Fileolai
agus arsaitheoir
Eireannach
ba ea
Eoghan O Comhrai
(
20 Samhain
1794
?
30 Iuil
1862
).
[1]
Mac le hEoghan Mor O Comhrai agus lena bhean cheile siud Cait ba ea e, agus rugadh e ag
Dun Atha
in aice le
Carraig an Chabhaltaigh
i g
Contae an Chlair
. Bhi cuid d'Eirinn siulta ag sean-Eoghan ina mhangaire do agus bhi suim aige i seanchas agus i gceol.
[2]
Bhi cnuasach lamhscribhinni aige, cuid acu ina n-oidhreacht aige agus cuid eile ona laimh fein, agus eisean a mhuin leamh agus scriobh na Gaeilge da mhac. Rinne Eoghan og coipeanna de lamhscribhinni eile chun cur le cnuasach an bhaile.
Bhi O Comhrai ina sclabhai ar fheirm a athar seal agus ina mhuinteoir seal eile. Scaip an teaghlach de dheasca meath curadoireachta i ndiaidh na bliana
1815
, agus timpeall na bliana
1824
chuaigh O Comhrai chun
Luimnigh
, ait ar chaith se seacht mbliana ag obair in ospideal meabhairghalar. Lean se air ag saothru na teanga, go hairithe nuair a thuig se a oiread leinn a thug a athair sios i gcre leis. Ar an
3 Deireadh Fomhair
,
1824
phos se Anne Broughton, inion Sheain Broughton o Chaoldoire in aice le
Beal an Atha
i gContae Luimnigh.
[2]
Bhi an t-iomra le hO Comhrai gurbh eolai ar an n
Gaeilge
agus ar stair na hEireann e, agus faoin mbliain
1834
ba mhinic e fein agus
Sean O Donnabhain
, scolaire mor eile, ag scriobh chun a cheile. Is amhlaidh gur phos an Donnabhanach Mary Anne Broughton, deirfiur ceile Ui Chomhrai, sa bhliain
1840
. Ar mholadh an Donnabhanaigh a fuair O Comhrai post i Roinn
Dinnseanchais
Shuirbheireacht Ordanais Eireann
sa bhliain
1835
, post a mhair go dti an bhliain
1842
, nuair a scoireadh an Roinn.
Ag obair do sa Roinn rinne se taighde i g
Colaiste na Trionoide
, in
Acadamh Rioga na hEireann
, in
Ollscoil Oxford
agus i
Musaem na Breataine
. Ina dhiaidh sin chuaigh se ag tras-scriobh lamhscribhinni ar bheagan pa in Acadamh na hEireann agus i gColaiste na Trionoide, agus chuidigh se fein agus an Donnabhanach leis an
Irish Archeological Society
(a bunaiodh sa bhliain
1840
),
[3]
an Celtic Society agus an Ossianic Society. Eisean a rinne catalog na lamhscribhinni i Musaem na Breataine sa bhliain
1849
, obair a thuill $100 do. Ba e O Comhrai freisin a thras-scriobh na lamhscribhinni ar bhain an Donnabhanach a eagran mor d
Annala Riochta Eireann
astu.
[2]
Toghadh e mar bhall d'
Acadamh Rioga na hEireann
e sa bhliain
1851
, agus nuair a bunaiodh
Ollscoil Chaitliceach na hEireann
ceapadh ina ollamh le stair agus seandalaiocht na hEireann e.
[2]
Chuaigh se fein agus
George Petrie
i gcomhar le cheile chun
Ancient Music of Ireland
(1855) a chur amach, agus mhol se fein agus an Donnabhanach sa bhliain
1852
go ndeanfai focloir sean-Ghaeilge agus mean-Ghaeilge, obair nar thosaigh go dti an bhliain 1913.
[4]
D'fhoilsigh an ollscoil a chuid leachtai sa bhliain
1860
, agus thainig tri imleabhar leachtai eile amach tar eis a bhais faoi theideal
On the Manners and Customs of the Ancient Irish
(1873). Thrascriobh se an t-uafas abhair, go hairithe ocht leabhar mhora faoi sheandlithe na hEireann.
Fuair se bas le taom croi sa bhaile sa bhliain
1862
agus d'fhag beirt mhac agus beirt inionacha ina dhiaidh. Cuireadh e i
Reilig Ghlas Naion
.
Bhi O Comhrai i bhfabhar
Fhuascailt na gCaitliceach
agus bhain se an-sasamh as toghadh
Dhonaill Ui Chonaill
mar Fheisire sa bhliain
1828
.
- The Ancient Laws of Ireland
, ar son Choimisiun an Fheineachais in eineacht le Sean O Donnabhain.
- Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History
(1861).