한국   대만   중국   일본 
D Day - Vicipeid Jump to content

D Day

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtD Day
Íomhá
Map
  49°20′N 0°36′W  /  49.34°N 0.6°W  / 49.34; -0.6
Cineal cath
amphibious warfare (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de Invasion of Normandy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
La 6 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse 6 Meitheamh - 29 Lunasa 1944
Data na bliana 6 Meitheamh 1944 Cuir in eagar ar Wikidata
Suiomh An Normainn
Baie de la Seine, An Fhrainc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tir an Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Rannphairti
Coinbhleacht An Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna


Tugtar D-Day ar an 6 Meitheamh 1944 , nuair a chuaigh forsa ollmhor de chuid na gComhghuaillithe [1] i dtir sa Normainn , ar chosta na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda .

  • Glaotar D-Day [2] , no Jour J , no La L [3] no Oibriocht Neiptiuin , ar ionradh agus teacht i dtir na g Comhghuaillithe ar na Naitsithe . Seasann an 'D' i 'D-Day' don fhocail 'Day', mar sin cialaionn se La-L . An tearma Gaeilge a mholann Tearma.ie na an Dul i dTir sa Normainn .
  • Oibriocht Overlord a tugadh ar an bhfeachtas iomlan i mi Meithimh.
LSM 206 A Co's D8's, 9h35 6 Meitheamh 1944

Bhi Oibriocht Neiptiuin ar an ngniomhaiocht mhileata on bhfarraige ba mho i stair an chine dhaonna. Cuireadh 160,000 saighdiuir de chuid na gComhghuallaithe i dtir ar chladai na Normainne le troid in aghaidh na nGearmanach. Seoladh trupai Meiriceanacha , Briotanacha , Ceanadacha , srl. go dti tranna na Normainne, agus na cod-ainmneacha ud Utah , Omaha , Gold , Juno agus Sword ar chrioslaigh eagsula an chosta. Ag usaid ait-tancanna , aerfhorsai, ceanna Maoildearg agus PLUTO (pibline faoin bhfarraige), bhuaigh na Chomhghuaillithe i gcoinne na Naitsithe.

Maraiodh b'fheidir 7,000 ar an da thaobh, in iomlan, ar La L. [4] [5]

Saoradh priomhchathair na Fraince , Paras , o na Gearmanaigh i mi Lunasa den bhliain cheanna. [6]

Teach Solais an Fhoid Duibh i nGaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo

Imeachtai [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Theastaigh aimsir shuaimhneach le go mbeadh na h eitleain in ann tuirlingt agus buamai a ligean anuas agus go mbeadh na long a in ann teacht i dtir. Bhi malai droma troma ag na saighdiuir i fosta agus thiocfadh go mbafai i bh farraigi arda iad.

Bhi se beartaithe ag Ceannasai Fhorsai na gComhghuallaithe an Ginearal Dwight D. Eisenhower go dtabharfai faoin ionradh ar 5 Meitheamh. Bheadh an taoide i gceart, bheadh solas na gealai ann agus bhi gach rud reidh. Ach cuireadh an plean ar athlo e ag an noimead deiridh de bharr stoirme a bhi ag teacht on Atlantach agus a bhuailfeadh costa theas na Breataine an la sin. [7] . Agus thug na tuairisci le fios go raibh stoirm on Atlantach le cladai na Normainne a bhualadh ar an 5 Meitheamh. Bhi ar an Ghinearal Eisenhower idirghabhail a dheanamh idir chomhairleoiri aimsire na Breataine agus Mheiricea a bhi ar mhalairt tuairime. [8]

an Ginearal Rommel

Ba e an staisiun aimsire i Maigh Eo a thug an t-eolas agus na figiuiri faoi bhru atmaisfear etc, a chinntigh go raibh an stoirm le teacht. Bhi na Gearmanaigh den tuairim go mbeadh se dodheanta ag na Comhghuallaithe teacht i dtir ar chladai na Normainne ar 6 Meitheamh. Bhi an Ginearal Rommel ar a laetthanta saoire fiu (breithla a bhean).

Nuair a cuireadh an t-ionradh ar athlo, bhi rudai ag feachaint go dona don fhorsa ollmhor a bhi bailithe le cheile sa m Breatain ? longa, eitleain, saighdiuiri, piolotai, mairnealaigh ? na milte, milte daoine ar fad.

Ach chuir bean, Maureen Sweeney i n Gaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo (i d Teach Solais an Fhoid Duibh ), tuairisc aimsire a thaispeain go mbeadh briseadh san aimsir ar 6 Meitheamh. Tugadh faoi deara go raibh an bru atmaisfeir seasmhach ar feadh tamaill agus ansin ag ardu de reir a cheile ? rud a chiallaigh go lagfadh an stoirm. Cuireadh an t-eolas ar aghaidh on bhFod Dubh, ag usaid na gcod a tugadh doibh.

Cuireadh an tuairisc faoi bhraid an Ghinearail. Thug Eisenhower da bharr treoir d’fhorsai na gComhghuallaithe tabhairt faoin ionradh an la dar gcionn, ar 6 Meitheamh.

Mar sin, thainig an t-ionsai aniar aduaidh ar na Gearmanaigh. Ni raibh longa aimsire acu san Atlantach Thuaidh agus ni raibh a fhios acu go raibh feabhas le teacht ar an aimsir chomh gasta sin i ndiaidh na stoirme .

na mairbh ar an tra
saighdiuiri gortaitheː tra Omaha

Cuntas finne sulː an "8th Irish" [9] [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Amuigh ar an fharraige (6 Meitheamh), bhi iontas ar Jim Fitzsimons an meid sin bad a fheiceail ar gach taobh, iad uilig ar an bhealach go dti an Normainn. “Sa deireadh bhi muidne san 8th Irish mar chuid den ghrupa tosaigh san ionradh farraige ba mho riamh, " a deir se. Bhi se 24 bliana d’aois. Sular bhain siad Tra Juno amach, leim siad trasna go LCA (baid dul i dtir) agus duirt siad a bpaidreacha deireanacha iontu. Nuair a bhain siad an tra amach, bhi an t-uisce suas go dti a mbrollach nuair a leim siad as an LCA agus bhi greim dha lamh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus pileir ag feadail thart lena chluasa. Rith siad go gasta i dtreo na ndumhcha, ait ar throid siad lamh go lamh leis na Gearmanaigh. Ansin, b’eigean doibh bealach a ghlanadh tri na mianaigh talun do na Royal Winipeg Rifles . Bhi coirp agus saighdiuiri gortaithe i ngach ait ach lean siad ar aghaidh leis an dualgas a bhi orthu a chomhlionadh... "

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Na Comhghuaillithe a tugadh ar na tiortha sin a bhi ag troid in aghaidh Chumhachtai na hAise: An Bhreatain, SAM, an tAontas Soiveadach agus eile. Bhi Eire neodrach le linn an chogaidh.
  2. “D-Day” | tearma.ie ”. Tearma.ie : An Bunachar Naisiunta Tearmaiochta don Ghaeilge . An Coiste Tearmaiochta . Data rochtana: 2023-06-12.
  3. " Coip cartlainne ". Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2015-06-09. Data rochtana: 2015-06-08.
  4. " What is D-Day? " (en-US). The D-Day Story, Portsmouth . Data rochtana: 2019-06-06.
  5. Dave Roos. " How Many Were Killed on D-Day? " (en). HISTORY . Data rochtana: 2020-06-06.
  6. Colaiste Oiriall. " An Dara Cogadh Domhanda agus an Cogadh Fuar ". Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2021-09-07. Data rochtana: 2019.
  7. " ‘Storm Front in Mayo’ ? an bhean og ar an bhFod Dubh a bhi larnach i roghnu D-Day " (ga-IE). Tuairisc.ie . Data rochtana: 2020-06-06.
  8. Shane O Curraighin (2019-06-06). " Bean Ghaeltachta a raibh rol suntasach aici in imeachtai D-Day " (as ga).  
  9. Jim Fitzsimons. " Cur sios ar Ionradh D-Day o dhuine a bhi ansin " (ga). Beo! . Data rochtana: 2020-06-06.