한국   대만   중국   일본 
Sean Misteal - Vicipeid Jump to content

Sean Misteal

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaSean Misteal

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisneis
Breith 3 Samhain 1815
Contae Dhoire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 20 Marta 1875
59 bliana d'aois
Iur Cinn Tra, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 21u Parlaimint sa Riocht Aontaithe
11 Marta 1875 ? 20 Marta 1875  ( bas in oifig )

Toghcheantar: Tiobraid Arann

Ball den 21u Parlaimint sa Riocht Aontaithe
16 Feabhra 1875 ? 18 Feabhra 1875  ( dichailiu )

Toghcheantar: Tiobraid Arann

Faisneis phearsanta
Reiligiun Preispiteireachas
Scoil a d'fhreastail se/si Colaiste na Trionoide, Baile Atha Cliath
Ollscoil Ghlaschu Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm polaiteoir , iriseoir , saighdiuir Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha Bearla
Teaghlach
Ceile Jane Mitchel Cuir in eagar ar Wikidata

Bhi Sean Misteal (Bearla: John Mitchel ); 3 Samhain , 1815 - 20 Marta , 1875 ) ina naisiunai gniomhaioch Eireannach, aturnae, agus iriseoir polaitiula. Rugadh i gCamnish, in aice le Dun Geimhin , Contae Dhoire e. Bhi se ina chomhalta tosaigh sna heagraiochtai Eire Og ( Young Ireland i mBearla) agus an Chonaidhm Eireannach ( Bearla : The Irish Confederation ). Bhi se le bheith ina ghuth poibli do dhearcadh Thaobh na Conaidhme, sna 1850i agus 1860i.

Chreid se gur rud riachtanach i sclabhaiocht agus chosain se cearta na stat sclabhaiocht a roghnu no a mhalairt.

Toghadh mar fheisire e do Theach na gComontach , Westminster , Sasana ; ach e a bheith dichailithe de bharr gur ciontaiodh mar fheileon e. Ta a dhialann, an 'Jail Journal' , ar cheann de na teacsanna is cailiula don phobal naisiunach.

Uaigh an Mhistealaigh, Reilig na Uiniteirigh , An tSraid Ard, Iur Cinn Tra, Contae an Duin

Teaghlach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair athair Sheain, se sin John Mitchel a chuid oideachais go priomha ag Ollscoil Ghlaschu , d'iontrail se ministreacht na hEaglaise Phreispiteiri go luath mar mhinistir. Thug William Dillon , beathaisneisi Mhitchel le fios duinn go "faoi na bliana 1810, cuireadh e i gceannas ar seipeal in aice le Dun Geimhin , contae Dhoire . " Is anseo a bhuail se agus a phos se Mary Haslett . Sa bhliain 1819, glaodh air dul chuig Doire , ait ar fhan se le roinnt ceithre bliana, go dti gur bhfuair se "glaoch" dul go dti Iur no Ard Mhacha . Ghlac se leis an glaoch chun an Iuir, agus d'fhan se ann, agus ba mheas ag ranganna uilig na haite air go dti go bhfuair se bas sa bhliain 1840. Tar eis bas a fir ceile, thaisteal a bhean Mary Haslett go min minic. Sa bhliain 1853, nuair a d'ealaigh a mac, a bhi ar deoraiocht sa Tasmain, agus a chuaigh go dti na Stait Aontaithe , chuaigh si ann freisin, lena mac agus beirt inionacha, chun failte a chuir roimhe. Chonaigh si i Meiricea feadh roinnt blianta agus ansin aththrasnaigh si an tAtlantach , agus chuaigh chun conai i Londain i. As sin d'fhill si ar ais chuig an Iuir, ait ar fhan si go dti go bhfuair si bas sa bhliain 1865 .

Sna Stait Aontaithe [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'ealaigh Mitchel, le cunamh o Patrick James Smyth, o Chrioch Van Diemen sa bhliain 1853 agus rinne se a bhealach (tri Taihiti , San Francisco , Nicearagua agus Cuba ) go Cathair Nua-Eabhrac . Is ann, i mi Eanair 1854, a thosaigh se ag foilsiu an Irish Citizen , ach nior mhair se 'failte an laoich' a bhi faighte aige ar dtus. Bhi a chosaint ar an sclabhaiocht i stait an deiscirt " the subject of much surprise and general rebuke ", fad a chothaigha a thacaiocht do reabhloid Eorpach coimhthios idir e fein agus Ordlathas na hEaglaise Caitlici.

Ar son na Sclabhaiochta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nuair a bhi se sna Stait Aontaithe, ni raibh aon leisce ar Mhisteal an t-eileamh a dheanamh aris gur " an innately inferior people " a bhi sna daoine gorma. Sa dara heagran, den Irish Citizen , dhearbhaigh se nach coir i " or even a peccadillo to hold slaves, to buy slaves, to keep slaves to their work by flogging or other needful correction ", agus go mb’fheidir gur mhian leis fein " a good plantation well-stocked with healthy negroes in Alabama ". [1] [2] Subject to widely-circulated broadsides from the abolitionist Henry Ward Beecher [3] Ag eiri as na morbhileoga forleathana on chealaitheoir Henry Ward Beecher agus on deorai phoblachtach Fhrancach Alexandre Holinski, [4] spreag na raitis fearg an phobail. I mBaile Atha Cliath, thionoil an Chonaidhm Eireannach cruinniu eigeandala chun agoid a dheanamh ar thuarascalacha sna nuachtain Mheiriceanaigh agus na Breataine a " erroneously attributed " barulacha an Mhisealaigh ar son na sclabhaiochta" " to the Young Ireland party ". [5] [6]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. The Great Dan , Charles Chevenix Trench, Jonathan Cape Ltd, (London 1984), p. 274.
  2. Kennedy 2016 , p. 215.
  3. " Image 2 of Frederick Douglass' paper (Rochester, N.Y.), January 27, 1854 ".
  4. " Alexandre Holinski. A Letter to John Mitchel, The Liberator, 3 February 1854 " (en).
  5. " John Mitchel. White Supremacist " (en).
  6. Freeman's Journal, 25 February 1854