Seoirse Mac Thomais

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaSeoirse Mac Thomais
Beathaisneis
Breith 1903
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 3 Feabhra 1987
83/84 bliana d'aois
Birmingham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Scoil a d'fhreastail se/si Colaiste na Trionoide, Baile Atha Cliath
Ollscoil na Ri Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Gairm fealsamh , muinteoir ollscoile , focleolai claiseacach , scolaire na leann clasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Fostoir Ollscoil Cambridge
Ollscoil Birmingham Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha Bearla
Teaghlach
Paiste Margaret Alexiou Cuir in eagar ar Wikidata

Scolaire clasaiceach, ollamh agus Gaeilgeoir mor le ra o Shasana ab ea Seoirse Mac Thomais , no George Derwent Thomson ( 19 Lunasa 1903 - 3 Feabhra 1987 ). Bhi pairt nar bheag ag Mac Thomais i saol na Gaeilge ar feadh i bhfad.

Scolaire [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh George Thomson ar 19 Lunasa 1903. Bhi a mhathair, Minnie Clements, agus a hathair roimpi, arbh Ultach de bhunadh na n Oraisteach e, ar son Eire a bheith saor agus is iad sin a d’adhain speis an bhuachalla oig in Eirinn. Fiu agus e ar scoil i gColaiste Dulwich i Londain, theadh Thomson go dti rang de chuid Chonradh na Gaeilge is cosuil [1] . Rinne Mac Thomais staidear ar an n Greigis o bhi se ina leathstocach chomh maith.

Colaiste an Ri in Ollscoil Cambridge

Tugadh scolaireacht do go dti Colaiste an Ri in Ollscoil Cambridge . Roghnaigh Thomson na clasaicigh mar abhar leinn. Ce gurbh i an Ghreigis Chlasaiceach a d'fhoghlaim Thomson ar dtus, bhi suim aige i nGreigis na ndaoine freisin.

Bhi se ina chomhalta in Ollscoil Cambridge o1927 go dti 1931. Ach chaith se tamall de 1929 i mBaile Atha Cliath chun a leabhar, Prometheus Bound Aeschylus . a ullmhu.

Nios deanai ina shaol, ba mhinic a theadh Thomson go dti an Ghreig , agus fuair se aithne ar uasal agus iseal sa tir sin.

Gaeilge [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Colaiste na Trionoide

Sa bhliain 1923, agus Thomson fiche bliain d'aois, thug scolaireacht go dti Colaiste na Trionoide e, i m Baile Atha Cliath .

Bhi fonn ar Thomson tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht agus thug se cuairt ar Robin Flower . An chomhairle a chuir seisean air dul go dti an Blascaod. Bhain se an t-oilean amach ar an 23 Lunasa 1923 . Se sheachtain a chaith se ann agus Gaeilge ar a thoil aige, is cosuil, nuair a d'fhill se go Colaiste na Trionoide.

Bhi Thomson mor le Muiris O Suilleabhain agus le daoine eile sa Bhlascaod Mor . Chabhraigh se le Muiris a mhorshaothar dirbheathaisneise Fiche Bliain ag Fas a reiteach don chlo.

Bhi Thomson ar dhuine de na chead daoine a cheangail caint na ndaoine in Eirinn, agus treithe na bealaireachta sa Ghreig le cheile. Scriobh Thomson "Sa Bhlascaod a fuaireas an eochair don gCeist Hoimear ach" [2] , [3]

Sa leabhar a scriobh se ar an Bhlascaod, mhinigh Thomson gur "treigeadh an Bhlascaod (sa bhliain 1953) mar nach raibh se chomh hiargulta sin no bhi na daoine abalta buntaisti an tsaoil istigh ar tir mor a fheiceail lena dha suil" [4] .

Colaiste Ollscoile na Gaillimhe

Ghlac Thomson le post leachtora le Greigis i g Colaiste Ollscoile na Gaillimhe sa bhliain 1931. D'fhill se go Cambridge i 1934, agus bhi se bhi se ina ollamh le Greigis in Birmingham o 1936, agus d'fhan se sa chathair sin go dti la a bhais sa bhliain 1987.

Cumannachas [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

I gcursai polaitiocht a, ba chumannach e Thomson. Bhi gra ionraic aige don chosmhuintir, agus tuiscint phraiticiuil aige da gcas: in Eirinn do, mar shampla, bhi se go trean ag eileamh go gcuirfi oideachas ceart ar fail do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga fein.

Maidir leis an Aontas Soiveadach , afach, bhi Thomson neamh-chriticiuil ar fad i dtaobh Stailin . Bhi se barulach, ma bhi an saol ag dul chun donais san Aontas Soiveadach ar aon nos, gurbh e treigean an Stailineachais sa bhliain 1956 ba chuis leis.

university of Birmingham

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • An Blascaod a Bhi , An Sagart (1977) ASIN B008LV62XO [5]
  • Muiris Mac Conghail - Aghaidheanna Fidil agus Puicini agus Puicini: S eoirse Mac Thomais in Eirinn . 1923-1934 (2009) 240 lch. ISBN 978-0-86289-081-0 [6]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. " THOMSON, George Derwent (1903?1987) " (ga). ainm.ie . Data rochtana: 2020-11-02.
  2. The Prehistoric Aegean, 1949
  3. The Thought of W.B. Yeats , le Brian Arkins, lch 112
  4. Cad e ata i ndan do Oilean Thorai ? le Anton Mac Caba (2007); An tUltach 83 (9), lch 8-9. https://antultach.wordpress.com/
  5. https://www.amazon.co.uk/Blascaod-Bhi-Seoirse-Mac-Thomais/dp/B008LV62XO
  6. " Aghaidheanna Fidil agus Puicini " (en-US). Litriocht (2009-07-30). Data rochtana: 2020-11-02.