한국   대만   중국   일본 
Francisco Franco - Vicipeid Jump to content

Francisco Franco

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaFrancisco Franco

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhuchais (es) Francisco Franco Bahamonde
Beathaisneis
Breith (es) Francisco Paulino Hermenegildo Teodulo Franco Bahamonde
4 Nollaig 1892
Ferrol, An Spainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 20 Samhain 1975
82 bliana d'aois
Maidrid, An Spainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bhais Bas nadurtha  ( Cliseadh croi )
Ait adhlactha Grave of Francisco Franco at Mingorrubio Cemetery (en) Aistrigh (2019?) Cuir in eagar ar Wikidata
Ceann Stait na Spainne
1 Deireadh Fomhair 1936 ? 20 Samhain 1975
←  Manuel Azana ? Juan Carlos I na Spainne  →
Head of government of Spain (en) Aistrigh
28 Mean Fomhair 1936 ? 9 Meitheamh 1973
←  Juan Negrin ? Luis Carrero Blanco  →
Ardcheannasai armed forces of the Nationalist faction in the Spanish Civil War (en) Aistrigh
21 Mean Fomhair 1936 ?
Chief of Staff of the Army (en) Aistrigh
19 Bealtaine 1935 ? 23 Feabhra 1936
←  Carlos Masquelet Lacaci ? Jose Sanchez-Ocana Beltran  →
Capitan general de las Islas Baleares (en) Aistrigh
12 Feabhra 1933 ? Feabhra 1935
←  Miguel Nunez de Prado y Susbielas ? Manuel Goded Llopis  →
Director of the General Military Academy (en) Aistrigh General Military Academy (en) Aistrigh
1927 ? 1931
3 Ardcheannasai Spanish Legion (en) Aistrigh
8 Meitheamh 1923 ? 11 Feabhra 1926
←  Rafael de Valenzuela y Urzaiz ? Jose Millan Astray  →
Ardcheannasai bandera "Espana" No 1 of the Legion (en) Aistrigh
10 Deireadh Fomhair 1920 ?
National Head of the Movement (en) Aistrigh FET y de las JONS , National Movement (en) Aistrigh
Ardcheannasai Spanish Armed Forces (1939-1975) (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Reiligiun Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail se/si Toledo Infantry Academy (en) Aistrigh (–1910) Cuir in eagar ar Wikidata
Ait chonaithe Palas Rioga El Pardo
Pazo de Meiras (en) Aistrigh
Teanga dhuchais an Spainnis
Airde 1.63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Dath suile Donn
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Maidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm oifigeach mileata , polaiteoir , rialtoir , saighdiuir , leigiunach Spainneach , scribhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse oibre 1907 ?  1975
Ball de phairti polaitiochta FET y de las JONS Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha An Spainnis
Gairm mhileata
Brainse mileata Spanish Armed Forces (en) Aistrigh
Ceim mhileata Briogaidire-ghinearal (1926–1934)
general de division (1934–1938)
Generalissimo (1936–) Cuir in eagar ar Wikidata
Coinbhleacht Rif War (en) Aistrigh, Asturian miners' strike of 1934 (en) Aistrigh, Cogadh Cathartha na Spainne agus Ifni War (en) Aistrigh
Teaghlach
Ceile Maria del Carmen Polo Martinez-Valdes (1923–1975) Cuir in eagar ar Wikidata
Paiste Carmen Franco, Cead Bhandiuc Franco Cuir in eagar ar Wikidata
Athair Nicolas Franco Salgado-Araujo   agus  Pilar Bahamonde y Pardo de Andrade
Siblin Pilar Franco , Nicolas Franco agus Ramon Franco
Duine muinteartha Ramona Polo Martinez-Valdes ( deirfiur mna ceile )
Ramon Serrano Suner ( co-brother-in-law (en) Aistrigh)
Francisco Franco Salgado-Araujo ( col ceathair fir ) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Siniu


IMDB: nm0290542 Discogs: 4082075 Find a Grave: 1552 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba e Francisco Franco (an t-ainm scriofa ar a fhad Francisco Paulino Hermenegildo Teodulo Franco y Bahamonde ; 4 Nollaig 1892 - 20 Samhain 1975 ) deachtoir mileata na Spainne i ndiaidh chogadh cathartha na Spainne . Mhair se i gceannas ar an stat go la a bhais.

Is e an leagan da ainm a d'usaideadh se fein na Francisco Franco Bahamonde , no mar is dual don Spainneach , thugadh a mhuintir fein sloinne a mathar air chomh maith. Sna tiortha coimhthiocha, afach, is gnach gan ach sloinne a athar a usaid, is e sin, Francisco Franco a thabhairt air.

Is e an teideal oifigiuil a bhi air na "ceannasai na crosaide deireanai, ceannasai an chogaidh in aghaidh an Chumannachais agus lucht a chomhghuailliochta", no, go simpli, an Ceannasai, El Caudillo . Ba mhinic a thugtai El Generalisimo no an tArd-Ghinearal air freisin.

Laethanta a Oige [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Franco i Galicia , in Iarthuaisceart na Spainne, i sraidbhaile beag El Ferrol . Sna blianta 1938 - 1982 , thugtai El Ferrol del Caudillo no Ferrol an Cheannasai ar an ait go hoifigiuil. Bhi a athair, Nicolas Franco Salgado-Araujo, ag obair ina phamhaistir sa chabhlach, agus e ina dhruncaeir bruidiuil a bhiodh go minic ag tabhairt greidimini da bhean cheile is da chlann. Bhi traidisiun an chabhlaigh ag baint le muintir na mathar, Pilar Bahamonde Pardo de Andrade, chomh maith. Theastaigh o Francisco og dul sa chabhlach chomh maith lena athair, ach o tharla nach raibh Acadamh an Chabhlaigh ag failtiu earcaigh nua san am, chuaigh se sna saighdiuiri ina ait sin. Sa bhliain 1907 , fuair se cead iontrala in Acadamh an Chos-Slua i d Toledo , agus bhain se amach a dhintiuir sa bhliain 1910 . Bronnadh coimisiun an Dara Leifteanant air. Dha bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh se ag troid i Maraco . Bhi na Spainnigh direach ag iarraidh teacht i seilbh an choimircis nua le lamh laidir. Mhair an cogadh fada idir na Spainnigh agus na bunduchasacha go dti an bhliain 1927, agus o nach raibh oirbheartaiocht na Spainneach ag teacht le himthosca an mhachaire air seo, shiuil an bas go trom ar a chuid saighdiuiri agus oifigeach. An t-oifigeach a thiocfadh slan as an seamlas seo, afach, bhi cail agus ceimiocht ag dul do. Mar a deirti in Arm na Spainne san am, an te a chuaigh go dti Maraco, mura bhfaigheadh se bas, gheobhadh se sais an ghinearail ( la caja o la faja ).

Chruthaigh Franco ina thogha oifigigh, agus cuireadh i gceannas ar na saighdiuiri bunduchasacha e, no san am seo, bhiothas go direach ag fruiliu bunduchasaigh d'Arm na Spainne, agus oifigigh Spainneacha ag stiuradh na n-earcach Afracanach seo.

Sa bhliain 1916 , goineadh Franco go tromchuiseach i scirmis in aice le hEl Biutz. Bhi se tri bliana fichead d'aois, agus e ina chaptaen airm cheana fein. Thuill an eachtra seo meas mor do o na saighdiuiri bunduchasacha. Moladh freisin go mbronnfai an onoir is mo air a d'fheadfadh saighdiuir croga a fhail sa Spainn, mar ata, an Cruz Laureada de San Fernando . Ni bhfuair se an chros seo, ach rinneadh comandante , no maor airm, de, agus e ar an oifigeach ab oige in Arm na Spainne a raibh an cheimiocht seo aige.

Chaith se na blianta 1917 - 1920 ar fiannas sa Spainn fein. Ansin, afach, bhunaigh Jose Millan Astray leigiun coimhthioch no Legion Extranjera don Spainn, in aithris ar Leigiun Coimhthioch na Fraince . Chuaigh Franco ar ais go dti an Afraic agus e ar an dara ceannasai ab airde ar an leigiun seo.

Ar an gceathru la fichead de Mhi Iuil 1921 , briseadh an cath ar thrupai na Spainne in Annual, in aice le Melilla . Bhi na bunduchasaigh ag bagairt ar Melilla, coilineacht Spainneach ar chosta Mharaco, ach thainig Franco agus na Leigiunaigh chun fortachta don chathair i ndiaidh tri la a chaitheamh ag mairseail trid an bhfasach. Sa bhliain 1923 , cuireadh Franco i gceannas ar an Leigiun ar fad, agus e ina leifteanantchoirneal anois.

Sa bhliain cheanna, phos se Maria del Carmen Polo y Martinez Valdes, agus saolaiodh inion amhain, Maria del Carmen og, doibh sa bhliain 1926 . Bhi an Ri Alfonso a Tri Deag i lathair, agus e ina fhreastalai onorach don ghrum. D'fhag an onoir seo Franco ina dheargmhonarcai go la a bhais, agus nior laghdaigh blianta na poblachta frithmhonarcai ar an aitius seo aige.

Agus e ina choirneal anois, bhi Franco i gceannas ar na diormai Spainneacha nuair a chuaigh siad i dtir ag Alhucemas (inniu: Al Hoceima i Maraco) le ruaigeadh a chur ar na treibheacha Beirbreacha a bhi go direach ag feachaint le poblacht bheag, Poblacht Rif, da gcuid fein a bhunu ansin. Leis an tuirlingt seo, chuir na Spainnigh agus na Francaigh deireadh le Poblacht Rif.

Sa bhliain 1926 , bronnadh ceim an Ghinearail ar Franco. B'e an ginearal ab oige in Arm na Spainne riamh. Dha bhliain ina dhiaidh sin, cuireadh i gceannas ar Chomh-Acadamh na bhForsai Armtha i Zaragoza e. Scoil traenala nuabhunaithe a bhi ann d'abhair oifigeach na bhforsai armtha ar fad.

Franco agus Dara Poblacht na Spainne [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ce go raibh dearcadh monarcai aige, chloigh Franco le neodracht pholaitiochta an tsaighdiura fiu nuair a thainig Dara Poblacht na Spainne ar an bhfod i ndiaidh d'Alfonso an choroin a thabhairt suas, sa bhliain 1931 . I mi an Mheithimh sa bhliain cheanna, afach, dhun an Priomh-Aire Manuel Azana an moracadamh mileata i Zaragoza a bhi Franco a stiuradh. Ni nach ionadh, bhi Franco iontach mishasta leis an gcomhairle seo, agus thug se oraid uaidh do na habhair oifigeach a bhi thar a bheith naimhdeach i leith na Poblachta nua. D'fhag an Priomh-Aire an Ginearal gan obair ar bith go ceann leathbhliana, agus suil a coinneail air.

Ar an gcuigiu la de Mhi Feabhra 1932 , chuaigh se i gceannas ar dhiormai a bhi ar garastun in La Coruna . Sa bhliain cheanna, d'fheach Jose Sanjurjo le coup d'etat a chur i gcrich, ach o bhi Franco chomh fada sin o chroilar na cumhachta, ni raibh seans aige pairt a ghlacadh san iarracht seo. De thoradh na leasuithe a rinne Azana ar na forsai armtha, thit Franco on chead ait go dti an ceathru hait fichead ar liosta na mbriogaidiri, ach mar sin fein, sa bhliain cheanna, cuireadh i gceannas ar fhorsai armtha na n Oilean Bailearach ar fad e. Le firinne, ni raibh a cheim mhileata ard a dhothain le haghaidh an phoist seo.

Eiri Amach Asturias [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I Mi Dheireadh Fomhair 1933 , chuaigh na Spainnigh ag caitheamh a gcuid votai in olltoghchain, agus b'iad pairtithe an lair agus na heite deise a bhuaigh. Ni raibh lucht leanuna na heite cle sasta leis an rialtas nua, agus thainig gluaiseacht reabhloideach ar an bhfod ar an gcuigiu la de Mhi Dheireadh Fomhair, 1934 . Cloiodh an t-eiri amach seo go sciobtha sa chuid ba mho den tir, ach fuair na ceannaircigh teannta in Asturias le cuidiu o cheardchumainn na mianadoiri. B'e Franco a fuair an tasc an t-eiri amach seo a chur faoi chois. B'e an Ginearal Eduardo Lopez Ochoa , afach, a bhi i gceannas ar na trupai ar mhachaire an air fein, agus b'iad saighdiuiri an Airm san Afraic a rinne an obair shalach. I ndiaidh dha sheachtaine ag cur troda, d'eirigh le Franco agus le hOchoa an reibiliun a chloi, agus meastar go bhfuair 1,200-2,000 duine bas sa teagmhail.

Cuis cointinne agus conspoide idir na staraithe Spainneacha is ea an t-eiri amach seo, chomh maith leis na himeachtai eile a tharraing an cogadh cathartha anuas ar an tir i rith an chead chupla bliain eile. Mar sin fein, tathar ar aon bharuil gur mheadaigh an reibiliun in Asturias ar an naimhdeas idir an da eite pholaitiula. Ce go raibh se de chlu ar Lopez Ochoa go dti sin go raibh claonadh cle ann mar oifigeach, is e an dearcadh a thainig ag an eite chle anois na gur namhaid ab ea e, chomh maith le Franco. Rinneadh gearleanuint ar Lopez Ochoa ina dhiaidh sin, caitheadh i dtoin an phriosuin e, agus maraiodh e nuair a thosaigh an cogadh cathartha.

Ar feadh tamaill i ndiaidh na n-imeachtai seo, bhi Franco ina ardcheannasai ar an Arm Spainneach san Afraic (o 15 Feabhra 1935 i leith), ach ar an 19 Bealtaine 1935 , rinneadh Ceann Foirne Ginearalta ar na forsai armtha ar fad de.

An Bealach go dti an Cogadh Cathartha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nuair a scoireadh an rialtas i ndiaidh scannal Straperlo , b'eigean olltoghchain nua a ullmhu. Ansin, thainig dha chomhghuailliocht mhora pholaitiula ar an bhfod, mar ata, Fronta an Phobail, a chuimsigh na Poblachtanaigh agus na Cumannaigh , agus an Fronta Naisiunta, agus e comhdheanta as an eite dheas, as an bPairti Radacach agus as na Searlasaigh, is e sin, na monarcaithe coimeadacha. Ar an seu la fichead de Mhi Feabhra, bhuaigh an eite chle na toghchain, ach ma bhuaigh, ba dhobair di iad a chailliuint. D'fhag na toghchain an tir ina praiseach. Bhi Franco ag eileamh go gcuirfi staid eigeandala i bhfeidhm, le go bhfeadfai deireadh a chur leis na triobloidi agus na votai a athchuntas faoi shuaimhneas. Ina ionad sin, cuireadh Franco go dti na hOileain Chanaracha, ait nach raibh moran trupai faoina cheannas.

Idir an da linn, bhi Emilio Mola ag cur comhcheilge i dtoll le cheile. Chuaigh se i dteagmhail le Franco, ach ni raibh deifir air siud sea na ni hea a ra, agus nior thainig freagra ceart uaidh roimh Mhi Iuil. Ar an triu la fichead de Mhi an Mheithimh, 1936 , fiu, scriobh se litir chuig Uachtaran na Poblachta, Casares Quiroga , agus e ag tairiscint mishastacht na bhforsai armtha a chloi, ach ni bhfuair se freagra. Bhi lucht na ceannairce san Arm meaite, afach, buille a bhualadh, con Paquito o sin Paquito , is e sin, "le Paquito no ina uireasa". (Is e "Paco" no "Paquito" an leasainm a thugtar ar fhir a bhfuil Francisco mar ainm baiste orthu.) I ndiaidh cuid mhaith cur agus cuiteamh, shocraigh na reibiliunaigh le cheile go n-eireoidis amach in aghaidh na Poblachta ar an ochtu la deag de Mhi Iuil. Nuair a mhinigh Mola do Franco nach raibh an reibiliun instoptha agus go gcaithfeadh gach oifigeach airm a intinn a shocru suas faoin taobh a thacodh se, thogair se dul leis na ceannairceoiri, agus cuireadh i gceannas ar na forsai armtha san Afraic e. Fuarthas eitlean priobhaideach den chineal De Havilland Dragon Rapide ar cios i Sasana ar an aonu la deag de Mhi Iuil le Franco a iompar go dti an Afraic.

Dunmharaiodh an polaiteoir eite deise Jose Calvo Sotelo ar an triu la deag de Mhi Iuil, la i ndiaidh dhunmharu an oifigigh fhrith-Fhaisistigh Jose Castillo . Saighdeadh chun gnimh ab ea na maruithe seo do na ceannaircigh. Ar an seachtu la deag de Mhi Iuil, d'eirigh an tArm san Afraic amach, agus chuir siad lucht a gceannasaiochta faoi choimead. An la arna mharach, d'fhoilsigh Franco a fhorogra agus thug se aghaidh ar an Afraic le dul i gceannas ar na trupai.

Seachtain ina dhiaidh sin, ni raibh na ceannaircigh - na Nacionales no na Naisiunaithe - ach i seilbh aon triu cuid den Spainn, agus an chuid ba mho den chabhlach faoi smacht na bPoblachtanach i gconai. Mar sin, bhi Franco scoite o na reibiliunaigh eile, agus a chuid naimhde ag deanamh patroil ar an bhfarraige idir an Spainn agus an Afraic. Theip ar an g coup d'etat , ach bhi Cogadh Cathartha na Spainne tosaithe.

Franco i g Cogadh Cathartha na Spainne [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

An Spainn i rith an Chogaidh Chathartha

An Chead Chupla Mi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I dtus an chogaidh, bhi se gear-riachtanach ag Franco feachaint chuige go mbeadh an Coimirceas go daingean faoina smacht. O thaobh amhain de, d'eirigh leis tacaiocht na mbunduchasach agus a gcuid taoiseach a fhail, agus on taobh eile de, bhi se in ann a chumhacht a chur i bhfeidhm ar na saighdiuiri. Le sin a dheanamh, afach, d'ordaigh se cupla oifigeach a chur chun bais a bhi ro-dhilis don Phoblacht, agus ba chol ceathrair do fein duine acu siud. Ansin, chaithfeadh Franco a chuid diormai a aistriu go dti Leithinis na hIbeire ar dhoigh eigin, agus o bhi an cabhlach faoi smacht na bPoblachtanach, ni raibh se abalta caolas Ghiobraltair a thrasnu. On bhfichiu la de Mhi Iuil i leith, afach, d'eirigh leis dul i muinin dornan beag eitlean lena chuid trupai a thabhairt go Sevilla agus an chathair sin a shealbhu. Le cuidiu lucht idirghabhala, chuaigh se i dteagmhail leis an Riocht Aontaithe , leis an nGearmain , agus leis an Iodail , go hairithe le tuilleadh eitlean a fhail. Ni raibh na Sasanaigh fonnmhar teacht chun fortachta do, ach mura raibh, d'eirigh leis comhghuailliocht a chur ar bun leis an mbeirt eile ar an 25 Iuil, agus ar an dara la de Mhi Lunasa, thosaigh eitleain Ghearmanacha agus Iodalacha ag tuirlingt ar an aerstraice i dTetuan. Ar an gcuigiu la de Mhi Lunasa, d'eirigh le Franco an leigear a bhriseadh idir e agus an Spainn.

I dtus Mhi Lunasa, bhi an suiomh mileata in Iarthar na hAndaluise chomh suaimhneach is go raibh Franco abalta colun cuig mhile deag de shaighdiuiri a thiomsu faoi cheannas an Leifteanant-Choirneil Juan Yague le mairseail i dtreo Mhaidrid tri chuige Extremadura . Ar an 11u la de Mhi Lunasa, ghabh diormai Franco Merida , agus ceithre la ina dhiaidh sin, thit Badajoz leis. Ansin, thainig an da limistear uile a bhi faoi smacht na naisiunaithe i dteagmhail le cheile.

Ar an 21u la de Mhi Mhean Fomhair, in aice le Maqueda ceithre scor cilimeadar o Mhaidrid, d'ordaigh Franco da chuid saighdiuiri scinneadh on mbealach le fortacht a thabhairt don gharastun in Alcazar in aice le Toledo a bhi faoi leigear. Sharaigh Franco an t-imshui seo ar an 27u la de Mhi Mhean Fomhair. Ce go raibh lucht a thacaiochta fein ag caineadh Franco as ucht an eachtra seo, chuaigh se go mor chun buntaiste do Franco mar phiosa bolscaireachta.

An Bealach go dti an Chumhacht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

An Ginearal Jose Sanjurjo , a bhi ceaptha mar ardcheannasai don eiri amach, fuair se bas i dtimpiste eitleain ar an bhfichiu la de Mhi Iuil. Ni dhearna an chailliuint seo an oiread dochair do na naisiunaithe agus a shilfea, no bhi a cheannasai fein ag gach reigiun: Emilio Mola sa Tuaisceart, Gonzalo Queipo de Llano san Andaluis , Franco i gceannas arm neamhspleach da chuid fein, agus Miguel Cabanellas san Aragoin . Bhi comhairle no junta ag comhordu na cogaiochta, agus Cabanellas i gceannas na comhairle sin, o b'eisean an ginearal ab airde ceim den cheathrar acu. Ar an aonu la fichead de Mhi Mhean Fomhair, ceapadh Franco ina ardcheannasai, agus ar an ochtu la fichead den mhi cheanna, rinneadh ceann an rialtais de chomh maith.

Ar an 1 Deireadh Fomhair 1936 , i m Burgos , insealbhaiodh Francisco Franco i na uachtaran no “Jefe de Estado” (Ceann Stait), i gceannas ar an "rialtas Naisiunta" na Spainne. [1] An seachtain roimhe sin, ceapadh Franco mar “Generalisimo” no Ginearal ar an airm Fhaisistigh..

An Cheannasaiocht Mhileata [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

On la sin i leith go deireadh an chogaidh, b'e Franco fein, go pearsanta, a stiuradh na hoibriochtai mileata ar fad. I Mi na Samhna 1936 , tugadh ionsai faoi Mhaidrid , ach theip ar an iarracht sin, rud a d'athraigh stil chogaiochta Franco, no chrom se ar na caisleain a thogail i ndiaidh a cheile, in ait a bheith ag baint trialach as moroibriochtai ceanndana. Cosuil leis an gcinneadh a ghlac se teacht chun fortachta don gharastun i d Toledo , fuarthas locht ar an athru polasai seo ar chuiseanna oirbheartaiochta. Ta comhairli airithe da chuid ina n-abhair chonspoide ar leith, go hairithe an cinneadh a ghlac se i Mi an Mheithimh 1938 aghaidh a thabhairt ar Valencia in ait na Cataloine .

Ni raibh Franco abalta tacaiocht a bhreagadh o aon naisiun eile, ach amhain an Ghearmain agus an Iodail . Thainig Leigiun an Chondair on nGearmain. Aerchor a bhi ann, ach, ioronta go leor, nior iarr Franco riamh ach airm agus tancanna ar Hitler, in ait na n-eitlean cogaidh. Fuarthas trupai cos-slua on Iodail Fhaisisteach, mar ata, Corpo Truppe Volontarie . Dealraionn se go raibh trupai Franco, na hIodalaigh, agus na Gearmanaigh ag cur cogaidh sach neamhspleach ar a cheile. Go hairithe, ni raibh moran tionchair ag Franco ar Leigiun an Chondair. Bhi an Phortaingeil , a bhi ina deachtoireacht faoi Antonio de Oliveira Salazar , cairdiuil le Franco o thus an chogaidh.

An Cheannasaiocht Pholaitiuil [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'eirigh le Franco an "Falang", pairti naisiunaioch antoisceach na heite deise a bhi ag tacu le sindeacaiteachas Faisisteach, agus na pairtithe monarcaiocha no Carlistas a thabhairt in araicis a cheile agus aon phairti amhain a fhascadh astu beag beann ar na difriochtai doimhne ide-eolaiochta eatarthu. An Falang nua a chruthaigh Franco, bhi se dirithe ar an gcuid ab antoiscigh agus ba bhaula leis an nGearmain a ghiumarail agus, san am ceanna, maolu ar a bpolasaithe siud le cuidiu na monarcaithe frith-Ghearmanacha. De reir a cheile, threig an Falang an ide-eolaiocht Fhaisisteach, nuair a thainig se chun solais sna cainteanna le Hitler nach raibh an Spainn ag teastail uaidhsean ach le buntaiste a ghlacadh uirthi beag beann ar leas na tire fein, fiu mar a thuig na Falangaigh e, agus nach raibh urraim ar bith aige don Fhalang mar fhorsa neamhspleach polaitiuil.

O thus na bliana 1937 i leith, chaithfeadh Franco gach pionos bais a fhaomhadh no a admhail go pearsanta. Ni hionann sin is a ra, afach, go raibh se ro-eolach ar mhionsonrai gach cais.

Ce go bhfuil an chuma ar an sceal gur lig Franco iomlan an scoid leis na Gearmanaigh sa Spainn le linn an chogaidh chathartha, rinne se a dhicheall i mblianta an Dara Cogadh Domhanda gan forsai Gearmanacha ar bith a ligean isteach ina thir. I mblianta an chogaidh, bhi se i dteagmhail thrathrialta leis an Aimireal Wilhelm Canaris , ceannasai na seirbhisi faisneise in Arm na Gearmaine, agus mar sin, bhi a fhios aige cen dearcadh agus cen cineal pleananna a bhi ag Hitler i leith na Spainne. Cuis imni do Franco ab ea an t-eolas seo, an oiread is gur chuir se rogha a chuid saighdiuiri ar garastun i gcongar do na Sleibhte Pirineacha agus, fiu, gur fheach se chuige gur tugadh an tirdhreach in aice leis an teorainn chun aistreain do na tancanna is do na feithicli mileata eile.

I bhfianaise an bhru a bhi Hitler a imirt ar an tir, chabhraigh an Spainn fiu le 45,000-60,000 Giudach didean a fhail i dtiortha Mheiricea Theas. Na Giudaigh a bhain amach teorainn na Spainne, ligeadh isteach iad. Thairis sin, na Giudaigh a bhain amach aon ambasaid de chuid na Spainne, bronnadh saoranacht na Spainne orthu, toisc gur glacadh leo mar "Ghiudaigh Sheafardacha", is e sin, Giudaigh ar dibriodh a gcuid sinsear on Spainn, fiu nuair nach raibh dintiuir Seafardacha ar bith ag na Giudaigh sin. Nuair a tugadh rabhadh do faoi mhishastacht Hitler i leith an pholasai seo, d'fhreagair Franco gurbh fhearr leis cabhru leis na Giudaigh agus fearg a chur ar Hitler, na gan cabhru leis na Giudaigh agus fearg a chur ar Dhia.

Deireadh an Chogaidh Chathartha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ar an gceathru la de Mhi na Marta, 1939, phleasc ceannairc amach i measc shaighdiuiri an Rialtais. Duirt cinniri na reibiliunaithe, mar ata, Segismundo Casado agus Julian Besteiro, go raibh na Cumannaigh ag beartu an chumhacht iomlan a ghabhail le lamh laidir, agus go raibh siad dirithe ar a leitheid de choup d'etat a stopadh. Ghlac na ceannaircigh seilbh ar an bpriomhchathair ar fad, agus d'fheach siad le comhreiteach a shocru le Franco. Ni raibh Franco sasta le haon rud ni ba lu na geilleadh an Rialtais gan chomha gan choinnioll, afach. Thuig lucht na Poblachta go raibh an chuis caillte go hiomlan. Ghlac trupai Franco seilbh ar Maidrid ar an seachtu la fichead de Mhi na Marta, agus bhi an Phoblacht criochnaithe. Thainig deireadh leis an gcogadh ar an chead la de Mhi Aibreain, go hoifigiuil.

Mar sin fein, bhi cogadh eadarnaioch a chur ag dornain de threallchogaithe anseo is ansiud, sna 1940idi agus sna 1950idi fein. Sa bhliain 1944, d'ionsaigh baicle de shean-Phoblachtanaigh a raibh a seal caite acu i ngluaiseacht frithbheartaiochta na Fraince ag troid na Naitsithe, - d'ionsaigh siad Val d'Aran in iarthuaisceart na Cataloine , ach ni rabhthas i bhfad a gcur faoi chois.

An Spainn faoi Franco [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'fhag an cogadh cathartha an Spainn scoilte go domhain, agus geilleagar na tire ina smidirini. I ndiaidh an chogaidh, rinneadh gearleanuint mhithrocaireach ar na daoine a raibh baint acu le lucht tacaiochta na Poblachta agus leis an eite chle. Maraiodh na milte acu scun scan, agus caitheadh na milte i dtoin phriosuin, murar eirigh leo ealu go Meiricea Theas no go dti an Fhrainc. Sa bhliain 1940 , lamhachadh iar-Uachtaran na Cataloine, Lluis Companys , mar shampla. Ina measc siud a bhi thios leis an ngearleanuint, is fiu na dreamanna seo leanas a lua:

  • lucht na heite cle, idir Chumannaigh, Soisialaigh mheasartha, agus Ainrialaigh
  • aindiachaithe, intleachtoiri
  • mileataigh agus statseirbhisigh a d'fhan dilis don rialtas Poblachtanach
  • naisiunaithe reigiunda (Bascaigh, Catalonaigh)

Nior thainig deireadh leis an maru le deireadh an chogaidh. A mhalairt ar fad, is iomai priosunach polaitiuil a cuireadh chun bais, mar threatuir.

An Spainn le linn an Dara Cogadh Domhanda [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Franco agus Heinrich Himmler sa bhliain 1940.

I Mi Mhean Fomhair 1939 , phleasc an Dara Cogadh Domhanda amach san Eoraip. Chuaigh Adolf Hitler i dteagmhail le Franco ar an 23u la de Mhi Dheireadh Fomhair, 1940 , in Hendaye sa Fhrainc, in aice le teorainn na Spainne, agus e ag iarraidh an Spainn a bhreagadh chun cogaidh le taobh na Gearmaine. Bhi Franco ag eileamh bia, trealamh cogaidh, Giobraltar agus coilineachtai na Fraince i dTuaisceart na hAfraice mar eiric, agus ni raibh Hitler sasta a mhian a ghealladh do. Mar sin, nior thainig Franco agus Hitler ar aon chomhreiteach. Thairis sin, bhi an Ghearmain agus an Spainn in achrann a cheile faoi chearta mianadoireachta na Gearmaine sa Spainn. Ta cuid de na staraithe den bharuil go raibh Franco d'aon turas ag eileamh an iomarca ar Hitler, o nar theastaigh uaidh dul chun cogaidh ar aon nos. Is e an tuairim ata ag na staraithe eile go raibh an Spainn ina ciolar chiot i ndiaidh an chogaidh chathartha, ionas nach bhfeadfadh Franco aon rud fonta a thairiscint do Hitler, cibe ce acu ba mhian leis no nar mhian. Pe sceal e, i ndiaidh an bhua a rug na Gearmanaigh ar an bhFrainc i Mi an Mheithimh sa bhliain 1940 , ghlac an Spainn le polasai neodrachta ba mho a chuaigh chun leasa do chumhachtai na Fearsaide . Mar shampla, chuir se aiseanna na gcuan Spainneach ar fail do na longa Gearmanacha. Sa bhliain 1943 , casadh taoide an chogaidh, agus d'fhill an Spainn ar neodracht iomlan.

Chuaigh oglaigh shaorthoilteanacha on Spainn chun cogaidh le troid a chur ar an Aontas Soiveadach faoi cheannas na Gearmaine, go hairithe an Division Azul , no an Rannan Gorm, ach ni bhfuair siad faomhadh oifigiuil Franco. Ar an 14u la de Mhi an Mheithimh, 1940 , shealbhaigh na forsai Spainneacha Tanger i Maraco . Go dti sin, b'e Conradh na Naisiun a bhi i gceannas ar an gcathair. Nior ghlan na Spainnigh as an ait ach sa bhliain 1942 . Deir Richard Basset sa leabhar Hitler's Chief Spy , a foilsiodh sa bhliain 2005 , gur dhiol Churchill slam mor airgid le Franco leis an Spainn a choinneail amach on gcogadh, agus go ndearna an Spainn dearmad de cheist Ghiobraltair i ndiaidh an chogaidh ar an gcuis cheanna

Le linn an chogaidh, chuidigh an Spainn leis na milte Giudaigh teacht slan as lamh thapaidh na Naitsithe, idir Ghiudaigh on bhFrainc agus o Oirthear na hEorpa, no bhronn taidhleoiri Spainneacha pasanna Spainneacha ar Ghiudaigh Sheafardacha a raibh seanchanuint Spainnise a labhairt acu. Larionad tabhachtach ab ea an Ungair, no bhi consalacht na Spainne i mBudaipeist i lamha Iodalaigh, Giorgio Perlasca , a ndearna lucht leanuna Franco saoranach oinigh na Spainne de i ndiaidh a chuid eachtai mar oglach Faisisteach i gCogadh Cathartha na Spainne. Bhi se tuigthe ag Perlasca ceard a bhi i ndan do na Giudaigh sna campai bais, agus rinne se a dhicheall iad a shabhail.

Na Blianta Iarchogaidh [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Franco agus Dwight D. Eisenhower - Maidrid - 1959

Rinne an cogadh an-dochar do gheilleagar na Spainne, o bhi an tir go praiticiuil faoi leigear ag an Riocht Aontaithe, na Stait Aontaithe agus roinnt tiortha eile. Thainig feabhas ar an sceal, afach, nuair a thosaigh an frith-Chumannachas ag dul i meadaiocht sna Stait, agus an Cogadh Fuar ag eiri ni ba teo. Mar sin, thairg na Stait Aontaithe comhghuailliocht i gcursai cogaidh agus trachtala don Spainn. B'e an tUachtaran Dwight Eisenhower a chuir tus leis an gcomhghuailliocht nuair a thainig se ar cuairt chuig Franco sa bhliain 1953 . B'ansin a siniodh Conradh Mhaidrid idir an da thir, agus ina dhiaidh sin, thosaigh an Spainn ag claochlu o eacnamaiocht fheinchothaitheach go coras leath-chaipitleach. Sa bhliain 1955 , bhain an Spainn amach ballraiocht na Naisiun Aontaithe, agus sna seascaidi, thainig borradh gan a reamhshampla faoi mhaoin phearsanta na Spainneach. Nior athraigh nosanna Franco moran, afach, agus ce go raibh an Spainn ag eiri gniomhach sa chomhoibriu idirnaisiunta, is fanach an uair a chuaigh an Ginearal ar an gcoigrioch.

Ni raibh coras Franco bunaithe ar aon ide-eolaiocht laidir. Ar dtus, chuaigh se i dtuilleamai an tSindeacaiteachais Naisiunta ( nacionalsindicalismo ) agus an Chaitliceachais ( nacionalcatolicismo ). An pairti aonair a bhi ag rialu na tire, mar ata, an Ghluaiseacht Naisiunta no Movimiento Nacional , ni raibh se comhchruinnithe na comhdhluite ar aon nos o thaobh na hide-eolaiochta de - ni fheadfa e a chur i gcomparaid le pairti Faisisteach na hIodaile na le lucht leanuna Antonio Salazar sa Phortaingeil. Stat coimeadach ab ea an Spainn faoi Franco. B'iad na traidisiuin, an tsiochain inmheanach agus an chobhsaiocht na clocha ba mho ar phaidrin Franco, seachas aisling uileghabhalach polaitiochta.

Sa bhliain 1947 , d'fhogair Franco an Spainn ina monarcacht. Nior cheap se aon duine mar Ri, afach, no ni raibh se ach ag iarraidh na monarcaithe sa Ghluaiseacht a ghiumarail. Ce go ligeadh se air fein bheith ina mhonarcai, ni raibh aon Ri ag teastail uaidh dhairire. D'fhag se an richathaoir folamh, agus d'fhan se fein i gceannas ar an tir mar chineal fear ionaid Ri. Chaitheadh se saineide an Ghinearal-Chaptaein, arbh e ceim thraidisiunta an Ri in arm na Spainne e. Chuir se faoi i bPalas El Pardo, agus shealbhaigh se cuid mhor de phribhleidi traidisiunta an ri.

Rialaigh se an Spainn le lamh laidir. Chuir se cosc le pairtithe an fhreasura agus le ceardchumainn neamhspleacha, chomh maith le cultur na mionlach naisiunta, ar nos na mBascach agus na gCatalonach. Theastaigh uaidh aontacht na Spainne a chosaint, agus b'e an dearcadh a bhi aige ar na teangacha mionlaigh nach raibh iontu ach dainsear don aontacht sin. Cuireadh cinsireacht i bhfeidhm ar na saothair ealaine agus litriochta, go hairithe ar chuiseanna moraltachta, ce go ndeachaigh si chun boige i ndiaidh na bliana 1960 . Maidir leis na Giofoga agus na fanaithe eile, d'fheach coras Franco le srianta a chur lena saol le Ley de Vagos y Maleantes , is e sin, dli in aghaidh na bhfanaithe a reachtaiodh sa bhliain 1954 . Bhi na Gardai Sibhialta ( Guardia Civil ) ag coinneail diansuil ar shaol na sraidbhailte beaga fein, agus iad ag dul ar a stadar ina mbeirteanna - parejas , mar a thugtai orthu - agus fomheaisinghunnai ar iompar leo.

Bhi cultas pearsanta an Cheannasai i bhfeidhm i stat Franco, mar is dual do na deachtoiri go leir. Sna pictiurlanna, thaispeanadh na nuachtscannain an Ceannasai ag tionscnamh foirginti nua no fiu ag iascaireacht no ag gabhail de chaitheamh aimsire eigin eile.

Sa bhliain 1969 , cheap Franco an Prionsa Juan Carlos mar chomharba do fein. Rinne se droichead, ansin, d'athair Juan Carlos, mar ata, Don Juan, cunta Barcelona , a chreid go raibh se chun tosaigh ar Juan Carlos sa chomharbacht. Dealraionn se gur shil Franco go mbeadh an fear og ni ba sochomhairli na a athair, ach bhi fuar aige, mar a d'iompaigh an sceal amach.

I mblianta deireanacha Franco, bhi a ghreim a scaoileadh den chumhacht cheana fein, agus faicsin a ghluaiseachta in achrann a cheile faoin gcumhacht. Ar an 20 Nollaig 1973 feallmharaiodh Luis Carrero Blanco, priomh-aire faisisteach na Spainne. Bhi rol larnach laistigh den rialtas Franco aige. D'imigh an reimeas le sruth ina dhiaidh a bhais.

An Spainn i nDiaidh Franco [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tuama Franco- Valle de los Caidos - An Spainn

Thainig an Ri Juan Carlos i gcomharbas ar Franco i ndiaidh bhas an deachtora, mar a bhi pleanailte. Ce go raibh Franco an-mhor leis an bprionsa nuair a bhi se ag fas anios, nior eirigh leis a thuairimi polaitiula a mhuineadh don stocach. A mhalairt ar fad, no fiu sula raibh an deachtoir basaithe, d'fhailtiodh Juan Carlos ceannairi polaitiula an fhreasura isteach chuige faoi choim na hoiche le todhchai na tire a phle leo.

D'fheach an Ri chuige gur tugadh an daonlathas isteach gan mhoill i ndiaidh bhas Franco. Nuair a shealbhaigh oifigigh on eite dheas aras parlaiminte na Spainne ar an 23u la de Mhi Feabhra 1981 leis an deachtoireacht a chur ar bun aris, dhiultaigh Juan Carlos glan comhoibriu ar bith a dheanamh leo, agus thit an toin as an g coup d'etat ar an la arna mharach, de cheal a thacaiochta.

Roimh an eachtra seo, bhi polaiteoiri na heite cle in amhras faoi Juan Carlos, agus iad den bharuil gurbh fhearr poblacht a ghairm den Spainn, ach ina dhiaidh sin, leirigh na Cumannaigh fein ardmheas agus tacaiocht don Ri.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. " Nombramiento del general Franco como Jefe del Gobierno del Estado " (as es) (2019-09-09). Wikipedia, la enciclopedia libre .