Is eard is
plainead
ann na rinn neimhe a chomhlionann na coinniollacha seo leanas: ta si ag fithisiu (ag dul timpeall ar) realta; nil si sach teagartha le go dtosodh comhlea na nuicleas inti; ta si chomh mor agus go bhfuil deanamh sfearuil (deanamh na liathroide) fagtha uirthi ag an imtharraingt; agus ta si chomh mor is a ghlanann si na hastaroidigh agus na
abhacphlaineadaigh
on reigiun spais ina timpeall. Maidir leis an tearma fein, focal Greigise a bhi ann ar dtus: πλαν?τη?,
plan?t?s
, a chiallaionn
fanai
.
I nGaeilge na Gaeltachta, is feidir usaid a bhaint as an bhfocal
plainead
sa chiall
realta
, no tugann Muiris O Suilleabhain "an plainead beannaithe" ar an n
Grian
. Ce gur usaid dheas fhileata ata ann, is leir nach bhfuil si ag teacht le ciall an fhocail i dtearmaiocht chruinn na realteolaiochta. Is feidir, freisin, "plainead" a thabhairt ar an mi-adh, ar an "gcat mara": an duine "a bhfuil plainead anuas air", no an duine "a rugadh faoi dhrochphlainead", is duine e nach bhfuil an saol ag eiri leis. Is docha go bhfuil baint ag na teilgeanacha cainte leis an
astralaiocht
.
Roimh Mhi Lunasa sa bhliain 2006, ba nos leis na realteolaithe a ra go raibh naoi bplainead sa
Ghrianchoras
, mar ata,
Mearcair
,
Veineas
, an
Domhan
,
Mars
,
Iupatar
,
Satarn
,
Uranas
,
Neiptiun
, agus
Pluton
. I Mi Lunasa 2006, afach, thainig
Cumann Idirnaisiunta na Realteolaiochta
le cheile le sainmhiniu neamhdhebhrioch a oibriu amach don phlainead, agus ba e an sainmhiniu ba toradh don chruinniu sin na an ceann thuasluaite. Ba e oighear an sceil, afach, nar chomhlion Pluton na coinniollacha. Thairis sin, ta fithis Phlutoin claonta ealarnach, ionas go gcaitheann se treimhse fhada da imrothlu taobh istigh d'fhithis Neiptiuin. Ce go bhfuil fithis Phlutoin neamhghnach go leor i gcomparaid leis na plaineid eile, ta cuid mhor read i g
Crios Kuiper
agus iad ag timpeallu na Greine ar aon choisceim le Pluton. "
Pluitiononna
" a thugtar ar na reada seo, is e sin, "Plutoin bheaga", agus tar eis an tsaoil, nil i bPluton fein, i ndiaidh an iomlain, ach an pluitiono ba thuisce a d'aithin na heolaithe. O nach dtugtar "plaineid" ar na pluitiononna eile ach oiread le Pluton fein, ghlac na heolaithe leis nach "plainead" a bhi i bPluton ach an oiread. Cruthaiodh tearma nua, mar ata, "abhacphlainead", le tagairt do na cinn is mo de na hastaroidigh agus de reada Kuiper, cosuil le Pluton. Inniu, aithnitear Pluton,
Ceireas
,
Makemake
,
Eris
, agus
Haumea
mar abhacphlaineid.
| Is
siol
e an t-alt seo.
Cuir leis
, chun cuidiu leis an
Vicipeid
.
Ma ta alt nios forbartha le fail i dteanga eile, is feidir leat aistriuchan
Gaeilge
a dheanamh.
|