한국   대만   중국   일본 
John Mac Menamin (breitheamh) - Vicipeid Jump to content

John Mac Menamin (breitheamh)

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaJohn Mac Menamin
Beathaisneis
Breith 14 Samhain 1952
71 bliana d'aois
Raghnallach, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisneis phearsanta
Scoil a d'fhreastail se/si An Colaiste Ollscoile, Baile Atha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gniomhaiocht
Gairm breitheamh , abhcoide Cuir in eagar ar Wikidata

Is breitheamh e John Mac Menamin (a rugadh ar 14 Samahin 1952 ). Bhi se an-mhor le Garrett Fitzgerald agus Fine Gael .

Saol [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Colaiste Thir an Iuir

Rugadh Mac Menamin i 1952 i mBaile Atha Cliath. Cuireadh oideachas air i g Colaiste Thir an Iuir agus sa Cholaiste Ollscoile, Baile Atha Cliath ina dhiaidh sin, ait inar bhain se ceim Onoracha amach sa Stair i 1973. Fad a bhi se ina mhac leinn, ba bhall e de Chomhairle na nIonad Comhairle Dli Saor in Aisce (FLAC), agus bhi baint aige le hionad a reachtail i m Baile Formaid . [1]

Gairm [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhain se cailiocht amach mar abhcoide in Ostai an Ri i 1975. Glaodh chun Barra na Sinsear i 1991 agus bhi chleachtas ginearalta aige (agus obair Athbhreithnithe Bhreithiunaigh ina speisialtoireacht da chuid). Bhi baint aige leis an mBinse Flood /Mahon agus Ryan.

Bhi se ina stiurthoir ar an VHI idir 1995 agus 1997. Ba e an measunoir dlithiuil leis an gCoiste um Oiriunacht chun Cleachtadh de chuid Chomhairle na nDochtuiri Leighis ar feadh deich mbliana.

Tar eis do bheith ar Chomhairle an Bharra agus ar feadh ceithre thearma, toghadh e ina Chathaoirleach, agus b’amhlaidh a bhi se idir 1997 agus 1999. O ceapadh e chuig an mbinse in 2004, dheileail se go priomha le habhair athbhreithnithe bhreithiunaigh.

Ceapadh e mar bhall den Chuirt Choiriuil Speisialta in 2009. Ona cheapachan, rinne se an cinneadh ar lion casanna ag a raibh gne um chearta an duine , agus chuaigh se i ngleic le saincheisteanna maidir le cearta iarrthoiri tearmainn, leanai onar theastaigh curam speisialta, caitheamh le priosunaigh, agus aithreacha neamhphosta.

Ceapadh Menamin ar an g Cuirt Uachtarach in 2012.

D’fhoilsigh se lion paipear agus bhi se rannphairteach i seimineair, go hairithe i dtaobh dli teaghlaigh agus dli leanai de. Bhi se i gceannas ar liosta Mionaoiseach na hArd-Chuirte ar feadh tri bliana. Is e ionadai na hEireann e ar an CCJE, Comhairle Chomhairleach na mBreithiuna Eorpacha, coiste comhairleach le Comhairle Airi Chomhairle na hEorpa.

Gaeilge [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

D’aontaigh Mac Menamin sa bhliain 2011 go bhfeadfaidh na himeachtai athbhreithnithe bhreithiunaigh a chur ar siul le haghaidh orduithe i gcoinne an Aire Slainte, Eire, an Ard-Aighne agus an Bord Leigheasra na hEireann ag iarraidh orthu Treoir 2001/83/CE a chur i bhfeidhm. Tomas Mac Ruairi, iar-Uachtaran ar Chonradh na Gaeilge, a rinne an t-iarratas a cuireadh i lathair na hArd-Chuirte. Duirt Mac Ruairi: "Fiu i stait bheaga mar an Eastoin, an Laitvia, an Liotuain agus an tSloivein, ata nios lu na Eire, ni choisceann se orthu an Treoir a chur i bhfeidhm go hiomlan ina ndlinsi. Go dti seo nior chinntigh rialtas na hEireann go mbeadh na lipeid agus bileoga cogaisiochta i nGaeilge agus i mBearla anseo, agus ni amhain gur saru soileir e seo ar dhli an Aontais Eorpaigh, ach deanann se imeallu ar an teanga chomh maith le bheith idirdhealaitheach ar an bpobal arb i an Ghaeilge a chead rogha mar theanga.". [2]

Pearsanta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ta se posta le Lia O’Hegarty, a bhiodh ina Comhairleoir Dli leis an Oireachtas, agus a bhi nios deanai ina comhairleoir ar shaincheisteanna dlithiula agus comhshaoil. Ta leanbh amhain acu.

Feach freisin [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Cuirt Uachtarach na hEireann. " Breithiuna Reatha na Cuirte Uachtarai ". www.supremecourt.ie . Cartlannaiodh an bunleathanach ar 2020-02-06. Data rochtana: 2021-12-24.
  2. Conradh na Gaeilge (2011). " nuachtlitir 2011 ". Data rochtana: 2021.