Paragua

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilParagua
Republica del Paraguay (es)
Teta Paraguai (gn) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Aintiun amhran naisiunta Pharagua Cuir in eagar ar Wikidata

Mana Paz y justicia
Peace and justice
Мир и справедливост
You have to feel it! Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in omos Abhainn Pharagua Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh
Map
  23°30′S 58°00′W  /  23.5°S 58°W  / -23.5; -58

Priomhchathair Asuncion Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlan 6,811,297 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlus 16.75 hab./km²
Teanga oifigiuil an Spainnis
an Ghuarainis Cuir in eagar ar Wikidata
Tireolaiocht
Cuid de Meiricea Laidineach
Southern Cone (en) Aistrigh
Meiricea Theas
Meiricea Easpainneach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 406,756 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Cerro Tres Kandu (en) Aistrigh (842 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is isle Abhainn Pharagua (46 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonrai stairiula
Cruthu 1811
Eagraiocht pholaitiuil
Comhlacht reachtach Comhdhail Pharagua Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtaran Pharagua Cuir in eagar ar WikidataSantiago Pena Palacios (2023?) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaiocht
OTI ainmniuil 39,950,899,733 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadra guarani Pharagua Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantoir tuairisciuil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlin barrleibheil .py Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochod +595 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafoin eigeandala 911 Cuir in eagar ar Wikidata
Cod tire PY Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suiomh greasain paraguay.gov.py Cuir in eagar ar Wikidata

Is tir i Meiricea Theas i Paragua , no Poblacht Pharagua ( Spainnis : Republica del Paraguay , Guarainis : Paraguai Tavakuaireta ). Ta si ag criochantaiocht leis an m Bolaiv , leis an m Brasail agus leis an Airgintin . Is i Asuncion an phriomhchathair. Ta 6 mhilliun duine ina gconai ann. Dala na Bolaive, nil aon chosta aici.

Tir dhatheangach ata ann, no siud is gurb i an Spainnis an chead teanga oifigiuil, is i an Ghuarainis , teanga na mbunduchasach, is mo a labhraitear. Is i an Ghuarainis caint na sraide sa phriomhchathair fein, agus i go liofa fiu ag sliocht na n-inimirceoiri on Eoraip. Sceal eile, afach, nach ndearnadh moran saothru ar an nGuarainis riamh mar theanga liteartha, agus mar sin, is i an Spainnis teanga na mean, na litriochta is an chultuir.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is i Paragua an chead tir i Meiricea Theas a d'fhogair neamhspleachas ar an Spainn. Thainig maithe agus moruaisle na tire le cheile in Asuncion ar an 14 Bealtaine 1811 le rialtas a cheapadh do Pharagua, agus ba e Fulgencio Yegros an chead Uachtaran. Ar dtus, bhi ceannairi Pharagua bauil le gluaiseacht neamhspleachais na h Airgintine , ach, in imeacht ama, d'fhuaraigh an caidreamh idir an da thir, o nach raibh moran muinine acu as a cheile.

Re an Dochtura Francia [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Jose Gaspar Rodriguez de Francia

Fagadh Paragua scartha scoite mar thir, agus deachtoiri anlathacha a rialu. Ba e Jose Gaspar Rodriguez Francia , no "an Dochtuir Francia", an chead deachtoir acu go leir. D'eirigh leis aitiu ar chomhthionol na bliana 1813 glacadh le bunreacht nua a thainig ona pheann fein den chuid ba mho. Agus an bunreacht seo i bhfeidhm, bhailigh se iomlan na cumhachta chuige fein go sciobtha, agus sa bhliain 1816 , bhi se abalta deachtoir a ghairm de fein go hoscailte is go hoifigiuil.

Mhair Francia i gceannas ar an tir go dti an bhliain 1840 . Choinnigh se Paragua faoi dhiansmacht, agus nior cheadaigh se freasura na easaontas d'aon chineal. Sa bhliain 1820 , thainig se chun solais go raibh cuid mhor de scothaicme pholaitiuil na tire saite i gcomhcheilg leis an deachtoir a fheallmharu. D'imir Francia dioltas fuilteach ar lucht na comhcheilge, agus chuaigh an t-ollsmacht chun deine ina dhiaidh sin.

Chuir Francia srianta cunga le gach caidreamh leis an saol mor lasmuigh de Pharagua. Ni raibh cead isteach ag na strainseiri, na cead amach ag na Paraguaigh. Bhi na teorainneacha dunta, agus an tradail leis na tiortha coimhthiocha coiscthe go hiomlan, ce is moite de chupla ait a bhi ceaptha go speisialta chuige sin. Ni raibh, fiu, aon phosadh i bhfeidhm de reir an dli, murar cuireadh an cleamhnas i gcead an deachtora.

On taobh eile de, bhi Francia go trean in aghaidh truailliu moralta agus breabaireacht de gach cineal. D'fheach se chuige go pearsanta go ndearnadh feabhas agus forbairt ar mhodhanna oibre na talmhaiochta. Bhi se go hionraic ag iarraidh stat cumasach a dheanamh de Pharagua. San am ceanna, bhi an chuid ba mho de na tiortha i Meiricea Theas a streachailt as a cheile ag triobloidi inmheanacha. Bhi cuid nar bheag de bhunadh Pharagua brea sasta leis an tsiochain a choimead an deachtoir sa tir.

Re Lopez [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1840 , cailleadh Francia, agus 74 bliana d'aois slanaithe aige. Ar feadh tamaill, bhi an tir ina cior thuathail, ach ansin, d'eirigh le Carlos Antonio Lopez agus Mariano Roque Alonso dul i gceannas ar Pharagua mar "chonsail". D'athbheoigh na ceannairi nua caidreamh na tire leis an saol mor, agus shinigh siad conradh tradala leis an Airgintin.

Sa bhliain 1844 , rinneadh Uachtaran de Lopez. Bhi se ag iarraidh caidreamh cairdiuil a chur ar bun leis na comharsana agus leis na morchumhachtai fein, no shinigh se conarthai leis an mBreatain Mhor agus leis na Stait Aontaithe . Bhunaigh se iris oifigiuil don tir leis na cursai riarachain a dheanamh ni b'oscailte, agus mhol se do na mic leinn seal staideir a chaitheamh thar lear.

Chabhraigh Lopez le h Uragua agus leis an mBrasail deireadh a chur le deachtoireacht Juan Manuel de Rosas san Airgintin . I ndiaidh an chogaidh, fuair Paragua aitheantas a neamhspleachais o cheannairi nua na hAirgintine, aitheantas nar thainig roimhe sin.

Cogadh na Triphairtiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Mar sin fein, bhi cogadh millteanach i ndan do Pharagua leis na comharsana. Nuair a fuair Lopez bas, thainig a mhac, Francisco Solano Lopez , i gcomharbas air. Ni raibh an cumas ceanna taidhleoireachta ag an mac agus a bhi ag a athair, agus nuair a bhi an Bhrasail ag cur ladair i gcursai inmheanacha Uragua, d'fhogair Lopez og nach raibh a leitheid ag teacht le sainleas Pharagua. Thosaigh se ag cur treallchogaidh ar an mBrasail. Ansin, afach, tharraing se an Airgintin fein anuas air, toisc nach bhfuair se cead forsa sluaiochta a chur ag ionsai na Brasaile trasna thailte na hAirgintine.

Thainig drochdheireadh le pastaireacht Lopez, no chuaigh an Airgintin, an Bhrasail agus Uragua le cheile in Earrach na bliana 1865 le cogadh a chur ar Pharagua. Mhair an cogadh seo - Cogadh na Triphairtiochta , no La Guerra de la Triple Alianza - go dti an bhliain 1870 . Ce nach raibh seans ar bith ag na Paraguaigh, chuir siad ar a son go headochasach, agus chuaigh leirscrios uafasach ar an tir da reir. In Eanair na bliana 1869 , ghlac trupai na Triphairtiochta seilbh ar an bpriomhchathair, ach nior criochnaiodh an cogadh ach sa bhliain a bhi chugainn, nuair a bhasaigh Lopez og i machaire an air i dtuaisceart na tire.

An Treimhse Iarchogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I ndiaidh an chogaidh, d'fhan na Brasailigh i seilbh na tire ar feadh leathdhosaen de bhlianta, agus thit cuid mhor d'eacnamaiocht na tire le lucht gno iasachta. hOsclaiodh geatai na tire d'inimirceoiri on gcoigrioch, agus thainig na milte Iodalach isteach, mar a thainig siad chun na hAirgintine freisin.

Bhi siochain inmheanach na tire imithe i ndiaidh Chogadh na Triphairtiochta, agus na deachtoiri ag teacht i gceannas ar an tir duine i ndiaidh a cheile. D'fhorbair dha phairti polaitiochta, is e sin, na Liobralaigh, ar a dtugtai "na Gorma" ( los Azules ), agus na Coimeadaigh, is e sin, "na Dearga" ( los Colorados ). Ni raibh moran uimleide ag baint leis an deighilt seo i ndairire, no bhi treithe pearsanta na gceannairi polaitiula i bhfad ni ba thabhachtai na an ide-eolaiocht.

Ba iad na coimeadaigh a mhair ag rialu na tire a raibh fagtha den naou haois deag. Ni raibh siad in ann siochain a chur ar bun sa tsochai i bhfianaise an easaontais pholaitiuil a tharraingiodh triobloidi agus foreigean anuas ar Pharagua.

Ba e Bernardo Caballero an chead Uachtaran i ndiaidh Chogadh na Triphairtiochta. Coimeadach a bhi ann, agus e ag diol tailte de chuid na tire le hinfheisteoiri iasachta, beag beann ar na scologa bochta a raibh conai orthu ansin cheana. Chuir an polasai seo go mor isteach ar na Liobralaigh, agus sa bhliain 1890, d'eirigh siad amach in aghaidh Caballero. An ginearal a chloigh an cheannairc seo, Juan Baptista Egusquiza, thuig se go raibh comhreiteach polaitiuil eigin ag teastail leis na Liobralaigh a thabhairt chun siochana. Nuair a bhain Egusquiza fein amach an Uachtaranacht, d'fheach se le maolu ar an deighilt pholaitiuil idir an da phairti, agus shinigh se Conradh Naisiunta le cuid de na ceannairi Liobralacha. Trid is trid, afach, nior eirigh le mo dhuine an scoilt a leigheas. A mhalairt ar fad, chuir se tus le deighilt eile idir iad siud a bhi bauil leis an gconradh naisiunta agus iad siud a bhi ina aghaidh.

Sa bhliain 1904, thainig na Liobralaigh chun cumhachta faoi dheireadh. B'e Manuel Gondra an chead Uachtaran Liobralach. Bhi se meaite ar an daonlathas a fhorbairt sa tir, agus chuir se deireadh leis an doigh a rabhthas ag diol tailte Pharagua le moruineiri coimhthiocha, go hairithe Airgintineacha. Na huachtarain a thainig i gcomharbas ar Gondra, afach, ni raibh siad leath chomh fointeach ceanna.

Cogadh Chaco [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Gran Chaco - Paragua

Sa bhliain 1932, phleasc cogadh nua amach. Ba i an Bholaiv an namhaid, no bhi na Bolavaigh ag santu Gran Chaco , machaire ar bheagan aitribh idir an da thir. Bhi se ina sceal reatha go raibh artola in ithir Chaco, rud a chuir go mor mor le fonn cogaidh an da thaobh. Mhair forsai armtha an da thir ag maru a cheile go dti an bhliain 1935, nuair a thainig an sos cogaidh i bhfeidhm. Socraiodh an tsiochain tri bliana ina dhiaidh sin, agus ba i Paragua a fuair an chuid ba mho den limistear a bhi ina chnamh spairne. Go dti an la ata inniu ann, afach, nior baineadh oiread is braon amhain artola as Chaco.

I ndiaidh an Chogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Chuir an cogadh deireadh le caithreim na n Azules Liobralacha i bpolaitiocht Pharagua. Ba e an Coirneal Rafael Franco, laoch de chuid Chogadh Chaco, a ruaig an tUachtaran Eusebio Ayala as oifig le dul i gceann na gcursai e fein. Duine neamhpholaitiuil a bhi i bhFranco, agus dealraionn se go raibh se go hionraic ag iarraidh an tir a fhorbairt is a fheabhsu. Thug se aitheantas oifigiuil do na ceardchumainn, agus thosaigh se ag roinnt tailte ar na scologa bochta.

Ni raibh fad saoil i ndan do rialtas Franco, afach. Chaill seisean agus lucht a leanuna an chumhacht i ndiaidh bliain go leith, agus thainig drong mhileata eile ina n-ait. Sa bhliain 1939, afach, cuireadh crioch leis an rialtas seo fein.

Ba e Jose Felix Estigarribia a chuaigh i gceannas ar an tir anois. Bhi seisean cosuil le Rafael Franco ina dhearcadh ar chursai na tire, agus e den bharuil gur choir leanuint ar aghaidh leis na leasuithe soisialta ar chuir Franco tus leo. Bliain amhain i ndiaidh a choup d'etat fein, afach, cailleadh Estigarribia i dtimpiste eitleain, agus ba e a Aire Cogaidh, Higinio Morinigo , a thainig i gcomharbas air.

Coimeadach a bhi i Morinigo, agus e ina dheachtoir den chineal is minici a shamhlaitear le Meiricea Theas. Chaith se cuid mhaith easaontoiri i dtoin an phriosuin, agus an chuid eile ag ealu as an tir i mbeal na seibe. D'fhan Morinigo ina dheachtoir go ceann ocht mbliana, agus e ag iarraidh an da thra a fhreastal sa Dara Cogadh Domhanda. O thaobh amhain de, d'fhogair Morinigo cogadh ar an nGearmain le hairgead agus cuidiu a mhealladh o na Stait Aontaithe. On taobh eile, bhi se ag coinneail dluthchaidrimh leis an Airgintin, ce go raibh rialtas na tire sin an-bhauil leis an nGearmain. I ndiaidh an chogaidh, d'fhailtigh Morinigo roimh chuid mhaith iar-Naitsithe mar lucht inimirce.

Sa bhliain 1947, thainig freasura Pharagua le cheile agus d'eirigh siad amach in aghaidh Morinigo. Ni raibh rath ar an iarracht seo, ach sa bhliain dar gcionn, bhain a phairti fein - na Colorados choimeadacha - an chumhacht den deachtoir. Ansin, thainig uachtaran i ndiaidh a cheile as measc na g Colorados , ach ba e Federico Chaves an t-aon duine amhain acu a bhi in ann an chumhacht a choinneail aige fein.

Deachtoir cosuil le Morinigo ab ea Chaves, ach nuair a chaill seisean an chumhacht sa bhliain 1954, ba e deachtoir na ndeachtoiri a thainig ina ait - Alfredo Stroessner.


Re fhada Stroessner [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Mac le hinimirceoir on nGearmain a bhi in Alfredo Stroessner , agus e ina shaighdiuir o bhi se se bliana deag d'aois. Bhi bliain agus dha scor slanaithe aige, nuair a bhain se an chumhacht de Chaves sa bhliain 1954.

Chuir se bun leis an dara deachtoireacht is fadsaolai i i stair Mheiricea Theas , no bhi se ag rialu Pharagua go dti an bhliain 1989.

Chuaigh Stroessner i gceannas ar an bpriomhphairti polaitiuil, na Colorados no na Dearg a, agus ruaig se na ceannairi eile as an tir.

Chuir Stroessner staid eigeandala i bhfeidhm ar an tir. Ba e an leagan oifigiuil den sceal go raibh an daonlathas ann i gconai, ach amhain go raibh na cearta sibhialta curtha ar fionrai.

Le linn do Stroessner a bheith in oifig, cuireadh dreamanna eagsula mionlaigh faoi chois (mar shampla, muintir Chambacua) [1] . Cuireadh pobail duchais ona dtailte sinsir agus rinneadh na milte a cheasadh is a chur i gcarcair.  

Chuirti an eigeandail ar ceal ar na laethanta toghchan le craiceann na hinchreidteachta a choinneail ar an bhficsean seo. Thairis sin, bhi dha phairti eile seachas na Colorados ar an b parlaimint , ach ma bhi fein, bhi an bunreacht coirithe lena chinntiu nach bhfaigheadh ach na Colorados tromlach na suiochan. Bhi an da phairti freasura sasta comhoibriu leis na Colorados an chuid ba mho den am, no ni chuirfeadh Stroessner suas le haon fhior-fhreasura. Bhi gearleanuint chrualach a deanamh ar na heasaontoiri polaitiula, agus d'imigh cuid mhor acu as an tir le teacht slan o lamh thapaidh na bpoilini runda.

Asociacion Nacional Republicana Partido Colorado

O thaobh na h eacnamaiocht a de, bhi an saol ag eiri cuiosach maith le Paragua, buiochas leis an smuigleireacht a bhi ina sli bheatha ag an tir go leir. D'fheadfa gach sort a cheannach i bParagua saor o chain, o chustam agus o dhleacht, agus muintir na h Airgintine ag tonnadh isteach, abair, le gleasra leictreonaic e a cheannach ar sladmhargadh.

Bratach, Colorado

Lena cheart a thabhairt do, ni raibh an deachtoir ag diomailt an statchiste, no b'fhearr leis boithre a ghearradh agus sceimeanna fonta togala eile a chur i gcrich. Mar sin, bhi cuid mhor de mhuintir Pharagua bauil leis, i ndiaidh an iomlain.

Sna hochtoidi , thainig meath ar an Aontas Soiveadach agus ar an mbagairt Chumannach a bhi mar shiocair ag Stroessner leis an eigeandail a choinneail i bhfeidhm. Mar sin, thainig forsai an fhreasura le cheile, agus pairti na g Colorados fein ag dul chun cearmansaiochta ar an deachtoir.

Ni raibh an rialtas in ann ach an freasura a ionsai agus a smachtu le lamh laidir, cleas nach raibh ag obair go romhaith a thuilleadh. I mi Feabhra, 1987, d'ionsaigh na poilini cruinniu freasura le deorghas, gan aird a thabhairt air go raibh ambasadoir na Stat Aontaithe i lathair. Tharraing an eachtra seo na seantithe anuas ar Stroessner, no d'iompaigh rialtas na Stat Aontaithe ina choinne, agus bagraiodh baghcat ar an tir.


Filleadh an Daonlathais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I ndiaidh an toghchain ar an 14 Feabhra 1988 , inar votaladh Stroessner isteach, chinn na forsai armtha agus na Colorados an deachtoir a chur as oifig faoi dheoidh. Chuir duine da ghinearail fein, Andres Rodriguez, a bhi posta lena inion, an ruaig ar Stroessner. Ar an 3 Feabhra 1989 , chuir an Ginearal Andres Rodriguez deireadh le treimhse Stroessner le lamh laidir. Dhibir se an deachtoir go dti an Bhrasail , agus choirigh Rodriguez toghchain nua Uachtaranachta faoi dheifir.

Ni raibh forsai an fhreasura in ann aon iarrthoir amhain a chur chun tosaigh, agus ba e Rodriguez a ghnothaigh an baire. Ma ghnothaigh, afach, nior chuir se deachtoireacht nua ar bun. Thainig deireadh lena re sa bhliain 1993, d'eirigh se as mar ba choir, agus d'fhag se oifig an Uachtarain go muinte beasach ag Juan Carlos Wasmosy a bhuaigh an chead toghchan eile. On la sin i leith, is feidir a ra go bhfuil an daonlathas ag oibriu i bParagua, ce go raibh gearcheimeanna ann ina dhiaidh sin fein, go hairithe sa bhliain 1996 agus i rith na mblianta 1998-1999.

Asuncion

Sa bhliain 1996, rinne an Ginearal Lino Oviedo iarracht an chumhacht a shealbhu le lamh laidir. Theip air tacaiocht na bhforsai armtha a fhail, afach, agus sa deireadh, caitheadh i dtoin an phriosuin e. Bhi Oviedo ceaptha roimhe sin mar iarrthoir do na Colorados le haghaidh thoghchan Uachtaranachta na bliana 1998, ach anois, ba e a sheanchara Raul Cubas Grau a thainig ina ait. Votaladh isteach e freisin, agus ina Uachtaran do, scaoil se Oviedo saor on bpriosun. Ansin, afach, d'fhogair an Ard-Chuirt nach raibh de chead aige a leitheid a dheanamh, de reir an bhunreachta, agus d'eiligh ar an Rialtas Oviedo a chimiu aris. Dhiultaigh Cubas an t-ordu seo a chomhlionadh, agus ansin, dunmharaiodh Luis Maria Argana, tanaiste an Uachtarain, a bhi ag cur in aghaidh Oviedo. Chreid an chuid ba mho de na Paraguaigh gurbh iad Cubas agus Oviedo a choirigh an dunmharu, agus chuir an pharlaimint an dli ar an Uachtaran. Nuair a bhi an chuma ag teacht ar an sceal go d tainseofai e, d'eirigh Cubas as an Uachtaranacht as a stuaim fein i ndeireadh Mhi na Marta 1999 agus chuaigh ar deoraiocht go dti an Bhrasail. Go dti an Airgintin a d'ealaigh a chara, Oviedo. Ceapadh Ceann Comhairle an tSeanaid Luis Gonzalez Macchi ina Uachtaran, agus le cuidiu comhrialtas nua, bhi se in ann an tir a thabhairt chun suaimhnis aris. [2]

Cultur Pharagua [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Meascan cothrom dha chultur - cultur na Spainne agus cultur na mbunduchasach - is ea cultur Pharagua, cosuil leis an doigh a bhfuil muintir Pharagua faiscthe as dha chine, agus an da theanga, Spainnis agus Guarainis, a labhairt ag an gcuid is mo de na daoine. Is e an bearlagair ud Jopara (no Yopara , de reir litriu na Spainnise) caint na sraide: meascan Spainnise agus Guarainise ata ann.

Bionn gneithe den mheascan sin le haithint ar chultur na tire ar fad - idir bhroidneireacht, cheol, agus chocaireacht. Bionn an casabhach ( mandioca , mar a thugtar air go haitiuil) an-choitianta i mbia Pharagua.

Maidir leis an gceol, is docha gurb iad na hamhrain Ghuarainise - purahei - an seanra is tabhachtai. Is gnach na hamhrain a ra as Guarainis no i meascan an da theanga, agus is minic a phleitear cuimhni na gcogai sna hamhrain. Is docha gurbh e Emiliano R. Fernandez, no Emilianore (1894-1949) an t-amhranai purahei ba mho le ra da raibh ann riamh. Chum se idir amhrain chogaidh agus amhrain ghra, agus iad i mbeal an phobail sa tir i gconai. Ce gurb i an Ghuarainis an teanga, is gnach purahei a sheinm ar ionstraim Spainneach, - an giotar. Uirlis cheoil thabhachtach eile i an chlairseach , agus thainig si on Eoraip chomh maith leis an ngiotar.

Nil an oiread scribhneoiri maithe i bParagua agus i dtiortha eile i Meiricea Theas, ach mar sin, airitear Augusto Roa Bastos (1917-2005) ar scribhneoiri mora na hilchriche go leir. B'e an leabhar ba thabhachtai a thainig ona pheann na an t- ursceal stairiuil Yo el Supremo - "Mise an tArdcheannasai". Cur sios ficseanuil a bhi ann ar an Dochtuir Francia. Ba dobair nar thuill an t-ursceal seo Duais Nobel na Litriochta don scribhneoir.

Is i an fhadhb mhor a bhionn ag lui ar na scribhneoiri Paraguacha nach feidir leo scriobh sa teanga is fearr a labhraionn siad - an Ghuarainis. Ni dhearnadh moran forbartha uirthi mar theanga scriofa na chulturtha riamh, agus caithfear a lan Spainnise a mheascadh trithi le tracht a dheanamh ar na cursai comhaimseartha. Teanga labhartha i thar aon rud eile. On taobh eile de, bionn blas an phaipeir agus na gcaipeisi oifigiula ar an Spainnis i bParagua, no is as Guarainis a insitear na scealta magaidh - is i an Ghuarainis teanga an bhealoidis ar fad.

Baineadh an chorrthriail as Guarainis agus as Yopara mar theangacha scriofa, chomh maith. Mar sin fein, is minic nach mbionn na Paraguaigh abalta a dteanga dhuchais a leamh na a bhreacadh sios. Is i an Spainnis teanga na nuachtan, ach d'fheicfea corrcholun Guarainise anseo agus ansiud.


Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. beo,ie (10/2009). " Pobal Afra-Pharaguach Chambacua ". Data rochtana: 15 Lunasa 2018.
  2. http://en.wikipedia.org/wiki/Paraguay


Tiortha Mheiricea Theas
Airgintin, an | Bholaiv, an | Bhrasail, an | Choloim, an | Eacuador | Ghuain, an | Paragua | Peiriu | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniseala