Ba
scribhneoir
Meiriceanach
e
Truman Capote
(
30 Mean Fomhair
,
1924
?
25 Lunasa
1984
). Scriobh se scealta,
urscealta
,
dramai
agus abhar
neamhfhicseanach
. Ta meas mor ar roinnt acu, go hairithe an
noibhille
Breakfast at Tiffany's
(
1958
) agus
In Cold Blood
(1965), "
ursceal
neamhfhicsin" mar a thug an scribhneoir air. Bunaiodh timpeall fiche scannan agus drama teilifise ar scealta le Capote.
Bhi deis a labhartha aige, ach ag iarraidh daoine a ghriosu, tharraing Capote conspoid lena bheo agus lena mharbh fiu.
[1]
Rugadh
Truman Streckfus Persons
i
New Orleans
ar an 30 Mean Fomhair 1924, agus ba iad a thuismitheoiri Archulus Persons agus cailin seacht mbliana deag darbh ainm Lillie Mae Faulk.
Ni raibh se ach ceithre bliana d'aois nuair a fuair an lanuin
colscaradh
, agus ansin tugadh go Monroeville i stat
Alabama
e, ait ar thog muintir a mhathar e. Ba ansin a chuir Truman aithne ar chailin darbh ainm Nelle
Harper Lee
. Bhi siad ina ndluthchairde go la a bhais, agus chabhraigh Harper le Truman an
leabhar
cailiuil
In Cold Blood
a scriobh.
Sa bhliain 1933 d'aistrigh Truman go
Nua-Eabhrac
, ait a raibh conai ar a mhathair agus ar a fear ceile nua. B'as
Cuba
do Joseph Capote, agus e sasta glacadh le Truman mar mhac agus a shloinne fein a bhronnadh ar an mbuachaill. Mar sin a rinneadh Truman Garcia Capote de Truman Streckfus Persons.
Thosaigh Truman ag scriobh scealta nuair nach raibh se ach aon bhliain deag d'aois. Mar a duirt se fein, bhi se ag traenail scribhneoireachta mar a bhionn paisti eile ag traenail veidhlineadoireachta no pianodoireachta, no gach la i ndiaidh na gceachtanna scoile chaitheadh se tri huaire an chloig ag scribhneoireacht. Bhi Truman dughafa leis an
scribhneoir
eacht san am, dar leis fein.
Sa bhliain 1935 chuaigh se ar Scoil na Trionoide (Trinity School), scoil ullmhuchain i Nua-Eabhrac, agus ina dhiaidh sin bhi se ag freastal ar Acadamh Mileata Iosaf (St Joseph Military Academy).
Sa bhliain 1939 d'aistrigh muintir Capote go Greenwich i stat
Connecticut
, agus chuaigh Truman ar an ardscoil aitiuil. Mar ba dual don abhar scribhneora, bhi se ag cumadh abhair do
Green Witch
, iris liteartha na scoile, chomh maith le nuachtan na scoile.
Thainig an
teaghlach
ar ais go Nua-Eabhrac sa bhliain 1942, agus chuaigh Truman ar Scoil Franklin (Franklin School), ar a dtugtar Dwight School no Scoil Dwight inniu. Scoil phriobhaideach in Uachtar an Taoibh Thiar no Upper West Side a bhi ann. Bhain Truman amach a ardteastas on scoil seo sa bhliain 1943, agus sin a raibh d'
oideachas
scoile aige.
Bhi Truman fos ina dhalta scoile i Scoil Franklin nuair a thosaigh se ag timireacht oibre don iris
The New Yorker
. Go bunusach, ni raibh i gceist ach a bheith ag sortail cartun agus ag deanamh gearrthoga nuachta, mar a duirt Truman ni ba deanai. Chaith se dha bhliain ansin, ach nuair a tharraing se fearg an fhile
Robert Frost
air fein, tugadh an sac do.
Is e an bharuil a bhi ag Truman Capote ar an seal oibre seo ni ba deanai nach raibh moran ann mar jab, ach mar sin, bhi se buioch beannachtach go raibh obair de chineal eigin aige san am, o bhi se meaite gan tuilleadh ama a chur amu in aon seomra ranga: ba e a dhianbharuil gur cinniuint don scribhneoir a pheann agus nach feidir le haon ollamh colaiste scribhneoireacht a theagasc don duine nach dual do an cheird sin, na duchas na scribhneoireachta a bhaint den duine a bhfuil se ann.
I ndiaidh do an jab a chailleadh shocraigh se sios i dteach lucht a ghaoil in Alabama ait ar chrom se ar a chead ursceal, is e sin,
Summer Crossing
.
Bhi Truman Capote mor le
Harper Lee
, a chomharsa i Monroeville, Alabama, agus mhair an cairdeas go la a bhais-sean. Bhunaigh Truman carachtar Idabel sa leabhar
Other Voices, Other Rooms
ar Lee, agus ba eisean a thug inspioraid do charachtar Dill Harris san ursceal
To Kill a Mockingbird
a thabhaigh
Duais Pulitze
r do Lee.
Ni ba deanai, chuidigh Lee le Capote an t-eolas a bhailiu o mhuintir na haite le haghaidh
In Cold Blood
, an t-ursceal
firicsin
faoi dhunmharu mhuintir Clutter i Holcomb, Kansas, i Mi na Samhna 1959.
Bhuail
galar ae
e. Bhi se as a chiall ar dhrugai
[1]
nuair a fuair se bas ar
25 Lunasa
1984
i mBel Air, Los Angeles, in aois 59 do.
Tharraing Capote conspoid lena bheo agus lena mharbh. Creamadh a chorp, ach goideadh a chuid luaithrigh dha uair, creid no na creid.
[2]
Dioladh cuid den luaithrigh ar ceant sa bhliain 2015, agus bhain siad praghas maith amach, $43,750, Fuair buideil na bpiollairi a bhi aige $9,280 ar ceannt, creid no na creid.
[3]