Is i
Ollscoil Bhologna
- an
Alma mater studiorum - Universita di
Bologna
de reir a ainm oifigiuil - an ollscoil is sine ar Roinn na h
Eorpa
. Ce gur i mbliain
1317
a scriobhadh ceadreachtanna na hOllscoile, bhi scoil dhli ar bun cheanna san 11u haois: meastar gur i mbliain
1088
a bunaiodh i, de reir coiste taighde a raibh an file
Giosue Carducci
ina chomhalta de.
Ta breis is 100,000 mac leinn ag an ollscoil faoi lathair, i 23 damh, agus ta ionaid mhuinte aici i gcathracha eile de reigiun
Emilia-Romagna
, mar ata,
Ravenna
,
Rimini
,
Forli
,
Cesena
agus
Reggio Emilia
.
Thainig an ollscoil chun tsaoil mar chumann deonach saolta de mhic leinn a roghnaigh iad fein na hollaimh agus a d'ioc as a dtuarastail. Bhi siad eagraithe i gcolaisti le haghaidh chomhchabhair mhicleinn gach tire faoi leith (na
nationes
) - an coras ceanna is a bhi ar bun i morollscoil an domhain
Ioslamaigh
,
al-Azhar
. Mar leiriu den chead treimhse sin, ta tuairim is 6000 armas mac leinn le feiceail san
Archiginnasio
(seanaras na hOllscoile). Ta an
Collegio di Spagna
- Colaiste na Spainne - fos ar bun. Bhi na chead staideir ar chursai dli no b'iad scata scolairi dli a bhuail le cheile a chuir an Ollscoil ar bun i dtosach baire.
Is leir an difear idir coras seo Bhologna agus munla
Ollscoil Pharas
, a raibh a hollaimh ceangailte leis an eaglais agus faoi udaras rioga. Ina dhiaidh sin chuaigh Cathair Bhologna i mbun tuarastail na n-ollamh a ioc.
I mbliain
1158
d'fhogair an Impire
Freidric II
an
Costitutio Habita
le go gcosnofai an Ollscoil mar lathair leinn agus staideir neamhspleach ar chumhacht ar bith eile.
On
14u haois
i leith tugadh cursai
loighice
,
realteolaiochta
,
leighis
,
fealsunachta
,
uimhriochta
,
reitrice
, agus
gramadai
chomh maith leis an dli, agus nios deireanai aris cuireadh an diagacht, an
ghreigis
agus an
eabhrais
le liosta na n-abhar.
Thainig claochlu ar lion na n-ollamh le linn na 15u haoise ach bhi scolairi dli cailiula ann fos, mar shampla
Andrea Alciato
.
Sa
16u haois
cuireadh tus le muineadh an "fhealsaimh nadurtha", no an eolaiocht trialach mar is fearr aithne air anois. Ni miste a luadh i measc a cheannrodaithe
Pietro Pomponazzi
, a thug dushlan thraidisiuin na diagachta agus e ag maiomh staidear dhlithe an naduir, agus
Ulisse Aldrovandi
, a thog bunus do na heolaiochtai nadurtha. Sarionad leinn san ailgeabar a bhi san Ollscoil fan am cheanna, agus morscolairi an abhair ar nos
Gerolamo Cardano
e
Scipione del Ferro
ag muineadh inti.
Rinneadh dul chun cinn suntasach sa leigheas, a bhui le
Gaspare Tagliacozzi
agus
Marcello Malpighi
.
Mar gheall ar chlu na hOllscoile, d'eirigh Bologna ina ceann scribe do scolairi agus do aionna cailiula. Airitear ar na mic leinn a d'fhreastail uirthi le linn a naoi gcead bliain de stair morphearsantachtai na sibhialtachta Iodalai mar
Dante Alighieri
,
Francesco Petrarca
,
Guido Guinizelli
,
Cino da Pistoia
,
Cecco d'Ascoli
,
Re Enzo
,
Salimbene da Parma
,
Coluccio Salutati
agus saoianna eachtrannacha lena n-airitear
Thomas Becket
,
Paracelso
,
Erasmo da Rotterdam
,
Papa Niccolo V
,
Raimundo de Pegnafort
,
Albrecht Durer
, San
Carlo Borromeo
, chomh maith le
Torquato Tasso
,
Carlo Goldoni
,
Pico della Mirandola
agus
Leon Battista Alberti
. Thriail
Nicolo Copernicus
ar an Ollscoil le staidear a dheanamh ar an dli chanoineach.
Le linn na
18u haois
e, bhi pairt ag an Ollscoil i bhforbairt na heolaiochta agus na teicneolaiochta agus
Luigi Galvani
i mbun staideir ar an leictreachas.
Bhi ait larnach ag an Ollscoil sa taighde agus san oideachas thuas go dti an
Chead Chogadh Domhanda
nuair a thog insititiuidi eile an cheannaireacht ar an lathair chulturtha Eorpach.
Ni miste a luadh go bhfuil an iomad bailiuchan agus iarsmalann ag an Ollscoil, oidhreacht a staire arsa, i dteannta leabharlann na hOllscoile a bunaiodh i mbliain
1712
agus a bhfuil palas cluiteach an Archiginnasio di Bologna mar shuiochan aici.
Institiuid morghradaim i Ollscoil Bhologna fos agus clu agus cail aici san Iodail agus thar lear.
Is ag Bologna a siniodh le deireanas an comhaontu le hathnuachan chorais ollscoile na hEorpa (
Dearbhu Bhologna
).
- 15u haois
- 16u haois
- 17u haois
- 18u haois
- 19u haois
- 20u haois
| Is
siol
faoin
Iodail
e an t-alt seo.
Cuir leis
, chun cuidiu leis an Vicipeid.
Ma ta alt nios forbartha le fail i dteanga eile, is feidir leat aistriuchan
Gaeilge
a dheanamh.
|