Toussaint Louverture
(a rugadh mar
Francois-Dominique Toussaint
ar
20 Bealtaine
1743
agus a cailleadh ar
7 Aibrean
1803
). Ba cheannaire e ar Reabhloid Saint-Domingue (
Haiti
). Aithnitear e mar an gcead cheannaire gorm a bhuaigh ar fhorsai impireachta coilini Eorpai ina thir fein.
Afracach
ba ea a sheanathair, Gaou-Guinou, a rugadh i mBeinean na hAfraice; tugadh a athair Hyppolyte chun Saint-Domingue (
Haiti
) mar dhaor, agus is ann a rugadh Toussaint. Lig a mhaistir do leamh agus scriobh a fhoghlaim, agus saoradh e sa bhliain 1776, in aois a thri bliana is triocha. Chuaigh se le feirmeoireacht agus daoir aige.
Faoin am sin bhi se posta le bean shaor darbh ainm Suzanne agus bhi clann air, idir dhlisteanach agus neamhdhlisteanach.
Chuaigh
Reabhloid na Fraince
i bhfeidhm go mor ar Saint-Domingue: chuir si na huaisle aitiula ag cuimhneamh ar neamhspleachas agus an isealaicme ag cuimhneamh ar chothroime. Sa bhliain 1791 d'eirigh daoir an tuaiscirt amach agus chuaigh Toussaint i bpairt leis na
Spainnigh
in oirthear na oileain, ait ar fhoghlaim se ceird na saighdiuireachta. Rug se an chraobh leis aris agus aris sa chomhrac, tri mhile fear a leanuint agus e ina ghinearal. Thainig se slan o chomhcheilg agus sa bhliain 1774 thaobhaigh le hudarais reabhloideacha a thainig on bhFrainc. Idir an da linn rinne reisiminti Briotanacha agus Spainneacha ionradh ar an oilean, agus riogaithe bana ag cabhru leo. Bhuaigh se ar na Spainnigh agus ceapadh e mar leifteanantghinearal in
Arm na Fraince
.
Bhi Toussaint ag troid i gconai le h
Arm na Breataine
, ach sa bhliain 1798 threig siad an t-oilean, agus bheartaigh Toussaint ar dhul i reim mar an t-aon cheannaire amhain. Bhuail se a choimhlinteoiri sa bhliain 1799 agus ghabh an chuid Spainneach den oilean sa bhliain 1801. Ar 9 Bealtaine 1801 d’fhogair se bunreacht neamhspleachais a thug lanchumhacht do lena shaol.
Chealaigh na Francaigh an daoirse sa bhliain 1793, rud a d’fhogair Toussaint fein cibe ait a ndeachaigh se. Mar sin fein, rinne se na plandalacha a chur ar siul aris agus e ag iarraidh ar na coilinigh a theith a theacht ar ais. Chun an geilleagar a athneartu d’fhogair se sa bhliain 1801 go mbeadh ar oibrithe gorma dul ag obair aris sna plandalacha, rud a spreag achrainn.
Duirt Toussaint riamh go raibh se dilis do rialtas na Fraince, ach bhi eagla ar
Napoilean
go gcaillfeadh se coilineacht shaibhir agus gheill se d’aiteamh na dtiarnai mora talun agus na gceannaithe ar mhian leo an daoirse a chur ar bun aris. Sa bhliain 1802 rinne arm Francach ionradh ar an oilean faoi cheannas an ghinearail Leclerc; bhi troid ghear ann ach bhi na Francaigh an-laidir, agus shinigh Toussaint conradh a duirt nach gcuirfi an daoirse ar bun aris.
Ba ghearr gur togadh e as amhras comhcheilge agus ceannairce. Tugadh anonn go dti
an Fhrainc
e, ait ar sacadh e i bpriosun i nDaingean Joux sa bhliain 1802. Fuair se bas ann ar
7 Aibrean
1803
de bharr galru fiaclach, de reir mar a duirt an tuairisc chorpdhiosctha.
Sa bhaile thosaigh an troid aris; d’fhag na Francaigh Saint-Domingue/Haiti, agus fograiodh an neamhspleachas ar
1 Eanair
1804
.
- Bell, Madison Smartt,
Toussaint Louverture: A Biography
. Pantheon, New York 2007.
- Cesaire, Aime,
Toussaint Louverture
. Paris 1981.
- Foix, Alain,
Toussaint Louverture
. Gallimard, "Folio Biographies" 2007.
| Is
siol
e an t-alt seo.
Cuir leis
, chun cuidiu leis an
Vicipeid
.
Ma ta alt nios forbartha le fail i dteanga eile, is feidir leat aistriuchan
Gaeilge
a dheanamh.
|