Maire Ni Chinneide

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaMaire Ni Chinneide

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisneis
Breith 17 Eanair 1879
Rath Maonais, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 25 Bealtaine 1967
88 bliana d'aois
Baile Atha Cliath, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Ait adhlactha Reilig Ghrainseach an Dein Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Gairm scribhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha An Ghaeilge

Ba scribhneoir , dramadoir , agus gniomhai ar son na Gaeilge i Maire Ni Chinneide (17 Eanair 1879 ? 25 Bealtaine 1967). [1] Ba i an chead Uachtaran ar an gCumann Camogaiochta agus an chead bhean a bhi ina hUachtaran ar Oireachtas na Gaeilge .

Rugadh Maire i Rath Maonais sa bhliain 1879 agus d’fhreastail si ar Cholaiste Phairc Mhucrois agus ar an Ollscoil Rioga ( Ollscoil na hEireann nios deanai), ait a raibh si ina comhscolaire le h Una Ni Fhaircheallaigh , Helena Concannon , agus Hanna Sheehy-Skeffington .

Gaeilge [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair Maire a cuid Gaeilge ar saoire i mBaile Bhuirne , agus ghnothaigh si an chead scolaireacht sa Ghaeilge on Ollscoil Rioga, arbh fhiu £100 sa bhliain i, a chaith si ar chuairteanna ar an gcolaiste Gaeilge i m Beal Atha an Ghaorthaidh .

Rinne si staidear i scoil na Sean-Ghaeilge a bhunaigh an tOllamh Osborn Bergin , agus d'imir an tOllamh Eireannach-Astralach O'Daly tionchar laidir uirthi freisin. Ina dhiaidh sin, mhuin si Laidin tri Ghaeilge i mBeal Atha an Ghaorthaidh agus bhain si liofacht amach sa bh Fraincis , sa Ghearmainis , san Iodailis agus sa Spainnis .

Chaith si an £100 deireanach da scolaireacht ar spre da posadh le Sean Mac Gearailt, an chead Chuntasoir Ginearalta ar na Coimisineiri Ioncaim i statseirbhis na hEireann nios deanai. Bhi siad ina gconai i n Glas Naion ar dtus agus ansin i n Deilginis .

Bhi si ar dhuine de bhunaitheoiri Chraobh an Cheitinnigh , craobh radacach de Chonradh na Gaelige . Ba dhaoine as Ciarrai a bhi lonnaithe i m Baile Atha Cliath cuid mhaith de bhallraiocht na craoibhe, agus mheasadar gurbh iad fein focas intleachtuil an Chonartha.

Camogaiocht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I mi Lunasa 1904, se bliana tar eis gur bunaiodh na chead fhoirne iomana do mhna, foilsiodh rialacha na camogaiochta den chead uair riamh in Banba , irisleabhar a d'fhoilsigh Craobh an Cheitinnigh. Tarraingiodh aird an phobail ar an gcamogaiocht nuair a taispeanadh i ag an Oireachtas nios luaithe sa bhliain sin. Bhi si difriuil le hiomanaiocht na bhfear mar gheall ar liathroid nios eadroime agus pairc imeartha nios lu. Maitear go minic gurb iad Maire Ni Chinneide agus Cait Ni Dhonnchadha (cosuil le Ni Chinneide, naisiunai Eireannach agus gniomhai ar son na Gaeilge) a chruthaigh an cluiche, le cunamh o dhearthair Ni Dhonnchadha, Tadhg O Donnchadha, a dhreachtaigh na rialacha. [2] Bhi Maire ar an gcead fhoireann camogaiochta a d’imir cluiche taispeantais san Uaimh i mi Iuil 1904, agus rinne si bolscaireacht sna laethanta luatha sin chun an cluiche a chur chun cinn. Sa bhliain 1905, toghadh ina huachtaran ar an gCumann Camogaiochta urnua i.

Conradh na Gaeilge [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nios deanai, bhi Maire ina Leas-Uachtaran ar Chraobh an Cheitinnigh nuair a bhi Cathal Brugha ina Uachtaran. Bhi si gniomhach i gCumann na mBan le linn Chogadh na Saoirse agus bhi si ar son an chonartha le linn an chogaidh chathartha . Rinne si iarracht eagraiocht ban a bhunu “i dtacaiocht leis an Saorstat ” i gcomhar le Jennie Wyse Power .

Peig Sayers [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thug Maire cuairt ar na Blascaodai den chead uair sa bhliain 1932 lena hinion Niamh, a fuair bas og go tragoideach. Bhi aithne aici ar Pheig Sayers , agus i samhradh na bliana 1934, mhol si do Pheig a cuimhni cinn a scriobh.

D'fhreagair Peig nach raibh aon rud le scriobh aici. Nior fhoghlaim si ar scoil ach leamh agus scriobh i mBearla, agus bhi an chuid is mo de dearmadta aici.

Mhol Maire do Pheig a cuimhni cinn a dheachtu da mac Micheal O Gaoithin, ar ar thug gach duine ar an oilean “An File”, ach chroith Peig a ceann go hamhrasach. Faoi Nollaig, thainig paicead o na Blascaodai ina raibh lamhscribhinn, agus thras-scriobh Maire i focal ar fhocal. Sa samhradh, thug si ar ais go dti na Blascaodai i chun i a leamh do Pheig.

Ansin rinne si eagarthoireacht ar an lamhscribhinn, agus d'fhoilsigh an Talbot Press an leabhar Peig sa bhliain 1936.

Scribhneoireacht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ghabh Maire pairt sa chead drama Gaeilge nua-aimseartha a cuireadh ar staitse: Casadh an tSugain le Dubhghlas de hIde sa bhliain 1901. Nios deanai, scriobh si dramai do leanai a leirigh An Comhar Dramuidhachta ag an Oireachtas in Amharclann na Peacoige; foilsiodh Gleann na Sidheog agus An Duthchas (1908). Ba chraoltoir Gaeilge i ar an staisiun 2RN/Radio Eireann tar eis gur bunaiodh e sa bhliain 1926. Chuir si Gaeilge ar fhinscealta Grimm, leabhar a foilsiodh i 1923 mar Scealta o Ghrimm.

Fuair si bas ar 25 Aibrean 1967 [3] agus cuireadh i Reilig Ghrainseach an Dein i.

Foilseachain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Gleann na Sidheog . (Baile atha Cliath: Muintir na Leabhar Gaedhilge, 1905).
  • An Duthchas: drama ein-ghniomha . (Baile Atha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1908).
  • Scealta o Ghrimm (Jacob Grimm 1785?1863) (Aistriuchan, Baile Atha Cliath: Conradh na Gaedhilge, 1923).
  • Peig: a sceal fein do scriobh Peig Sayers  ; (eagarthoir, Baile Atha Cliath, Talbot Press, 1936, agus eagrain ina dhiaidh sin)

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Moran (2011). "A Game of Our Own: The History of Camogie": 460. Dublin, Ireland: Cumann Camogaiochta.  
  2. Riona Nic Congail, "'Looking on for centuries from the side-line': Gaelic Feminism and the rise of Camogie", Eire-Ireland (Spring / Summer 2013): 168?192. Gaelic Feminism and the Rise of Camogie
  3. NI CHINNEIDE, Maire (1878?1967) ” (ga-IE). ainm.ie . Data rochtana: 2022-07-28.