한국   대만   중국   일본 
Oonah Keogh - Vicipeid Jump to content

Oonah Keogh

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaOonah Keogh
Beathaisneis
Breith 2 Bealtaine 1903
Baile Atha Cliath, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 18 Iuil 1989
86 bliana d'aois
Baile Atha Cliath, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Scoil a d'fhreastail se/si An Colaiste Naisiunta Ealaine is Deartha Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Gairm stocbhroiceir Cuir in eagar ar Wikidata

Bean Eireannach ab ea Oonah Keogh ( 2 Bealtaine 1903 ? 18 Iuil 1989 ), an chead bhean sa domhan a rinneadh ina stocbhroiceir nuair a chuaigh si isteach i Stocmhalartan Bhaile Atha Cliath i 1925.

Saol oige [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Oonah Mary Irene Keogh i mBaile Atha Cliath i 1903, an inion sa lar ochtar paiste [1] ; a mathair, Annie Kathleen Doyne, as An Muileann gCearr agus a athair, Joseph Chapman Keogh, as Cill Mhantain . Rinneadh bainisteoir bainc ar Joseph sna 1880i agus e 24 bliain d'aois, an bainisteoir bainc is oige in Eirinn riamh. D'fhreastail Oonah Keogh ar scoileanna Caitliceach do chailini, i bPrioireacht Naomh Muire , Warwickshire , agus i gColaiste Alexandra, Baile Atha Cliath. Chomh maith, staidear Oonah i Scoil Metropolitan Ealaion . O 1922, chaith Keogh dha bhliain ag taisteal lena maistreas, thart ar an Afraic agus an Eoraip . Tar eis a d'fhill si go Londain chun staidear, tairgeadh a athair post di ina chomhlacht , Stocbhroiceir Joseph Keogh agus a Chomhlacht [2] [3] [4] [5] [6] .

Gairm [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ba i Keogh an chead bhean ag obair sa stocmhalartan, agus nior ghlacadh i go hiomlan. Afach, i nua- bhunreacht na hEireann bhi comhionannas cinnte, agus mar sin ni raibh aon fhath i a dhiultu, seachas a hinscne . Le hoideachas agus saibhreas a bhi aici, bhi si cailithe leis an bpost. Bhi baill an stocmhalartan ag ple agus ag votail ar feadh tri seachtaine, agus ar an 4u Bealtaine 1925 chuaigh si isteach sa stocmhalartan [2] [3] . D'oibrigh si anseo le haghaidh 14 bhliain. Ba i an bhean amhain sa domhan sa stocmhalartan ar feadh 42 bhliain agus bhi deacrachtai uirthi, i dtionscail ina raibh ceannas ag fir. In agallamh i 1971, duirt si:

Mibhuntaiste amhain sna laethanta sin, nior bhuail mna agus fir le cheile i dtolglann na teach tabhairne . Nuair a d'imigh na fir go Jury’s chun a scith a ligean tar eis gno a dheanamh, ni raibh me abalta dul in eineacht leo. Agus fiu nuair a rachainn chuig na rasai le m'athair, ba e an rud ceanna. Rachadh se chuig an bhear chun deoch a fhail, biodh orm dul chuig an tae beag.

Ghlac Keogh ceann de na chead ceadunas stocbroiceir i nGaeilge i Saorstat na hEireann [7] . Tar eis easaontais lena hathair, ghlac si sos agus chuaigh si ar cuairt chuig a dheirfiuracha Eta agus Genevieve i Hampshire i Sasana. Anseo, bhuail si lena fear ceile [4] [6] .

Saol pearsanta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Posadh Keogh an t-imirceach Ruiseach , Bayan Giltsof. Nuair a phosadh i, d'eirigh si as comhlacht a athair ach d'fhan si sa Stocmhalartan. Thug si fogra doibh faoina ainm agus a stadas nua. Afach, ar dtus, bhog si go Taunton , Somerset i Sasana lena fear ceile. Bhun iad gno togala , ag forbairt tithe i stil Thudarach. Rugadh a hinion Tatiana i 1935 agus rugadh beirt mhac, Rurik i 1937 agus Nicholi i 1939. Rugadh Bayan i 1946. Nuair a rinneadh feimheach de chomhlacht a athair, bhi cas cuirte a bhain le creidiunai amhain. Chuir Keogh scaireanna i dtaisce i mbanc eigin, agus ansin bhi an banc ag lorg iocaiochta i gcoinne fiacha an comhlacht. Bhi a ainm fos ar doicimead an comhlacht agus thangthas go raibh Keogh freagrach an t-airgead a ioc, agus mar seo biodh uirthi costais na cuirte a ioc chomh maith [4] [6] .

Dhiol an teaghlach an teach Sasanach agus d'fhill siad go hEirinn. Cheannaigh siad talamh i gCill Chomhaid , Contae Cill Mhantain agus cruthaigh siad roinnt tithe ar a dtugtar An Seanbhaile Ruiseach , ainm ata ann inniu [7] [8] [9] . Chuaigh Uachtaran na hEireann , Cearbhall O Dalaigh , a chonai ann nuair a d'eirigh se as an bpost i 1976. Sa bhliain 1952 bog an teaghlach aris, go Ontario , ach d'fhill siad go Sasana i 1953. Tamaillin ina dhiaidh sin, scar an lanuin. D'fhill Giltsof go Cill Mhantain, an ait ar chonaigh se go dti a bhas i 1977. Bhog Keogh le teaghlach a hinion go Maidrid agus mhuin si Bearla i mbunscoil idirnaisiunta. I 1980 d'fhill si go Baile Atha Cliath lena hinion tar eis bas fhear ceile a hinion. I 1989, fuair Keogh agus a hinion bas agus ni raibh ach ocht la idir an bheirt [4] [6] . Ta siad curtha in uaigh an teaghlaigh i Reilig Deansgrange, Baile Atha Cliath [10] .

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. " Irish Genealogy ". civilrecords.irishgenealogy.ie . Data rochtana: 2020-03-03.
  2. 2.0 2.1 " Women's Museum of Ireland | Articles | Oonah Keogh ". womensmuseumofireland.ie . Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2019-09-06. Data rochtana: 2020-03-03.
  3. 3.0 3.1 " Oonah Keogh, the world's first female stockbroker ". Think Business (2018-03-08). Data rochtana: 2020-03-03.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 " ISE honours Oonah Keogh - world’s first female member of a stock exchange - Irish Stock Exchange ". www.ise.ie . Data rochtana: 2020-03-03.
  5. " National Archives: Census of Ireland 1911 ". www.census.nationalarchives.ie . Data rochtana: 2020-03-03.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 " Commentary: What Oonagh Did " (en-US). Irish America (2015-10-01). Data rochtana: 2020-03-03.
  7. 7.0 7.1 Nathan Mannion. " The Irishwoman who was the world’s first female stockbroker " (en). The Irish Times . Data rochtana: 2020-03-04.
  8. " Peek inside this €945k five-bedroom home with tennis court and stunning views " (en). independent . Data rochtana: 2020-03-04.
  9. " Wicklow playhouse with a Russian twist for €2.285m " (en). The Irish Times . Data rochtana: 2020-03-04.
  10. " Una Mary Irene Giltsoff (1903-1989) ".