Is laoch pobail bealoideasuil as
Conamara
e
Scorach Ghlionnain
. Rinne se gniomhartha gaisce agus foirithinte ar phobal a bhi a mbascadh agus a gcra ag na tiarnai talun gan trocaire, na Blacaigh. Deirtear gur chineal de
Robin Hood
Chonamara a bhi ann 'a bhain don saibhir agus a thug don bhocht'. De reir an tseanchais, mhair an Scorach agus a bhuion chroga i n
Glionnan
, taobh le talamh na mBlacach ar an
Tulaigh
.
"Ma bhi Robin Hood sa mbealoideas ag muintir Shasana ba e Scorach Ghlionnain [Gleannan] a bhi i g
Conamara
agus lan mala scealta ar an teallach faoi na gniomhartha gaisce agus foirithinte a rinne se ar phobal a bhi a mbascadh agus a gcra ag na tiarnai talun gan trocaire a bhi thios ar an gCaislean, na Blacaigh."
Ta scealta eagsula beaoidis a bailiodh le feiceail ar
duchas.ie
.
Chum
Cathal O Sandair
sraith de scealta ficsin faoin gcarachtar.
- Scorach Ghlionnain o Chonamara, Club Leabhar Nua-Eireann, Oifig an tSolathair, Aibrean 1958, Cludach: William G. Spencer
- Cuir Fios ar Scorach Ghlionnain, Club Leabhar Nua-Eireann, Oifig an tSolathair, Nollaig 1956, Cludach: William G. Spencer
- Scorach Ghlionnain agus Ballai Indreabhain!, Club Leabhar Nua-Eireann, Oifig an tSolathair, Iuil 1955, Cludach: William G. Spencer, Diolta: >200
Blaiseadh de Scorach Ghlionnain agus Ballai Indreabhain! "Na Blacaigh bhradacha!"
Is mor an dioma a bhi ar O Sandair nuair a diultaiodh do dha lamhscribhinn faoi eachtrai Scorach Ghlionnain. Nior scriobh se aon cheann eile.
Scriobh
Brian O Baoill
drama dar teideal
Scorach Ghlionnain
ata le fail ina leabhar dramai
Sutha Talun agus Dramai Eile.
"Ar an Tulach a bhi na Blacaigh, na straoiseachain gan naire Cloithreach a d' fhag siad banai agus na Cartuir ar chaon taobh Ach mas fior a bhfuil ar phaipear scriobhtha sios ag Cathal O Sandair Thug Scorach Ghlionnain treascairt dhoibh a d'fhag criothan ina gcroi."
Filiocht agus Feannadh
Coil Learai O Finneadha
"Ta cuimhne sa gceantar fos ar an sceal faoin gcaoi ar ghoid Scorach Ghlionnain tarbh o Wallace agus faoin gcaoi ar roinn se an fheoil ar bhochtain an cheantair. Sna 1830dai ba e James Blake a bhi ina thiarna agus ta a ainm, Seamus a 'Bhlacaigh, fanta sa seanchas agus sna scealta bealoidis faoi Scorach Ghlionnain. Ta scealta faoin Scorach le fail sa leabhar Peadar Chois Fharraige, seanchas aitiuil a bhailigh Sean Mac Giollarnath o Pheadar Mac Thuathalain, as Cois Fharraige agus as Gaillimh, agus a foilsiodh in 1934. Ta na scealta seo agus scealta nach iad beo i gcuimhne na ndaoine fos, faoin gcaoi ar ghoid Scorach Ghlionnain o dhaoine saibhre le foirthint ar bhochtain."
Camchuairt Chonamara Theas
Liam Mac Con Iomaire
https://www.google.com/search?q=Scorach+Ghlionn%C3%A1in+robin&client=firefox-b-e&sxsrf=AJOqlzXh8Pg1CWs5O9KJ190r6hZOse4JvQ%3A1675158220782&ei=zOLYY4auL4ylgQazi6SwBQ&ved=0ahUKEwiGxMTVwvH8AhWMUsAKHbMFCVYQ4dUDCA4&uact=5&oq=Scorach+Ghlionn%C3%A1in+robin&gs_lcp=Cgxnd3Mtd2l6LXNlcnAQAzIFCCEQoAEyBQghEKABOggIABCiBBCwAzoFCAAQogRKBAhBGAFKBAhGGABQqARY-whgxwpoAXAAeACAAWuIAfIDkgEDNS4xmAEAoAEByAEFwAEB&sclient=gws-wiz-serp
https://issuu.com/uccexpress/docs/complete_freshers