한국   대만   중국   일본 
Firicsean - Vicipeid Jump to content

Firicsean

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Is eard is firicsean no scealaiocht fhiricbhunaithe ann na seanra litriochta ina gcuirtear cleasaiocht stile agus scribhneoireachta an fhicsin i bhfeidhm ar imeachtai a thit amach i ndairire. Na hurscealta a scriobhtar i stil an fhiricsin, tugtar urscealta neamhfhicsin orthu.

Cludach leabhair do "The Shankill Butchers" le Martin Dillon

Glactar leis go coitianta gurbh e Truman Capote a chuir bun leis an bhfiricsean nua-aimseartha nuair a d'fhoilsigh se an t- ursceal neamhfhicsin In Cold Blood ("As Fuil Fhuar") sa bhliain 1966, ach ar ndoigh, is feidir tus an tseanra a rianu a fhad ar ais sa stair. Mar shampla, is feidir a ra gur cineal firicsin ata i gceist le Historia regum Britanniae , an chroinic faoi rithe na Breataine a thainig o pheann Gofraidh o Mhonmouth, sa 12u haois. Le sampla nios nua-aimseartha a lua, bhain an t-iriseoir Airgintineach Rodolfo Walsh usaid as cleasa insinte agus scribhneoireachta a shamhlaitear le seanra an fhiricsin nuair a bhreac se sios a leabhar Operacion Masacre , [1] [2] tuarascail iriseoireachta faoin doigh ar cuireadh daoine de lucht leanuna Juan Peron chun bais go midhlithiuil i ndiaidh na hiarrachta a rinne siad sa bhliain 1956 Peron a chur ar ais i gceannas ar an tir. Thainig an saothar i gclo sa chead bhliain i ndiaidh na n-imeachtai (1957) agus naoi mbliana roimh cheadfhoilsiu leabhar Capote.

Samplai eile den ursceal neamhfhicsin iad Hell's Angels : The Strange and Terrible Saga of Outlaw Motorcycle Gangs le Hunter S. Thompson , Armies of the Night le Norman Mailer , no Roots le Alex Haley . I litriocht na Gaeilge, is iad urscealta stairiula Eoghain Ui Thuairisc is cosula leis an bhfiricsean.

Is deacair go minic an firicsean a dhealu on tuarascail iriseoireachta. Mar shampla, is feidir Shankill Butchers le Martin Dillon a leamh mar a bheadh ursceal ann.

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. Waisbord, Silvio (2000). " Watchdog Journalism in South America: News, Accountability, and Democracy ". New York: Columbia University Press.  
  2. Link, Daniel (2007). " Rethinking past present ". Review: Literature and Arts of the Americas 40 (75(2)): 218?230. Routledge.