoina lan tairngreachtai a rinne scribhneoiri den chineal seo, ach is minic nar thainig a gcuid smaointi isteach fior, freisin. Realtfhisiceoir e Gregory Benford , mar shampla, agus ta Geoffrey A. Landis ina innealtoir agus ina fhisiceoir. Matamaiticeoiri iad Vernor Vinge agus Rudy Rucker . Scribhneoiri ficsin chrua-eolaiochta eile iad Hal Clement , Greg Bear , Larry Niven , Robert J. Sawyer , Stephen Baxter , Alastair Reynolds , Peter F. Hamilton , agus Greg Egan .

Ficsean bog-eolaiochta agus ficsean socheolaiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Galphunc [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Punc cibirnitice [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Taisteal san Am [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Malairt Staire [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ficsean eolaiochta den chineal mhileata [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Osdaoine [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Na Criocha Deanacha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ceoldrama Spais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Eile [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]