한국   대만   중국   일본 
Teangacha Romansacha - Vicipeid Jump to content

Teangacha Romansacha

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Romansacha
Cineal fine teangacha
Usaid
Aicmiu teangeolaioch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodailice
Treithe
Staidear ag Romance studies (en) Aistrigh
Coid
ISO 639-2 roa
ISO 639-5 roa
Glottolog roma1334
IETF roa
Teangacha Romansacha:

??   Spainnis

??   Portaingeilis

??   Fraincis

??   Iodailis

??   Romainis

Foghrupa de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Romansacha a thainig ar an bhfod nuair a thit na leaganacha eagsula den Laidin as a cheile ar fud iarsmai Impireacht na Roimhe. Labhraionn seacht gcead milliun duine teangacha den chineal seo ar fud an domhain - san Eoraip chomh maith leis na hiar-choilineachtai Eorpacha sna hilchriocha eile.

Nil na teangacha Romansacha bunaithe ar an Laidin Chlasaiceach, an teanga a bhi a saothru ag leitheidi Iuil Caesar agus Marcus Tullius Cicero, ach ar an ngnathchaint i mbeal na saighdiuiri sna leigiuin Romhanacha. Mar sin, is iomai focal Clasaiceach nar mhair ar aon nos sna teangacha Romansacha. Bhi coras na ndiochlaonta an-simplithe sa Laidin Choitianta i gcomparaid le teanga ghalanta na litriochta freisin. Nil na teangacha Romansacha cosuil leis an Laidin Chlasaiceach o thaobh ord na bhfocal de ach an oiread. Is e an t-ord focal ata sna teangacha seo na SVO (ainmni - briathar - cuspoir), ach is e ord focal na Laidine Clasaici na SOV (ainmni - cuspoir - briathar): Marcus Tulliam amat "ta Marcus i ngra le Tullia", a deirtear as Laidin, ach is e an leagan Spainnise na Marco ama a Tulia (no Marco quiere a Tulia ).

Is iad na teangacha Romansacha is tabhachtai na an Spainnis , an Phortaingeilis , an Fhraincis , an Iodailis , an Romainis agus an Chataloinis . Ta cuid mhaith teangacha agus canuinti gaolmhara a labhairt ar fud dheisceart na hEorpa agus iad ar beagan cainteoiri i gcomparaid leis na mortheangacha seo, mar shampla An Romainis s an Eilveis agus an Laidinis ata labhartha i dtuaisceart na hIodaile.

Stor focal na Laidine i gcomparaid leis na teangacha Romansacha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Edere an focal Laidine ar "ithe", agus chuaigh se in eag sa ghnathchaint. Ba e an briathar manducare - "mungailt" - a thainig ina ait san Fhraincis ( manger ), sa Chataloinis ( menjar ) agus san Iodailis ( mangiare ), ach ta an briathar Spainnise comer bunaithe ar an bhfocal comhshuite comedere "craosaireacht a dheanamh" (= com- + edere ).
  • Emere an focal Laidine ar "ceannach". Thainig focail eile ina ait sna teangacha Romansacha, ar nos comprar sa Spainnis (ata gaolmhar le comparare na Laidine, cf. compare an Bhearla agus comparaid na Gaeilge) agus acheter (< adcaptare , focal comhshuite: ad = "chuig", + captare , "dreim le rud, bheith ag iarraidh rud a shealbhu") san Fhraincis.
  • Equus an focal Clasaiceach Laidine ar "capall". Is e focal na gnathchainte a mhaireann sna teangacha Romansacha, afach, caballus : cheval san Fhraincis, caballo sa Spainnis. (Tabhair faoi deara, afach, go bhfuil an focal Spainnise ar "lair, capall baineann" gaolmhar le h equus na Laidine: yegua .)
  • Ignis an focal Laidine ar "tine", agus sinn abalta an tamhan ceanna a aithint san fhocal Bearla ignition . Chuaigh an focal in eag sna teangacha Romansacha, agus thainig focus ("ait na tine, tintean") ina ait sa chuid is mo acu ( fuego as Spainnis, feu as Fraincis).
  • Vetus an focal Laidine ar "sean, aosta", agus is e an ginideach ata aige na veteris . Mar sin, is e tamhan an fhocail na veter- . Nil an -r- sin le feiceail sna foirmeacha Romansacha den aidiacht seo ( viejo as Spainnis, vieux, vieille as Fraincis). Is amhlaidh go bhfuil na leaganacha seo bunaithe ar fhoirm dhispeaguil na haidiachta seo, vetulus . Rinneadh veclus de sa ghnathchaint, nuair a thit an t- u gearr gan bheim ar lar. Ni cheadaionn foghraiocht na Laidine an -tl-, agus mar sin, thainig an -cl- ina ait.

Ta a leitheid ann agus Appendix Probi , liosta focal on triu haois i ndiaidh bhreith Chriost a mholann d'fhoghlaimeoiri na Laidine scriofa focail mhichearta airithe a sheachaint agus ceartfhoirmeacha a usaid ina n-ait. Ceann de na moltai sa liosta is ea "VETULUS NON VECLUS", is e sin "[scriobh] vetulus seachas veclus ". Diol suntais e go raibh an tseanaidiacht ud vetus imithe as usaid ar fad san am seo, de reir dealraimh.