Alastar III na Ruise

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaAlastar III na Ruise

(1880) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhuchais (ru) Алекса?ндр III Алекса?ндрович
Beathaisneis
Breith (ru) Александр Александрович
26 Feabhra 1845 (Iulach)
Palas Anichkov (Impireacht na Ruise)
Bas 20 Deireadh Fomhair 1894 (Iulach)
49 bliana d'aois
Palas Livadia (Impireacht na Ruise)
Siocair bhais Bas nadurtha  ( Neifriteas )
Ait adhlactha Peter and Paul Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na Ruise Uile
1 Marta 1881 (Iulach)  ? 20 Deireadh Fomhair 1894 (Iulach)
←  Alastar II na Ruise ? Nioclas II na Ruise  →
Ball de Chomhairle Stait Impireacht na Ruise
Grand Prince of Finland (en) Aistrigh
Ri na Polainne
Head of the House of Romanov (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Reiligiun Ceartchreidmheach an Oirthir
Ait chonaithe Cathair Pheadair
Teanga dhuchais an Ruisis
Gniomhaiocht
Gairm monarc , bailitheoir ealaine Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse oibre 1860 ?  1895
Ball de
Teangacha An Ruisis
Gairm mhileata
Geillsine Impireacht na Ruise
Ceim mhileata aidiunach ginearal
praporshchik (en) Aistrigh (1852 (Iulach) –)
podporuchik (en) Aistrigh (1853 (Iulach) –)
poruchik (en) Aistrigh (1855 (Iulach) –)
shtabs-kapitan (en) Aistrigh (1859 (Iulach) –)
captaen (1862 (Iulach) –)
coirneal (1863 (Iulach) –)
maorghinearal (1865 (Iulach) –)
leifteanant-ghinearal (1868 (Iulach) –)
Ginearal an Mharcshlua (1874 (Iulach) –)
General of the Infantry (Imperial Russia) (en) Aistrigh (1874 (Iulach) –) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasal Ard-diuc
Tsesarevich (en) Aistrigh
Impire na Ruise Uile Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach Holstein-Gottorp-Romanov (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ceile Maria Feodorovna (Dagmar na Danmhairge) (1866 (Iulach) , 1866–) Cuir in eagar ar Wikidata
Paiste Nioclas II na Ruise , Ard-Bhandiuc Xenia Alexandrovna na Ruise , Ard-Diuc Michael Alexandrovich na Ruise , Ard-Diuc George Alexandrovich na Ruise , Ard-Bhandiuc Alexander Alexandrovich na Ruise , Olga Alexandrovna na Ruise Cuir in eagar ar Wikidata
Athair Alastar II na Ruise   agus  Banimpire Maria Alexandrovna na Ruise
Siblin Ard-Bhandiuc Alexandra Alexandrovna na Ruise , Nicholas Alexandrovich, Tsarevich na Ruise , Ard-Diuc Vladimir Alexandrovich na Ruise , Ard-Diuc Alexei Alexandrovich na Ruise , Ard-Bhandiuc Maria Alexandrovna na Ruise , Ard-Diuc Sergei Alexandrovich na Ruise , Ard-Diuc Paul Alexandrovich na Ruise , Georgy Yuryevsky , Olga Alexandrovna Yurievskaya agus Catherine Yurievskaya
Croineolaiocht
15 Bealtaine 1883 (Iulach) coronu  ( Dormition Cathedral (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Siniu

IMDB: nm1640169 Musicbrainz: c992e92a-f294-4bcd-bd4e-54d44cf1e7c5 Find a Grave: 7033272 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhi Alastar III ( 10 Marta , 1845 ? 1 Samhain , 1894 ) ( Ruisis : Александр III Александрович, Alexander III Alexandrovich ) ina impire ar an Ruis o 13 Marta 1881 go dti la a bhais sa bhliain 1894.

Beathaisneis [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ni raibh puinn foighne aige le haon chineal liobralachais no radacachais, na tuiscint aige do leasuithe soisialta a athara, Alastar II. Nuair a fuair Alastar a Do bas, bhi an Ginearal Loris-Melikov go direach in eis a phlean a chumadh leis an gcoras rialtais a leasu. Mhol se, i measc rudai eile, na coisti comhairleacha a chur ar bun le cead cainte a fhagail ag an gcosmhuintir in ullmhu na ndlithe ura. Is maith an leiriu, afach, ar mheon Alastair a Tri an breithiunas a thug se ar sceimeanna an Ghinearail: is e a bhi idir lamhaibh ag Loris-Melikov, dar leis, na ceim fhealltach choiriuil a glacadh i dtreo an bhunreachta . Bunreacht, poblacht agus daonlathas - ni raibh iontu sin, dar le hAlastar a Tri, ach focail ghairsiula nar choir a labhairt os ard ina fhianaise. B'ionann an bunreacht agus srianta dli a gcur le cumhacht an Impire - ach o shil Alastar gurb o laimh dheis De a fuair se a chumhacht, bhi meas an diamhasla aige ar aon chosc a chuirfi leis an usaid a bhainfeadh se as tiolacthai De.

B'ionann an t-uathlathas, faoi chomandracht Alastair a Tri, agus cead a gcinn a fhagailt ag na poilini agus ag an runseirbhis. Na creid, afach, go mbainfeadh an polasai seo a dhath den lobhadh uilechoiteann ar fud na Ruise. Siud is go raibh lear maith statseirbhisigh go hionraic ar fad ag iarraidh a ndualgaisi a chomhlionadh go duthrachtach dicheallach, ba mhinic ab ionann cead a gcinn agus cead a mbreabtha, sna culriasca ach go hairithe, ait a raibh "Dia i bhfad thuas agus an tImpire i bhfad i gcein".

Mheadaigh Alastar go mor millteanach ar lion agus ar chumhachtai na bpeas is na mbleachtairi runda. Bhi an tir foirgthe le spiadoiri ag iarraidh comhcheilgeanna radacacha a thabhairt chun tsolais, agus nuair a chuaigh diobh theacht ar aon chomhcheilg cheart, nior shil siad a dhath de cheann a chumadh as a bhfantaisiocht fein. Na cumhachtai speisialta a bhi ag na peas armtha faoin dli cogaidh, bhiti an-mhichuramach faoina n-usaid, rud a chuir rialtas an dli is an chirt go mor mor i mbaol.

Ni feidir a ra nach mbeadh tacaiocht na ndaoine lena raibh idir lamhaibh ag Alastar. Bhi cuid mhaith den chosmhuintir ar aon bharuil leis gurb o Dhia a fuair an tImpire a chumhacht, cibe faoin gcos ar bolg a bhi na mionstatseirbhisigh aitiula a imirt ar na daoine: ni chuirfeadh an scolog ba bhoichte fein a mhillean sin ar "Dheaid" ( batyushka ), mar a thugadh uasal agus iseal na Ruise ar an Sar.

Lena cheart a thabhairt don Triu hAlastar, fear stuama a bhi ann i gcursai an pholasai eachtraigh nach gcuirfeadh acmhainni na tire amu ag fearadh cogai in aisce. Siud is nach raibh claonadh i mo dhuine chun leasuithe liobralacha polaitiula, chuir se an-suim i gcursai na heacnamaiochta agus na tionsclaiochta. Bhi polasaithe forbartha tionsclaiochta aige agus iad cineal cosuil lena bhfuil ar cois sa Ruis inniu, no rinne se a dhicheall airgead, infheistiochtai agus infheisteoiri a mhealladh isteach on gcoigrioch. Chuidigh an Cunta Sergey Witte - fear uasal de phor Ghearmanach a bhi ina Aire Airgeadais ag an Impire - leis go mor mor san obair seo. Faoi churam Witte, bhi geilleagar na tire ag borradh go sciobtha sa deich mbliana deireanacha den naou haois deag, agus fir ghno na Ruise ag glacadh pairte i bhforbairt na tionsclaiochta chomh maith leis na hinfheisteoiri coimhthiocha. Bhi an Ruis ag ceangal nasc leis an saol ina timpeall ar go leor bealai.

An Caipitliochas sa Ruis [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ni raibh moran tionchair ag an "gcomhdhluthu eacnamaioch" seo ar shaol na cosmhuintire, afach. Bhi na daoine bochta ag dul i lionmhaireacht faoin tuaith; siud is gur thug cuid mhaith de dhaoine oga na tuaithe aghaidh ar mhonarchana na cathrach, d'fhan saol na scolog, den chuid ba mho, mar a bhiodh se riamh roimhe sin, beag beann ar shaol na n-uasal is na n-intleachtoiri sna cathracha. Ni raibh moran suime ag na scologa i ndul chun cinn na heacnamaiochta na na teicneolaiochta. B'e an talamh an chloch ba mho ar a bpaidrin. Tuilleadh talun a bhi de dhiobhail ar an scolog, i gcruth is go gcothodh se e fein is a mhuintir. Os rud e nach raibh glainineacht na slainteachas ar eolas ag na scologa, bhi na hulpoga is na galair ag siul orthu, agus i bhfianaise chomh gann is a bhi an bia, ni raibh moran imdhionachta iontu ar na tolgain, ach an oiread. Mas ag fas fein a bhi an daonra, bhi an saol go dona i gconai, agus an mhortlaiocht ard.

Bhi seansanna airithe san Impireacht do dhuine ghustalach dul chun cinn a dheanamh, afach. Siud is go raibh cara sa chuirt de dhiobhail ar an statseirbhiseach a bhi ag iarraidh post ni b'fhearr a bhaint amach, is iomai duine ar bheagan faltais no de phor iseal ar eirigh eacht leis i saol an ghno no sa leann is san eolaiocht.

In ainneoin na ndea-chomharthai seo - no b'fheidir da dtoradh? - bhi mishastacht a fairsingiu ar fud na tire. Ni raibh na scologa fein sasta lena seanchuid a thuilleadh, agus iad ag dul chun cearmansaiochta ar na tiarnai talun anseo agus ansiud. Bhi ceannairci ann agus na scologa ag ionsai maintithe na dtiarnai talaimh, a gcur le tine no ag deanamh loitimeireacht ar an troscan istigh. Chuir a leitheid d'ainghniomhartha eagla mhor ar na huaisle, agus iad ag eileamh ar an Stat smacht a choinneail ar an daoscarshlua le lamh laidir.

Cuid de na huaisle fein, bhi siad thios leis an aois nua. O nach raibh siad in ann, cuir i gcas, modhanna torthula oibre a chur in usaid ar a gcuid tailte na deanamh as doibh fein ar aon doigh eile, shil siad go rabhthas ag imirt eagora orthu, o bhi an bochtanas ag bagairt orthu - agus iad ina ndaoine uaisle! Bhi siad barulach go raibh gleas a mbeatha dlite doibh on saol mor, agus iad ar lorg a gcirt (mar a tuigeadh doibh fein) on Stat. Nuair a dhiultaigh an Cunta Witte faoina n-achaini iad, chuaigh siad le hantoisceachas na heite deise, agus iad ag fogairt go hard na speire go raibh na faisin nua ag cailleadh na hImpireachta.

Siud is go raibh an lucht oibre ag forbairt mar aicme ar leith sa tsochai cheana fein, ni raibh scoilt na teorainn shoileir ag dealu lucht oibre na monarchan o scologa na tuaithe go foill. Ni chaitheadh an gnathfhear oibre ach seal sa mhonarcha, no is ar eigean a bhacfadh se leis an gcineal sin oibre, murach go raibh se ar a theitheadh o na triobloidi sealadacha thiar sa sraidbhaile - drochbhliain churadoireachta, triomach no mifhortun eile den chineal sin. A thuisce is a thiocfadh blath is bisiu ar an ngleas beo faoin tuath, afach, ba ghnach leis an lucht oibre eiri as obair na monarchan aris. Ar ndoigh, ni raibh na toscai seo ag fabhru don cheardchumannachas na do throid an lucht oibre ar mhaithe le feabhas a gcais; mar sin, sheachain lucht an rachmais na triobloidi oibreachais. Ach, san am ceanna, chuir se isteach go mor mor ar uineir na monarchan nach bhfeadfadh se a chuid tairgeachta a phleanail roimh re na a chuid tairgi a dhiol leis na custaimeiri ach iad a bheith ar storas cheana. Ni fheadfadh se reamhiocaiocht a ghlacadh as na tairgi nach raibh aige go foill, no ni fheadfadh se a bheith ina mhuinin go mbeadh a dhothain lucht oibre aige leis na trachtearrai sin a thairgeadh do lucht a gceannaithe.

La an tSoisialachais ag gealadh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Agus, ar ndoigh, sula raibh aon lucht oibre ann arbh fhiu a n-ainm iad, thainig an Soisialachas isteach cheana fein. Bhi na Soisialaigh Reabhloideacha ar an chead mhorghluaiseacht Shoisialach in Impireacht na Ruise, agus iad ag iarraidh na scologa a ghriosu chun reabhloide. B'as na scologa ceanna - as prolatairigh na tuaithe - ba mho a bhi muinin acu leis an reabhloid a chur i gcrich, os rud e nach gcreidfidis go mbeadh an beagan lucht oibre sna monarchana in ann moran a athru i sochai na tire. Faoin tuath a bhi na sluaite siorai.

Ba oidhri do na Naroidnici iad na Soisialaithe Reabhloideacha , idir smaointeachas agus mhodhanna oibre. Is e an cuspoir a bhi acu na stat Soisialach a dheanamh den Ruis, tir de chineal nua nach mbeadh i gcall caipitliochais, buiochas leis an soisialachas instinneach a bhi i nduchas na scolog, dar leo. Nuair a thug Seosamh Mac Grianna Cumannach air fein, agus e ag ra go raibh an Cumannachas i nduchas mhuintir na Gaeltachta, bhi dul amu air: b'fhearr do a ra gur Soisialai Reabhloideach a bhi ann sa chiall Ruiseach.

Nuair a bhi an naou haois deag ag druidim chun deiridh, thainig an Marxachas ceartchreidmheach i gcoimhlint le Soisialachas duchasach, Ruiseach na n-iar-Naroidnici. Sa bhliain 1903, gan ach cuig bliana i ndiaidh bhunu Phairti Soisialach Daonlathach na Ruise, scoilt an pairti, nuair a scar na Meinseivigh agus na Boilseivigh le cheile. B'iad na Meinseivigh an chuid de na Soisialaithe Daonlathacha a bhi den tuairim gur choir don phairti a mhuinin a chur sna sluaite siorai. Na Boilseivigh, afach, bhi siad inbharula go gcaithfeadh an pairti a bheith ina " mheitheal tosaigh ", ina fheadhain dhruidte nach bhfailteodh isteach ach an rogha is an togha, agus na sluaite a dtreoru ag feidhmeannaigh an Phairti a bheadh ardeolach ar theoirici agus ar phrionsabail an Mharxachais.

An tAntoisceachas ag Dul chun Treise [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair na gluaiseachtai antoisceacha, reabhloideacha tacaiocht fhorleathan on lucht oibre, gan aon tracht a dheanamh ar na mionlaigh naisiunta, a raibh, ar ndoigh, an naisiunachas ag borradh ina measc, i ndiunas ar phoilini an tSair. Chruinnigh lucht leanuna timpeall ar gach cineal antoisceachais, os rud e nach raibh an liobralachas measartha ag obair go fonta. Ar ndoighe, bhi uaisle soilsithe trocaireacha ag iarraidh scolaiocht agus oideachas a chur chun cinn i measc mhuintir na tuaithe agus ospideil is otharlanna a thogail is a reachtail. Ba mhinic, afach, nach raibh na forais seo ach ag deanamh na hoibre ba choir don Stat a dheanamh. An neamhshuim a rinne an Stat de leas na cosmhuintire, b'abhar eadochais do na liobralaigh mheasartha fein i.

Ni raibh an chumhacht anlathach in inmhe freasura measartha a aithint thar na sceimhlitheoiri is na reabhloidithe cibe sceal e, afach. A mhalairt ar fad. Is iomai giolla oibre de chuid an tSair a bhi gearbharulach gur choir cath a chur ar na liobralaigh is ar na hiar-naroidnici thar aon dream eile, o ba rud e gurbh iad na dreamanna seo an chontuirt ba mho, agus an sort cuspoiri praiticiula, intuigthe, measartha, pragmatula, inbhainte amach, a bhi acu. Na grupai ba mho antoisceachais, afach, ar nos na mBoilseiveach, ni raibh siad ach ag diospoireacht agus ag geamhthroid le cheile faoina gcuid teoirici nach raibh baint da laghad acu leis an realtacht. Bhail, sin e an breithiunas a thug na peas ar an sceal. Mar sin, nior bhac siad le moran gearleanuna a dheanamh ar radacaigh na heite cle, fad is a bhi na liobralaigh ann.

Maidir leis an mishuaimhneas a bhi ag leitheadu i measc na mionlach naisiunta le teacht an scarunachais is an naisiunachais, ba seansceal e cheana fein go n-eireodh na Polannaigh amach in eadan an tSair gach uair da bhfaighfidis an t-aimear. Thairis sin, afach, ni raibh na Fionlannaigh fein chomh dilis don Impireacht agus a bhidis, trath den tsaol. No nuair a rith leis an Sar an frithghniomhach seoibhineach Mikhail Bobrikov a chur i mbun na Fionlainne mar Ghobharnoir Ginearalta, thart faoi chasadh an cheid, chrom fear nua an Impire seo ar shainstadas na Fionlainne mar Ard-Diucacht ar leith a chur ar ceal. Theastaigh uaidh dluthchuid den Impireacht a dheanamh den tir. Cuireadh an Ruisis in ait na Sualainnise agus na Fionlainnise mar theanga oifigiuil sa statseirbhis, agus cuireadh cosc le cuid mhaith nuachtan a bhiodh ag fail loicht ar pholasaithe oifigiula na hImpireachta. B'e ba toradh do seo na gur thainig deireadh leis an tseanmhuinin a bhiodh ag na Fionlannaigh as a nImpire go nuige sin, agus iad ag tosu ag cur speise i gcomhoibriu agus i gcomh-uisce faoi thalamh le reabhloidithe runda na Ruise.

Tagairti  [ cuir in eagar | athraigh foinse ]