한국   대만   중국   일본 
Peadar O Gealacain - Vicipeid Jump to content

Peadar O Gealacain

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaPeadar O Gealacain
Beathaisneis
Breith 1793
Maigh nEalta Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 1860
66/67 bliana d'aois
Gniomhaiocht
Gairm udar Cuir in eagar ar Wikidata
muinteoir scoil scairte agus leanai

Eagarthoir, file, bailitheoir, caomhnoir agus muinteoir scoil scairte ab ea Peadar O Gealacain [1] ( 29 Meitheamh 1792 ? Feabhra 1860 ). [2] [3] [4] Nil aon eolas beacht againn maidir le hait a bhreithe, diomaite de gurbh as morcheantar Mhaigh nEalta thuaisceart na Mi e.

Baile Mhic Cathnaoin ( Maigh nEalta )

Beatha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Maidir lena ainm fein, is amhlaidh a d'usaideadh se foirmeacha eagsula ar a lamhscribhinni; Peadar Ua Gealacain, Peadar O Gealacain, Peter Gilligan, Peter Galligan agus leaganacha eile nach iad. D'usaid se Peadar O Gealacain lena ghinealach i Ls. K: ' Ag seo leabhar Pheadair, mhic Phadraig, mhic Lucas, mhic Padraig Ui Gealacain, o leathimeall an Chabhain, ag Sliabh gCleath, o chogaidh Chromail go dti an t-am seo agus cuid da streibh ina gconai sa tir fos'.

Padraig a bhi ar a athair agus ba i Margaret Williams a mhathair. Is i m Baile Mhic Cathnaoin [5] sa duiche cheanna a bhi Peadar ag cur faoi ar feadh a shaoil.

Phos se ar bhean darbh ainm Sinead Ni Thanaiste (no Jane Tennyson) Ta fianaise eigean ann go raibh ar a laghad mac agus inion acu. Is rileir ar chaighdean a chuid lamhscribhneoireachta go raibh se thar barr feabhais.

Chan e amhain go raibh leamh agus scriobh idir Ghaeilge agus Bhearla aige, ach bhi se leannta leis i gcultur an da theanga. Bhi se eolach ar an Laidin, ar an Mhatamaitic, ar an Astralaiocht, agus ar an Cheol.

Thosaigh se ag muineadh scoile sa bhliain 1814 agus is doigh gur chaith se leis an gceird anuas go 1826. Saol anchorrach a bhi ann nach raibh aon bhuanseasmhacht ag baint leis. Bhiodh se de shior ag aistriu o ait go hait agus gan aige in amanna ach seal coicisein aon cheantar amhain.

Saothar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Is idir 1822 agus 1854 a bhi obair an scriobhai a deanamh aige. [2] Ta iontu danta, amhrain, laoithe fiannaiochta, beathai na naomh, scealta den uile chineal, aistriuchain, mionphaidreacha, orthai, tomhais agus abhar ilchinealach, chomh maith le danta a chum se fein, a bhfuil go leor diobh i gclo ag Dawson. Le meid na hoibre a thomhas is leor a ra gur chaith se dha bhliain go leith, 1841 go 1844, ag scriobh ceann diobh a bhfuil 722 leathanach ann.

Bas [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair Peadar O Gealacain bas agus e i ngreim ag an mbochtaineacht sa bhliain 1861. Is beag ata ar eolas againn sna blianta deiridh aige ach amhain gur chaith se iad i Maigh nEalta. Fear a bhi ann a chaith a shaol ag caomhnu na litriochta traidisiun agus teanga a chuid daoine agus ba e a bhas clabhsur thraidisiun fada scribhneoireachta na lamhscribhinni. [6]

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. https://oceanide.es/index.php/012020/article/view/40 In Spite of Dungeon, Fire, and Sword: Peadar O Gealacain and the survival of the Gaelic Irish Literary Tradition
  2. 2.0 2.1 " O GEALACAIN, Peadar (1792?1860) " (ga). ainm.ie . Data rochtana: 2021-11-09.
  3. Ciaran Dawson (2020-02-09). " In spite of dungeon, fire, and sword: Peadar O Gealacain and the survival of the Gaelic Irish literary tradition " (as en). Oceanide 13 : 52?60. doi: 10.37668/oceanide.v13i.40 . ISSN 1989-6328 .  
  4. " Peadar O Gealacain: Scriobhai " (en-US). Clo Iar-Chonnacht . Data rochtana: 2021-11-09.
  5. " Baile Mhic Cathnaoin/Ballymakane " (ga). Logainm.ie . Data rochtana: 2021-11-09.
  6. Dr. Ciaran Dawson.In spite of dungeon, fire, and sword: Peadar O Gealacain and the survival of the Gaelic Irish literary tradition