On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Imreoir
fichille
Ruiseach
(agus nios deanai Francach) ab ea
Alexander Aleksandrovich Alekhine
(31 Deireadh Fomhair [19 Deireadh Fomhair de reir an
feilire Iuil
] 1892 ? 24 Marta 1946) a bhi ina cheathru churadh domhanda (1927-1935 agus 1937-1946). Faoi 22 bliain d'aois, bhi Alekhine i measc na n-imreoiri fichille is laidre ar domhan cheana fein. I rith na 1920idi, bhuaigh se an chuid is mo de na comortais inar imir se. I 1922 bhuaigh se an chead chraobh fichille de chuid an
APSS
(mar a thugadh air go haisghniomhach) ach d'fhag se an tAontas Soiveadach i 1921 agus chuaigh se ar imirce go dti
an Fhrainc
, tir a ndearna se ionadaiocht air tar eis 1925. Sa bhliain 1927, bhuaigh se an Chraobh Dhomhanda Fichille i gcluiche in aghaidh
Jose Raul Capablanca
.
Go luath sna 1930idi, bhi an lamh in uachtar ag Alekhine i gcomortais eagsula, agus d'imir se ar an gcead chlar don Fhrainc i gcuig Oilimpiad fichille, agus bhuaigh se duaiseanna aonair i ngach ceann. Thairg Alekhine athimirt do Capablanca ar na diantearmai ceanna a leag Capablanca do, agus chuaigh an idirbheartaiocht ar aghaidh ar feadh na mblianta gan moran dul chun cinn a dheanamh. Idir an da linn chosain se a theideal gan stro ar
Efim Bogoljubov
i 1929 agus 1934. Chaill se a theideal ar
Max Euwe
i 1935 ach fuair se ar ais e in athimirt 1937. As sin amach, bhi se faoi bhaol o na realtai oga ag teacht chun cinn cosuil le
Paul Keres
,
Reuben Fine
, agus
Mikhail Botvinnik
, ach cuireadh stop leis an idirbheartaiocht maidir le cluiche da teidil le Keres no Botvinnik mar gheall ar an
Dara Cogadh Domhanda
i 1939. Bhi cluiche le Botvinnik don craobh domhanda a socru i 1946 nuair a fuair Alekhine bas sa
Phortaingeil
faoi chuinsi amhrasacha. Ta se curtha ina leith gur chomhoibrigh se leis na
Naitsithe
agus as bolscaireacht frith-Sheimiteach a scriobh.
[1]
Is e Alekhine an t-aon Churadh Domhanda a fuair bas agus an teideal fos ina sheilbh.