Peadar O Dubhda

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaPeadar O Dubhda
Beathaisneis
Breith 1881
Bas 1971
89/90 bliana d'aois
Gniomhaiocht
Teangacha An Ghaeilge

Rugadh Peadar O Dubhda i gCrois an Mhaoir , Contae Lu , ar an 29 Meitheamh , 1881 . [1] [2]

Saol [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh O Dubhda ar an 29 Meitheamh, 1881. Bhi a athair ina bhall de Chonstablacht Rioga na hEireann , a thainig on Iarmhi o dhuchas. Ni raibh moran oideachais foirmiula aige, ach ta a fhios againn gur fhreastal se ar cuig bhunscoil ina oige. B'e a chead scoil na 'Roche School', agus b'e a mhuinteoir na Dan Murray. Chaith se a chuid ama ansin i Shelagh School (Gaeilge: Scoil Shealach), agus ansin bhi se ag freastal ar Annavackey School . [3] Bhi an scoil seo a reachtail ag an tiarna talun loganta agus bhi idir paisti Protastunacha agus Chaitliceacha ag freastal uirthi. B'e an t-uasal James Garvey a mhuinteoir, agus bhi Garvey fostaithe ag an tiarna talun. Domhnach amhain, fograiodh on altoir nach raibh se de chead ag Caitlicigh freastail ar an scoil. Seo mar a d'inis Peadar e:

" D'fhogair an sagart on altoir i Sealach go raibh Ordu (o na hAiteacha Arda) ann an scoil a dhunadh agus a dhruid. Trid an bainisteoir a thainig an t-ordu. Cha raibh se ceadaithe ag Caitlicigh oga bheith ag meascadh le 'hAlbanaigh'. goil an drochsceal an croi ionainn, oir ba chomradaithe geala deas-mhuinte iad 's gan a dhath eadrainn mar Chriostaithe ach an leath-uair de shaoirse aca-san 's an Caiticeasma againn. Coming out after Mass we noticed old James Garvey (the master) was wiping a few tears from his eyes. His daughter was crying too. 'Briseadh go deo air is gan leith-phinghin de phinsean ".

Maidin gheimhridh, fuarthas an tUasal James Garvey marbh, ar thaobh an bhealai mhoir agus e reoite chuig an talamh. Chaith Peadar roinnt ama ansin i Drumsinnot School , ait ina raibh an maistir Casey agus Miss Murray (monatoir) ag teagasc.

Bhog an chlann uilig go Baile na Tra i n Dun Dealgan sa bhliain 1893 agus thosaigh Peadar i bhunscoil na mainistreach ( The Friary National School ), agus an bhliain dar gcionn bhi a bhunscolaiocht go leir criochnaithe aige. Fuair se obair mar bhuachaill siopa i siopa buisteara 'Donnelly's Butchers' ar Bhothair an Droichid . Chuaigh se ag obair i siopa brog 'Murphy Brothers' ina dhiaidh sin agus nios deanai fos mar fhear seachadta sa chomhlacht 'Laverett & Frye'. Bhi air earrai a sheachadadh as storas le chapall agus trucail. Thug an obair seo deis do aithne a chur ar dhaoine scothaosta an cheantair, agus bhi Gaeilge ag roinnt acu siud a bhi tagtha o dheisceart Ard Mhacha no o dheisceart Mhuineachain.

De Domnaigh, an 17 Mean Fomhair, sa bhliain 1899, bunaiodh 'Craobh Dhun Dealgan' de chuid an chonartha (.i. Conradh na Gaeilge ), tar eis cruinniu mor a bheith ar siul in Halla an Bhaile. D'fhag Peadar cuntas duinn ar an eachtra seo;

" Bhi an halla gleasta le bratacha agus craobhacha glasa agus bhi a lan rosc-catha scriofa thart ar na ballai agus bhi 'Cead Mile Failte' i litreacha mora os cionn an ardain. "

Chuaigh na heachtrai seo i gcion ar Pheadar agus lui se isteach ar an Ghaeilge a fhoghlaim. Ceapadh Peadar ina Mhuinteoir Taistil sa bhliain 1905.

Ard Fheis an Chonartha, i nDun Dealgan, 1915 [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Deir Peadar an meid seo; " Chuir 1915 an dlaoi mhullaigh ar an spiorad naisiunta le linn an Oireachtais i nDun Dealgan nuair a cheanglaiodh cuis na teangan le cuis airm agus oglach. As sin amach anuas bhi an briathar 'na ghniomh agus an gniomh d'reir an bhriathair ". Nior aontaigh Dubhghlas de hIde , na baill airithe eile an Chonartha leis an chinneadh seo, mar nach raibh siad i bhfabhar an ghluaiseacht chulturtha a athru go dti gluaiseacht pholaitiuil. D'eirigh de hIde as an gConradh ag an Ard-Fheis seo.

Saothar [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  • Maynooth and Our National Language,Dia agus Ar dTirin -- Duilleagan a II, 1943
  • An Labhrann Tu Go Soileir? An t-Udar a chuir amach, 1941
  • Rannta Ceoil agus Rinnci,Preas Dun Dealgan, 1936
  • Stair na Craoibhe, Coisde na Craoibhe, 1940
  • Tomhaiseanna agus Ceisteanna Grinn do'n Aos Og, Oifig an tSolathair, 1948
  • Siamsa chois teineadh, Oifigan tSolathair, 1951
  • La na cuirte agus dha eachtra eile, Lucht Cholaisde Bhrighde, 1924
  • Brian
  • An t-oganach ceann-ordha agus scealta eile, Oifig an tSolathair, 1939
  • Thrid an fhuinneoig, Oifig Diolta Foillseachain Rialtais, 1936

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]