Polaitiocht na heite fiordheise

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Bratach Leinte Gorma na hEireann.
National party in Eirinn, 2020

Ta polaitiocht na heite fiordheise le feiceail timpeall an domhain le fada (an Faisisteachas agus an Naitsiochas sa 20u haois). San Eoraip sa 21u haois, faightear mar shampla Rassemblement National na Fraince, AfD na Gearmaine, Fratelli d’Italia na hIodaile, Fidesz na hUngaire, Vlaams Belang na Beilge, FPO na h Ostaire , Sverigedemokraterna na Sualainne agus Perussuomalaiset na Fionlainne. Ta na pairtithe polaitiula seo ar an mor-roinn i bhfad amach ar an eite dheis. Ta cuid acu ( Fidesz , Fratelli d’Italia , Perussuomalaiset ) i gcumhacht. I gcasanna eile, braitheann na pairtithe sa rialtas ar a dtacaiocht uaireanta (mar shampla Sverigedemokraterna na Sualainne).

National party in Eirinn, 2020

Treithe sa 21u haois [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is minic an comhra ag iarraidh naimhdeas agus achrann a tharraingt sa saol mor: mar shampla ag eagru gluaiseacht in aghaidh srianta slainte; in aghaidh imircigh; in aghaidh daoine aeracha i leabharlanna agus scoileanna agus siopai leabhar. Ta ideolaiocht ina bhfuil fuath nimhiuil - fearacht an Naisiunachas Geal, Frith-Ghiudachas, agus Fuath ar Ioslam - a scaipeadh go reidh ag grupai agus ag daoine aonair ar an bhFiordheis. Ta daoine go seasta ag roinnt breageolais ag seanadh Uile-Loscadh an Dara Cogadh Domhanda agus ag bru abhar Naitsioch . [1]

Ta aighneas faoi cheist na haeraide ann go minic. Ta grupai de chuid na fiordheise "ag fadu na tine agus ag tabhairt faoi 'Chogadh Cultuir’ san diospoireacht faoi athru na haeraide agus iad a gcur fein i lathair mar a bheadh ‘fior-chosantoiri’ mhuintir na tuaithe." [1]

An eite fhiordheis in Eirinn [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Eisceacht sa sceal seo i Eire: nior eirigh go romhaith riamh le pairtithe ar an eite fhiordheis in Eirinn, go dti na 2020idi ar aon nos. An chuis ata leis sin na go bhfuil pairti seanbhunaithe ann a dheanann freastal ar an sciar sin den mhargadh. Tagann Sinn Fein ar an sciar sin de votoiri na hEireann a chaithfeadh vota do phairti eigin de chuid na heite fiordheise da mbeadh conai orthu ar an mor-roinn. Ni ar dheis ach ar chle on lar ata Sinn Fein. [2]

Sa bhliain 2023, leirigh taighde ar scaipeadh eolas michruinn agus breageolas ar line in Eirinn go bhfuil tionchar na Fiordheise sa tir sach laidir. An eagraiocht dhomhanda ISD (Institute for Strategic Dialogue) a thug faoin staidear a thaispeain go raibh ag teipeadh ar chuideachtai teicneolaiochta rialachain (mar sh, Twitter , Meta , srl )a chur i bhfeidhm le srian a chur ar scaipeadh bhreageolas, eolas mithreorach agus abhar a bhfuil urchoid ann. Rinne an staidear "Uisce faoi Thalamh: An investigation into the Online Mis- and Disinformation Ecosystem in Ireland " [3] scagadh ar 13 milliun teachtaireacht ar an idirlion o 1,640 cuntas ar 12 ardan eagsula, o Eanair 2020 go hAibrean 2023. [1]

Duirt an staidear go bhfuil airgead a ghnothu go trean ag an dream ata saite in eiceachoras breageolais na hEireann. Bhi dluthcheangal idir an dream a bhionn ag comhra lena cheile agus gurbh cursai slainte, cursai polaitiochta agus cursai imirce in Eirinn is mo a bhionn faoi chaibidil acu. Ar Covid-19 is mo a diriodh aird idir 2020 agus 2021, sula dtainig an chogaiocht san Ucrain , an imirce agus cursai inscne agus gneis an Phobail LADTA + go barr aigne i 2022 agus tus 2023. [1]

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTE (2023-11-20). " An Eite Fhiordheis ag fas in Eirinn " (as ga-IE).  
  2. Alex Hijmans (14 Samhain 2023). " Ni chaithfear eisteacht … le tuairimi faisisteacha " (ga-IE). Tuairisc.ie . Data rochtana: 2023-11-21.
  3. " Uisce Faoi Thalamh: Platform Analysis " (en-GB). ISD . Data rochtana: 2023-11-21.