Roibeard Gearoid O Seachnasaigh

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaRoibeard Gearoid O Seachnasaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhuchais (en) Bobby Sands
Beathaisneis
Breith 9 Marta 1954
Rathcoole, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 5 Bealtaine 1981
27 bliana d'aois
An Cheis Fhada, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bhais Feinmharu  ( Ocras )
Ait adhlactha Reilig Bhaile an Mhuilinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 48u Parlaimint sa Riocht Aontaithe
9 Aibrean 1981 ? 5 Bealtaine 1981  ( bas in oifig )


Faisneis phearsanta
Naisiuntacht Eireannach
Reiligiun Eaglais Chaitliceach Romhanach
Teanga dhuchais Bearla
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de phairti polaitiochta Frith-H-Bloc Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha Bearla agus an Ghaeilge
Gairm mhileata
Brainse mileata Oglaigh Shealadacha na hEireann
Ceim mhileata oglach Cuir in eagar ar Wikidata
Coinbhleacht Na Triobloidi
Teaghlach
Siblin Bernadette Sands McKevitt
Croineolaiocht
1 Marta 1981-3 Deireadh Fomhair 1981 Stailc ocrais 1981 Cuir in eagar ar Wikidata

Suiomh greasain bobbysandstrust.com Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 236642fd-c777-4f57-b167-c9e1157b04d2 Discogs: 1487113 Find a Grave: 11800340 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhi Robert Gerard Sands, Bobby Sands no Roibeard Gearoid O Seachnasaigh , mar a thugadh se air fein as Gaeilge (d'usaidti Roibeard O Sandair ar na meain Ghaeilge fosta, ach ni bhfuair an leagan sin formhuiniu an fhir fein) ( 9 Marta , 1954 - 5 Bealtaine , 1981 ) ar dhuine de na Poblachtanaigh Eireannacha a fuair bas le linn na mor stailce ocrais ar an g Ceis Fhada i dtus na 1980i .

Tus a shaoil [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Roibeard O Seachnasaigh ar Rath Cuil i m Baile na Mainistreach i d Tuaisceart Eireann , agus togadh ar Chros an Aba sa bhaile ceanna e. B'eigean da mhuintir aistriu o ait go hait le teacht slan o na Dilseoir i, siud is nach raibh se rofhurasta a aithint ar an sloinne ud Sands gur teaghlach Caitliceach a bhi i gceist.

Deanta na firinne, fuair an Seachnasach an sloinne mar oidhreacht o shinsear Protastunach. Nuair a d'eirigh se as an scoil , bhain se amach printiseacht ag deantoir coisti, ach nior chriochnaigh se an cursa, o thainig Dilseoiri ag bagairt gunnai air le go bhfagfadh se an ait. Sa bhliain 1972, arbh i buaicbhliain na d Triobloidi i o thaobh na mbasanna de, chuaigh se sna Sealadaigh . Sa bhliain cheanna, fuair se e fein imtheorannaithe, agus d'fhan se i mbraighdeanas gan phrois dli go dti an bhliain 1976.

Ag filleadh abhaile do, agus a mhuintir ag cur futhu i gCill Uaighe in Iarthar Bheal Feirste ag an am, chuaigh Roibeard leis an ngniomhadoireacht phobail. Bliain i ndiaidh a scaoilte saor, gabhadh in athuair e, nuair a thangthas air i gcuideachta ceathrair eile i n gluaistean a raibh piostal ar bord uirthi. Nuair a chuaigh an dli air i Mi Mhean Fomhair den bhliain 1977, daoradh chun priosunacht ceithre bliana deag e as a bheith i seilbh arm tine. Feachadh le he a chuisiu faoi bhuama lacha freisin, ach heigiontaiodh e as na coir eanna seo.

Priosunach ar an gCeis Fhada [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Coinniodh ar an g Ceis Fhada e, i gceann de na blocanna nua ar deanamh na litreach H a togadh go gairid roimhe sin leis an ait a chur in oiriuint do chimiu na bpriosunach paraimileatach. Bhi baill den eagraiocht pharaimileatach cheanna a gcoinneail sa bhloc cheanna.

Sa phriosun do, thosaigh an Seachnasach ag cumadh alt anna agus danta a cuireadh i gclo ar nuachtan na bPoblachtanach, An Phoblacht . Na litreacha a tugadh ar shiul ar chula tearmai on bpriosun, ba nos leis iad a shiniu faoi ainm a dheirfeara, Marcella. I ndeireadh na bliana 1980, ceapadh ina cheannasai ar chimi Poblachtanacha na Ceise Fada e.

Comoradh 2006

Na feachtais agoide [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Roimhe sin, bhi na cimi Poblachtanacha tar eis dha mhorfheachtas agoide a choiriu lena ngearan a dheanamh faoin stadas a bhi acu, agus iad ag eileamh stadas an chime pholaitiuil agus diolmhu o rialuchain an phriosuin. Sa bhliain 1976, dhiultaigh siad saineide an phriosunaigh a chaitheamh, agus ansin, nior fagadh d'eadach acu ach amhain a gcuid blaincead. Dha bhliain ina dhiaidh sin, d'eirigh siad tuirseach den doigh a dtugadh na bairdeiri greidimini doibh agus iad ag dul ar an leithreas, i gcruth is gur chrom siad ar an Agoid Shalach, is e sin, dheanaidis a gcuid gnothai leithris istigh sa chillin acu. Sa bhliain 1980, chuaigh na priosunaigh ar stailc ocrais an chead uair.

Thainig deireadh leis an gcealacan seo nuair a thug Rialtas na Breataine le fios go raibh siad le tabhairt isteach do na stailceoiri. Thiontaigh se amach nach raibh ann ach cur i gceill. Mar sin, chuir an Seachnasach tus le stailc ocras nua ar an chead la de Mhi na Marta sa bhliain 1981.

De reir na n-orduithe a thug se, chuaigh priosunaigh eile ar stailc de reir a cheile leis an bpoibliocht ba mho a chinntiu don agoid, agus iad ag dul chun donais agus ag fail bhais, fear i ndiaidh a cheile.

An tsli isteach, Compound 19, An Cheis Fhada

An priosunach ina fheisire [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Nuair a bhi an stailc ocrais tosaithe, fuair an Feisire Poblachtanach Neamhspleach do dhailcheantar Fhear Manach agus Thir Eoghain Theas bas go tobann. Mar sin, b'eigean fothoghchan a choiriu le Feisire nua a votail isteach. Chonaic lucht leanuna an tSeachnasaigh aimear anseo le tacaiocht an phobail Naisiunaigh ar fad a thiomsu d'fheachtas na stailceoiri ocrais. Tharraing na pairtithe naisiunaiocha eile - an SDLP ach go hairithe - siar on toghchanaiocht, agus hainmniodh an Seachnasach mar phriosunach polaitiuil in Ard Mhacha ag cur in aghaidh na H-Bhlocanna .

I ndiaidh feachtas toghchanaiochta nach raibh aon duine in ann dearcadh neodrach a bheith aige air, bhain an Seachnasach amach an suiochan le 30,492 vota in aghaidh 29,046 cheann a caitheadh ar son a cheile iomaiochta, Harry West, a bhi ag seasamh do Phairti Aontachtach Uladh (UUP). Go gairid ina dhiaidh sin, d'athraigh Rialtas na Breataine an reachtaiocht toghchanaiochta le feachtais den chineal seo a chosc roimh re.

Uaigh Bobby Sands i Reilig Bhaile an Mhuilinn.

Bas [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tri seachtaine i ndiaidh an toghchain, stiug an Seachnasach in otharlann an phriosuin i ndiaidh se la agus tri scor a chaitheamh ar cealacan. Nuair a chuala na Naisiunaigh go bhfuair se bas, thosaigh scliuchais a mhair ar feadh roinnt laethanta. Thainig breis agus cead mile duine a chomoradh chun na huaighe. Bhi an Seachnasach ina Fheisire ar feadh cuig la is fiche, - ceann de na tearmai is gairide o thainig an Pharlaimint ar an bhfod an chead uair. Bhi se a chai ag teaghlach mor: idir thuismitheoiri, deirfearacha, dearthaireacha agus mac og a rugadh don chailin a raibh cumann aige lei sular cimiodh e.

Fuair naonur fear eile bas le linn na stailce ocrais seo, i ndiaidh an tSeachnasaigh: Proinsias O hAodha , Peatsai O hEadhra , Reamann Mac Raois, Seosamh Mac Donaill, Mairtin O hUrsain, Caoimhin O Loingsigh, Ciaran O Dochartaigh, Tomas Mac Giolla Bhui agus Micheal O Duibhinn. An chuid is mo de lucht leanuna an IRA, is follasach go raibh meas an mhairtirigh acu ar gach aon fhear de na stailceoiri ocrais seo. Thairis sin, bhi cuid mhor de na Caitlicigh eile - an chuid acu a bhi in aghaidh an IRA agus na gleice armtha, fiu - bhi siad thar a bheith mishasta leis an stiuir a bhi faoi Rialtas na Breataine.

Comoradh, Ard Duin

Oidhreacht [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rinne na meain chumarsaide an-fhreastal ar an tstailc ocrais agus a raibh ar cois ina timpeall, agus chuala an saol mor iomra ar an doigh a bhfuair an Seachnasach agus an chuid eile acu bas. Tharraing an clu seo suil na ndaoine ar an IRA , agus thosaigh na hearcaigh nua agus an t-airgead ag tonnadh isteach. On taobh eile de, i bhfianaise an ratha a bhi ar an bhfeachtas toghchanaiochta, is docha gur tuigeadh do chuid mhor de na hOglaigh go mbeadh an-usaid sa bhosca balloide fein leis an tir a athaontu. Mar sin, thosaigh an ghluaiseacht Phoblachtanach ag bogadh i dtreo an bhosca balloide, agus sa deireadh thiar thall, is feidir a ra gur chuidigh an stailc ocrais le Comhaontu Aoine an Cheasta a chur ar bun.

Seadchomhartha, Doire

Cuimhneachain [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • I Hartford, Connecticut , togadh cros Cheilteach in omos do na stailceoiri ocrais, an Seachnasach thar aon duine eile. An timpeallan no an compal trachta a bhfuil an chros ina lar, ta se ainmnithe as Bobby Sands.
  • Nuair a bhasaigh an Seachnasach, bhaghcatail ceardchumann na stibheadoiri i Nua-Eabhrac na longa Sasanacha ar feadh lae agus oiche amhain.
  • D'eisigh dail reachtais New Jersey run, inar honoraiodh "misneach agus tiomantas" an tSeachnasaigh. Votail ceathrar ball deag is fiche ar mhaithe leis an run, in eadan naonur ball is fiche a bhi ina choinne.
  • Thainig breis is mile duine isteach in Ard-Eaglais Naomh Padraig i Nua-Eabhrac, agus an Cairdineal Cook ag ceiliuradh Aifrinn ar son an athmhuintearais i dTuaisceart Eireann. Bhi na tabhairni Eireannacha sa chathair dunta ar feadh dha uair an chloig in omos don tSeachnasach.
  • I Milano san Iodail chuaigh na mic leinn amach ar na sraideanna, dhoigh siad bratach na Breataine Moire agus d'eiligh siad "saoirse d'Ultaibh".
  • I n Gent sa Bheilg , hionsaiodh Consalacht na Breataine Moire.
  • I b Paras , thainig na milte ar an morshiul in omos do na stailceoiri ocrais. Mhairseail siad faoi phictiuiri mora den tSeachnasach, agus iad ag canadh: Beidh an la leis an IRA .
  • Ainmniodh sraideanna in omos don tSeachnasach i Le Mans agus i Saint Denis ( bruachbhaile de chuid Pharas ).
  • Ainmniodh sraid in omos don tSeachnasach in Tehran, san Iarain. Ta Sraid Bhobby Sands suite ar chul Ambasaid na Breataine Moire, ansin.