On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Is poblacht daonlathach i
an Phortaingeil
(
Portaingeilis
:
Portugal
), go hoifigiuil
an Phoblacht Phortaingealach
(
Portaingeilis
:
Republica Portuguesa
), ata suite in iardheisceart na
hEorpa
. Ta teorainn ag an tir leis
an Spainn
, suite san oirthear, agus
an tAigean Atlantach
san iarthar. Cludaionn an tir na hoileanrai
na hAsoir
agus
Maideara
. Is i Liospoin, an chathair is mo sa Phortaingeil, priomhchathair na tire.
Usaidtear an
euro
mar airgeadra sa Phortaingeil. Dar le tuairisc na bliana 2017 on
gCiste Airgeaduil Idirnaisiunta
, is e geilleagar na Portaingeile an 55u ceann is mo ar domhan de reir olltairgeacht intire (
OTI
) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 47u ceann de reir OTI ainmniula. De reir OTI PCC de reir chonaithigh, is an 46u geilleagar is mo ar domhan ata ag an bPortaingeil, e ar $30,258 don chonaitheach.
Dar le
hInneacs Forbartha Daonna Socraithe don Eagothroime
na
Naisiun Aontaithe
, a thomhaiseann caighdean an tsaoil i dtiortha eagsula de reir gneithe eacnamaiochta agus neamh-eacnamaiochta, is i an Phortaingeil an 42u tir is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 26u tir is forbartha san
Aontas Eorpach
, as 28 ceann.
[1]
I
dTuarascail Sonais Domhanda
2018 na Naisiun Aontaithe, meastar gurb i an Phortaingeil an 77u tir is sona, as 156 thir.
I Mi na Marta 2019, bhi rata
difhostaithe
na tire ag 6.4%, an 20u leibheal is fearr san Aontas Eorpach.
[2]