한국   대만   중국   일본 
Heiliam - Vicipeid Jump to content

Heiliam

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachHeiliam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceach duil cheimiceach agus atmophile element (en) Aistrigh
Heiliam sa tabla peiriadach
Siombail cheimiceach He
Uimhir adamhach 2
Mais adamhach 4.002602
Cumraiocht leictreon 1s²
Peiriad, Grupa peiriad 1
triathghais
Airionna fisiceacha
Dlus 0.1785 kg/m?³
Leaphointe ?272.05, luach ar iarraidh, 0.95 agus ?458
Fiuchphointe ?268.9 agus ?452.07
Comheifeacht athraonta 1.000036
Leictridhiultacht 4.5
Stair
Aimsitheoir Pierre Janssen , Norman Lockyer agus William Ramsay
Fionnachtain 18 Lunasa 1868
Eapainm Helios

Is e an heiliam an dara duil is eadroime. Is e an ceann is eadroime de na triathghais , leis, agus os rud e nach bhfuil ach aon leictreonsceall ann, nil an t-ochtread leictreonach aige ar an sceall is faide amuigh, no ni thugann an K-sceall ait ach do dha leictreon.

Ta fiuchphointe agus leaphointe an heiliam nios isle na mar ata siad ag aon duil eile, agus mar sin, ni bhionn an duil seo ar fail ach mar ghas faoi ghnath-imthoscai. Le firinne, ni feidir an heiliam a iompu ina sholad faoi ghnathbhru an atmaisfeir. In ait sioc, is dual do iompu ina leacht de chineal aisteach, ar a dtugtar forshreabhan no Heiliam II. Ta an forshreabhan beagnach saor o shlaodacht . Mar sin, ni feidir e a choinneail i gcoimeadan oscailte, agus e ag dreapadh thar bhruach an tsoithigh as a stuaim fein.

Leasar heiliam

Ce gurb e an heiliam an dara duil is fluirsi san ollchruinne , ni fhaightear moran de ar an Domhan. Is e is cuis leis na nach dteann se i gcomhdhuile ceimiceacha, mar thriathghas, agus ta se chomh headrom, mar ghas, is nach bhfuil imtharraingt an Domhain in ann e a choinneail san atmaisfear thar na ceadta bliain. Ta heiliam ar fail sa ghas nadurtha , afach, agus solathar leanunach ann sa talamh, os rud e go dtairgionn na duile troma radaighniomhacha heiliam de reir mar ata an meath ag teacht orthu. Is amhlaidh gurb e an t- alfa-mheath is dual don urainiam agus don toiriam , na duile radaighniomhacha is tabhachtai agus is troime ata ar fail sa dulra, agus nil san alfa-chaithnin, go bunusach, ach nuicleas an iseatoip is coitianta de chuid an heiliam.

Ta dha iseatop chobhsai ag an heiliam, is e sin, Heiliam a Tri agus Heiliam a Ceathair. Ta dha phroton agus aon neodron amhain i nuicleas an chead cheann acu, agus dha phroton is dha neodron ag an dara ceann. Is e Heiliam a Ceathair is coitianta acu, no nil ach iarsmai beaga den iseatop eadrom le fail i heiliam an atmaisfeir. Tairge don mheath radaighniomhach ata ann, chomh maith leis an iseatop is troime, no is dual don tritiam , iseatop radaighniomhach na hidrigine , Heiliam a Tri a dheanamh, agus beite-chaithnin a astu.

Baintear leas as an heiliam sa chrioiginic , i ngleas ocsaigine le haghaidh domhaintumadoireachta, in eadromain , agus mar ghas cosanta ilusaideach. Mar thriathghas, ni feidir don heiliam imoibriu ceimiceach a dheanamh leis na duile eile, agus mar sin, ni oibrionn se ar organach an duine ar aon nos na sli. Ni nimh ata ann, mar sin. Agus an meid sin raite, ni mor cuimhne a choinneail air go bhfuil an heiliam in ann duine a thachtadh, mura gcuirtear a dhothain ocsaigine leis. Speisiuil go leor, ma mheasctar heiliam trid an aer analaithe, cuirfidh se carsan barruil i nguth an duine ar feadh tamaillin.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]