한국   대만   중국   일본 
Jack the Ripper - Vicipeid Jump to content

Jack the Ripper

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaJack the Ripper

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisneis
Breith luach anaithnid
an Riocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Bas luach anaithnid

Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Ait adhlactha Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Whitechapel Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm sraithmharfoir , gruagaire Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse oibre ( Floruit : 1888)
Teangacha Bearla

Jack the Ripper ( Seac an Reabthoir ) a thugtar ar shraith dhunmharfoir nar gabhadh riamh, a bhi gniomhach i gceantracha bochta thart timpeall ar Whitechapel , Londain sa bhliain 1888 . Maraiodh striapacha go bruidiuil. Bhi an dunmharfoir ag gearradh na b putog astu mar a bheadh se ag foghlaim anatamaiocht a - mar sin creideann a lan inniu fein gur dochtuir no mainlia a bhi ann. Glactar leis gur cuigear a mharaigh se (cuirtear mna eile san aireamh o am go cheile).

Culra an sceil [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Timpeall ar lar na naou haois deag bhi lucht inimirce ag tonnadh isteach o Eirinn , agus iad ag cur futhu i gcathracha mora na Breataine Moire , East End i Londain san aireamh. On mbliain 1882 , bhi dideanaithe Giudacha o Impireacht na Ruise agus o Oirthear na hEorpa ag socru sios sna plodcheantair cheanna. Bhi ceantar Whitechapel plodaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithiochta thainig isealaicme ar leith ar an bhfod san ait.

Bhi gadaiocht, alcolachas agus foreigean ag rith damhsa ansin, agus is iomai bean nar fagadh de shli bheatha aici ach striapachas.

Deimhniu bais, Mary Kelly

I Mi Dheireadh Fomhair 1888 mheasunaigh Udaras Poilinithe na Priomhchathrach , no an Metropolitan Police , go raibh 1200 striapach agus 62 dhruthlann ag obair in Whitechapel. Thainig triobloidi idir na dreamanna eagsula sna salai ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna eagsula amach ag leirsiu lena gceart a eileamh, agus na poilini ag iarraidh na leirsitheoiri a smachtu le lamh laidir, rud nar mhaolaigh ar an mishuaimhneas ar aon nos.

Bhi Whitechapel ar coipeadh le ciniochas , coirpeachas, triobloidi soisialta agus bochtanas , agus is e an dearcadh a bhi ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh e prochog shuarach na mimhoraltachta e. Sa bhliain 1888, chuaigh dunmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtan , rud nar bhain a dhath de mhichlu Whitechapel.

Na dunmharuithe [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

San am seo bhi fir anaithnid ag ionsai ban in East End chomh minic is go bhfuil se deacair ainghniomhartha Jack a aithint thar an gcuid eile acu. Chuir Udaras Poilini na Priomhchathrach aon dunmharu deag san aireamh agus iad ag fiosru an sceil, an chead cheann acu rinneadh ar an 3 Aibrean 1888 , agus an ceann deireanach, thit se amach ar an 13 Feabhra , 1891 . Ba iad seo "dunmharuithe Whitechapel" de reir thearmaiocht na bpoilini, ach is doiligh a ra arbh e an ciontoit ceanna a rinne iad go leir.

Illustrated Police News, c 1888

Go bunusach glactar le cuig cinn acu mar "chuigear canonta", is e sin, na dunmharuithe a bhfuil lorg laimhe Jack le haithint orthu. Is iad comharthai soirt a chuid oibre na gearrthai doimhne sa scornach, drochide a tugadh do na baill ghiniuna, baint an inneachair as an mbolg agus lorg an fhoreigin ar an aghaidh, dar leis an gcuid is mo acu siud a chuir speis i sceal Jack. An chead da chas a fiosraiodh mar dhunmharuithe i Whitechapel, ni airitear ar an gcuigear canonta iad. Ba iad Emma Elizabeth Smith agus Martha Tabram na hiospartaigh.

Tuairisciodh gur Jack the Ripper a scriobh an litir "From Hell" ( O ifreann ).

Rinneadh robail agus ionsai gneis ar Smith i Sraid Osborn , Whitechapel ar an 3 Aibrean , 1888. Sadh maide de chineal eigin isteach ina faighin, ionas gur polladh an peireatoineam aici, agus fuair si bas le h athlasadh an pheireatoineim an la arna mharach in Ospideal Londan (inniu: Ospideal Rioga Londan , i mBothar Whitechapel). Duirt si gur ionsaigh beirt no triur fear i, agus nach raibh i nduine acu ach deagoir. Bhi na hiriseoiri comhaimseartha ag aitiu gur bhain an t-ionsai seo le sraith na ndunmharuithe i Whitechapel, ach is doigh leis an gcuid is mo de na hudair a bhfuil abhar eigin scriofa acu faoi Jack nach raibh i gceist ach foreigean droinge nach raibh baint aige le Jack ar aon nos.

Grianghraf a togadh ag lathair na coire ( 9 Samhain , 1888)

Maraiodh Martha Tabram ar an 7 Lunasa , 1888, agus d'aithin lucht na foireinsice 39 gcnea saite ar a colainn. Chomh bruidiuil is a bhi an cas, bhi na poilini claonta chun a shileadh gurbh e Jack a rinne an obair, ach inniu, glactar leis gur murdaroir eigin eile a bhi i gceist. Ce gur tugadh drochide don bhean bhocht, niorbh i an drochide cheanna a thugadh Jack da chuid iospartach.

An "Cuigear Canonta" [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is iad an "cuigear canonta" na Mary Ann Nichols, Annie Chapman, Elizabeth Stride, Catherine Eddowes, agus Mary Jane Kelly.

Thangthas ar chorpan Nichols timpeall ar fiche noimead roimh a ceathair a chlog ar maidin De hAoine 31 Lunasa 1888 ar an tsraid ar a dtugtai Buck's Row san am - is e sin, Sraid Durward, Whitechapel, mar is aithin do lucht an lae inniu i. Bhi dha ghearradh domhain trasna an sceadamain, agus cnea dhomhain sprochailleach in iochtar an bhoilg, chomh maith le mionghearrthai a bhi deanta leis an scian cheanna.

Tugadh corpan Annie Chapman faoi deara timpeall ar a se a chlog ar maidin De Sathairn 8 Mean Fomhair 1888 in aice leis an culdoras ag 29 Sraid Hanbury, Spitalfields . Bhi an scornach gearrtha faoi dho, mar a bhi ar Nichols. Bhi an bolg scortha suas go hiomlan, agus ni ba deireanai cuireadh cronu san utaras. Nuair a bhi an croineir ag deanamh a fhiosruchain fein, duirt finne amhain go bhfaca se Chapman timpeall ar a leathuair i ndiaidh a cuig ar maidin agus fear dubh "leath giobach, leath galanta" ina cuideachta.

Maraiodh Stride agus Eddowes go moch ar maidin, De Domhnaigh, 30 Mean Fomhair 1888 . Thangthas ar chorpan Stride timpeall ar bhuille a chlog ar maidin in Dutfield's Yard, in aice le Sraid Berner (inniu, Sraid Henriques), Whitechapel . Ba e ba thruig bhais di na gearradh glan amhain sa phriomhartaire ar an taobh cle da muineal. Ni raibh an ghnath-drochide le feiceail ar iochtar a boilg, afach, agus mar sin ta siad ann nach bhfuil cinnte gur choir i a aireamh ar dhuine d'iospartaigh Jack.

Na finneithe a shil go raibh siad tar eis Stride a aithint i gcuideachta fir roimhe sin, ni raibh siad ar aon fhocal faoi eagasc an fhir, no bhi cuid acu ag aitiu gur fear geal gleigeal a bhi ann, an chuid eile den tuairim gur fear dubh duairc a bhi i gceist; cuid acu duirt siad gur gioblachan bocht a bhi ann, an chuid eile barulach go raibh se ag caitheamh culaith ghalanta.

Na hiospartaigh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]