On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Ba pholaiteoir Meiriceanach e
Harry Mason Reid
(
2 Nollaig
1939
-
29 Nollaig
2021
). Ba bhall e de chuid an
Phairti Dhaonlathaigh
i
Seanad na Stat Aontaithe
ar son stat
Nevada
agus e in oifig on bhliain 1987 go dti deireadh an 114u Comhdhail i mi Eanair na bliana 2017. Seanadoir sinsearach an stait a bhi ann. Ceannaire an Mhoraimh sa Seanad a bhi in Reid on bhliain 2007 go 2013, agus Ceannaire an Mhionlaigh o 2013 go 2017. Bhi se ina bhall de
Theach Ionadaithe na Stat Aontaithe
roimhe sin, ar son an chead cheantar Chomhdhala i Nevada. Roimhe sin siar aris bhi meascan de phoist ag Reid a bhain le rialu aitiuil no stait i Nevada, mar ata, aturnae na cathrach in Henderson, Nevada; ionadai i dteach an stait; leasghobharnoir; agus cathaoirleach ar Choimisiun um Chearrbhachais Nevada.
Rugadh Harry Reid in Searchlight, Nevada. Ba e Reid an triu mac as ceathrar ag Inez Orena Jaynes, bean niochain, agus Harry Vincent Reid, mianadoir. Bhi saol garbh simpli acu, no ni raibh leithreas, uisce te, na guthan sa teach. Le bheith abalta freastal ar an meanscoil, bhi ar Reid dul chun loistin ag cuid da mhuintir i Henderson, 40 mile sli o Searchlight. D’imir se
peil Mheiriceanach
ansin agus bhi se ina
dhornalai
amaitearach chomh maith. Ina dhiaidh sin, chuaigh se go Southern Utah University agus Utah State University. Bhain se ceim as an dara scoil seo agus thug se a aghaidh ar
Washington, D.C.
. D’fhreastail se ar an scoil dli ag Ollscoil George Washington ansin agus eisean ag obair do Phoilini Chaipeatol na Stat Aontaithe (United States Capitol Police) ag an am ceanna. I ndiaidh dochtuireacht sa dli a fhail on scoil sin, d’fhill se go Nevada.
D’fhreastail Reid i dTeach na nIonadaithe i Washington, D.C. ar feadh dha thearma, o 1983-87. Toghadh e mar sheanadoir sa bhliain 1986 agus thosaigh an chead tearma ud an bhliain ina dhiaidh sin. Bhi comortas gear aige sa toghchan sa bhliain 2010 ach d’eirigh leis an bua a fhail ar an iarrthoir
Poblachtach
, Sharron Angle.