Dave Allen

On Vicipeid, an chiclipeid shaor.
Infotaula de personaDave Allen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisneis
Breith (en) David Tynan O'Mahoney
6 Iuil 1936
Teach na Giuise, Eire Cuir in eagar ar Wikidata
Bas 10 Marta 2005
68 bliana d'aois
Kensington, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bhais Bas nadurtha  ( Sudden unexpected nocturnal death syndrome (en) Aistrigh)
Faisneis phearsanta
Reiligiun An tAindiachas
Scoil a d'fhreastail se/si Colaiste an Droichid Nua
Catholic University School
Colaiste Thir An Iuir Duibhe Cuir in eagar ar Wikidata
Ait chonaithe Baile Atha Cliath
Gniomhaiocht
Suiomh oibre Sydney
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm aisteoir scannain , scribhneoir scripte , fuirseoir , fuirseoir ar a boinn Cuir in eagar ar Wikidata
Treimhse oibre 1959 ?
Fostoir BBC Cuir in eagar ar Wikidata
Seanra Observational comedy (en) Aistrigh agus aoir
Gluaiseacht An tAindiachas
Teaghlach
Duine muinteartha Nora O'Mahony (en) Aistrigh ( seanmhathair ) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0020411 IBDB: 29642
Musicbrainz: 48dfd782-ad0c-4ca2-9562-51db65dc9592 Discogs: 4733925 Find a Grave: 10597801 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuirseoir as Baile Atha Cliath ab ea David Tynan O’Mahoney (Gaeilge: Daithi O Teimhneain O Mathuna ), ( 6 Iuil , 1936 ? 10 Marta , 2005 ), no Dave Allen de ghnath. Bhi cail mhor ar Allen in Eirinn , sa Bhreatain agus san Astrail , sna 1960i agus na 1970i go hairithe.

Fuirseoir [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Bhi stil fhanach ag Allen mar fhuirseoir - shuigh se ar chathaoir , agus d'ol se uisce beatha agus chaith se tobac trid an taispeantas ar fad. Rinne se magadh faoin gnathshaol, agus bhain se sult breise as magadh a dheanamh faoi udarais agus institiuidi, mar shampla faoin Eaglais Chaitliceach Romhanach .

Bhi cupla chlair teilifis fein ag Allen, bhi an ceann deireanach ar ITV i 1993 .

Bhi tionchar mor ag Allen ar a lan fuirseoiri eile in Eirinn agus sa Bhreatain. Ag deireadh gach taispeantais, thug Allen an bheannacht chailiuil cheanna, "Oiche mhaith, agus go rachaidh bhur n dia in eineacht libh".

Saol [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Saolaiodh Allen i dTeach na Giuise i g Contae Atha Cliath , mac le Cully Tynan O'Mahoney (a bhi ina eagarthoir ar an nuachtan Eireannach Irish Times ), agus mathair Shasanach. D’fhag Allen an scoil agus e se bliana deag d'aois, agus lean se a athair isteach san iriseoireacht . Ghlac se post mar leis an Drogheda Argus , agus bhog se go dti Sasana tri bliana nios deanai.

Bhi cupla poist eile aige, agus tar eis tamaill bhi se ag obair i m Butlins mar "Redcoat", ina ostach ar seonna eagsula a bhi ar siul acu.

D’athraigh se a shloinne o O’Mahony go Allen, nuair a d’eirigh se tuirseach le daoine ag fuaimniu e micheart.

Nuair a bhi The Beatles ag casadh cuid den a gcead seonna, b’e Allen a bhi ina fhear ostach.

The Beatles

Bhuail se leis an aisteoir Judith Scott san Astrail agus phos siad sa bhliain 1964 . Bhris siad suas sa bhliain 1983 .

Chaill Allen mear amhain ar a lamh chle, ach ni raibh aon eolas cinnte faoi cad a tharla. Ta seans gurb e timpiste ghluaisteain a bhi i gceist.

Bas [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Ag deireadh a shaoil, b’eigean do Allen eiri as a bheith ag caith tobac agus ag ol , dha rud a thaitin go mor leis. Bhi eimfiseime ag cur as do. Is coitianta an riocht e i measc caiteoiri troma toitin i. Chaith se 80 Gauloises gach la, a duradh [1] .

Cailleadh go tobann e, ina chodladh sa bhaile. D’fhag se a bhean cheile Karin, a bhi ag iompar clainne , ina dhiaidh. Rugadh a mhac Cullum dha mhi tar eis a bhais.

Is fuirseoir e Ed Allen, mac le Dave Allen.

Naisc sheachtracha [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Feach fosta [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

Tagairti [ cuir in eagar | athraigh foinse ]

  1. "The old ones are the good ones" FT 2 Nollaig 2005 https://www.ft.com/content/753f9f2c-622d-11da-8dad-0000779e2340