Sean O Ruadhain

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Sean O Ruadhain, Saol agus Saothar
Infotaula de personaSean O Ruadhain
Beathaisneis
Breith 20 Feabhra 1883
Gaoth Saile, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 22 Meitheamh 1966
83 bliana d'aois
Gniomhaiocht
Gairm aistritheoir , scribhneoir , muinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scribhneoir Gaeilge o Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo ab ea Sean O Ruadhain ( 20 Feabhra 1883 i n Dumha Locha , Gaoth Saile a rugadh e, in Iorras i dTuaisceart Mhaigh Eo - 22 Meitheamh 1966 ).

Is e an t-ursceal Padhraic Mhaire Bhan, no: An Gol is an Gaire an ceann is tabhachtai da chuid bunsaothar.

Scriobh se don aos og den chuid is mo; scriobh se an diolaim Grinnscealta do na paisti. Rinne se a lan aistriuchan freisin: chuir se Gaeilge ar David Copperfield le Charles Dickens , Travels with my Donkey ( Me fein is m'Asal ) le Robert Louis Stevenson , agus Wild Sports of the West ( Sealgaireacht an Iarthair ) le William Hamilton Maxwell.

D'fhoilsigh se ailt, scealta agus aisti ar irisi eagsula freisin, ar nos An Scuab , An Fainne , Ar Aghaidh , An Connachtach agus The United Irishman , agus thainig na mionscribhinni seo i gclo faoi chludach leabhair i ndiaidh a bhais - An Mothall Sin Ort is teideal don diolaim seo.

Sna 1950idi , bhiodh aisti i gclo aige ar cheart na Gaeilge faoin teideal 'Ceart no micheart?' [1] agus is iomai conspoid a mhuscail se.

Charles Dickens

Tus a Shaoil [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Sean O Ruadhain, no John Rowan no Ruane as Bearla, i nDumha Locha, Gaoth Saile Co. Mhaigh Eo, ar an 26 Feabhra 1883, Ba iad Aodh O Ruadhain (Hugh Rowan), feirmeoir beag, agus Maire Bhairead (Mary Barrett) a thuismitheoiri. Saolaiodh seachtar clainne d'Aodh agus do Mhaire, agus Sean ar an triu duine acu agus ar an mac ba sine.

Bhi leann agus Bearla ag mathair Sheain, agus theastaigh uaithi oideachas a chinntiu da clann. Ina dhiaidh sin fein ba i an Ghaeilge ba mho a labhraiti leis na paisti sa bhaile. Nuair a thainig Sean in aois scoile, afach, ni raibh scoil ar bith ag obair i nDumha Locha fein, agus chaithfeadh se dul go dti an tSraith ar lorg foghlama. Osclaiodh scoil ur i nDumha Locha sa bhliain 1891, afach, agus ansin, thosaigh se ag freastal ann.

Sa bhliain 1900, agus e ina stocach seacht mbliana deag d'aois, d'fhag Sean scoil Dhumha Locha. Chruthaigh se go maith ag togail leinn, ach dealraionn se nach ansin a d'fhoghlaim se leamh agus scriobh a theanga duchais, no ba e an Bearla mean na muinteoireachta ansin. Is dealraitheach gur fhreastail se ar ranganna oiche den chineal ar thug se cur sios orthu ina ursceal "Padhraic Mhaire Bhan" le scribhneoireacht na Gaeilge a fhoghlaim.

Obair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Chaith se an chuid ba mho de na blianta 1900-1904 ag sclabhaiocht i Sasana. Obair feirmeoir eachta ba mho a bhi i gceist. Sa deireadh, afach, d'fhill se abhaile le cuidiu lena athair in oibreacha an ti. Chuir se suim i gcursai na Gaeilge, agus is iomai duais a thabhaigh a scileanna teanga agus oraidiochta do.

Sa bhliain 1905 bhain se amach dintiuir an mhuinteora , agus ansin thosaigh se ag teagasc Gaeilge agus ag timireacht do ghluaiseacht na teanga (bhi se ina thimire ag Conradh na Gaeilge sna blianta 1906-1921). O 1906 ar aghaidh, chaith se seal i ndiaidh a cheile ag muinteoireacht in aiteanna eagsula: Tuar Mhic Eadaigh , Caislean an Bharraigh , Tuaim agus Baile Idir dha Abhainn i g Contae Shligigh .

I dTuar Mhic Eadaigh a casadh Eamon de Valera air, agus mhair an cairdeas go la bais an Ruadhanaigh: thainig de Valera ar a shochraid. [2]

Conradh na Gaeilge

I mBAC [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1922 d'aistrigh O Ruadhain go Baile Atha Cliath le teacht slan o na triobloidi i gCo. Shligigh, no bhi Cogadh na gCarad faoi lan an tseoil san am. Ar dtus bhi se ag muineadh i scoil mhaisiunach na mbuachailli i g Cluain Sceach . [ fioras? ]

Sa bhliain 1928 fuair se post nua i gcolaiste na Carraige Duibhe , agus sa bhliain cheanna a phos se a bhean cheile, Maighread Ni Ora. Muinteoir o Mhaigh Eo a bhi i Maighread cosuil le Sean fein, ach ni raibh Gaeilge o dhuchas aici, agus chaithfeadh si dul i dtuilleamai an fhoclora le hadhmad a dheanamh de shaothar a fir cheile. D'fhoghlaim clann na lanuine - Caitriona, Micheal, agus Sean Og - an Ghaeilge chois tinteain , afach.

I mbun pinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sna fichidi a chuaigh Sean Mor i m bun pinn i ndairire. Chum se no d'aistrigh se roinnt teacsleabhar scoile.

"Padhraic Mhaire Bhan, no an Gol is an Gaire" [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is e an t-ursceal Padhraic Mhaire Bhan, no: An Gol is an Gaire an ceann is tabhachtai da chuid bunsaothar.

Sa bhliain 1930 ghnothaigh se comortas urscealaiochta le "Padhraic Mhaire Bhan" (in eineacht le Barra O Caochlaigh, a scriobh "Lucht Ceoil"). Ta imeachtai an sceil suite in Iorras , Maigh Eo . Tugann an t-ursceal leargas cuimsitheach ar imeachtai na staire o Chogadh na Talun go Cogadh na Saoirse , agus is leir gur bhain an t-udar an-leas as an eolas a bhi aige ar stair an cheantair, go hairithe ar an doigh ar thainig cursai polaitiochta agus naisiunachais isteach agus an naou haois deag ag druidim chun deireanais. I ndiaidh an iomlain, afach, nil sna mionsonrai staire ach culra don sceal agus don phlota. Nuair a thainig "Padhraic Mhaire Bhan" i gclo, bhi rachairt as an ngnath air. Ach ni raibh Sean O Ruadhain sasta leis an doigh ar chaith An Gum leis: go bunusach, shealbhaigh an teach foilsitheoireachta smacht cruthaitheach an udair ar an leabhar go dti an bhliain 1949. Dealraionn se go ndeachaigh an sealbhu seo i bhfeidhm ar O Ruadhain mar a bheadh goid ann, agus nior scriobh se ursceal nua riamh, pe rud a bhi leitheoiri an chead ursceal ag impi air.

Robert Louis Stevenson

Aos og [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Scriobh se don aos og den chuid is mo; scriobh se an diolaim Grinnscealta do na paisti.

Aistriuchain agus ailt [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'fhoilsigh se a lan aistriuchan sna triochaidi freisin. Sa bhliain 1933 thainig "Sealgaireacht an Iarthair" i gclo, leagan Gaeilge ar "Wild Sports of the West" le William Hamilton Maxwell, agus ina dhiaidh sin "Me fein is m'Asal" ("Travels with my Donkey") le Robert Louis Stevenson (1937). Ba e "David Copperfield" le Charles Dickens an t-aistriuchan ba teagartha acu go leir, afach.

Ce gur eirigh an Ruadhanach as an urscealaiocht, bhi se sasta aisti agus scribhinni ocaidiula a bhreacadh sios agus a fhoilsiu sna hirisi Gaeilge ag ionsai go dti la a bhais. Chuaigh rogha agus togha na n-aisti faoi chludach leabhair i ndiaidh a bhais, agus "An Mothall Sin Ort" mar theideal ar an diolaim seo.

David Copperfield, 1849

Ar Scor [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1948 chuaigh Sean O Ruadhain ar scor, agus ansin chuir se faoi i g Coillte Mach , ait a raibh conai ar a bhean cheile cheana fein.

I mblianta deireanacha a shaoil bhi se ag bailiu eolais faoina chanuint fein le haghaidh foclora, ach ni raibh se daite do an focloir sin a chur in eagar. Scriobhadh se altanna faoi cheart na teanga sna hirisi Gaeilge, agus e mishasta leis an m Bearlachas a d'aithin se ar Ghaeilge na nGaeilgeoiri agus na mean.

Bhi se ina bhall de Choiste Gno Chonradh na Gaeilge agus ina Uachtaran ar Chumann na Scribhneoiri.

Cailleadh sa bhliain 1966 e (ar 22 Meitheamh 1966 ), agus cuireadh i reilig Ghrainseach an Dein e.

Duirt Seosamh O Duibhginn faoi: ‘Ba fhear cuthail e nar shantaigh riamh a ainm a bheith i mbeal an phobail, ach ba fhear e a raibh creideamh laidir aige agus e daingean dushlanach ina chuid tuairimi’. [1]

Foinsi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Mac Nioclais, Mairtin, Sean O Ruadhain: Saol agus Saothar (An Clochomhar, 1991)

Leigh freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • O Ruadhain, Sean, Padhraic Mhaire Bhan, no: An Gol agus an Gaire (An Gum, 1994)
  • O Ruadhain, Sean, Ceart no Micheart. Sean O Ruadhain i bhFeasta . Eag. Liam Mac Peaircin (Coisceim 2007)
  • D’fhoilsigh An Clochomhar a bheathaisneis i 1992: Sean O Ruadhain: saol agus saothar le Mairtin Mac Nioclais.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. 1.0 1.1 " Sean O Ruadhain: Saol agus Saothair | CIC ". www.cic.ie . Data rochtana: 2019-06-22. [ nasc briste go buan ]
  2. " O RUADHAIN, Sean (1883?1966) " (ga). ainm.ie . Data rochtana: 2019-06-22.