- Is e seo leathanach faoin pholaiteoir Micheal Daibhead. Duine eile an file; feach
Michael Davitt
.
Bhi
Micheal Mac Daibheid, Micheal Daibhead
no
Michael Davitt
(
25 Marta
1846
?
30 Bealtaine
1906
) ina fheachtasoir soisialta agus ina naisiunach, as
Contae Mhaigh Eo
; ba e a bhunaigh
Conradh na Talun
.
Rugadh Micheal Mac Daibheid sa t
Sraid
i g
Co. Mhaigh Eo
ag an treimhse ba mheasa den
Ghorta Mor
. Ba e an dara paiste de chuigear clainne e a saolaiodh do Martin agus do Sabrina Daibhead. Nuair a bhi Micheal se bliana d’aois dishealbhaiodh a mhuintir agus bhi ar a athair dul ar imirce go
Sasana
ar thoir oibre.
Nuair a dhiultaigh a bhean cheile agus a mhuintir dul isteach i dteach na mbocht, thainig an
sagart
paroiste sa tSraid, An tAthair John McHugh, i gcabhair orthu agus thug se didean doibh. Ar deireadh, i
1855
, chuaigh Bean Dhaibheid agus na paisti thar saile go dti an baile tionsclaioch
Haslingden
i
Lancashire
mar a raibh Martin ina chonai.
Ni raibh Micheal ach deich mbliana d’aois nuair a chuaigh se ag obair i
muileann
cadais. Ach faoi cheann dha bhliain, bhain timpiste le meaisin
sniomhachain
do agus b’eigean an gheag dheas a bhaint de.
I ngeall ar an ngortu sin, d’fhreastail se ar scoil Wesleyan ar feadh dha bhliain no go ndeachaigh se ag obair i gclolann. Is thart faoin am seo a chur se speis i
stair na hEireann
.
roimh 1896
Ba i an speis seo a spreag e le dul isteach i m
Braithreachas Phoblacht na hEireann
(BPE), no na Finini, i
1865
. Dha bhliain ina dhiaidh sin d’eirigh se as a phost le bheith ina Ard-Runai ar na Finini i dTuaisceart
Shasana
agus in
Albain
.
Gabhadh i
Londain
e i
1870
agus e ag fanacht le seilbh a ghlacadh ar lastas airm. Daoradh tearma cuig bliana deag priosunachta air ach ni raibh air ach seacht mbliana a chur isteach. Ar
19 Nollaig
1877
ligeadh e fein agus na priosunaigh pholaitiochta eile amach faoi choinniollacha airithe. Ach lean se da chuid imeachtai agus tamall ina dhiaidh sin ceapadh ar Ard-Chomhairle BPE e.
The Bold Tenant Farmer's Cottage
Nuair a scaoileadh saor e, chuaigh se go
Meiricea
ag lorg tacaiochta o
Ghael-Mheiriceanacha
da bheartas nua “
The Land for the People
”. Chuir se faoi in
Philadelphia
in
1873
agus a mhathair agus triur deirfiur in eineacht leis. Ba le linn do a bheith i bpriosun gur rith se leis nach raibh de leigheas ar fhadhbanna na hEireann ach ligean do mhuintir na tire an talamh a shealbhu.
Dibirt, 1879
Is minic a chualathas e ag ra a leitheid seo ag cruinnithe ina dhiaidh sin: “The land question can be definitely settled only by making the cultivators of the soil the proprietors”. I 1870 thug
Rialtas na Breataine
Acht Talun isteach a raibh “ciosanna cothroma” mar chuspoir aige: ach shil Mac Daibhead nar leor sin, mar ni bheadh dul chun cinn deanta ag cosmhuintir na hEireann go dti go mbeadh ceart acu ar a gcuid talun fein.
Ar theacht abhaile do i
1879
bhi dalai an ghorta ar Iarthar na hEireann aris. Bhi se ar cheann de na blianta ba fhliche riamh agus bhi teipthe ar bharr na bpratai don triu bliain as a cheile. D’fhreastail an Daibheadach ar chruinniu mor ar an mBaile Gaelach,
Co. Mhaigh Eo
ar
20 Aibrean
mar a leagadh sios pleananna le haghaidh ollfheachtas agoide a raibh se mar aidhm aici ciosanna a isliu. I g
Caislean an Bharraigh
ar
16 Lunasa
1879
bunaiodh Conradh na Talun Mhaigh Eo go foirmiuil le lantacaiocht o Shearlas Stiobhardach Parnell (
Charles Stewart Parnell
). Ar
21 Deireadh Fomhair
ceapadh Parnell ina Uachtaran ar Chonradh na Talun agus bhi an Daibheadach ar dhuine de na runaithe air. Anois bhi gach cuid den fheachtas agoide agus den ghluaiseacht faoi chearta talun faoi aon scath amhain. Ba e a bhi de dhith ar
Cogadh na Talun
na cios coir, cinnteacht seilbhe agus ceart diola agus on uair sin go
1882
tugadh faoin gcath le duthracht.
Cuireadh an Daibheadach i b
priosun
aris in
1881
de bharr a chuid oraidi.
Toghadh mar fheisire parlaiminte e do
Chontae na Mi
e sa bhliain 1882. Ach nior acmhainn do freastal ar an bParlaimint de bharr gur i bpriosun a bhi se ag an am.
Scaoileadh saor e i mi na Bealtaine 1882. Nuair a ligeadh amach e in
1882
chuaigh se i mbun feachtais le go mbeadh uineireacht ar thalamh na hEireann ag an Stat chomh maith le comhghuailliocht a thionscnamh idir lucht oibre na Breataine, oibrithe na hEireann agus feirmeoiri tionontachta.
Chuaigh se go
Meiricea
i mi Iuil
In
1883
cuireadh i bpriosun aris e, ar feadh ceithre mhi, an uair dheireannach.
Ce nach raibh se fein agus Parnell ar aon tuairim faoi cheist na talun thug se lantacaiocht don chomhghuailliocht
Liobaralach
/ Naisiunach - fiu in
1890
nuair a bhi scoilt sa phairti de bharr cholscaradh Pharnell. Thaobhaigh se leis an bhfaicsean frith-Pharnell sa
Pharlaimint
ach de reir a cheile ghearaigh ar a mhifhoighne nuair a chonacthas do an easpa cumais no tola ag an institiuid sin le deireadh a chur leis an eagoir. Agus Dail na Breataine a fhagail ina dhiaidh aige in 1886 thuar se “no just cause could succeed there unless backed by physical force”.
Michael Davitt, 1882 i
Nua-Eabhrac
(grianghraf ag Napoleon Sarony)
postaer sna 1880idi
A bhuiochas d’iarrachtai leanunacha Mhichil Mac Dhaibheid, tugadh tuilleadh achtanna talun isteach i ndiaidh an chead Acht Talun de chuid
Gladstone
in 1870. Ba e an cheann ba thabhachtai Acht na Talun 1881 a thug aitheantas ar deireadh do na 3C-anna (Cios cothrom, Cinnteacht seilbhe, agus Ceart diol).
I
1903
thainig Acht Wyndham i bhfeidhm - acht a chuir ina lui go laidir ar Thiarnai Talun a gcuid eastat a dhiol le Coimisiun na Talun. Ba iad anaidi feirme in ionad ciosa a bheadh le hioc ina dhiaidh sin. I ndeireadh na dala d’aistreofai uineireacht talun o na tiarnai talun go dti na tionontai. Bhi cuspoir an Daibheadaigh curtha i gcrich ar deireadh. D’easaontaigh se le hAcht Wyndham toisc nar choir tiarnai talun a chuiteamh ar thalamh ar leis An Stat e, dar leis.
Nuair a d’eag an Daibheadach i
1906
, d’fhreastail Fear-Ionad an Ri ar an tsochraid, rud a leirigh an turas polaitiuil ar feadh triocha bliain.
Ta se curtha sa tSraid, a bhaile duchais. Ta an droichead idir
Oilean Acla
agus an morthir a bhaisteadh as Daibhead.
Airitear e leis ar dhuine de bhunaitheoiri
Phairti Lucht Oibre na Breataine
chomh maith le bheith ina inspioraid don Irish Land and Labour Association le D.D. Sheehan. Duirt
Mahatma Gandhi
roinnt blianta ina dhiaidh sin go ndeachaigh An Daibheadach agus Conradh na Talun go mor i gcion air agus an ghluaiseacht um leirsiu siochana a bunu aige san
India
.