Nioclas II na Ruise

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaImperial Majesty (en) Aistrigh
Nioclas II na Ruise

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhuchais (ru) Николай II Александрович
Beathaisneis
Breith (ru) Николай Александрович
18 Bealtaine 1868
Pushkin (Impireacht na Ruise)
Bas 17 Iuil 1918
50 bliana d'aois
Yekaterinburg (Russian Socialist Federative Soviet Republic)
Siocair bhais Dunmharu  ( Trama balaistioch )
Ait adhlactha Peter and Paul Cathedral (en) Aistrigh (1998?) Cuir in eagar ar Wikidata
Impire na Ruise Uile
1 Samhain 1894 (Iulach)  ? 2 Marta 1917 (Iulach)   ( eiri as )
←  Alastar III na Ruise ? Ard-Diuc Michael Alexandrovich na Ruise  →
Grand Prince of Finland (en) Aistrigh
1 Samhain 1894 (Iulach)  ? 15 Marta 1917
←  Alastar III na Ruise ? Deireadh an phoist →
Ri na Polainne
1 Samhain 1894 (Iulach)  ? 5 Samhain 1916 (Iulach)
←  Alastar III na Ruise ? Deireadh an phoist →
Ball de Chomhairle Stait Impireacht na Ruise
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Reiligiun Eaglais Cheartchreidmheach na Ruise agus Ceartchreidmheach an Oirthir
Ait chonaithe Alexander Palace (en) Aistrigh
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Cathair Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm monarc Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/inion leinn de chuid Ivan Zhdanov
Teangacha An Ruisis , an Ghearmainis , Bearla , an Danmhairgis agus an Fhraincis
Gairm mhileata
Geillsine Impireacht na Ruise
Brainse mileata Imperial Russian Army (en) Aistrigh
Ceim mhileata coirneal Cuir in eagar ar Wikidata
Coinbhleacht An Chead Chogadh Domhanda
Ardu
La feile 17 Iuil Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasal Impire na Ruise Uile (1894 (Iulach) ?1917 (Iulach) ) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach Holstein-Gottorp-Romanov (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ceile Alexandra Feodorovna (1894–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
Pairti Mathilde Kschessinska Cuir in eagar ar Wikidata
Paiste Ard-Bhandiuc Olga Nikolaevna na Ruise
  ( Alexandra Feodorovna )
Ard-Bhandiuc Anastasia Nikolaevna na Ruise
  ( Alexandra Feodorovna )
Ard-Bhandiuc Maria Nikolaevna na Ruise
  ( Alexandra Feodorovna )
Ard-Bhandiuc Tatiana Nikolaevna na Ruise
  ( Alexandra Feodorovna )
Alexei Nikolaevich, Tsarevich na Ruise
  ( Alexandra Feodorovna ) Cuir in eagar ar Wikidata
Athair Alastar III na Ruise   agus  Maria Feodorovna (Dagmar na Danmhairge)
Siblin Ard-Diuc Michael Alexandrovich na Ruise , Ard-Diuc George Alexandrovich na Ruise , Ard-Bhandiuc Alexander Alexandrovich na Ruise , Olga Alexandrovna na Ruise agus Ard-Bhandiuc Xenia Alexandrovna na Ruise
Croineolaiocht
30 Aibrean 2020 cleamhnas  ( Coburg )
16 Iuil 1918 execution of the Romanov family (en) Aistrigh
26 Bealtaine 1896 coronation of Nicholas II and Alexandra Feodorovna (en) Aistrigh
26 Samhain 1894 bainis
11 Bealtaine 1891 ?tsu incident (en) Aistrigh
23 Deireadh Fomhair 1890 (Iulach) -4 Lunasa 1891 (Iulach) Eastern journey of Nicholas II (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Siniu


Veu de Nioclas II na Ruise Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0874739 Find a Grave: 8100 Cuir in eagar ar Wikidata

B'e Nioclas II ( Ruisis : Николай II ) ( 18 Bealtaine , 1868 ? 17 Iuil , 1918 ) Sar deireanach na Ruise . Chaill se a choroin sa bhliain 1917 , tar eis Reabhloid na Feabhra , agus chuir Leinin agus an pairti Boilseiveach e chun bais sa bhliain 1918, i ndiaidh Reabhloid Dheireadh Fomhair . [1]

B'e an t-ainm iomlan a bhi air Nikolai Aleksandrovich Romanov (Ruisis: Николай Александрович Романов), ach thugtai Nioclas II, Impire agus Uathlathai na hUile Ruise. Tugtar na leasainmneacha An Mairtireach Nioclas agus Nioclas Fuilteach air freisin.

Lena mhathair sa bhliain 1870

Tus a shaoil [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Nioclas i g Cathair Pheadair sa Ruis sa bhliain 1868. B'iad Impire Alastair III agus a bhean cheile Banimpire Maria Fyodorovna (iar-Bhanphrionsa na Danmhairge , Dagmar) a thuismitheoiri.

B'e Alastair II a sheanathair, agus Maximilienne Wilhelmine Marie o Hessen agus an Rein a sheanmhathair. Athair dian ab ea Alastair III, agus cheap se go raibh Nioclas rofhaiteach. Fuair se bas go tobann, agus da thoradh sin, ni raibh Nioclas ullmhaithe an choroin a ghlacadh.

Thit Nioclas i ngra le Banphrionsa Alexandra (Alix) o Hessen agus an Rein, ach ni raibh a athair sasta leis an mbean seo mar Bhanimpire. B'fhearr le hAlastair go bposfadh se banphrionsa o ritheaghlach Orleans, o bhi an Sar direach i ndiaidh comhghuailliocht nua a shocru leis an bh Frainc . Sa deireadh, afach, fuair Nioclas cead ona athair Alix a phosadh.

1898

Sar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair Nioclas an choroin sa bhliain 1894 , agus phos se Alexandra ar an 26u la de Mhi na Samhna sa Phalas Geimhridh. Saolaiodh cuigear paisti doibh, mar ata, Olga, Tatiana, Maria, Anastasia, agus Alexei.

Ni raibh tus maith ag Nioclas mar Shar, no fuair mile duine bas ag an gcorunu i Mosco , i dtubaiste Khodynka .

Bhi fadhb aige lena mhac Alexei, a rugadh ar an dou la deag de Mhi Lunasa sa bhliain 1904 . B'e Alexei a bheadh ina Shar i ndiaidh a athar, ach fuair siad amach go raibh haemaifilia air. Galar contuirteach is ea i inniu fein, ach bhi si i bhfad ni ba chontuirti sna laethanta seo. Ni raibh aon leigheas ann, agus d'fhaigheadh na hothair bas go hog. Nior mhaith leis an lanuin Impiriuil scaoll a chur sna daoine, agus mar sin, ni duirt siad a dhath faoi ghalar Alexei le haon duine taobh amuigh den teach.

Bhi an Banimpire Alexandra ag eiri eadochasach faoi Alexei. An manach rundiamhrach a bhi ina cheanan ag an teaghlach Impiriuil, Grigori Rasputin , thug se le fios go raibh se in ann maolu ar ghalar Alexei, agus cheap Alexandra gur thainig an chabhair seo go direach o Dhia agus gur fear naofa a bhi i Rasputin.

Mar sin, d'eirigh le Rasputin an-udaras a fhail i saol an Impire agus an-tionchar a imirt ar a chuid comhairli polaitiula. Nior thaitin seo le cach san Impireacht, agus bhi scealta nairiula faoi Rasputin ag dul timpeall a tharraing michlu ar an lanuin Impiriuil.

1917 mar phriosunai

Reabhloid [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhris an Chead Chogadh Domhanda amach sa bhliain 1914 , agus chuaigh Nioclas chun troda sa chead bhliain eile . Sa bhaile, afach, thosaigh an chosmhuintir ag dul chun mishuaimhnis, agus an doigh a ndeachaigh an geilleagar i laige, gan aon tracht ar an mbia a bheith ag rith gann.

Briseadh an cath ar an arm i Mi an Mheithimh sa bhliain 1916 , agus bhi tionchar dona ag an nuacht seo ar chursai polaitiochta na tire freisin.

Ar feadh tamaill, b'i an Banimpire Alexandra a bhi i gceannas ar an tir, agus Rasputin ag tabhairt comhairle di. Chuaigh udaras Rasputin go mor mor isteach ar chuid mhor de na Ruisigh, agus sa deireadh thiar thall, dunmharaiodh e.

Bhi Cathair Pheadair lan lucht oibre agus saighdiuir i a chuaigh ar stailc, agus sa deireadh, bhris Reabhloid na Feabhra amach sa bhliain 1917 . Bhi ar Nioclas an choroin a thabhairt suas.

Leis an eachtra seo a cuireadh deireadh leis an rialtas Impiriuil sa Ruis, a bhi a rialu ag ritheaghlach Romanov le tri chead bliain anuas.

an teaghlach sa bhliain 1914

Feallmharu [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Chuir an Rialtas Sealadach nua Nioclas agus a chlann i bPalas Alastair in aice le Cathair Pheadair . I mi Lunasa 1917, cuireadh go dti an t Sibeir iad, mar cheap Alexander Kerensky , Priomh-Aire an Rialtais Shealadaigh, go mbeidis ni ba sabhailte ansin. B'ansin a bhi siad ag fanacht le linn Reabhloid Dheireadh Fomhair freisin.

Tar eis bhua Leinin , tugadh go dti Yekaterinburg iad, ait ina raibh an tArm Dearg agus na Boilseivigh laidir. San oiche 17 Iuil 1918, maraiodh an teaghlach ar fad, an Sar, a bhean agus a gcuigear clainne.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. " Reabhloid na Ruise le Aindrias O Cathasaigh ". www.coisceim.ie . Data rochtana: 2023-03-14.