한국   대만   중국   일본 
Eirgeanamaiocht - Vicipeid Jump to content

Eirgeanamaiocht

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.

Is eard is eirgeanamaiocht [1] ann na staidear ar obair, dearadh an lathair oibre, anailis is traenail scileanna na hoibre, agus iarmhairti na timpeallachta fisiciula is siceolaiche, cosuil le strus na hoibre, earraidi is taismi. Usaidtear na tearmai ‘ innealtoireacht dhaonna’ is ‘fachtoiri daonna’ don disciplin seo freisin. Go minic, is ga comhoibriu idir anatamaithe, fiseolaithe, siceolaithe is innealtoiri sa staidear seo, ina mbailitear cuid mhaith sonrai ar chumais na colainne daonna. Tosaiodh uirthi go luath sa 20u cead nuair a tugadh isteach olltairgeadh earrai go forleathan agus a rinneadh staideir ama is gluaiseachta chun tascanna a anailisiu is a fheabhsu. Tagann torthai na saothar seo san aireamh i ndearadh monarchana is oifigi, leagan amach staisiuin cumhachta, agus dearadh ionstraimi i bhfeithicli. Deantar moltai maidir le torann is truaillithe eile, treimhsi oibre, agus coinniollacha soilsithe. Leis an meadu san uathoibriu ar gach gne den obair, is lu an bheim anois ar chomhordu laimhe is suile na ar mhonatoiriu eolais is cinnteoireacht. Roimh na 1970idi bhiodh an-bheim ar idirghniomhuithe duine/ meaisin , ach is mo ar fad an bheim anois ar idirghniomhuithe duine/ riomhaire . I measc na gceannrodaithe sa disciplin seo, bhi an t-innealtoir Meiriceanach Frederick W. Taylor ( 1856 - 1915 ) agus an cupla Meiriceanach Lillian ( 1868 - 1972 ) is Frank (1868- 1924 ) Gilbreth. [2]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. “eirgeanamaiocht” | tearma.ie ”. Tearma.ie : An Bunachar Naisiunta Tearmaiochta don Ghaeilge . An Coiste Tearmaiochta . Data rochtana: 2024-04-29.
  2. Hussey, Matt (2011). "Eirgeanamaiocht". Freamh an Eolais . Coisceim . p. 244.