Leadog

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula d'esportLeadog
Cineal cluiche liathroide , sport raiceid agus sport oilimpeach
Cruthu 1 Lunasa 1882
Tir dhuchais Sasana
Lion iosta imreoiri 2
Lion uasta imreoiri 4
Cuirt leadoige

Cineal spoirt i an leadog ina bhfuil beirt imreoiri no dha fhoireann (beirt imreoiri ar aon fhoireann amhain) ag bualadh na liathroide thar lion taobh istigh den chuirt imeartha.

An cluiche [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Mura n-eirionn le himreoir an liathroid a chur thar an lion isteach i leathchuirt an fhreasura, caillfidh se/si an pointe. An fhoireann is mo a scoralfaidh pointi, is lei a bheidh an bua. Usaidtear raiceid leis an liathroid bheag a bhualadh. Imritear leadog ar cheithre dhromchla - crua, cre, fear agus cairpead.

Na comortais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bionn ceithre phriomh-chomortas leadoige, (comortais Grand Slam ) ar siul gach bliain - an Australian Open san Astrail (cuirteanna crua), an Tournoi de Roland-Garros sa Fhrainc (cuirteanna cre), The Championships, Wimbledon i Londain , Sasana (cuirteanna feir), agus an US Open i Meiricea (cuirteanna crua).

Is sport Oilimpeach i an leadog freisin.

Comortas Wimbledon [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta cail mhor ar an gcomortas leadoige a imritear ar chuirt Wimbledon chuile Shamhradh. Teann na himreoiri mora cailiula ar fad go Sasana le pairt a ghlacadh sa gcomortas seo agus is eacht ann fein e an chraobh a thabhairt leat i Wimbledon. Is iomai imreoir cluiteach a cuireadh da gcos sa gcomortas agus is minic go mbionn se fior-dheacair breithiunas a thabhairt ar an mbuaiteoir. Teann maithe agus moruaisle chuig na comortais. Caitear na milliuin ar chultaca galanta, hatai peacogacha agus speaclai greine . Itear neart su talun agus uachtar. Ma theastaionn uait freastal ar an ocaid mhor seo ni mhor duit do dheis a thapu go luath agus ticead a chur in airithe, ach glac leis go mbeidh lan ladhair le hioc agat ar an ticead. Craoltar an ocaid ar TG4 agus BBC chuile bhliain.

Stair [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is seansport i an fior-leadog, a bhi a himirt san Eoraip i rith na Meanaoise, ach ba iad na Sasanaigh a chuir tus leis an gcluiche nua-aimseartha sa naou haois deag. Sa bhliain 1877 a cuireadh tus le craobh Wimbledon. Thosaigh an National Lawn Tennis Championship (US Open) i Newport, Rhode Island, sa bhliain 1881, [1] craobh Roland Garros sa bhliain 1891 [2] agus an Australian Open sa bhliain 1905. [3]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. http://www.ri.gov/facts/trivia.php
  2. " Coip cartlainne ". Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2007-05-26. Data rochtana: 2010-05-12.
  3. " Coip cartlainne ". Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2010-04-13. Data rochtana: 2010-05-12.