Stair na hEireann

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Is e is bri le stair na hEireann na an t-eolas ata ar fail sna foinsi liteartha faoi shaol na hEireann fado agus faoi na himeachtai a chuir cor i gcinniuint a muintire. Glactar leis gur thainig an chead aitreabh daonna ar an bhfod in Eirinn chomh luath le hocht mile bliain roimh bhreith Chriost , ach b'iad scribhneoiri clasaiceacha na sean-Ghreige ba thuisce a rinne tagairt d'Eirinn ina gcuid scribhinni.

Reamhstair na hEireann [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Si an Bhru (t.3300-2900 RC)

Luathstair na hEireann [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Protastair Eireann [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Thracht an starai Romhanach Avienus ina shaothar Ora Maritima ar Eirinn mar insula sacra , is e sin, an t-oilean naofa. Bhi Avienus ag scriobh sa cheathru haois i ndiaidh bhreith Chriost, ach ma bhi, chuaigh se go mor i dtuilleamai seanfhoinsi Greigise agus e ag tagairt d'Eirinn. Duirt se freisin gurbh iad gens hiernorum a bhi ina gconai san oilean, agus is docha go raibh baint eigin le hainm na treibhe sin le Hibernia no le hEirinn. Is deacair a ra, afach, an ionann an treibh sin agus na Ceiltigh , no nil na saineolaithe fein ar aon fhocal faoi, an ainm Ceilteach e Eire no Eriu ar dtus. Na Greagaigh a bhreac sios na foinsi a bhi in usaid ag Avienus, bhi siad beo timpeall ar lar na milaoise deireanai roimh bhreith Chriost, faoin am a raibh na Ceiltigh direach ag deanamh a ngabhaltais ar Eirinn. Ni feidir a bheith cinnte, mar sin, an raibh an t-ainm sin Eriu no Eire ag tabhairt do dhream acu siud a raibh conai orthu sa tir roimh theacht na gCeilteach, no an dream Ceilteach ab ea iad siud.

Ciorcal Liag na Grainsi on mbliain 2100 RCh, 15km o dheas o Chathair Luimnigh

Cuid mhor da bhfuil ar eolas againn faoi na Ceiltigh, ta se bunaithe ar shaothar Poseidonios , fealsamh agus starai Greagach a bhreac sios trachtas faoin abhar in am eigin roimh 70 RC . Nil fail ar an mbunscribhinn a thuilleadh, ach is iomai scribhneoir seanarsa ina dhiaidh a tharraing ar a thrachtas mar fhoinse - Iuil Caesar fein, mar shampla. Ar ndoigh, is ar Cheiltigh na Mor-roinne Eorpai a chuir Poseidonios sios, ach mar sin, faightear tagairti aige d'fhorais agus do nosanna a dtrachtar orthu sa tseanlitriocht Eireannach agus sa mhiotaseolaiocht Ghaelach freisin: an gheillsine, na danta a scriobhann na fili in omos da ri, an churadhmhir a thugtar don chogai is croga ag na feastai. Agus an meid sin raite, is ga cuimhne a choinneail air na nach raibh sna Ceiltigh in Eirinn ar dtus ach uasalaicme os cionn chosmhuintir mor na nEireannach reamh-Cheilteach. Is docha gur meascadh cultur an da dhream tri cheile, agus go ndeachaigh teanga reamh-Cheilteach na cosmhuintire i bhfeidhm ar an nGaeilge no ar an bprota-Ghaeilge nuair a munlaiodh an chead uair mar theanga ar leith i. Fuair an Ghaeilge cuid mhor focal ar iasacht o theangacha reamh-Cheilteacha na hEireann, ainmneacha pearsanta agus aitiula ar a laghad.

Ni dhearna na sean-Romhanaigh gabhaltas ar Eirinn riamh. Sin e an phriomhchuis go bhfuil an t-eolas faoin oilean seo chomh gann agus ata se sna foinsi Romhanacha. Mar sin fein, scriobh Tolamaes (nach ionann e agus an realteolai Tolamaes !), tireolai Greagach o Chathair Alastair san Eigipt , cuntas ar Eirinn reamh-Chriostai. Bhi Tolamaes fein beo sa dara haois i ndiaidh bhreith Chriost, ach is docha go raibh a chuid eolais traidhfil as data nuair a bhreac se sios a shaothar - gur thainig se on chead aois i ndiaidh bhreith Chriost, no go raibh se ni ba sine fos. Cibe sceal e, luann Tolamaes aiteanna cosuil leis an m Boinn , an Laoi , agus an t Sionainn . Thairis sin, tagraionn se d na riochtai beaga ar fud an chosta thiar, agus dealraionn go raibh a fhios aige Dal Riada freisin, is e sin, an riocht no an treibh Eireannach a chuir an chead tus leis an nGaelachas in Albain .

Ce go raibh Eire suite taobh amuigh d' Impireacht na Roimhe , chuaigh an cultur Romhanach go mor i bhfeidhm ar na luath-Eireannaigh. Na hiarsmai seandalaiochta on tsean-Roimh a fuarthas in Eirinn, is feidir iad a aicmiu de reir na treimhse a mbaineann siad lei. Teann an chead ghrupa siar go dti an chead agus an dara haois i ndiaidh bhreith Chriost, agus an dara grupa go dti an ceathru haois agus an t-am ina diaidh. Thainig iarsmai an chead ghrupa go hEirinn trid na bealai tradala, ach is docha nach raibh an tradail sin seanbhunaithe na coitianta. Nuair a casadh iarsmai an dara grupa in Eirinn, bhi an tir i ndluth-theagmhail leis an tsibhialtacht Romhanach.

An t Ogham . In usaid on 4u haois - t. 10u haois .

B'e ba chuis leis an dluth-theagmhail seo na go raibh cumhacht na Roimhe ag titim as a cheile sa Bhreatain, agus cead ag na hEireannaigh ansin dul ag foghlaiocht timpeall an chosta. Bhunaigh na riochtai beaga Eireannacha coilineachtai freisin ar chosta na Breataine , go hairithe sa Bhreatain Bheag . Creidtear, mar shampla, gur thainig ainm na leithinse ud Ll?n (Bearla: Lleyn Peninsula ) o Laighin in Eirinn.

B'i an choilineacht Eireannach ba thabhachtai na an ceann a bunaiodh in Albain, ar ndoigh. Go bunusach, b'i an riocht bheag ud Dal Riada i dtuaisceart na hEireann, i gcosta thuaidh Chuige Uladh mar a fheictear duinn inniu, ba thuisce a thrasnaigh Sruth na Maoile le buanaitreabh a chur ar bun ar an taobh thall. Niltear cinnte faoin am ar tharla an chead trasnail, ach is feidir go bhfuil uimleid eigin ag baint leis an leagan a thugann le fios gurbh iad Fearghus Mor mac Eirc agus a chlann mhac an chead dream a bhuail port in Albain thar cionn Dhal Riada, sa chuigiu haois. Nuair a bhunaigh Colm Cille a mhisean in Oilean I sa bhliain 563 , bhi riocht nar bheag ansin cheana fein, agus ri Dhal Riada ag cur siorchogai ar na Piochtai le tuilleadh tailte a ghabhail. De reir a cheile, shealbhaigh Dal Riada tailte na bPiochtai go leir, agus faoi lar na naou haoise, d'aontaigh Coinneach Mac Ailpin in aon riocht amhain iad.

San am sin, chuaigh an cultur Romhanach go mor mor i bhfeidhm ar Eirinn. Fuair an Ghaeilge an chead chupla focal ar iasacht on Laidin , chomh maith leis na coincheapa a raibh siad ag tagairt doibh. Maidir leis an Oghamchraobh - an coras litrithe a husaideadh sna hinscribhinni ba sine Gaeilge - glactar leis nach raibh inti ach cod a sheas do litreacha na haibitre Laidini, os rud e go bhfuil tuiscint ghramadoiri comhaimseartha na Laidine ar fhuaimeanna na teanga sin le haithint ar aicmiu na litreach Oghaim. Fuarthas cuid mhor oghamchloch sa Bhreatain Bheag freisin, sna haiteanna a raibh conai ar choilinitheoiri Eireannacha.

Teacht na Criostaiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

B'on mBreatain Bheag a thainig an Chriostaiocht go hEirinn freisin. Dealraionn se gur bhain an chead mhisineir amach Eire sa cheathru no sa chuigiu haois. B'e Prosper Tiro a rinne an chead tagairt do Chriostaithe na hEireann. Thracht se ar easpag darbh ainm Palladius a cuireadh go hEirinn sa bhliain 431 le freastal ar na Criostaithe aitiula. Maidir le Naomh Padraig , is eisean an duine is aithnidiula de na luathmhisineiri sin, agus e a urramu ag na hEireannaigh mar aspal naisiunta, ach is ar eigean is feidir a ra gurbh eisean a d'iompaigh muintir na hEireann leis an gcreideamh nua ina aonar. Proiseas fadalach ab ea teacht na Criostaiochta go hEirinn.

Crois Ard - Mainistir Bhuithe (t. 10u haois ).

Is deacair fiorsceal Phadraig a insint inniu, no nior fhag se ina dhiaidh ach dha shaothar, mar ata, an Fhaoistin agus an Litir chuig saighdiuiri Choroticus . Mar a d'inis se an sceal e fein, bhi se se bliana deag d'aois nuair a d'fhuadaigh foghlaithe mara o Eirinn e, agus chaith se an chead se bliana eile ina sclabhai thall ansin, go dti gur eirigh leis ealu agus tri chead cilimeadar a chur de de shiul a chos, go dti gur bhain se amach cuan. Ansin, sheangaigh se isteach ar bhord loinge a bhi ag dul go dti an Bhreatain Bheag, agus thainig se abhaile mar sin. Ina dhiaidh sin, chuaigh se ag togail leinn le bheith ina shagart, agus sa deireadh, thainig se ar ais go hEirinn ina easpag. Is docha go raibh se ina easpag in Ard Mhacha , agus go raibh a chuimhne a hurramu ag muintir an chompail sin ar dtus, ach de reir a cheile, leath an cultas ar fud an oileain.

Leis an gCriostaiocht, thainig an manachas, ce narbh e Padraig a chuir tus leis, is docha. Bunaiodh mainistreacha ar fud na tire, agus d'fhas cathracha tabhachtacha ina dtimpeall. Niorbh i an diagacht Chriostai amhain a bhi a staidear ag na manaigh, no bhi na manaigh eolach ar leann seanarsa na Roimhe chomh maith, agus suim acu freisin i gcultur duchasach na hEireann. Chum siad leabhair nua Laidine, agus thosaigh siad ag saothru na Gaeilge mar theanga scriofa freisin. Chuir siad le cheile an chead dli scriofa d'Eirinn freisin, Collectio canonum hibernensis , no Cnuasach na nDlithe Eireannacha. Ta an seandli seo bunaithe ar an bhfeineachas, ar an dli Romhanach agus ar dhli an tSean-Tiomna araon.

Ar dtus, b'iad na hEaspaig a bhi i gceannas ar chursai na hEaglaise, ach nuait a chuaigh an manachas i dtreise, fuair na habai an lamh in uachtar ar na heaspaig. Ba mhinic a bhi na habai chomh cumhachtach is gurbh fhearr leis na rithe beaga fein dul ar lorg didine sna mainistreacha na fanacht sa bhaile. Mar sin, bhi saol na hEireann a chasadh timpeall na mainistreach, idir shibhialtacht agus eacnamaiocht, agus bhi na habai saibhre abalta ceardaithe a fhostu le saol na mainistreach a mhaisiu agus a ornaidiu. B'iad Oilean I agus Ard Mhacha priomh-larphointi an tsaoil eaglasta Ghaelaigh san am, agus bunaiodh mainistreacha nua in Eirinn faoi cheannas na manach o na larionaid seo: Doire Cholm Cille , Ceanannas Mor , agus eile.

Na Rithe agus na Ruiri [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Feach freisin Riochtai Eireann , Rithe Eireann , Liosta Rithe na hEireann

Roimh theacht na nGall, ni raibh ach aon teideal uasal amhain in Eirinn: an ri. Ta sean-annalacha na hEireann ag cur thar maoil le heolas faoi ghniomhartha na rithe agus faoi ghinealas na ritheaghlach eagsuil, agus urraim beagnach naofa ag dul doibh. Sceal eile ar fad e, afach, go raibh na rithe an-lionmhar in Eirinn, agus glactar leis go coitianta go raibh timpeall is ceithre scor de riochtai beaga aitiula in oilean na hEireann. De reir na bhfoinsi comhaimseartha, bhi tri chineal rithe ann: an ri tuaithe ( ri tuaithe sa tSean-Ghaeilge), an ruire ( ruiri ), agus ri na ruiri ( ri ruirech ). B'e an ri tuaithe a bhi ag rialu na mionriochta aitiula, agus e ina gheillsineach do ruire eigin. B'ionann ri na ruiri agus ri an chuige, agus fear mor cumhachtach ab ea a leitheid cheana fein.

Ni feidir moran a ra le cinnteacht faoi na rithe agus an bhaint a bhi acu le cheile. Glactar leis go raibh an ri tuaithe cosuil le taoiseach na treibhe, agus e ina ionadai da riocht nuair a bhi gnothai aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpairc an air. Nil anseo, afach, ach tuairimiocht.

B'iad rithe na gcuigi na rithe ba thabhachtai. Bhi na heaglaisigh aitiula ag tabhairt tacaiochta do ri a gcuige, agus iad ag suil leis go gcinnteodh se siochain agus cosaint do na mainistreacha. Ma rinneadh aon rud as cosan ar an eaglais, d'fhead na heaglaisigh iarraidh ar ri an chuige go n-imreodh se dioltas ar na ciontoiri. Ma choronaigh an eaglais an ri, bhi an ri sasta feachaint chuige go n-iocfai an deachu leis an eaglais.

Ide na hArd-Riochta agus Dul chun Cinn na nUi Neill [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ceist chasta chrosta is ea ceist na hArd-Riochta . Sa Leabhar Gabhala , tugtar le fios gur clann d'aon sinsear amhain iad na ritheaghlaigh aitiula eagsula ar fud na hEireann. Thairis sin, deanann na leabhair dhli tagairt do nosanna agus do dhlithe an oileain ar fad, agus an chiall le baint astu gurb ionann an cultur ar fud na hEireann. Mar sin, bhi an smaoineamh in aice laimhe gur choir aon ri amhain a chur ag rialu an oileain ar fad - an tArd-Ri, mar a dearfa. Na heaglaisigh a bhi ag tacu leis na hUi Neill - sliocht Neill Naoigheallaigh thuaidh - bhi siad ag aitiu ina gcuid scribhinni go raibh an Ard-Riocht ag dul do dhuine de na Niallaigh. Go bunusach, ni raibh a leitheid de rud agus Ard-Ri na huile Eireann ann riamh, ach mar sin fein, bhi ide na hArd-Riochta ann, agus an chuma ar an sceal go n-iompodh duine de shliocht Neill ina fhior-Ard-Ri i ndeireadh baire, ach go be gur chuir gabhaltas Gall deireadh leis an bhforbairt nadurtha seo sula raibh si criochnaithe. Cibe faoi sin, b'iad na hUi Neill an ritheaghlach ba chumhachtai, agus iad abalta a dtoil fein a chur i bhfeidhm ar chuid mhor de na rithe beaga. Sa naou haois, ba dobair do Mhaolseachnaill, a bhi ina ri ar shliocht Neill Naoighiallaigh san am, Ard-Riocht na hEireann a bhaint amach do fein.

Bhi na hUi Neill scoilte ina lan craobhacha eagsula, iad fein. B'iad an ritheaghlach a bhi i seilbh lar agus oirthuaisceart na hEireann sa tseachtu haois, ar a laghad. Cuid de sheanchas an ritheaghlaigh seo ab ea gurbh iadsan "rithe na Teamhrach", ach is deacair a ra cen tabhacht a bhi le Teamhair agus le rithe na Teamhrach san am reamh-Chriostai. Nuair a bhi an Chriostaiocht agus na hannala scriofa ann, afach, b'ionann "ri na Teamhrach" agus ri na nUi Neill go leir, agus b'e sin an cheimiocht a bhi ag Maolsheachnaill freisin, nuair a d'fheach se leis an oilean go leir a chur faoina smacht fein. Is e sin, mura raibh a leitheid de rud ann agus Ard-Ri na hEireann, bhi Ard-Ri na nUi Neill ann gan amhras.

Cibe sceal e, bhi craobh thuaidh agus craobh theas ann. Taobh istigh den chraobh thuaidh, b'iad Siol Aodha Shlaine agus Clann Cholmain an da fhochraobh ba mho le ra. Bhi siad ag rialu machairi meithe na Mi agus na hIarmhi . Ar dtus, b'iad Siol Aodha Shlaine an ceann ba mho cumhachta den da threibh seo, ach sa bhliain 743, b'iad Clann Cholmain a bhain amach righe na Teamhrach. Duine acu siud ab ea Maolsheachnaill. Maidir leis an gcraobh thuaidh, bhi si dealaithe ina dha "cineal", is e sin, Cineal Chonaill agus Cineal Eoghain (cf. Tir Chonaill agus Tir Eoghain ). Bhi gaol ag Colm Cille agus ag Adhamhnan le Cineal Chonaill, rud is feidir a aithint ar na hannala a breacadh sios faoi thionchar na naomh seo in Oilean I.

B'e Flaithbheartach Mac Loingsigh an fear deireanach de Chineal Chonaill a bhi ina Ard-Ri ar na hUi Neill, agus d'eirigh se as an Ard-Riocht sa bhliain 734. Ina dhiaidh sin, b'iad Clann Cholmain ba mho a thainig chun comharbais. Chuaigh cumhacht Chineal Chonaill i laige sa tuaisceart fein, agus b'iad Cineal Eoghain a thainig chun tosaigh. Ghabh siad lar Chuige Uladh agus, de reir a cheile, thainig siad i seilbh thailte Oiriall in oirthear Uladh. Timpeall na bliana 800, fagadh Ard Mhacha, ardchathair na heaglaise, faoi choimirce na nUi Neill, agus ina dhiaidh sin, bhi na hUi Neill agus an eaglais ag obair as lamh a cheile. Faoin am ceanna, d'eirigh leis na hUi Neill freisin an-tionchar a fhail ar chursai Chuige Laighean. I ndiaidh cath fada a chur ar na rithe aitiula, d'eirigh leis na hUi Neill ritheaghlach Laighean a chur faoi gheillsine, ionas nach raibh i Laighnibh, a thuilleadh, ach sort gobharnoiri cuigiula a bhi ag rialu na gcrioch sin thar cionn na nUi Neill.

Laidir is uile mar a bhi na hUi Neill, niorbh iad an t-aon ritheaghlach amhain a bhi ag dreim le hArd-Riocht na hEireann san am seo. On seachtu go dti lar na deichiu haoise, bhi ritheaghlach Eoghanacht chomh cumhachtach i g Cuige Mumhan agus na hUi Neill i gCuige Uladh, agus ma bhi na hUi Neill ag deanamh gaisce as Niall Naoighiallach mar chomhshinsear an ritheaghlaigh, bhi Eoghanachta ar dhoigh chosuil ag tagairt d'Aonghus, a fuair baiste agus beannacht o Naomh Padraig fein. Bhi rithe Eoghanacht ag maiomh gurbh iadsan na rithe ba Chriostai in Eirinn, ach is ga cuimhne a choinneail ar ghniomhartha gaisce Fheidhlimi Mhic Criomhthainn: ri eirimiuil de shliocht Eoghanacht a bhi ann, ach san am ceanna, ba nos leis mainistreacha agus eaglaisi a ionsai agus a chreachadh, mura raibh siad ag teacht lena chuspoiri polaitiula fein. Polaiteoir eirimiuil a bhi ann freisin agus e in inmhe cumhacht Eoghanacht a shineadh soir, ach i ndiaidh a bhais-sean, o dhara leath na naou haoise ar aghaidh, thainig meath ar Eoghanachta, agus Dal gCais ag teacht chun comharbais orthu mar phriomh-ritheaghlach i gCuige Mumhan.

Teacht na Lochlannach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I ndeireadh na naou haoise, thosaigh na hUigingigh - na foghlaithe mara o Chrioch Lochlann - ag ionsai agus ag creachadh na mainistreach sa Bhreatain Mhor agus in Eirinn. Thainig an chuid is mo acu o chosta na hIorua, agus is e an t-ainm a thug na Gaeil orthu na Lochlannaigh . Ta a leitheid de chuige san Iorua agus Rogaland , agus is air sin ata an focal Lochlannach bunaithe. Nior dhruid na Lochlannaigh siar o na mainistreacha ba sine agus ba thabhachtai fein in Eirinn: d'ionsaigh siad Oilean I sa bhliain 795, thainig siad ar ais sa bhliain 802 leis an mainistir a chur tri thine, agus i gceann ceithre bliana eile d'fhill siad in athuair le ochtar daoine is tri scor de mhuintir na haite a mharu. Chuir an chogaiocht seo an oiread eagla ar na manaigh is gur chinn siad ar mhainistir nua a bhunu i g Ceanannas Mor , sach fada ar shiul on gcosta. Sna 820idi, bhi na Lochlannaigh in ann seoladh timpeall oilean na hEireann ar fad, agus iad ag ionsai na mainistreach ar fud an chosta. Ma bhi na manaigh ag iarraidh foscadh a fhail i gCeanannas Mor, ni raibh sabhailteacht ar fail ansin ach an oiread, no sa bhliain 836, rinne na Lochlannaigh ionradh fada isteach on gcosta direach sa taobh sin den tir, i dtailte deisceartacha na nUi Neill. Bhain siad usaid fhorleathan as na haibhneacha mar bhealai seoltoireachta, agus sa bhliain 839, bhi a gcuid long ag seoladh Loch nEathach fein agus ag creachadh na gcladai. Sna 840idi, bhi an chuma ag teacht ar na cursai go raibh na hUigingigh meaite ar an tir ar fad a fhorghabhail.

Leathanach 292r - Leabhar Cheanannais (t. 9u haois ).

De reir a cheile, afach, thosaigh na Lochlannaigh ag socru sios agus ag bunu riochtai beaga aitiula da gcuid fein, agus mar sin, fuair siad iad fein saite sa pholaitiocht aitiuil agus sna comhghuailliochtai idir na rithe tuaithe. D'fhas cathracha nua timpeall na mbunaiteanna, na longfort agus na gcuanta a bhi bunaithe ag na Lochlannaigh, cosuil le Baile Atha Cliath (no "Fine Gall", mar a thugtar ar aitreabh na Lochlannach timpeall Bhaile Atha Cliath), Loch Garman , Cill Mhantain , Binn Eadair , Deilginis , Leim an Bhradain agus Port Lairge .

I dtus na deichiu haoise , thosaigh ionsaithe na Lochlannach ag dul i dtreise aris, nuair a thainig cabhlach mor go Port Lairge sa bhliain 914. Bhuail tuilleadh Lochlannach port ansin i gceann bliana, agus ansin, rinne an loingeas seo foghail ar Chorcaigh , ar Lios Mor agus ar aiteanna eile i gCuige Mumhan is i gCuige Laighean. D'fheach na hUi Neill, faoi cheannas a nArd-Ri, Niall Gluindubh, ruaigeadh a chur ar na Lochlannaigh, agus d'ionsaigh siad a gcuid longfort go fiochmhar sa bhliain 917. Ni raibh rath ar an ionradh seo, afach, agus sa bhliain 919, fuair Niall fein bas i machaire an air in aice le Baile Atha Cliath. Ina dhiaidh sin, afach, chrom Lochlannaigh na hEireann ar chogaiocht eatarthu fein, o bhi muintir Bhaile Atha Cliath ag feachaint leis na hUigingigh eile a chur faoina smacht fein.

I ndiaidh an iomlain, ni raibh na Lochlannaigh abalta moran athru a dheanamh ar shochai na hEireann. Bhi cultur eaglasta na hEireann laidir, agus thainig se reasunta slan as an gcruachas. B'iad na Lochlannaigh ba mho a d'athraigh, agus chuaigh cuid mhor acu chun Gaelachais sa deireadh thiar. Murar eirigh siad as an tseoltoireacht, d'eirigh siad as an gcreachadoireacht, agus iad ag iompu ina dtradalaithe de reir a cheile. D'fhoghlaim na Gaeil scileanna nua seoltoireachta agus iascaireachta uathu, agus a aithne sin ar stor focal na Gaeilge : thainig focail cosuil le bad , doru , tochta (is e sin, seas i mbad), stiuir , scod , trosc , langa , margadh , ancaire agus cupla dosaen eile isteach on tsean-Lochlainnis.

Thainig deireadh le caithreim Eoghanacht i re na Lochlannach, agus d'eirigh Dal gCais ni ba thabhachtai mar riocht Mhuimhneach. Is gnach a ra gurbh e Brian Borumha (no Brian Boirmhe ), ri Dhal gCais, a chloigh na Lochlannaigh in Eirinn i g Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014 . Le firinne, bhi na Lochlannaigh - no na hOstmannaigh, mar a thugaidis orthu fein san am seo - ag treigean cheana fein mar chine ar leith in Eirinn, agus iad ag dul le Gaelachas go tiubh teirimeach. Ta se nios tabhachtai go raibh Brian direach ag iarraidh Ard-Riocht na hEireann a bhaint amach trid an gcath a bhriseadh ar Laighnibh. Chuaigh fir Laighean ar lorg cabhrach agus fortachta o na hOstmannaigh, agus sin e an fath go sileann a lan daoine gur cath idir Eireannaigh agus Lochlannaigh a bhi ann go priomha. Ni rud as an ngnath ab ea Gaeil agus Lochlannaigh a bheith ag comhoibriu le cheile: roimhe sin, bhi Brian fein go minic i dtuilleamai comhghuaillithe Lochlannacha le cathanna a bhuachan. Cibe sceal e, chloigh Brian a chuid naimhde, ach maraiodh e fein le linn an chatha, no go gairid ina dhiaidh sin. Bhi se direach ar ti aon riocht amhain a dheanamh d'Eirinn, ach ni raibh se daite do an riocht sin a rialu.

Cuma Ur ar an Eaglais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

San am seo, bhi an Eaglais Chaitliceach i Mor-Roinn na hEorpa ag eiri ni ba chumhachtai, agus i ag cur suime i gcursai eaglasta na hEireann chomh maith. Bhi a lan nosanna ag na heaglaisigh Ghaelacha nar thaitin le muintir na hIlchriche . Ni raibh ord, eagar na inneall ceart ar eaglais na hEireann, no ni raibh paroisti na deoisi ann - go bunusach, ni raibh moran eaglaise ann taobh amuigh de na mainistreacha. Bhi an iomarca cumhachta ag na tuatai i saol na heaglaise, agus ni raibh aontumha na cleire a hurramu. I rith na haonu agus na dou haoise deag, cuireadh caoi nua ar chursai riarachain na heaglaise in Eirinn, go hairithe nuair a thainig sionaid mhora le cheile i gCaiseal sa bhliain 1101, i Rath Breasail sa bhliain 1111, agus i gCeanannas Mor sa bhliain 1152.

Ma chuir na sionaid seo cuma cheart ar riarachan na hEaglaise, rinne siad an-dochar do leann duchasach na hEireann a bhi faoi choimirce na manach go nuige sin. Chuaigh oird mhanachula on Mor-Roinn i seilbh na mainistreach, agus chuir siad rialacha nua coimhthiocha i bhfeidhm orthu. Na scolairi a bhi ag deanamh staideir ar leann agus ar dhlithe na hEireann sna mainistreacha, caitheadh amach ar an gculdoras iad anois.

Na Rithe i ndiaidh Bhriain Bhorumha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nuair a bhi Brian Boramha tar eis bhais, chaith Maolseachnaill II, Ard-Ri na Teamhrach agus na nUi Neill, tamall gairid ina Ard-Ri ar Eirinn, ach basaiodh e fein ocht mbliana i ndiaidh chath Chluain Tarbh . Ina dhiaidh sin, bhi rithe na gcuigi ag cur cogai fadaraionacha ar a cheile, agus iad ag fagail gobharnoiri agus reachtairi ina ndiaidh ag coinneail suile ar na tailte agus ar na haitritheoiri. Ghearraidis canacha arda leis na cogai seo a mhaoiniu, agus an chosmhuintir ag fulaingt cruatain leis na canacha a ioc. Bhi na mionrithe ag iompu ina huasalaicme i stil an fheodachais, agus iad ag cur suim i gcultur na ridireachta in Ilchrioch na hEorpa agus ag tosu is ag deanamh aithrise air. Ni raibh cuma na ridireachta ar shaol polaitiuil na linne, no ba sceal suarach ar fad e, agus an leirscrios a rinne an chogaiocht ar an tir.

B'e an mi-ord seo ba bhunchuis le gabhaltas Gall ar Eirinn. Timpeall ar thus na dou haoise deag, b'e Muircheartach O Briain o Dhal gCais an ri ba mho cumhachta in Eirinn. B'e Domhnall Mac Lochlainn , ri na nUi Neill, an t-aon ri amhain a bhi in ann aige, go dti gur chualathas an chead iomra ar Thoirdhealbhach O Conchubhair o Chonnachta. Chloigh seisean Dal gCais agus na Muimhnigh, agus ina dhiaidh sin, d'fheach se le hArd-Riocht na huile Eireann a bhaint amach do fein. Fuair se bas sa bhliain 1156, agus thainig Ruairi O Conchubhair i gcomharbas air mar ri ar Chonnachta. Thit an Ard-Riocht le Muircheartach Mac Lochlainn , ri na nUi Neill. D'fheach Muircheartach le comhghuailliocht a shocru lena sean-naimhde, Cineal Chonaill agus ritheaghlach Uladh, agus mar chuid den tsocru, ghlac se gialla o Chineal Chonaill agus o Ultaibh. Mhoidigh se gan dochar a dheanamh do na gialla, ach sharaigh se na mionna, nuair a thug se ordu radharc a sul a bhaint d'Eochaidh mac Con Uladh Mac Duinnshleibhe, ri Uladh. Threig a chuid comhghuaillithe Muircheartach ar an toirt, o bhain an feillbheart seo geit agus scanru astu, agus maraiodh e go gairid ina dhiaidh sin.

Maidir le Diarmuid Mac Murchadha , Ri Laighean, a bhi mar leathbhadoir ag Muircheartach, chuir comhghuaillithe Ruairi Ui Chonchubhair ruaigeadh air as Baile Atha Cliath , ach ansin, chuaigh se ar lorg cabhrach o Anrai II , Ri Shasana. Mar sin a chuir se tus le gabhaltas Gall ar Eirinn.

Gabhaltas Gall [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is e is bri le "gabhaltas Gall" i gcomhtheacs seo na staire na gabhaltas Normannach. Is eard a bhi i gceist leis na Normannaigh na sliocht na Lochlannach a chuaigh i gcomhghuailliocht le Searlas Saonta (Searlas a Tri), Ri na bhFranc Iartharach (is e sin, Ri na Fraince) sa bhliain 911. Bhi easaontas no achrann eigin idir ceannaire na Lochlannach seo, Hrolfur (no Rollo, mar a thugtar air as Fraincis), agus ri na Danmhairge, agus rith le Searlas go bhfeadfadh se leas a bhaint as Hrolfur agus a chuid fear mar chosaint ar na Lochlannaigh eile, a bhi ag deanamh foghlaiochta agus creachadoireachta timpeall ar chostai na Fraince san am sin. B'iad na Lochlannaigh seo a bhunaigh Normandie i dTuaisceart na Fraince mar reigiun ar leith, no bhronn Searlas an ceantar orthu mar phrionsacht. Chuaigh siad leis an bhFraincis mar theanga labhartha, ce go ndearna siad canuint ar leith di, agus a lan Lochlainnise measctha trithi, agus ar ndoigh, ghlac siad leis an gcreideamh Criostai.

Mar sin fein, d'iompaigh siad amach ina gcogaithe agus ina ngabhalaithe mora in Eoraip na Meanaoiseanna. D'fhorghabh siad an Bhreatain Mhor, deisceart na hIodaile, an tSicil agus Malta, agus bhi siad chun tosaigh i measc na gCrosaidithe sa Tir Naofa fosta. Nuair a thainig siad go hEirinn, cheangail siad an t-oilean sin den domhan Normannach go leir, domhan a bhi i dteagmhail fhairsing leis an gcultur uile-Eorpach.

Ar dtus, ni raibh meas an mhadra ag na Normannaigh ar mhuintir bhunduchasach na hEireann, ach ni raibh siad i bhfad a gclo le nosanna na tire. D'fhoghlaim siad an Ghaeilge go paiteanta, agus is minic a fheicimid sloinnte Normannacha i measc fhili agus scribhneoiri mora na Gaeilge, cosuil le Piaras Feiriteir agus Seathrun Ceitinn. Inniu, is mar shloinne fior-Ghaelach a aithnitear Mac Gearailt , mar shampla, ce gur sloinne Normannach e o thus - is ionann an fitz sa leagan Bearla den ainm, Fitzgerald , agus fils i bhFraincis ar gcomhaimsire, focal a chiallaionn "mac".

Bhi se de nos ag scribhneoiri cosuil le Seathrun Ceitinn sa seachtu haois deag tagairt a dheanamh do na Normannaigh mar "Shean-Ghaill", le hiad a aithint thar na Sasanaigh nach raibh cloite le saol na hEireann na abalta an Ghaeilge a labhairt, agus is e an teachtaireacht a bhi a reic ag an gCeitinneach na gur "gabhaltas Criostuil" a rinne na Normannaigh, is e sin, nar fheach siad leis an tir a chloi go mithrocaireach na a teanga is a nosanna a chosc na a chealu, mar a rinne na Nua-Ghaill. Is leir gur bolscaireacht thar aon rud eile a bhi a deanamh aige leis an raiteas seo, ach on taobh eile de, is follasach chomh maith nach ndearna na Sean-Ghaill gearleanuint ar na Gaeil ar chuiseanna reiligiunda na ar chuiseanna teanga.

Teacht na Sean-Ghall [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Posadh Strongbow agus Aoife (t. 1170 )
[Daniel Maclise a dhathaigh an pictiur seo sa bhliain 1854] 

B'e Baile Atha Cliath agus a thimpeallacht - an Phail - ba thuisce a thit leis na Normannaigh, agus deir na seandalaithe go raibh caidreamh beo tradala ag an gcathair sin leis na Normannaigh roimhe sin fein. Maidir leis an ngabhaltas, thosaigh se sa bhliain 1169. Rud a bhi ann a rith le hAnnraoi roimhe sin fein, agus e tar eis cead an Phapa a chinntiu do fein cheana, ach nuair a thainig an cru ar an tairne, nior bhac se fein le forsa sluaiochta a chur i dtoll le cheile le fortacht a thabhairt do Dhiarmuid. Ina ait sin, shocraigh Diarmuid comhghuailliocht le Risteard fitz Gilbert de Clar , a dtugtar Strongbow air sa seanchas - "fear an bhogha laidir". Phos Strongbow inion Dhiarmada , Aoife, agus gheall Diarmuid Cuige Laighean do mar oidhreacht. Sna blianta 1169-1171, chuaigh Strongbow agus a chuid Normannach i seilbh Chuige Laighean agus na Mi. Bhasaigh Diarmuid i mBealtaine 1171, agus ansin, chloigh Strongbow frithbheartaiocht mhuintir Laighean le dul i gceannas ar an gcuige go deifnideach.

Ni raibh Anrai roshasta leis an doigh a raibh na cursai ag forbairt, no bhi se buartha go mbagrodh Strongbow ar a choroin fein da n-eireodh leis riocht neamhspleach a bhunu in Eirinn. Chuaigh Anrai go hEirinn e fein, agus forsai mora armtha a thionlacan, le brathladh a chur ar Strongbow, ach bhi se siud geilliulach go maith, agus e sasta urraim agus umhloid a mhoidiu d'Anrai. Ina dhiaidh sin, chuaigh Anrai timpeall na hEireann, agus d'umhlaigh a lan rithe aitiula Gaelacha do: Diarmuid Mac Carthaigh i gCorcaigh, Donall Mor O Briain i Luimneach, Murchadh O Cearbhaill in Oirialla, Tiarnan O Ruairc i mBreifne, agus Donnsleibhe Mac Duinnsleibhe in Ultaibh.

Chuir Anrai gairm chruinnithe ar eaglaisigh na hEireann, agus thainig siad le cheile le sionad mor a choinneail i gCaiseal i ndeireadh na bliana 1171 agus i dtus na bliana 1172. Tugadh isteach cleachtas na deachun le go mbeadh teacht isteach eigin ag na paroisti. Treisiodh le stadas na hEaglaise agus cuireadh bord ar bhord i le heaglais Shasana o thaobh an fhoirceadail agus na nosanna de.

Roinn Anrai tailte na hEireann ar na huaisle Normannacha, ach ma roinn fein, is iomai cath agus cogadh a chaithfidis siud a chur le dul i seilbh na dtailte sin i ndairire. Bhronn se an Mhi ar Aodh de Leis agus chuir se saighdiuiri ar garastun i gCorcaigh agus i Luimneach, ach sa bhliain 1172, b'eigean d'Anrai filleadh o Eirinn go Sasana le freastal ar dhualgaisi eile, agus d'fhag se de Leis agus Strongbow ag troid na dtaoiseach aitiuil. Ni raibh an bheirt sin abalta frithbheartaiocht na nGael a chur faoi chois ina gcuid tailte roimh an mbliain 1175. Sa bhliain cheanna, shocraigh Anrai agus an tArd-Ri Ruairi O Conchubhair le cheile Conradh Windsor, conradh a d'fhag an chuid ba mho d'Iarthar na hEireann faoi Ruairi, fad is a bheadh se sasta na canacha a bhailiu d'Anrai. Ni raibh ceachtar den bheirt rithe - Ruairi na Anrai - abalta smacht a choinneail ar a muintir fein. Ba dhual do na taoisigh Ghaelacha agus do na huaisle Normannacha cogai priobhaideacha a chur ar a cheile.

Sa bhliain 1176, fuair Strongbow bas. Ni raibh oidhre ceart aige - siothlaigh a mhac go hog. Mar sin, thit an chuid Normannach d'Eirinn leis an Ri, agus i mBealtaine 1177, bhronn se ceimiocht Thiarna na hEireann ar an mac ab oige leis, an Prionsa Eoin . Mar sin a cuireadh bun le Tiarnas na hEireann. Sa bhliain 1185, chuaigh Eoin ar an chead chuairt go hEirinn, agus e ag iarraidh cumhacht Shasana a bhuanu i dtailte Normannacha na hEireann.

Sna blianta 1189-1199, bhi Sasana a rialu ag dearthair Eoin, Risteard Leonchroi . Ar dtus, bhi an chuma ar an sceal go bhfeadfadh Eoin riocht da chuid fein a bhunu in Eirinn, ionas go mbeadh dha riocht Normannacha sna hoileain Bhriotanacha. Nuair a bhasaigh Risteard sa Fhrainc, afach, shealbhaigh Eoin coroin Shasana, agus d'aontaigh se ina phearsa Tiarna na hEireann agus Ri na Sasanach go doscartha.

Faoin am seo, thosaigh na Sasanaigh ag coiliniu na hEireann an chead uair riamh. Thainig lucht inimirce o Shasana agus on mBreatain Bheag, agus, fiu, on bhFrainc agus o Fhlondras fein.

Eoin ina Thiarna ar Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ni raibh Eoin - no Eoin gan Talamh, mar a thugtai air agus e ina ri - rochairdiuil i leith na n-uasal Gallda in Eirinn ach oiread leis na taoisigh Ghaelacha. Is docha go raibh se goilliunach faoina chumhacht, agus drochamhras aige ar aon duine uasal no urramach eile. Nuair a d'iompaigh se ina Ri, afach, d'eirigh se traidhfilin ni b'fhailtiula i dtaobh na nGael, o rith leis go gcuideoidis leis, b'fheidir, na huaisle Normannacha a choinneail faoi smacht.

Is amhlaidh gurbh iad na baruin Normannacha na naimhde ba mho a bhi ag Eoin, agus ma bhi na huaisle seo ag sineadh amach theorainneacha na Paile, ni raibh se ach breacshasta leis sin. Mar sin, is dealraitheach gur chuir se moill ar ghabhaltas Gall, ach is ar eigean is feidir a ra go ndeachaigh an mhoilleadoireacht sin chun sochair d'Eirinn. No is mar sin a buanaiodh an chriochdheighilt idir an Phail agus tailte na ndearbh-Eireannach, agus bhi teorainn an da chineal crioch ina habhar triobloide agus cogaiochta i saol na hEireann i bhfad ina dhiaidh sin.

D'fheach na huaisle Normannacha leis na tailte a shealbhu le lamh laidir a bhi geallta ag Eoin doibh, ach de ghnath, ni bhiodh ag eiri leo go romhaith. Ina lan casanna, fuair an Normannach na tailte sa deireadh thiar, tar eis do inion an taoisigh aitiuil Ghaelaigh a phosadh. Is leir gur chuidigh a leitheid le Gaelu na Normannach, agus na baruin ag dul i gcomhghuailliochtai le mionrithe duchasacha. On taobh eile de, bhi cuid mhor de na Gaeil mishasta leis an bhforbairt seo, o thaispeain se nach raibh aon duine de na maithe is na moruaisle fonnmhar chun siochain a chur ar bun sa tsochai. Mar sin, nuair a thainig Eoin ar ais go hEirinn ina ri do sa bhliain 1210, b'iad na Gaeil ba mho a d'fhailtigh roimhe, o bhi siad dochasach go gcuirfeadh se caoi eigin ar an saol. D'umhlaigh a lan taoiseach mor Gaelach do san am, ar nos Cathal Croibhdhearg O Conchubhair, ri Connacht, agus Muircheartach O Briain o Luimneach.

D'fhorbair Eoin coras riarachain an Tiarnais chomh maith. Chuir se tus le Comhairle an Ri in Eirinn, arbh e an chead siol don pharlaimint. Thosaigh an statseirbhis ag teacht ar an bhfod freisin, no theastaigh o Eoin cleirigh a chur i mbun an statchiste in Eirinn. D'ainmnigh se an chead Ghiuisteoir a bhi le haire a thabhairt do shainleas an Ri nuair a bhi an Ri fein taobh amuigh d'Eirinn.

Tus na Nua-Aoise in Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Teimplead:Forbair

An Chinsileacht agus an Aontacht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I dTreo na Saoirse [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Foinsi [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • FOSTER, R.F.: The Oxford History of Ireland . Oxford University Press, Oxford 1989

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]