Taiscealai agus sladai
Iodalach
ba ea
Giovanni Battista Belzoni
(
15 Samhain
1778
-
3 Nollaig
1823
). Bhailigh se a lan seandachtai agus e san
Eigipt
, in eineacht le
Henry Salt
, go hairithe ceann Raimseas II (ar taispeaint in Iarsmalann na Breataine inniu).
I b
Padua
na
hIodaile
a rugadh Belzoni. Nuair a rinne na
Francaigh
ionradh ar an Iodail, thug Belzoni a aghaidh ar
Londain
, ait ar thaispeain se fein mar ‘fhear laidir’ ar na haontai; d’eirigh se tuirseach de sin agus chuaigh lena bhean cheile agus le searbhonta chun na Spainne, chun na Portaingeile, chun
Malta
agus ansin chun na
hEigipte
.
Sa
tir
sin, bhain Belzoni tairbhe as an
eolas
a bhi aige ar an
innealtoireacht
agus bheartaigh
caideil
de shaghas nua; ach ba bhocht an diol a bhi orthu, rud a d’fhag i gcruachas e.
Bhi
cogadh
cathartha ar siul san Eigipt ag an am, agus tairbhe a bhaint ag beirt i g
Caireo
as:
Henry Salt
, consal na
Breataine
, agus an tIodalach Bernadino Drovetti, consal na
Fraince
. Mhaoinidis an bheirt feachtais
sheandalaiochta
agus dhiolaidis na hiarsmai le hiarsmalanna agus le bailitheoiri, agus ni gan bhrabach e. Ba ghearr go raibh Salt agus Drovetti ag dul in adharca a cheile, agus iad araon ag iarraidh seandachtai Eigipteacha a fhail ar ais no ar eigean.
Bhi gach duine acu ag brath ar dhiograiseoiri eile: bhi an sceitsealai Frederic Cailliaud agus an dealbhoir Jacques Rifaud ag cuidiu le Drovetti agus d’fhostaigh Salt Belzoni (bhi
pas
Briotanach ag Belzoni). Sa bhliain 1815 iarradh air rud a dheanamh a bhi beagnach dodheanta: dul sios
an Nil
go dti an
Teibh
agus busta ollmhor Faronach (Raimseas II) a thabhairt ar ais. Ach d’eirigh Belzoni leis.
Thoiligh Belzoni le seandachtai a sholathar do Salt, agus i gceann cupla bliain d’aimsigh se a lan
tuamai
ri
oga i n
Gleann na Rithe
; thug se teampall mor Raimseas II chun solais agus d’oscail teampall Khephrem i nGise.
Mheadaigh ar an tsuim a bhi aige in
oidhreacht na hEigipte
, agus bhreac se sios suiomh na n
dealbh
go cruinn ar na pleananna. D’eirigh idir e fein agus Salt, afach, ce gurbh e siud an t-aon duine amhain a d’fhead ioc as an tochailt. D’fhag Belzoni agus a bhean an Eigipt sa bhliain 1819.
Bhi an-fhailte roimhe i Londain: thainig iontas ar dhaoine agus iad ag feachaint ar mhacasamhlacha de mhaisiu thuama Sethi I sa Halla Eigipteach i b
Piccadilly
.
[1]
Rinne se coip den sarcafagas, cuid de thaispeantas gluaiste a chuaigh trasna na h
Eorpa
o
Pharas
go
Cathair Pheadair
.
Ar an drochuair, nior fhan an rath air.
Chuir se roimhe foinse
abhainn na Nigeire
a fhail s
an Afraic
. Ach fuair se
bas
le
dinnireacht
(no dunmharu) i m
Beinin
, in aois a chuig bliana is daichead.