Liam I Shasana

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaLiam I Shasana

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhuchais (en) William I the Conqueror
(ang) Wilhelm se Geh?ersumiend
(fr) Guillaume le Conquerant
(nrm) Gllaome le Counquereus
Beathaisneis
Breith (fr) Guillaume
1027 ↔ 1028
Falaise (Diucacht na Normainne)
Bas 9 Mean Fomhair 1087
58/59 bliana d'aois
Rouen (Diucacht na Normainne)
Ait adhlactha Abbey of Saint-Etienne, Caen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc Riocht Shasana
25 Nollaig 1066 ? 9 Mean Fomhair 1087
←  Arald Godwinson ? Liam II Shasana  →
Diuc na Normainne
3 Iuil 1035 ? 9 Mean Fomhair 1087
←  Roibeard I, Diuc na Normainne ? Robert Curthose  → Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhuchais an tSean-Normainnis
Gniomhaiocht
Gairm saighdiuir , monarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teangacha An tSean-Normainnis
Eile
Teideal uasal Monarc Riocht Shasana (1066?1087)
Diuc na Normainne (1035?1087) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach Teaghlach Normandy Cuir in eagar ar Wikidata
Ceile Matilda Fhlondras (1053–) Cuir in eagar ar Wikidata
Paiste Cecilia na Normainne , Anrai I Shasana , Constance na Normainne , Alberta , Agatha na Normainne , Matilda na Normainne , Robert Curthose , Adeliza , Richard na Normainne , Liam II Shasana , Adela na Normainne Cuir in eagar ar Wikidata
Athair Roibeard I, Diuc na Normainne   agus  Herleva
Siblin Odo, Iarla Kent , Robert, Cunta Mortain agus Adelaide na Normainne
Duine muinteartha Eadbhard an Choinfeasora ( uncail )
Odo, Cunta Champagne ( dearthair ceile ) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 1948 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhi Liam I Shasana no Uilliam Concaire [1] no Liam Concar [2] (Fraincis na Normannach: Williame I ; Sean-Bhearla: Willelm I ; t. 1027 / 1028 ? 9 Mean Fomhair 1087 ) ina Dhiuc ar an Normainn o 1035 agus ina ri ar Shasana o 1066 , tar eis do ionradh a dheanamh ar an tir sin lena arm agus an Ri Arald a chur as coroin. Thainig a mhac Liam II i gcomharbas air.

D'fhas Liam suas i Chateau Falaise

Culra agus Oige [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Rugadh Liam sa bhliain 1027 no 1028. Ba e mac midhlisteanach Dhiuc na Normainne, Roibeard I, fear a shiolraigh go direach o Rolf Lochlannach, agus thugtai Liam Bastard air mar gheall air seo. Herleva ab ainm da mhathair, inion sudaire o Falaise. Fuair Roibeard bas nuair nach raibh ach seacht mbliana d'aois slanaithe ag Liam agus rinneadh Diuc na Normainne den bhuachaill og.

Liam Concar, le George Vertue (1648-1756)

Bhi Liam faoi choimirce a uncail, Ardeaspag Rouen, agus bhi se siud mar leasri aige go dti go raibh aois fir bainte amach aige. Is iomai cogadh a fearadh le linn reimeas Liam agus is iomai eiri amach a rinne na baruin Normannacha ina choinne chun a dhushlan a thabhairt. Ach ba laidir an phearsa e agus thuill se clu mar cheannaire agus mar shaighdiuir diograiseach agus bruidiuil, rud a chabhraigh leis iomlan na Normainne a chur faoina smacht.

Sa bhliain 1049, phos se Matilda Fhlondras, arbh i inion Chunta Baldwin Fhlondras agus bhi Ailfrid Mor mar shinsear aici chomh maith.

A Eileamh ar Riocht Shasana agus Cath Hastings [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Dealbh Liam i Falaise

I bhfad sular rugadh Liam, ba gha do ritheaghlach Shacsanaigh an Iarthair teitheadh go dti an Normainn sa bhliain 1013, de bharr ruathair na Lochlannach. Bhi Eadbhard Coinfeasoir ina chonai sa Normainn go dti gur thainig se i gcoroin i Sasana sa bhliain 1042, nuair a bhi Liam fein 14 bliain d'aois. Thug se talamh da chomhghuaillithe Normannacha nuair a d'fhill se ar Shasana, ar mhaithe le cumhacht na mbarun Sacsanach a laghdu. Dealraionn se gur ainmnigh Eadbhard Liam mar chomharba aige sa bhliain 1051. Nuair a fuair Eadbhard bas, d'ainmnigh an Witenagemot duine d'iarlai cumhachtacha Shasana, Arald Mac Godwin, mar ri. Chinn Liam ar eileamh a chur isteach ar choroin Shasana mar dhuine de ghaolta Eadbhaird, mar thoradh ar an mbeart seo.

Bonn Liam
Armas

Ag an am ceanna, bhi gaiscioch Ioruach darbh ainm Arald Hadraada, a shiolraigh o Canute, ag ullmhu cabhlaigh le hionradh a dheanamh ar Shasana. Thainig se i dtir ar Abhainn an Humber ar 18 Mean Fomhair 1066, agus ghabh se Eabhrac dha la ina dhiaidh sin. Mhairseail an Ri Arald a arm o thuaidh agus bhuail siad na Lochlannaigh agus maraiodh Hadraada ag Cath Dhroichead Stamford, ar 25 Mean Fomhair.

Ar 28 Mean Fomhair, thainig Liam agus a chabhlach i dtir, gar do Pevensey Kent. Mhairseail Arald a arm o Eabhrac go Kent le dul i ngleic le harm Liam ag Cath Hastings , ar 14 Deireadh Fomhair. D'ordaigh Liam da arm ligean orthu gur ag culu a bhi siad, ach d'ionsaigh siad arm Araild ansin, nuair a briseadh ar ord a shaighdiuiri siud agus iad ag iarraidh dul sa toir ar shaighdiuiri Liam a bhi ag teitheadh, mar dhea. Maraiodh Arald sa chath nuair a buaileadh e sa tsuil le saighead agus chulaigh arm na Sacsanach.

Thogh an Witan Edgar Atheling mar chomharba Araild, ach thairg se siud an choroin do Liam, de reir cuma. Agus e ag iarraidh a chuid cumhachta a dhaingniu, chuir Liam cosc ar chreachadoireacht agus gheall se gur fuascailt iseal a bheadh i gceist. San aireamh leis sin, thairg se pardun do na Sacsanaigh go leir nach raibh ag troid ar son Araild.

Liam ina Ri ar Shasana [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Cluicheadh an Tuaiscirt [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Learscail den achar talun a bhi faoi smacht Liam i Sasana agus sa Fhrainc, tar eis do Sasana a ghabhail.

D'eirigh go leor de na Sacsanaigh amach i gcoinne Liam sna blianta beaga i ndiaidh do teacht i gcoroin, go hairithe i dtuaisceart na riochta. D'eirigh le Liam na ceannairci seo a chur faoi chois agus rinne a arm leirscrios ar an gceantar maguaird, eachtra a tugadh 'Cluicheadh an Tuaiscirt' uirthi.

Liber de Wintonia [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D'ordaigh Liam suirbhe 'Liber de Wintonia' no 'An Leabhar Bratha' ( Bearla : Domesday Book ) sa bhliain 1085. Bailiodh eolas faoin talamh go leir ar fud Shasana agus rinneadh taifead de san Leabhar Bratha. Rinneadh an suirbhe seo ar mhaithe le cursai gearrtha canach agus ta se ina shar-fhoinse eolais do staraithe an lae inniu i leith na treimhse sin. Rinneadh taifead ann ar an meid talun a bhi ag gach ridire, ar an meid sraidbhailte a bhi ann agus ar an gcineal feirmeoireachta agus curaiochta a bhi ar siul iontu. D'usaid Liam an t-eolas seo le fail amach cen chumhacht mhileata agus cen cineal maoine a bhi ar fail do sa tir. Ba e an t-aon ri san Eoraip i rith na meanaoiseanna a rinne a leitheid.

Mionn Salesbury [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Sa bhliain 1086, thug Liam ar na huaisle go leir teacht go Salisbury, ait a raibh orthu mionn dilseacht do a thabhairt. Agus an mhoid seo a tabhairt acu, bhi ag eiri le Liam reimse na ndilseachtai aitiula a bhain le huineireacht talun sa choras Feodach a sheachaint. Bhi se i gceist aige go gcuirfeadh se seo stop le ceannairci ina choinne ina dhiaidh sin.

Smacht na Normannach [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi tionchar ollmhor ar Shasana ag cuid mhaith de na hathruithe a thug Liam Concar ar an saol tar eis do teacht i gcoroin. Cruthaiodh uasaicme Normannach nua os cionn na Sacsanach duchasach. Faoi 1086, bhi 80% de thalamh na riochta faoi uineireacht na Normannach.

Tugadh isliu ceime do na Sacsanaigh i gcursai riarachain, polaitiula agus eaglasta chomh maith agus na Normannaigh ag glacadh na bpost ba thabhachtai doibh fein. Thairis sin, rinneadh teanga oifigiuil den Fhraincis, teanga dhuchais na Normannach agus fagadh teanga na Sacsanach, teanga an mhoraimh in ait na leathphingine, ce go ndearna Liam fein iarrachtai e a fhoghlaim. Cheap Liam fear Iodalach darbh ainm Lanfranc, ina Ardeaspag ar Chanterbury, chun atheagru a dheanamh ar an eaglais i Sasana agus chun smacht na Normannach uirthi a chinntiu.

Ach seans maith gurbh e an t-athru ba mho a d'imir concas na Normannach ar Shasana na an caidreamh eachtrach nua a cruthaiodh. Roimhe seo, ba o thuaidh i dtreo Chrioch Lochlann, a d'fheach na Sasanaigh go culturtha agus go polaitiuil. Ach anois bhi saol Shasana, idir eacnamaioch agus chulturtha, dirithe ar an bhFrainc agus ar an Mor-Roinn.

Bliain a bhais [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Fuair Liam bas ar 9 Mean Fomhair 1087 , tar eis do e fein a ghortu go marfach nuair a thit se ar chorr iarainn a dhiallaite, agus e ag cur an bhaile Mantes faoi leigear, sa Fhrainc .

Adhlacadh a chorpan i Seipeal San Stiofan, i gCaen. Scrios grascar Cailvineach an chuid ba mho da chorp sa 16u haois agus scriosadh an chuid dheireanach a bhi fagtha, cnamh leise da chuid, i rith Reabhloid na Fraince .

Thainig an dara mac leis, Liam Rufus , i gcomharbacht air, tar eis don mhac ba shine leis, Roibeard Curthose, eiri amach ina choinne sa Normainn sula bhfuair se bas.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Naisc Sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]