On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Imreoir
fichille
Cubach
ab ea
Jose Raul Capablanca y Graupera
(19 Samhain 1888 ? 8 Marta 1942) a bhi ina churadh domhanda o 1921 go 1927. Ba phaiste eachtach e, agus bhain se cail mhor amach as a scil iontach sa chor deiridh agus as a himirt sciobtha. Rugadh Capablanca sa bhliain 1888 i Castillo del Principe,
La Habana
. Bhuail se curaidh Chuba Juan Corzo i gcluiche ar 1901, dha la roimh a 13u breithla.
[1]
Mar gheall ar a bhua ar
Frank Marshall
i gcluiche i 1909 fuair se cuireadh chuig comortas
San Sebastian
1911, a bhuaigh se chun tosaigh ar imreoiri leitheidi
Akiba Rubinstein
,
Aron Nimzowitsch
agus
Siegbert Tarrasch
. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhi sraith buanna ag Capablanca agus rinne se iarrachtai cluiche a shocru le curaidh an domhain
Emanuel Lasker
i gcaitheamh deich mbliana. Nuair a tharlaigh an cluiche faoi dheireadh, bhuaigh Capablanca an teideal curadh domhain fichille i 1921. Nior chaill se cluiche fichille o 10 Feabhra 1916 go 21 Marta 1924.
Chaill Capablanca an teideal i 1927 in aghaidh
Alexander Alekhine
, nach raibh bua ar bith bainte amach aige in aghaidh Capablanca roimh re. Tar eis go leor iarrachtai gan rath athimirt a shocru ar feadh na mblianta fada, d’eirigh an caidreamh eatarthu nimhneach. Lean Capablanca le bheith rathuil sa chomortais sa treimhse seo ach tharraing se siar o fhichille dairire sna 1930idi. Thosaigh se fulaingt le fadhbanna slainte sa treimhse seo, le bru fola ard agus fuair se bas i 1942 de
rith fola ceirbreach
.
- ↑
Miguel A. Sanchez (2015). "Jose Raul Capablanca: A Chess Biography": l. 77.
ISSN
9781476614991
.