On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
An chathair is mo in
Eacuador
is ea
Guayaquil
agus e suite ar bhruach thiar na habhann Guayas, in iarthar na tire. Ritheann an Guayas isteach i Murascaill Guayaquil, san
Aigean Ciuin
, timpeall is 20 mile sli nios faide o dheas on gcathair. Is i an Guayas an abhainn is mo i
Meiricea Theas
a shnionn isteach san Aigean Ciuin, cuid den chuis le tabhacht Guayaquil mar chalafort. Bhi conai ar 2,560,505 duine sa chathair de reir meastachain a rinneadh sa bhliain 2011.
Bhiodh Indiaigh ina gconai insan ait ina bhfuil Guayaquil inniu sular thainig na hEorpaigh a cheaduair. Dheanaidis tradail feadh na costai chomh fada o dheas le deisceart
Pheiriu
agus o thuaidh le deisceart
Mheicsiceo
. De reir na leabhar staire, bhunaigh na Spainnigh an chathair sa bhliain ar 25 Iuil 1534 faoin ainm Santiago de Guayaquil, no le bheith cruinn, Muy Noble y Muy Leal Ciudad de Santiago de Guayaquil ("Cathair an-uasal agus an-dilis Santiago de Guayaquil").
D'fhulaing Guayaquil ionsaithe foghlaithe mara, Sasanaigh sa chuid ba mho, i luathstair na cathrach.
Chomh deanach le 1709 ghlac drong diobh seilbh ar Guayaquil; d'imigh siad nuair a bhris an calar amach sa chathair. Ar 9 Deireadh Fomhair 1820 d'eirigh cuid de na saoranaigh. Beagnach gan foreigean, ghabh siad na hoifigigh Spainneacha agus d'fhogair Guayaquil a bheith neamhspleach. Ceim mhor a bhi ann i gcogadh an neamhspleachais in Ecuador.