Nearghas

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula d'armaNearghas
Cineal class of chemical substances by use (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Substainti nimhiula iad na nearghais a usaidtear i machaire an air agus iad ag cur isteach ar an einsim ar a dtugtar eistearais aiceitiolcoilin . Is tarchuradoir nearogach e an t- aiceitiolcoilin a thugann an "teachtaireacht" on inchinn go dti an matan , agus e in ann an matan a spreagadh chun gnimh. Usaideann an t-organach an eistearais aiceitiolcoilin leis na moilin i aiceitiolcoilin a scoilt go haiceatait agus coilin, ach nuair a chuirfidh an nearghas isteach ar an einsim, fagfar an t-aiceitiolcoilin ag oibriu ar na matain, ionas nach ligfear iad aris. Mar sin, gheobhaidh an t-othar bas le trithi matan, go hairithe nuair a chaillfidh se a smacht ar na matain riospraide, is e sin, na matain lena bhfuil se ag tarraingt anala.

Go bunusach, is comhdhuile organacha de chuid an fhosfair iad na nearghais. Ta feithidicidi airithe, cosuil leis an b paraition , ag oibriu de reir na meicniochta ceanna. Ce go dtugtar nearghais orthu, is leachtanna iad le teocht an tseomra, agus is i bhfoirm aerasoil a scaoiltear iad.

De reir Run a 687 de chuid na Naisiun Aontaithe, a ritheadh i Mi Aibreain 1991, dearctar ar na nearghais mar airm ollscriosta. De reir an Choinbhinsiuin um Airm Cheimiceacha on mbliain 1993, a chuaigh i bhfeidhm ar an 29 Aibrean 1997, nil se ceadaithe d'aon stat go hoifigiuil nearghais a thairgeadh na a choinneail ar storas.

Aithnitear dha phriomhghrupa nearghas, mar ata, an G-ghrupa agus an V-ghrupa. Ba iad na saineolaithe Gearmanacha a shinteisigh nearghais an G-ghrupa thiar sna triochaidi, go hairithe Gerhard Schrader. Is iad an tsarain, an taban agus an soman na nearghais is aithnidiula sa ghrupa airithe seo.

Maidir leis na V-nearghais, ba e an dochtuir Ranajit Ghosh, a bhi ag obair don chomhlacht tionsclaiochta ceimicean ud ICI sa Riocht Aontaithe, a thainig trasna ar an ngrupa comhdhul seo sna caogaidi. Coauil le Schrader, bhi se ag forbairt feithidnimheanna nua, agus le firinne thosaigh an comhlacht ag diol nearghas den chineal V mar fheithidnimh faoin ainm tradala Amiton , ach ansin thainig chun solais go raibh Amiton chomh laidir mar nimh is narbh fheidir e a usaid gan dainsear tromchuiseach a tharraingt ar na daoine a bhi a scaipeadh. D'eirigh ICI as an taighde ar na comhdhuile seo, ach ma d'eirigh, chuir forsai armtha na Riochta Aontaithe agus, ina dhiaidh sin, na dtiortha eile suim sna V-nearghais. Bhi, fiu, an ceimiceoir Sualannach Lars-Erik Tammelin ag deanamh taighde ar na comhdhuile seo, agus uaireanta tugtar "eistir Tammelin" orthu fosta.