한국   대만   중국   일본 
Uaigneas - Vicipeid Jump to content

Uaigneas

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
'Uaigneas' le Hans Thoma,  Wrocław 1880

Dearcadh duairc ar an saol is ea uaigneas , [1] nuair a bhraitheann daoine go bhfuil siad scoite amach on gcuid eile den phobal, nach mbionn comhluadar acu, no sin a cheapann siad. [2]

Ce go bhfuil an chuma ar an sceal gur mi-adh pearsanta e, ta na cuinsi maireachtala agus an imeascadh an tsochai thar a bheith tabhachtach. Chuir dianghlasail na paindeime Covid-19 dlus leis an fhadhb seo a aithnitear anois a bheith forleathan i dtiortha ‘forbartha’ an domhain. Mar shampla, mar thoradh ar an bpaindeim san Aontas Eorpach , le linn 2020-2022, mheadaigh lion na ndaoine ar a raibh uaigneas sna reigiuin eagsula idir 22 % agus 26 %, agus in Eirinn go hairithe. [3]

a bheith i d'aonar ach na sraideanna plodaithe le daoine

Coincheap [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta daoine ann a shantaionn an t- aonarchas agus na bionn aon phioc uaignis orthu gan daoine a bheith morthimpeall orthu. Is geall leis na flaithis acu e go deimhin.

Sa Ghaeilge, ta cuid den fhiliocht is aille againn bunaithe ar a bheith ‘amuigh ar an uaigneas’, no a bheith ina aonar. Ta roinnt miondifriochtai ceille ag an bhfocal 'uaigneas', nach bhfuil ann i mBearla agus 'loneliness'.

Ce Sir John Rogerson, BAC [4]
Ce na Cathrach, [5] BAC
Ce an Phoirt Thuaidh , [6] BAC
BAC
OReillys Bar,.Sraid Tara, BAC [7]

Slainte [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is feidir le haonru soisialta agus uaigneas tionchar suntasach a imirt ar shlainte fhisiciuil agus mheabhrach agus ta se nasctha le go leor riochtai slainte ainsealacha. D'fhogair an Eagraiocht Dhomhanda Slainte sa bhliain 2023 gur geall le gearcheim slainte e an t-uaigneas i saol an lae inniu. Ta se chomh diobhalach ceanna don gcorp is don gceann agus ata a bheith a’ caitheamh cuig cinn deag de thoitini sa la, agus chomh holc duit is a bheadh se da gcaithfea siar se dheoch mheisciuil in aghaidh an lae. [8] Airitear e mar chuis le galar croi agus nealtru , gan tracht ar an bh feinmharu . [9] [10]

Ta nasc deanta ag staideir iomadula le haonru agus uaigneas le riochtai ainsealacha slainte lena n-airitear galar croi, galar scamhog, galar cardashoithioch, hipirtheannas, atherosclerosis, stroc, agus neamhoird mheitibileacha, amhail murtall agus galar meitibileach. Ta baint aige freisin le feidhm chognaioch nios boichte agus le meabhairshlainte nios boichte. [11]

Ag an am ceanna, is feidir le fadhbanna meabhairshlainte daoine a aonru.

Ta go leor buntaisti ag baint le naisc shoisialta a thogail agus a chothabhail do shlainte agus follaine fhadtearmach. [11] Agus scrudu a dheanamh ar an tionchar a bhionn ag gniomhaiochtai cruthaitheacha ar shaol daoine scothaosta, leiriodh sna torthai tuarascala nuafhoilsithe a rinne Staidear Fadaimseartha na hEireann ar Aosu (TILDA) i g Colaiste na Trionoide, Baile Atha Cliath , go raibh caighdean saoil nios fearr ag daoine fasta scothaosta a ghlac pairt i ngniomhaiochtai cruthaitheacha agus gur lu seans go mbeidis uaigneach. [12] Ma ghlacann daoine ata ag dul in aois pairt i ngniomhaiochtai cruthaitheacha cabhraionn se lena slainte agus lena bhfollaine, agus cuidionn se leis an uaigneas, an dulagar agus an strus a laghdu.

Aoiseanna [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Meastar daoine oga a bheith i bhfad nios uaigni na daoine aosta. Barraiocht ama a chaitheamh acu ag scrollail ar a nguthain poca, b'fheidir, ag caitheamh an iomarca ama ag ‘cumarsaid’ go leictreonach. Gan dothain ama a chaitheamh go fisiciuil acu le cairde is gaolta. [9]

In Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D’eisigh Parlaimint na hEorpa caipeis [13] sa bhliain 2023, toradh ar shuirbhe a rinneadh in 2022 i measc phobal na mballstat ar leibheal an uaignis i measc an phobail. [14] Bhi muintir na hEireann ar bharr an liosta, agus nios uaigni na tir ar bith eile. Fuarthas amach sa suirbhe seo ar fud an Aontais ar an uaigneas go dtuairiscionn 13% de na freagroiri ar an mean go bhfuil siad uaigneach an chuid is mo no an t-am ar fad. Bhi na figiuiri d'Eirinn nios airde na mean an AE agus bhi uaigneas ar breis agus fiche faoin gcead den ndream daoine a ceistiodh in Eirinn. [15]

Bionn Feirmeoiri Aontaithe na hEireann ag caint ar an scamall ata ar roinnt feirmeoiri agus iad ina n-aonar. [16]

Iarmhairti polaitiula [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I leacht a thug Hillary Clinton , iar-runai Stait agus iarsheanadoir Nua-Eabhrac, maionn si go bhfuil an t-uaigneas ag cur an daonlathais i mbaol, fiu. [17] Dearbhaionn si go bhfuil trachtais is teoirici is teachtaireachtai frithdhaonlathacha a gcur ar na meain ag daoine diobhalacha.

Airionn si an t-iaruachtaran Trump ar dhuine acusan. Tugann se, a deir si, udar grain is drochamhrais do dhaoine aonaracha. Cothaionn a leitheid paranoia agus fuath da cheile. [18]

Nathanna [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Is fearr uaigneas maith na droch-chuideachta.
  • Is fearr an t-imreas (no an troid) na an t-uaigneas.
  • Maolaionn (no pluchann) alcol an t-uaigneas.
  • Nil insint beil ar an uaigneas ata orm ina diaidh/dhiaidh.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nasic sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. i mBearla, "loneliness"
  2. " The Health Consequences of Loneliness " (en). Verywell Mind . Data rochtana: 2023-12-15.
  3. Baarck, J., Balahur, A., Cassio, L., d’Hombres, B., Pasztor, Z., Tintori, G., Loneliness in the EU ? Insights from surveys and online media data [An t-uaigneas san Aontas - leargais o shuirbheanna agus sonrai mean ar line], EUR 30765 EN, Oifig Foilseachan an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, ISBN 978-92-76-40246-6, doi:10.2760/28343, JRC125873
  4. logainm.ie. " Sir John Rogerson ". Data rochtana: 2024.
  5. logainm.ie. " Ce na Cathrach, BAC ". Data rochtana: 2034.
  6. " Ce an Phoirt Thuaidh/North Wall Quay " (ga). logainm.ie . Data rochtana: 2024-05-18.
  7. " HOME " (en). OReillys Bar . Data rochtana: 2024-05-18.
  8. Sarah Johnson (2023-11-16). " WHO declares loneliness a ‘global public health concern’ " (en-GB). The Guardian . Data rochtana: 2023-12-15.
  9. 9.0 9.1 Seosaimhin Ni Bheaglaoich (14 Nollaig 2022). " Seacht measa dhuit an t-uaigneas na an iomarca feola a bheith anairde agat " (ga-IE). Tuairisc.ie . Data rochtana: 2023-12-15.
  10. consilium.europa.eu (2023). " An mheabhairshlainte: na Ballstait le beart a dheanamh i reimse leathan reimsi agus earnalacha agus ar son aoiseanna eagsula ". Data rochtana: 2023.
  11. 11.0 11.1 gov.ie (2023-11-20). " Cuireann Airi agus Priomhoifigeach Leighis comhairle ar dhaoine aosta conas athcheangal a dheanamh lena bpobail " (ga-IE). www.gov.ie . Data rochtana: 2023-12-15.
  12. creativeireland.gov.ie (2023). " Ma ghlacann daoine ata ag dul in aois pairt i ngniomhaiochtai cruthaitheacha cabhraionn se lena slainte agus lena bhfollaine, agus cuidionn se leis an uaigneas, an dulagar agus an strus a laghdu? " (ga-IE). Creative Ireland Programme . Data rochtana: 2023-12-15.
  13. "European Parliament Pilot Project on Loneliness2
  14. " Monitoring and tackling loneliness in Europe, released data from first EU-wide survey - European Commission " (en). joint-research-centre.ec.europa.eu (2023-11-30). Data rochtana: 2023-12-15.
  15. Keith Duggan (2023-11-18). " Why is Ireland, the land of a thousand welcomes, the loneliest country in Europe? ? The Irish Times ". Irish Times . Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2023-11-18. Data rochtana: 2024-05-18.
  16. " 10th Annual Walk and Talk Campaign Launched " (en-US). Irish Farmers' Association . Data rochtana: 2023-12-15.
  17. Hillary Rodham Clinton (2023-08-07). " The Weaponization of Loneliness " (en). The Atlantic . Data rochtana: 2023-12-15.
  18. " How loneliness destroys democracy; Hillary Clinton explains | CNN " (as en) (2023-10-26).  
  19. alone.ie. " ALONE " (en-iE). ALONE . Data rochtana: 2024-05-18.