Neil Young

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaNeil Young

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisneis
Breith (en) Neil Percival Young
12 Samhain 1945
78 bliana d'aois
Toronto, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Ainm cleite Bernard Shakey
Don Grungio Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail se/si Ardscoil Kelvin Cuir in eagar ar Wikidata
Ait chonaithe Omemee (en) Aistrigh
Pickering (en) Aistrigh
Toronto
Winnipeg
Teanga dhuchais Bearla
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Los Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm amhranai , pianodoir , aisteoir , aisteoir scannain , giotarai , cumadoir amhran , leiritheoir ceirnini , ceoltoir , dirbheathaisneisi , amhranai is scribhneoir , stiurthoir scannan , stiurthoir Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse oibre 1961 ?
Ball de
Seanra Ceol tuaithe , gruinse , rac-cheol , rac turgnamhach , na gormacha , rac-cheol tire , rac-tire , Southern rock (en) Aistrigh, rac-cheol crua , rockabilly agus rac malartach
Teangacha Bearla
Cineal gutha Teanoir

Uirlis Giotar , veidhlin , armonach , organ , piano , bainseo agus ceol gutha
Lipead ceoil Atco Records
Reprise Records
Warner Music Group
Warner Bros. Records
Motown
Atlantic Records Group
Geffen Records
Atlantic Records Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac se/si pairt i
13 Iuil 1985 Live Aid
1973 Mariposa Folk Festival 1973 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Ceile Daryl Hannah
Pegi Young (1977–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Pairti Carrie Snodgress (1971–1975) Cuir in eagar ar Wikidata
Athair Scott Young
Siblin Astrid Young
Ainmnithe do

Suiomh greasain neilyoungarchives.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0949918 Allocine: 24679 Allmovie: p117689 TV.com: people/neil-young IBDB: 73100
Facebook: neilyoungrepriserecords Twitter: NeilYoungNYA Instagram: neilyoungarchives Youtube: UC8gbK8uoqKhlACSeenUPkFQ Souncloud: neilyoungsoundcloud Spotify: 6v8FB84lnmJs434UJf2Mrm iTunes: 147370 Last fm: Neil+Young Musicbrainz: 75167b8b-44e4-407b-9d35-effe87b223cf Songkick: 1980138 Discogs: 138556 Allmusic: mn0000379125 Deezer: 1379 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltoir Ceanadach e Neil Percival Kenneth Robert Ragland Young , no Neil Young de ghnath a rugadh i d Toronto , Ontario , ar an 12 Samhain 1945 . Is cumadoir, amhranai agus ceoltoir cailiuil e Young, agus ainm in airde aige o thus a ghairme cheoil sna 1960idi go dti an la ata inniu ann. Ta saothar mor taifeadta agus eisithe ag Young le grupai ceoil eagsula agus mar cheoltoir aonair. Ta an-mheas air mar cheoltoir, agus tionchar nach beag imeartha aige ar a lan ceoltoiri eile.

Canann Young i nguth ard sainiuil, agus go bunusach bionn dha phriomhsheanra le cloisteail ina chuid oibre: ceol traidisiunta suaimhneach ar thaobh amhain, agus rac-cheol ard agus salach ar an taobh eile. Chomh maith leis sin, ta triail bainte amach aige as go leor seanrai eile trid na blianta.

Bhain Young cail amach ar dtus sna seascaidi mar bhall den bhanna Buffalo Springfield . Shroich Young a bhuaic, amh, sna 1970idi nuair a chuaigh se amach mar cheoltoir aonair leis na gceirnini After the Gold Rush agus Harvest . Chaith se tamall freisin ina bhall den “shar-ghrupa” Crosby, Stills, Nash and Young . Ce go raibh meas agus rath bainte amach aige ar fud an domhain, thosaigh se ag eiri tuirseach leis an gceol trachtala a bhi a sheinm aige. Da bharr sin, thosaigh se ag cumadh ceoil a bhi i bhfad nios trialai, agus chaill se a chonradh ceoil le Geffen sna 1980idi tar eis chupla albam aisteach.

Insealbhaiodh e sa Rock and Roll Hall of Fame faoi dho: mar aonreadai (1995) agus mar bhall den ghrupa ud Buffalo Springfield (1997). [1] Chuir se faoi i dtuaisceart Chalfornia sna 1970idi mar a bhfuil se ina chonai go foill. Nior eirigh se as a shaoranacht Cheanadach riamh, afach, [2] agus ta se aitheanta ag a thir dhuchais mar bhall de Ord Manitoba (mar ar chaith se cuid mhaith da oige) agus mar Oifigeach de chuid Ord Cheanada. Comhshaolai agus gniomhai ar son na siochana ata ann chomh maith.

Tus a shaoil [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Neil Young i d Toronto sa bhliain 1945, mac leis an urscealai agus iriseoir spoirt Scott Young, agus a bhean cheile Rassy. Bhi roinnt chaile ar a athair mar scribhneoir, agus bhi noimead sa spotsolas fiu ag a mhathair nuair a ghlac si pairt i dtrath na gceist teilifise i gCeanada. Bhi saol reasunta compordach ag Young mar bhuachaill, in ainneoin go raibh roinnt fhadhbanna slainte aige - fuair se polaimiailiteas agus e se bliana d'aois agus ansin titimeas ni ba dheanai.

Ba sa mheanscoil a thosaigh Young ag casadh ceoil le daoine eile. Sheinn se an giotar le bannai rac-cheoil eagsula i Winnipeg , mar shampla The Squires. Bhi singil mor aitiuil acu i Winnipeg ag am amhain, ach b'fhearr le Young a bheith ag seinm ina aonar sna clubanna traidisiunta freisin. Bhuail se le Stephen Stills ag an am seo, agus Joni Mitchell , ar Cheanadach i fein freisin.

Buffalo Springfield [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1966 , d'fhag Young a bhanna agus a gcairde, agus thiomain se go dti Los Angeles , in eileatram a cheannaigh se agus ar ar thug se Mort. I g California do, bhuail se le Stills aris, agus chuir siad grupa nua le cheile in eineacht le Bruce Palmer agus an t-amhranai Richie Furay . An t-ainm a thugadar air na Buffalo Springfield , agus bhi stil cheoil a bhi ait eigin idir ceol traidisiunta, rac-cheol agus ceol tire. Bhain Buffalo Springfield lucht tacaiochta amach ar an toirt, agus d'eirigh siad go maith leis an gcead albam a scaoil siad - Buffalo Springfield , leis an singil “For What It’s Worth” a bhi cumtha ag Stills. Niorbh fhada gur thosaigh teannas ag fas idir Stills agus Young, priomhchumadoiri an bhanna, rud a thainig chun solais go tapaidh nuair a chuaigh siad ar ais sa stiuideo chun an dara halbam a dheanamh. Thosaigh Young ag caitheamh an chuid ba mho da ama amach ag seinm le daoine eile, no ina aonar. Lean se leis an obair afach, agus thainig an t-albam nua, Buffalo Springfield Again amach sa bhliain 1967 , le cupla sar-amhrain o pheann Young. Bhi rath ag an albam aris, ach bhi se socraithe i meon Young go raibh se criochnaithe leo mar bhanna. Sa bhliain 1968 , scar siad go hoifigiuil.

Ina aonar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi Young i bhfad nios compordai i gconai ag obair ina aonar. Bhi a stil airithe fein aige, ceann a bhi deacair do a chuir ar einne eile. Bhi a lan muinin aige ina chuid cheoil fein, agus ni raibh tacaiocht no cabhair uaidh mar chumadoir. Scriobh agus thaifead se cupla rian leis an leiritheoir Jack Nitzche , fear amhain a bhi in ann e smaointi Young a thuiscint. Shinigh Young conradh nua leis an mbainisteoir Elliot Roberts , duine a bhiodh ag obair le Joni Mitchell freisin. Nior chuir Young agus Nitzche am ar bith amu, agus isteach leo gan mhoill sa stiuideo chun tus a chuir leis an obair ar chead cheirnin aonair Young, Neil Young a seoladh amach sa bhliain 1969 . Bhi abhar an albaim cosuil leis na rudai a rinne se le Buffalo Springfield, agus bhi rath nar bheag aige.

Crazy Horse [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi Young socraithe sios anois mar cheoltoir aonair, ach chonaic se ga fos grupa eigin a fhail chun fuaim nios troime a thabhairt isteach sna rianta. Bhuail se leis The Rockets don chead uair i gCalifornia, banna beag a bhi tar eis a gceirnin fein a sheoladh sa bhliain 1968 . Banna guthach den scoth a bhi ann, ach ni raibh siad in ann uirlis ar bith a sheinm. Nior chuir an rud seo as aisling Young ar chor ar bith, ce go raibh siad go dona fos fiu mar cheoltoiri nuair a bhi na huirlisi foghlamtha acu. Bhi Young an-togtha leis an smaoineamh, mar bhi seisean den tuairim gur chuir an rud seo go mor le ionacht agus paisean an bhanna. Ina theannta sin, b'amhranaithe cearta iad, rud a bhi an-luachmhar agus iad ag seinm go beo. Bhunaigh Young an banna nua as baill The Rockets? Danny Whitten ar an ngiotar, Billy Talbot ar an ndordghiotar agus Ralph Molina ar na drumai?ar a bhaist se Crazy Horse , on te stairiuil leis an ainm ceanna. Thaifead siad albam lan nua taobh istigh de choicis, Everybody Knows This Is Nowhere , leis na hamhrain chailiula "Cowgirl in the Sand" agus "Down by the River". Ba thoradh an-mhaith e, agus bhi Young an-sasta leis.

Crosby, Stills, Nash agus Young [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Neil Young sa bhliain 1970.

Ag an am sin, bhi grupa nua curtha le cheile ag a sheanchara Stephen Stills - Crosby, Stills agus Nash - le David Crosby o The Byrds agus an ceoltoir Sasanach Graham Nash o The Hollies . Saghas sar-ghrupa a bhi ann, ina raibh triur de na ceoltoiri ba rathula sna laethanta seo. D'aontaigh Young ait a ghlacadh sa ghrupa, agus cuireadh a shloinne isteach in ainm an bhanna. I rith na bliana dar gcionn, sheinn siad le cheile ag Woodstock , agus d'eisigh siad na halbaim Deja Vu sa bhliain 1970 agus Four Way Street sa bhliain 1971 .

Ina aonar aris [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'fhill Young ar ais ar Crazy Horse, chun ceann da cheirnini is fearr a dheanamh, After the Gold Rush sa bhliain 1970 . Rath trachtala mor a bhi ann, mar bhi ainm Young in airde fos tar eis a chuid oibre le CSNY. Scaoil se an singil mor Only Love Can Break Your Heart .

Bhi Crazy Horse tar eis a gconradh ceoil fein a fhail, agus chuaigh Young ag lorg ceoltoiri nua chun an chead cheirnin eile a dheanamh. Bhailigh se roinnt ceoltoiri tire le cheile, agus bhaist se an t-ainm The Stray Gators orthu. Rinne siad an t-albam ud Harvest , agus bhi cail mhor air aris. Chuaigh an rian Heart of Gold go barr na gcairteacha i SAM . Tar eis na mblianta fada a bhi caite aige gan moran ratha, afach, ni raibh Young reidh a bheith ina dhuine cailiuil. Mar thoradh, dhiultaigh se an aire a fuair se.

1970idi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Young sa bhliain 1976

Sna luath 1970idi chas Young le Carrie Snodgress , ban-aisteoir Meiriceanach, agus chuaigh si a chonai leis. Ar 8 Mean Fomhair 1972 , rugadh mac leo. Rugadh Zeke, mar a thug siad air, le pairilis cheirbreach . Scar Young agus Snodgress sa bhliain 1975 . Lean Young ar aghaidh ag obair ar albam nua le Crazy Horse, Time Fades Away . I gceann tamaill, chuir se Danny Whitten amach as an bhanna, mar bhi anduil hearone aige, agus ni raibh se abalta seinm i gceart. Go direach tar eis seo, thog Whitten rodhaileog, agus fuair se bas ar an 18 Samhain 1972 . Ba mhor an tubaiste a bhi ann do Young.

Thosaigh Young banna nua aris darbh ainm The Santa Monica Flyers , go bunusach ceoltoiri as Crazy Horse le Nils Lofgren ag seinm an ghiotair. Treimhse deacair a bhi ann do Young, agus mar thoradh bhi an t-albam a rinne siad, Tonight’s the Night , an-salach agus an-challanach. Ni raibh an comhlacht ceoil sasta leis in aon chor, agus nior sheol siad e amach ar feadh dha bhliain. Ni raibh an t-albam an-rathuil, ach ba cheirnin suimiuil e a bhi beagnach cosuil le punc-rac , rud a bheadh coitianta ni ba dheanai. Seoladh an t-albam On the Beach sa bhliain 1974 .

Chun albam nua a dheanamh, chuir Young Crazy Horse ar ais le cheile agus thaifead siad Zuma , ceirnin rac-cheoil. Thog Frank Sampedro ait Danny Whitten ar an giotar. Chuaigh Young ar ais le cheile leis a sheanchara, no namhaid b’fheidir, Stephen Stills. Rinne siad an t-albam Long May You Run le cheile, ach d’fhag Young aris i lar an thurais. Sa bhliain 1976, sheinn Young le The Band , Joni Mitchell agus daoine eile ag an gceolchoirm mor The Last Waltze . Rinne Martin Scorcese scannan den cheolchoirm, agus sular scaoileadh bhi air obair na gcapall a dheanamh chun piosa cocaon a bhi le feiceail i sron Young a bhaint amach.

Bhi Young ar ais i mbeal an phobail sa bhliain 1977 le American Stars’n’Bars , ceol tire aris agus cosuil le Harvest, agus Comes a Time sa bhliain 1978 . Chuaigh Young i dtreo nua ar an gcamchuairt Rust Never Sleeps - sheinn se leath den seo le Crazy Horse agus an leath eile ina aonar le giotar fuaimiuil. Bhi punc-rac ag briseadh amach ag an am ceanna, ach bhi Young ar dhuine den lucht beag de cheoltoiri a bhi in ann e a thuiscint, agus a stil a athru. Luaigh Young ainm Johnny Rotten san amhran ba mho da chuid ag an am Hey Hey, My My (Into the Black) , rud a spreag Rotten chun amhran de chuid Young a roghnu ar chlar raidio i Londain . Chuir Young amach na halbaim Rust Never Sleeps agus Live Rust , agus leirigh se an scannan Rust Never Sleeps , faoin ainm cleite Bernard Shakey (is ainm cleite e Shakey a usaideann Young go minic).

Sna 1970idi a casadh Pegi Morton air, agus sa bhliain 1978 phos siad.

1980idi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi Young gnothach fos sna 1980idi, ach ni raibh moran ratha aige leis na halbaim Hawks & Doves agus Re-ac-tor . Tar eis sin, chuaigh se i dtreo ceoil nua aris, ceann a bhi an-trialach agus aisteach. An t-albam is trialai a thainig uaidh na Trans , seolta sa bhliain 1982 . Ceol leictreonach a bhi ann, ag baint feidhm as eifeachtai agus an teicneolaiocht nua. Chuir Young suim mhor i gcursai teicneolaiochta, ni amhain ina chuid ceoil, agus ina shaol pearsanta chomh maith, agus e ag iarraidh cabhair a thabhairt da mhac Ben, a rugadh le pairilis cheirbreach freisin. Bhunaigh Neil agus Pegi Young an Bridge School sa bhliain 1986 chun chuidiu le Ben agus paisti eile. Rugadh inion doibh freisin, Amber Jean, a raibh titimeas uirthi, mar ata ar Neil chomh maith.

1990idi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Young ag seinm sa Spainn.

Thainig Young ar ais i bhfaisean go tobann sna 1990idi . Chuir se amach rac-albam nua Ragged Glory le Crazy Horse, agus chas se le cupla banna a bhi ag eiri rathuil ag an am, mar shampla Sonic Youth agus Soundgarden . Bhi Young luaite mar thionchar mor ar a gcuid ceoil ag roinnt ceoltoiri gruinse , mar thoradh thosaigh na meain ag tabhairt "Athair baisti an ghruinse" ar Young. Nuair a chuir ceannaire Nirvana Kurt Cobain lamh ina bhas fein sa bhliain 1994 , chuir se line o amhran Young ina nota feinmharaithe "It's better to burn out than to fade away". Thosaigh Young cairdeas freisin leis na gruinseoiri mor le ra eile Pearl Jam , agus sheinn siad le cheile ar MTV . Mar thoradh, chuaigh ceol Young i bhfeidhm aris ar an ngluin og. Chuaigh Pearl Jam isteach sa stiuideo leis chun an ceirnin Merkinball a dheanamh, agus chuadar amach le cheile ar chamchuairt domhanda. Ina dhiaidh sin, sheol Young albam nua a bhain rath mor amach aris, Harvest Moon , agus sheinn se ar MTV Unplugged . Rinne an stiurthoir scannan Jim Jarmusch scannan faisneise dar teideal The Year of the Horse le Neil Young. Bhi an scannan faisneise bunaithe ar thuras 1996 le Neil Young agus Crazy Horse . Sa bhliain 1998 chuaigh Young ar an ardan le Phish ag Farm Aid agus ansin aris ag ceolchoirm ar son an Bridge School. Sa bhliain 1999, thainig Young agus Crosby, Stills and Nash le cheile aris i gcomhar turas sna Stait Aontaithe agus Ceanada a thug isteach $42.1 milliun dollar.

2000idi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Treimhse bisiuil a bhi sna deich mblianta a thainig i ndiaidh na nochaidi. Blianta gniomhula o thaobh na polaitiochta agus an imshaoil iad chomh maith. Thainig roinnt albam nua amach in eineacht le scannain a rinneadh de na ceolchoirmeacha a ghabh leo, mar shampla na halbaim Silver & Gold agus Road Rock Vol. 1 (albam beo) a scaoileadh sa bhliain 2000. In onoir na n-iospartach in ionsaithe 9/11 a scriobh agus a chas se “Let’s Roll”, amhran singil a dheanann an teideal tagairt do na paisineiri agus criu a sheas i gcoinne fuadaitheoiri Al-Qaeda ar Eitilt 93. Cuireadh “Let’s Roll” isteach in Are You Passionate? , albam amhran gra sa chuid is mo, a rinne se le Pegi, a bhean cheile, agus an banna Booker T. & the M.G.s. Chas Young “Imagine”, amhran de chuid John Lennon , ag an gceolchoirm America: A Tribute to Heroes agus, in eineacht le Eddie Vedder and Mike McCready, “Long Road”, amhran de chuid Pearl Jam .

I mi Marta na bliana 2005, fuair na dochtuiri ainearas in inchinn Young. Ar 29 Marta, i Nua-Eabhrac , d’eirigh leo e a choireail le mainliacht iosionrach, [3] ach dha la ina dhiaidh sin thit se i laige i sraid i Nua-Eabhrac de bharr fuiliu o artaire ar bhain na dochtuiri feidhm as chun an t-ainearas a shroichint. Tar eis ratha, bhi se ar an staitse aris, ach ta an ghearcheim sin le feiceail sa mhachnamh ar an mbas agus san inbhreithniu ginearalta ina albam "Prairie Wind", a thainig amach i mi Marta, 2005. Scaoileadh scannan an bhliain ina dhiaidh sin a rinne Jonathan Demme de Young ag cur an albaim i lathair ar an staitse den chead uair in Nashville . "Neil Young: Heart of Gold" teideal an albaim ud.

Sa bhliain 2006, agus an cogadh san Iaraic faoi lan seoil, scaoil Young albam nua dar theideal Living With War , rud a chuir se le cheile go tapa agus inar chain se polasaithe cogaidh an Uachtarain George W. Bush de bharr an chostais dhaonna an chogaidh ar na saighdiuiri, a muintir agus sibhialtaigh. Chas se na hamhrain nua ar an Freedom of Speech Tour '06, turas a rinne se mar bhall de Crosby, Stills, Nash & Young. Fuair se idir fhailte agus chaineadh ona lucht eisteachta. Bhi ait sna hamhrain ar an albam sin da dhearcadh ar an timpeallacht freisin agus sa bhliain 2007 chuir se amach albam, Chrome Dreams II , ina leirigh na lirici a chuid smaointe ar an abhar ceanna. Lean Young leis na ceolchoirmeacha Farm Aid mar sheinnteoir agus amhranai, agus mar bhall de bhord stiurthoiri Farm Aid, ceann de na sraitheanna ceolchoirmeacha carthanacha is fadtearmai da bhfuil ann agus $43 milliun bailithe acu on mbliain 1985 i leith chun cuidiu le feirmeoiri beaga.

2010idi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sna 2010idi rinne Neil Young comhoibriu aris le Crazy Horse. I measc na dtaifeadan a rinne se leo bhi an t-albam ud Americana , an chead cheann da chuid nach raibh ann ach amhrain a chum daoine eile. Thug Young omos in Americana d’iomainn naisiunta neamhoifigiula agus a leitheid, mar shampla "This Land Is Your Land" ona Stait Aontaithe, "Clementine" amhran na nArcadach o Alba Nua a chuir futhu i Louisiana , agus "God Save the Queen", amhran a chas Young gach la ar scoil i gCeanada. Comhoibriu eile le Crazy Horse na leagan lan-ghruinse de "I Saw Her Standing There" de chuid na Beatles ar ocaid dhinnear MusiCares Person of the Year in onoir do Paul McCartney ar 10 Feabhra 2012 i Hollywood .

An tionscadal cartlainne [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1988 d'fhogair Young tionscadal chun gach piosa ceoil da chuid a chruinniu, a athmhaistriu ma ba gha, agus a chur ar fail don saol. Nior eisiodh an chead diolaim, afach, ach sa bhliain 2009, mar ata The Archives, Vol. 1, 1963?1972 . Ta roinnt sraitheanna taifeadan sa chartlann: boscrai i gcuig imleabhar, sraith cheolchoirmeacha (12 imleabhar), agus sraith eisiuinti oifigiula (14 imleabhar). Chomh maith leis an gcartlann fein, ta sraith sarshaothar digiteach ann chomh maith a eisiodh mar dhluthdhioscai sa bhliain 2003 agus a cuireadh ar fail ni ba dheanai mar HDCD. Ta sraith eagran speisialta ceaptha chomh maith (Special Edition Series): eisiodh albam amhain sa tsraith sin go dti seo, Toast (2000), taifeadadh beo na scaoileadh ariamh roimhe sin.

A shaol priobhaideach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta conai ar Neil Young ar rainse in aice le La Honda, California, ar a dtugtar Broken Arrow i ndiaidh amhran de chuid Buffalo Springfield. Chuir Young tus leis an rainse sa bhliain 1970 le 140 acra a cheannaigh se ar $350,000. Ta se ag cur leis o shin i leith agus inniu ta roinnt mile acra ann.

"Bailitheoir" a thugann Young air fein ag tagairt da bhailiuchain carranna (35 ceann diobh aige trath), mionsamhlacha de thraenacha, caipeisi, srl. Deir se gur sin an chuis lena thionscadal cartlainne freisin. [4]

Crosby, Stills, Nash and Young ag seinm ag an PNC Bank Arts Center i New Jersey , 2006

Is comhshaolai aitheanta Neil Young agus suim laidir aige i bhfeithicli leictreacha. Gniomhai siochana e freisin. Chuir se ceolchoirmeacha bliantula ar bun darb ainm FarmAid chun cuidiu le feirmeoiri beaga. Rinne se ceolchoirm faoi leith sa bhliain 2001 i gcuimhne iospartaigh 9/11.

Ar an 14 Lunasa 2014 chomhadaigh Neil Young achaini i gcuirt ag iarraidh colscaradh idir e fein agus a bhean cheile, Pegi. [5]

Dioscliosta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Albaim [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Le Buffalo Springfield [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • 1967 Buffalo Springfield
  • 1967 Buffalo Springfield Again
  • 1968 Last Time Around
  • 1973 Buffalo Springfield
  • 2001 Box Set

Le Crosby, Stills, Nash agus Young [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • 1970 Deja Vu
  • 1971 Four Way Street
  • 1974 So Far
  • 1988 American Dream
  • 1999 Looking Forward

Ina aonar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Young ag seinm sa bhliain 2006 .
  • 1969 Neil Young
  • 1969 Everybody Knows This Is Nowhere (le Crazy Horse)
  • 1970 After the Gold Rush
  • 1972 Harvest (le The Stray Gators)
  • 1972 Journey Through the Past
  • 1973 Time Fades Away (le The Stray Gators)
  • 1973 Tonight's the Night (le The Santa Monica Flyers, seoladh 1975)
  • 1974 On the Beach
  • 1975 Zuma (le Crazy Horse)
  • 1976 Long May You Run (le Stephen Stills, "Stills-Young Band")
  • 1977 American Stars'n'Bars
  • 1977 Decade
  • 1978 Comes a Time
  • 1979 Rust Never Sleeps (le Crazy Horse)
  • 1979 Live Rust (le Crazy Horse)
  • 1980 Where the Buffalo Roam
  • 1980 Hawks & Doves
  • 1981 Re-ac-tor (le Crazy Horse)
  • 1982 Trans
  • 1983 Everybody's Rockin' (le Shocking Pinks)
  • 1985 Old Ways
  • 1986 Landing on Water
  • 1987 Life (le Crazy Horse)
  • 1988 This Note's for You (le The Bluenotes)
 
  • 1989 Eldorado (EP) (le The Restless)
  • 1989 Freedom
  • 1990 Ragged Glory (le Crazy Horse)
  • 1991 Weld (le Crazy Horse)
  • 1991 Arc (le Crazy Horse)
  • 1992 Harvest Moon
  • 1993 Lucky Thirteen
  • 1993 Unplugged
  • 1994 Sleeps With Angels (le Crazy Horse)
  • 1995 Mirror Ball (le Pearl Jam)
  • 1996 Dead Man (fuaimrian)
  • 1996 Broken Arrow (le Crazy Horse)
  • 1997 Year of the Horse (le Crazy Horse)
  • 2000 Silver & Gold
  • 2000 Road Rock Vol. 1
  • 2002 Are You Passionate? (le Booker T. & the M.G.'s agus Crazy Horse)
  • 2003 Greendale (le Crazy Horse)
  • 2004 Greatest Hits
  • 2005 Prairie Wind
  • 2006 Archives volume 1
  • 2006 Living With War
  • 2007 Chrome Dreams II
  • 2009 Fork in the Road
  • 2010 Le Noise
  • 2012 Americana (le Crazy Horse)
  • 2012 Psychedelic Pill
  • 2014 A Letter Home
  • 2014 Storytone
  • 2015 The Monsanto Years

Scannain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Mar leiritheoir Bernard Shakey, Shakey Pictures:

  • 1974 Journey Through the Past
  • 1982 Human Highway
  • 2003 Greendale

Leabhair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Young, Neil; Mazzeo, James (2004). Greendale . Londain: Sanctuary. ISBN 1-86074-622-5 . OCLC 57247591.
  • Young, Neil (2014). Special Deluxe: A Memoir of Life & Cars . Nua-Eabhrac: Blue Rider Press (Random House). ISBN 978-0399172083 .
  • Young, Neil (2013). Waging Heavy Peace: A Hippie Dream . Plume. ISBN 978-0142180310 .

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. http://www.rockhall.com/inductees/neil-young/ arna rochtain ar 14 Bealtaine 2015
  2. " Resurrection of Neil Young, Continued ". Time . Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2012-11-14. Data rochtana: 2015-05-25.
  3. " Neil Young treated for 'dangerous' aneurysm ".
  4. Young, Neil. Waging Heavy Peace , lgh. 6, 222?223. Blue Rider Press, Nua-Eabhrac, 2012.
  5. [1] Rolling Stone , 26 Lunasa 2014 (arna rochtain ar 15 Bealtaine 2015).