On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Scribhneoir
ficsin eolaiochta
o na Stait Aontaithe ab ea
Franklin Patrick Herbert Og
, no
Frank Herbert
mar a shiniodh se a chuid saothar. Rugadh in Tacoma, stat Washington, ar an 8u la de Mhi Dheireadh Fomhair sa bhliain 1920, agus shiothlaigh se ar an 11u la d'Fheabhra sa bhliain 1986 i Madison, stat Wisconsin.
Is e an saothar is tabhachtai a thainig ona pheann na an t-ursceal ud
Dune
("An Dumhach") agus an tsraith urscealta a scriobh se le sceal na Dumhcha a leanuint. Foilsiodh an chead ursceal sa tsraith faoi chludach leabhair sa bhliain 1965, ach roimhe sin fein bhi se le leamh san iris chluiteach ficsin eolaiochta ud
Analog
.
Ta imeachtai an ursceil ud
Dune
suite ar Arrakis, plainead gainimh a bhfuil "spiosra" rundiamhair le fail air. Is iad na peisteanna millteanacha a chonaionn i ndoimhneacht na bhfasach gainimh a sholathraionn an spiosra, agus a lan airionna eagsula ag baint leis a tharraingionn suil an realtra go leir air. Teastaionn an spiosra go gear o eitleoiri na spasbhad idir-realtach, os rud e go gcaithfidh siad a bheith meabhrach ar thoisi uile na hollchruinne, agus iad ag ithe an spiosra leis an meabhraiocht seo a bhaint amach. Thairis sin afach cuireann an spiosra fad le do shaol. Is iad an da theaghlach uasal ud - muintir Atreides agus muintir Harkonnen - ata ag iarraidh teacht i seilbh Arrakis agus an spiosra. Thairis sin afach ta Siuracha Bene Gesserit, cineal ord spioradalta do mhna, ag iarraidh a ladal fein a chur sna himeachtai. Is e Paul Atreides ata i gcroilar an sceil - fear og de mhuintir Atreides agus na Siuracha ag iarraidh e a iompu ina Kwisatz Haderach, sort meisias a bhfuil i ndan do an realtra go leir a tharrthail agus a rialu. Gne eile den sceal iad na
Fremen
, muintir an fhasaigh a chuirfeadh na hArabaigh i gcuimhne duit. Tugann siad Muad'Dib ar Paul, no sin e an t-ainm ata acu ar Mheisias. Le firinne ba iad na Siuracha a scaip an finsceal meisiasach ina measc ar dtus, no is cuid da n-obair scealaiocht den chineal sin a chur ag imeacht ar phlaineid phrimitibheacha ar mhaithe leo fein. Siur de chuid Bene Gesserit i mathair Paul, Jessica, agus i in ann teacht i dtir ar an seanchas seo le tearmann a fhail i measc na bhFremen di fein agus da mac.